Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

APRIL 2021 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

This page is also available in:

  • ES
  • BG
  • CS
  • DA
  • EN
  • DE
  • ET
  • FR
  • EL
  • HR
  • IT
  • LV
  • LT
  • HU
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • FI
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Eagarfhocal

Tá an t-am chun gnímh buailte linn!

A léitheoirí dile,

Ar Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine, beidh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa á seoladh freisin, comhdháil a bhfuiltear ag súil léi le fada. Is deis uathúil í seo ní hamháin chun páirt a ghlacadh i ndíospóireacht leathan faoin gcaoi ar cheart don Aontas Eorpach forbairt, ach freisin chun úinéireacht an tionscadail Eorpaigh a thabhairt ar ais dá shaoránaigh – ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Molaim daoibh leas a bhaint as an deis seo.

Read more in all languages

Tá an t-am chun gnímh buailte linn!

A léitheoirí dile,

Ar Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine, beidh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa á seoladh freisin, comhdháil a bhfuiltear ag súil léi le fada. Is deis uathúil í seo ní hamháin chun páirt a ghlacadh i ndíospóireacht leathan faoin gcaoi ar cheart don Aontas Eorpach forbairt, ach freisin chun úinéireacht an tionscadail Eorpaigh a thabhairt ar ais dá shaoránaigh – ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Molaim daoibh leas a bhaint as an deis seo.

Le tamall fada anuas tá CESE, mar bhunchloch shochaí shibhialta na hEorpa, ag éileamh athchóiriú na hEorpa trí rannpháirtíocht mhéadaithe na saoránach. Táim den tuairim láidir go dtiocfaimid ar smaointe úra praiticiúla chun déileáil leis an todhchaí ach bolgán na Bruiséile a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus plé cuimsitheach a bheith eatarthu.

Le go mbeidh borraidh iomlán faoin acmhainneacht seo, tá sé tábhachtach gan réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar thuairimí na saoránach. Caithfidh an plé ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a bheith oscailte chun féachaint ar rudaí ar bhealach úr. Níor cheart d’aon cheann de na painéil díospóireachta talamh slán a dhéanamh de thoradh na díospóireachta roimh ré.

Tá paraidím nua dhearfach de dhíth freisin má táthar chun todhchaí na hEorpa a áirithiú. Ní mór dúinn a chruthú gur áit iontach í an Eoraip ina gcruthaítear deiseanna do chách an saol is mian leo a chaitheamh, bunaithe ar luachanna comhaontaithe. Tá saoránaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá bródúil as an aisling Mheiriceánach. Creidim go bhfuil sé in am do mhuintir na hEorpa sult a bhaint as a stíl mhaireachtála féin agus a bheith buíoch aisti agus as na buntáistí a bhaineann léi.

Beidh seoladh oifigiúil na comhdhála i Strasburg i bhformáid hibrideach, de dheasca shrianta COVID-19. Is féidir linn glacadh leis cheana – ar a laghad ag an tús – go mbeidh formhór na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcomhdháil san fhormáid sin.

Fágann an phaindéim go mbeidh gné dhigiteach láidir ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa anois. Aisteach go leor, fágann sé sin go bhfuil sé níos inrochtana do ghnáthshaoránaigh – go háirithe tríd an ardán digiteach ilteangach. Molaim daoibh ar fad an uirlis seo a úsáid – chun páirt a ghlacadh in imeacht atá ann cheana, chun do phlé féin a eagrú nó chun do chuid smaointe maidir le lánpháirtiú na hEorpa a roinnt. Tá todhchaí na hEorpa ag brath orainn féin!

Christa Schweng

Uachtarán CESE

Diary Dates

7 Bealtaine 2021, Porto

Cruinniú Mullaigh Sóisialta

9 Bealtaine 2021

Lá na hEorpa 2021 agus seoladh oifigiúil na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa

9-10 Meitheamh 2021, An Bhruiséil

Seisiún iomlánach CESE

“Ceist amháin do...”

Ceist amháin ar...

Inár roinn “Ceist amháin ar...” iarraimid ar chathaoirligh na rannóg in CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.

In eagrán an Aibreáin, d’iarramar ar Pietro Francesco De Lotto, cathaoirleach ar an gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI), a thuairimí a roinnt le léitheoirí CESE info faoin gclaochlú tionsclaíoch agus faoi
rialacha an Chomhaontaithe Ghlais.

 

Read more in all languages

Inár roinn “Ceist amháin ar...” iarraimid ar chathaoirligh na rannóg in CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.

In eagrán an Aibreáin, d’iarramar ar Pietro Francesco De Lotto, cathaoirleach ar an gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI), a thuairimí a roinnt le léitheoirí CESE info faoin gclaochlú tionsclaíoch agus faoi rialacha an Chomhaontaithe Ghlais.

 

“Á áirithiú go méadófar an athléimneacht, an t-iomaíochas agus an ceartas sóisialta leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach”

Ceist CESE info: conas agus cathain is féidir an t-aistriú go tionscal níos glaise, níos ciorclaí agus níos digití a chur i gcrích, agus cuspóirí Chomhaontú Glas an Choimisiúin Eorpaigh á mbaint amach? Cén ról atá ag amhábhair sa phróiseas seo?

Pietro Francesco De Lotto, cathaoirleach CCMI: bímis ag caint faoin gceathrú, faoin gcúigiú nó faoin séú réabhlóid thionsclaíoch, is minic a thagann díospóireacht phoiblí chun cinn. In ainneoin na dtuairimí éagsúla ar an gceist sin, tá rud amháin cinnte, is é sin go bhfuil réabhlóid mhór le feiceáil sa tionscal seo againn a bhfuil dúshlán dúbailte i gceist léi: a bheith níos glaise agus níos ciorclaí chomh maith leis an gclaochlú digiteach. Is réabhlóid í a bhfuil roinnt mhaith spreagthaí ag baint léi: tuairimí an phobail, íogaireacht tomhaltóirí, an iarracht iomaíochas domhanda a bhaint amach agus an gá atá leis an lucht saothair a oiriúnú do shamhlacha nua, etc.

Read more in all languages

Ceist CESE info: conas agus cathain is féidir an t-aistriú go tionscal níos glaise, níos ciorclaí agus níos digití a chur i gcrích, agus cuspóirí Chomhaontú Glas an Choimisiúin Eorpaigh á mbaint amach? Cén ról atá ag amhábhair sa phróiseas seo?

Pietro Francesco De Lotto, cathaoirleach CCMI: bímis ag caint faoin gceathrú, faoin gcúigiú nó faoin séú réabhlóid thionsclaíoch, is minic a thagann díospóireacht phoiblí chun cinn. In ainneoin na dtuairimí éagsúla ar an gceist sin, tá rud amháin cinnte, is é sin go bhfuil réabhlóid mhór le feiceáil sa tionscal seo againn a bhfuil dúshlán dúbailte i gceist léi: a bheith níos glaise agus níos ciorclaí, chomh maith leis an gclaochlú digiteach. Is réabhlóid í a bhfuil roinnt mhaith spreagthaí ag baint léi: tuairimí an phobail, íogaireacht tomhaltóirí, an iarracht iomaíochas domhanda a bhaint amach agus an gá atá leis an lucht saothair a oiriúnú do shamhlacha nua, etc.

Mar a tharlaíonn i ngach réabhlóid, beidh athrú radacach mar thoradh deiridh air seo. Sa chás seo againne, tá súil againn go mbeidh tionscal Eorpach ann ar deireadh a mbeidh buntáiste iomaíoch aige ar fud an domhain mar gheall ar an nglasú agus an digiteáil. Is próiseas é seo atá ag dul ar aghaidh le blianta beaga anuas cheana féin ach ní mór do na húdaráis phoiblí an claochlú seo a rialú i gceart chun a áirithiú go mbainfidh gach cuideachta, gach oibrí agus gach réigiún san Eoraip leas as.

Is léir gur colúin riachtanacha de ghníomhaíochtaí an Aontais iad an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ach ní mór dúinn a áirithiú go samhlófar níos minice iad mar dheis seachas mar ualach i measc na sochaí agus earnáil na tionsclaíochta ar an iomlán. Is uirlisí ríthábhachtacha iad an Comhaontú Glas don Eoraip, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, an Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip (agus an t-uasdátú atá beartaithe ina leith) agus na gníomhaíochtaí agus an reachtaíocht lena ngabhann chun na díospóireachtaí sin a chur i gcrích sa saol laethúil ar fud na hEorpa, agus gan duine ar bith a fhágáil ar lár san iarracht chomhchoiteann sin.

Tá amhábhair, agus amhábhair chriticiúla go háirithe, i gcroílár an phróisis seo. Chun tionscail agus sochaí an Aontais a dhigiteáil agus a ghlasú, tá gá le teicneolaíochtaí a bhfuil amhábhair riachtanach ina leith. Mar shampla, tagann fuinneamh gaoithe ó thuirbíní a bhfuil dúile tearc-chré i measc ábhar eile iontu. Braitheann an tAontas Eorpach 100 % nach mór ar an tSín chun ábhair den sórt sin a sholáthar. Agus is amhlaidh an scéal i gcás roinnt mhaith teicneolaíochtaí atá riachtanach don aistriú glas agus don aistriú digiteach, ó chadhnraí go hábhair fhótavoltacha agus ó róbataic go cealla breosla. Le roinnt míonna anuas, tarraingíodh aird an phobail níos mó fós ar na cásanna criticiúla sin ós rud é gur léiríodh le paindéim COVID-19 an gá atá ann go mbeidh tionscal agus sochaí an Aontais Eorpaigh ar an iomlán níos athléimní agus níos neamhspleáiche ó thaobh straitéise de, lena n-áirítear i réimsí amhail vacsaíní, leigheas agus feistí leighis.

Ionstraim mhaith atá i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le hAmhábhair Chriticiúla a raibh tuairim ó CCMI/CESE ann le déanaí ina leith, lena ndéantar na heasnaimh atá ann faoi láthair a réiteach mar aon le gníomhaíochtaí a ullmhú do shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Chun do cheist a fhreagairt ar bhealach níos soiléire: is mian linn go dtiocfaidh borradh faoi thionscal an Aontais ar bhealach glas digiteach, ach ní mian linn go n-aistreofaí ár dtionscal agus ár sochaí ó spleáchas amháin (ar bhreoslaí iontaise áirithe, cuir i gcás) go spleáchas iomlán eile ar amhábhair chriticiúla áirithe. Chun an méid sin a sheachaint, agus chun a áirithiú go méadófar an athléimneacht, an t-iomaíochas agus an ceartas sóisialta leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus san fhorbairt, i dtaiscéaladh inbhuanaithe mianadóireachta intíre, in ábhair luachmhara a aisghabháil ó dhramhaíl agus i gcothroime iomaíochta iltaobhach a chruthú. Tá sé sin ríthábhachtach chun a áirithiú go n-éireoidh leis na réabhlóidí glasa agus digiteacha agus go rachaidh siad chun tairbhe earnáil na tionsclaíochta agus na sochaí san Aontas ina iomláine.

Tugaigí buille faoi thuairim cén t-aoi atá againn...

An t-aoi gan choinne

Gach mí, cuirimid aoi speisialta in bhur láthair. Is duine é seo atá i mbéal an phobail a roinnfidh a thuairimí nó a tuairimí faoi chúrsaí reatha linn, a thabharfaidh dearcadh úrnua dúinn, a spreagfaidh sinn agus a dhíreoidh ár n-aird ar shaol an lae inniu. In eagrán seo mhí Aibreáin, is díol áthais dúinn fáilte a fhearadh roimh Aurélie Vauthrin-Ledent, aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir, a insíonn dúinn faoin ngairm chun gnímh atá déanta aici d’fhonn fóirithint ar earnáil an chultúir, ar earnáil í nach féidir linn maireachtáil dá ceal.

Read more in all languages

Gach mí, cuirimid aoi speisialta in bhur láthair. Is duine é seo atá i mbéal an phobail a roinnfidh a thuairimí nó a tuairimí faoi chúrsaí reatha linn, a thabharfaidh dearcadh úrnua dúinn, a spreagfaidh sinn agus a dhíreoidh ár n-aird ar shaol an lae inniu. In eagrán seo mhí Aibreáin, is díol áthais dúinn fáilte a fhearadh roimh Aurélie Vauthrin-Ledent, aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir, a insíonn dúinn faoin ngairm chun gnímh atá déanta aici d’fhonn fóirithint ar earnáil an chultúir, ar earnáil í nach féidir linn maireachtáil dá ceal.

Cé gur de bhunadh na Fraince í Aurélie Vauthrin-Ledent, tá cónaí uirthi sa Bheilg agus is ann a chleachtann sí ceird an ealaíontóra. Is céimí í de chuid Ollscoil Sorbonne (sna healaíona taibhiúcháin), de chuid na hArdscoile Náisiúnta Réigiúnaí Drámaíochta in Rouen (ar a dtugtar CRR anois) agus de chuid na hArdscoile Ríoga Drámaíochta sa Bhruiséil, agus is iomaí gairm aici: aisteoir, stiúrthóir, dearthóir stáitse, amhránaí is scríbhneoir, stiúrthóir ealaíne agus pleanálaí féilte. San amharclann, bhí páirt aige i ndrámaí clasaiceacha agus comhaimseartha faoi stiúir Peggy Thomas, Alexis Van Stratum, Renaud de Putter, Jamal Youssfi, Audrey Marsin, Charlie Degotte agus Thierry Robrechts.

In 2014, scríobh Vauthrin-Ledent "Cerise à l'eau-de-vie" agus rinne sí an saothar a stiúradh ag Théâtre de la Vie sa Bhruiséil.

In 2016, ag Théâtre Le Public, bhí an phríomhpháirt aici in “L’échange”, dráma de chuid Paul Claudel a cuireadh ar stáitse faoi stiúir Peggy Thomas. Le linn shéasúr 2016/2017, d’fhorbair, chomhordaigh agus stiúir sí ceardlann scríbhneoireachta darb ainm Francophonirique II ag Théâtre des Doms in Avignon, ar ceardlann í a bhunaigh a stiúrthóir, Alain Cofino Gomez, an chéad lá.

I mí Eanáir 2020, ag Théâtre de la Vie, rinne sí an dráma "Les Corbeaux" le Henry Becque a stiúradh agus bhí páirt aici féin ann freisin.

Ó 2016 i leith, tá sí ag scríobh, ag cumadh agus ag canadh faoin ainm cleite La Chouette et les Oiseaux de nuit.

In 2016, chuir sí an fhéile ildisciplíneach Tri-Marrant ar bun ag Théâtre de la Vie sa Bhruiséil agus bainistíonn sí gach a mbaineann le stiúradh ealaíne agus le sceidealú. Tháinig borradh faoin bhféile in 2018, tráth a beartaíodh í a chur ar siúl gach re bliain feasta. Bhí sé i gceist an fhéile a chur ar siúl den tríú huair i Meitheamh 2020, ach is amhlaidh a cuireadh ar athló í go Meitheamh 2022 mar gheall ar phaindéim COVID-19.

I mí Aibreáin 2020, bhunaigh Vauthrin-Ledent teach foilsitheoireachta nua darb ainm “Les Oiseaux de Nuit” atá dírithe ar amharclannaíocht Fraincise na Beilge, agus is í atá ina stiúrthóir eagarthóireachta, ealaíne agus riaracháin air.

Aurélie Vauthrin-Ledent: Tá an cultúr riachtanach thar gach ní eile!

Ó rugadh mé 40 bliana ó shin, an 28 Márta 1981, níor nascadh riamh an focal “riachtanach” leis an bhfocal “cultúr” chomh minic céanna agus a rinneadh le linn thréimhse na géarchéime sláinte seo, agus na géarchéime eacnamaíche a tháinig ina diaidh. Is léir go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar an dearcadh atá againn ar an saol. Tá dúshláin mhóra romhainn anois agus beidh fós amach anseo i ngach réimse den tsochaí.

Read more in all languages

Ó rugadh mé 40 bliana ó shin, an 28 Márta 1981, níor nascadh riamh an focal “riachtanach” leis an bhfocal “cultúr” chomh minic céanna agus a rinneadh le linn thréimhse na géarchéime sláinte seo, agus na géarchéime eacnamaíche a tháinig ina diaidh. Is léir go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar an dearcadh atá againn ar an saol. Tá dúshláin mhóra romhainn anois agus beidh fós amach anseo i ngach réimse den tsochaí.

Is ar an ábhar sin a tháinig an focal “riachtanach” chun suntais mar bhíomar, á rangú ar dtús, muidne, na daoine a bhíonn ag plé leis an gcultúr, mar dhaoine “neamhriachtanacha”. D’fhág an catagóiriú sin a rinneadh orainn mar dhaoine “neamhriachtanacha” gur thosaigh gluaiseacht, nach féidir stop a chur leis, agus a bhfuil borradh fúithi, i dtreo múscailt feasachta ghéar agus fhadréimseach.

Agus, ainneoin na hainneoin, seo chugainn anois réimse na healaíne agus an chultúir, a bhí in áit na leathphingine, á chur chun tosaigh, rud a bhfuil cuma aisteach air, fiú a chuireann samhnas orainn.

Is bean chultúrtha mé. Is lón anama dom an cultúr agus cothaíonn sé féith na cruthaitheachta ionam. Is aisteoir, amhránaí, stiúrthóir, údar, múinteoir drámaíochta agus Fraincise mé, eagarthóir amharclannaíochta Fraincise sa Bheilg agus pleanálaí féile. Tá an-dúil agam sna healaíona plaisteacha, sa radharcagrafaíocht agus in ealaíon na gluaiseachta agus an damhsa. Agus níl eagla orm mo chosa a chur i bhfeac agus dul i mbun oibre, go fiú an chorrfhostaíocht nuair is gá. Sin iad na poist a ndéantar beag is fiú díobh go minic leis an dearcadh comhchoiteann atá againn in ár sochaithe. Níl aon eagla orm roimh obair chrua. Is í an obair a mhúnlaigh mé. Tá an obair ar an luach is tábhachtaí a thug mo thuismitheoirí ar aghaidh chugam. Ach is é an cultúr atá mar thríú tuismitheoir agam. Is é an cultúr a chuir bailchríoch ar mhúnlú mo charachtair, a dhaingnigh mé ar nós stroighne. Chuidigh sé le mórathruithe a chuir cor i mo shaol: forbairtí agus claochluithe inmheánacha agus athruithe. D’oscail an cultúr m’intinn agus thar gach rud eile, d’oscail sé mo chroí. Ba iad na heispéarais is áille de mo shaol na móimintí ina rabhas ag seinm na dordveidhle, ar maos i mo mhothúcháin féin, nó ag féachaint ar shaothar de chuid Shakespeare ag dul i bhfeidhm ar lucht féachana, nó ag féachaint ar shraith shíoraí de phictiúirí dothuigthe ar bhalla, nó an t-am a chaith mé in iarsmalann. Agus céard faoi dhomhan iontach na hamharclainne, a bhfuil i bhfad níos mó i gceist léi ná treorú stáitse nó léiriú téacs - domhan atá ilghnéitheach agus casta, ó phuipéad go tobchumadóireacht, ó ealaín na hóráide go gluaiseacht coirp ar stáitse. Ar nós an leighis tá an iliomad disciplíní agus fosheánraí in ealaíon na hamharclainne.

Ar ndóigh, táimid neamhghníomhach le bliain anuas. Tá ár gcomhghleacaithe ag fulaingt go huafásach. Ar an gcéad dul síos, tá an fhulaingt mhorálta ann, ansin tá an fhulaingt eacnamaíoch mar gheall ar neamhghníomhaíocht na dtaibhealaíona, a bhfuil deacrachtaí móra airgeadais acu. Táthar ar bheagán eolais faoi na gairmeacha siamsaíochta, ach tá an réimse an-leathan. Údair, stiúrthóirí, aisteoirí, dearthóirí feistis, drámadóirí, teicneoirí soilse agus fuaime, tógálaithe seiteanna, dearthóirí radhairc, ealaíontóirí smididh, cúntóirí gan trácht ar na ceardanna réamhléiriúcháin agus iarléiriúcháin, craoltóireacht, cumarsáid, fógraíocht, baill foirne fáilteachais, áirithintí, agus tuilleadh nach iad.

B’fhéidir go bhfuil sé níos tábhachtaí fós fulaingt an lucht féachana a lua - fulaingt na ngnáthdhaoine. Agus an pobal teoranta do Netflix nó na leabhair anois, is róthapa a roghnaíonn siad spreagthach amhairc an íomhá, an ghné éasca uathúil sin dár gcultúr. Is é an t-aon rogha atá ag an bpobal faoi láthair ná an leithlisiú, seachas teacht le chéile, comhroinnt agus oscailteacht le sealanna gáire, seachas a bheith ag brionglóideach faoi thurasanna go háiteanna i bhfad i gcéin, inár suí go sómasach i gcathaoireacha uilline veilbhite deirge.

Agus ansin tá an fhulaingt a bhaineann le heaspa foghlama ann, mar is ón gcultúr a fhaighimid na ceachtanna is fearr maidir leis an saol!

Tá sé an-spéisiúil, go bhfuil an focal “riachtanach” i mbéal an phobail i ngach áit anois agus dlúthbhaint aige leis na gairmeacha cultúrtha, toisc gur chuir ár gceannairí an lipéad diúltach “neamhriachtanach” orainn i dtús báire agus gan bunús ar bith leis. Cé nach bhfuilim ceannairceach ar chor ar bith inniu, tá dóchas docheansaithe (bíonn an dóchas docheansaithe i gcónaí) agus daingean agam don am atá le teacht. Tá súil agam go dtuigfidh na gnáthdhaoine gan mhoill, faoi dheireadh is faoi dheoidh, agus an téarma “cultúr” á úsáid acu, go bhfuil sé fite fuaite leis an bhfocal “riachtanach”.

Mar sin cé gur theastaigh uathu sinn a chur faoin bhfód, is amhlaidh gur chuir siad borradh fúinn. Táimid i mbun an cultúr a fhorbairt le go mbeidh sé faoi bhláth níos fearr ná riamh. Creidim go daingean go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht. Táim suite de. Nuair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim seo, ní dhéanfar beag is fiú de ghné ar bith den chultúr go seo arís.

Aurélie Vauthrin-Ledent

Le vieux poète parle doucement

Nous avons le plaisir de vous présenter à nouveau une série de haïkus, sous le titre commun "Le vieux poète parle doucement", que nous a offerts leur auteur, Herman van Rompuy, ancien président du Conseil européen.

Read more in all languages

Nous avons le plaisir de vous présenter à nouveau une série de haïkus, sous le titre commun "Le vieux poète parle doucement", que nous a offerts leur auteur, Herman van Rompuy, ancien président du Conseil européen.

Herman van Rompuy: Le vieux poète parle doucement

Celui qui a vu le soleil

Ne s'habitue jamais vraiment au froid

Un fils du soleil

         XXX

L'envie et le désir

des fleurs et des bourgeons

du sourire du printemps

       XXX

Prunus blancs

Des arbres nus jaloux

Des couleurs colorent la vie

 

The old poet speaks gently

We are pleased to present a new selection of haikus by Herman Van Rompuy, former President of the European Council, as part of our series "The old poet speaks gently".

The haikus were originally written in French.

Read more in all languages

We are pleased to present a new selection of haikus by Herman Van Rompuy, former President of the European Council, as part of our series "The old poet speaks gently".

The haikus were originally written in French.

Herman van Rompuy: The old poet speaks gently.

He who has seen the sun

Never really gets used to the cold

A son of the sun

         XXX

The longing and the desire

for flowers and buds

for the smile of spring

       XXX

White prunus

Trees naked jealous

Colours colour life

EESC News

“Tá na Ballstáit ag obair go dian, ach tá go leor fós le déanamh sula mbeidh na pleananna náisiúnta réidh.”

I ndíospóireacht a reáchtáladh le linn sheisiún iomlánach CESE an 25 Márta, dúirt Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine sa Choimisiún Eorpach, go bhfuil an chuid is mó de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta fós sna chéad chéimeanna agus go bhfuil “go leor fós le déanamh sula mbeidh na pleananna aibí go leor”. Luaigh sé freisin go bhfuil ról lárnach ag an mbeartas trádála maidir le geilleagar an Aontais a chur ar bhóthar a leasa athuair.

Read more in all languages

I ndíospóireacht a reáchtáladh le linn sheisiún iomlánach CESE an 25 Márta, dúirt Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine sa Choimisiún Eorpach, go bhfuil an chuid is mó de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta fós sna chéad chéimeanna agus go bhfuil “go leor fós le déanamh sula mbeidh na pleananna aibí go leor”. Luaigh sé freisin go bhfuil ról lárnach ag an mbeartas trádála maidir le geilleagar an Aontais a chur ar bhóthar a leasa athuair.

Chuir Christa Schweng, Uachtarán CESE, tús leis an díospóireacht trína rá go ndeachaigh an tAontas agus a Bhallstáit i ngleic leis an ngéarchéim go pras agus go fuinniúil, agus go raibh CESE ag brath anois ar chur chun feidhme tapa agus éifeachtúil na hionstraime téarnaimh “NextGenerationEU” agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

Rinne an tUachtarán tagairt freisin don mhéid atá iarrtha ag CESE, is é sin creat rialachais eacnamaíoch a bheith ann lena ndéanfaí an téarnamh eacnamaíoch a éascú, a bheadh dírithe ar an bhfás agus ina léireofaí staid an gheilleagair de réir mar atá sé i ndáiríre tar éis na géarchéime. Bhí CESE réidh an t-athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch a phlé agus mhol sé comhdháil na ngeallsealbhóirí a sheoladh a dhéanfadh CESE a óstáil i gcomhpháirt leis an gCoimisiún.

Maidir leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, mhínigh an tUas. Dombrovskis go raibh faisnéis faighte ag an gCoimisiún ó 23 de na 27 dtír maidir leis an méid atá beartaithe acu a chur san áireamh iontu. “Cé go mbaineann tábhacht le luas chun na cistí sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir, is í an cháilíocht an rud is tábhachtaí thar aon ní eile, áfach.” Thug sé foláireamh go bhfuil go leor fós le déanamh sula mbeidh na pleananna aibí go leor le go bhféadfar iad a chur isteach agus glacadh leo. Rinne sé trí phríomhréimse a thabhairt chun léire a bhfuil obair fós le déanamh iontu: córais iniúchta agus seiceála; meastacháin ar chostais inchreidte agus caiteachas aeráide agus digiteach a rianú; agus an urraim don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.

Dúirt an tUas. Dombrovskis freisin nach mór do na comhpháirtithe sóisialta agus don tsochaí shibhialta tacú le cur chun feidhme na bpleananna ag gach céim. Ghabh sé buíochas le CESE as athbhreithniú tráthúil agus ábhartha a dhéanamh mar chuid dá rún maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta.

Maidir le trádáil idirnáisiúnta, dúirt an tUachtarán Schweng nach mór córas iltaobhach trádála atá bunaithe ar rialacha, mar aon le timpeallacht idirnáisiúnta trádála atá oscailte, cothrom, cuimsitheach agus intuartha, a bheith ina dtreoirphrionsabail i gcónaí don Aontas Eorpach. Tá CESE ag tnúth le rannchuidiú leis an anailís ina sainaithneofar na dea-chleachtais i réimse na trádála idirnáisiúnta trí thuairim féintionscnaimh atá le glacadh faoi Mheán Fómhair.

Ar deireadh, maidir le cúrsaí a bhaineann le trádáil agus infheistíocht, obair chuibhiúil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus an t-athrú aeráide, dúirt an tUachtarán Schweng go raibh CESE ag súil le go mbeadh an tAontas in ann comhar nua agus níos mó comhsheasmhachta a spreagadh sna cúrsaí sin idir an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, amhail an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS).

Maidir le conas tacú leis an téarnamh agus rathúnas na hEorpa a chinntiú, d’aontaigh an tUas. Dombrovskis gurb é an freagra ceart leanúint de bheith ag trádáil le comhpháirtithe domhanda. I dtaobh an athchóirithe institiúidigh ar EDT, chuir Dombrovskis in iúl go bhfuil sé de chuspóir ag an gCoimisiún athmhúnlú a dhéanamh air le go mbeadh sé ina fhóram chun dul i ngleic leis na fadhbanna is práinní dá bhfuil sa domhan inniu, ar nós dul i ngleic le tionchar COVID‑19, tacú leis an inbhuanaitheacht comhshaoil agus shóisialta, na rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach a nuashonrú, agus aghaidh a thabhairt ar chleachtais trádála mhíchothroma. (na)

 

#YEYS2021: An ghlúin óg san Eoraip le tabhairt faoi dhúshlán an athraithe aeráide

Rinne daltaí meánscoile ó cheann ceann na hEorpa tograí maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur faoi bhráid Frans Timmermans, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, mar thoradh ar Chruinniú Mullaigh an Aosa Óig faoin Aeráid arna eagrú ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a reáchtáladh go fíorúil an 18-19 Márta 2021.

Read more in all languages

Rinne daltaí meánscoile ó cheann ceann na hEorpa tograí maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur faoi bhráid Frans Timmermans, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, mar thoradh ar Chruinniú Mullaigh an Aosa Óig faoin Aeráid arna eagrú ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a reáchtáladh go fíorúil an 18-19 Márta 2021.

“Tá ról ag aos óg na hEorpa i dtodhchaí an Aontais Eorpaigh: ní bheadh an Comhaontú Glas don Eoraip ann inniu d’uireasa bhur nglaonna ar ghníomhaíocht”, arsa an tUas. Timmermans , agus é ag cur tús leis an ócáid Leatsa an Eoraip, Abair Leat, 2021. “Chuaigh sé go mór i gcion orm an chaoi a bhfuil tuiscint dhomhain agaibh ar fhadhb an athraithe aeráide agus an chaoi ar chuir sibh bhur dtograí i mo láthair. Is é sin an chaoi ar cheart dúinn ár saol a chaitheamh, le tuiscint againn ar a chéile. Tá sé thar a bheith deacair gráin a bheith agat ar dhuine nuair is féidir leat an duine sin a thuiscint,” a dúirt sé mar fhocal scoir.

Tar éis dhá lá de dhíospóireachtaí bríomhara fíorúla, tháinig os cionn 234 dhalta, idir 16‑18 mbliana d’aois, le chéile i 45 sheomra caibidlíochta fíorúla chun oibriú le chéile go comhuaineach ar mhaithe le moltaí praiticiúla a fhorbairt lena gcur i láthair i seisiún iomlánach deireanach.

Bhí ar na daltaí ról grúpa geallsealbhóirí a ghlacadh chun imeacht a reáchtáil mar a bheadh Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP) ann agus oibriú i gcomhar le grúpaí eile chun plean a chur i dtoil a chéile chun an téamh domhanda a theorannú go leibhéil shábháilte atá go mór faoi bhun 1.5°C faoi dheireadh an chéid. Rinne na grúpaí ionadaíocht d’fhíorearnálacha agus d’fhíorthionscail a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí agus abhcóideachta ar an téamh domhanda.

I measc na dtograí, bhí:

  • Crainn a chur sna cathracha agus gairdíní ingearacha a shuiteáil
  • “Tionscadal Manhattan Éiceolaíoch” don Aontas lena ndéanfaí suimeanna móra a infheistiú sna teicneolaíochtaí nua
  • Infheistiú a dhéanamh i níos mó oideachais don phobal i gcoitinne
  • Beartais shaincheaptha a chur chun feidhme lena dtabharfaí freagairt do staid shonrach na dtíortha ar leith
  • An foraoisiú a chur chun cinn mar cheann de na réitigh fhadtéarmacha is éifeachtúla i ndáil le hasbhaint carbóin
  • Hidrigin agus bithghás a thabhairt isteach agus deireadh á chur de réir a chéile le breoslaí iontaise ag an am céanna
  • An bhearna idir náisiúin fhorbartha agus náisiúin atá i mbéal forbartha a dhúnadh

Chuir na daltaí óga plean deireanach i dtoil a chéile faoina ndéanfaí an téamh domhanda a theorannú go 1.4°C faoi 2100, rud a fhágann gur éirigh leo sprioc na gníomhartha a bhaint amach. Rinne ochtar daltaí an plean a chur i láthair.

Chuir Cillian Lohan, an Leas-Uachtarán in CESE ar a bhfuil freagracht as an gCumarsáid, clabhsúr ar an imeacht agus é mar fhocal scoir aige: “Tá súil agam gur spreag an imeacht Leatsa an Eoraip, Abair Leat! sibh le bheith in bhur saoránaigh ghníomhacha; tá bhur rannpháirtíocht de dhíth más mian linn daonlathas láidir a bheith againn. Tháinig sé chun léire, trí ghluaiseacht na n‑óg, gur féidir athruithe a spreagadh ón mbonn aníos. Inniu, déanaimid na héilimh sin ar ghníomhaíocht a athrá go hard le go gcloisfear iad ag an mbarr, in áit na cumhachta”.

Tá tuilleadh sonraí faoi imeacht YEYS 2021 le fáil ar leathanach oifigiúil an imeachta. (ks)

Teachtaireacht do CESE: Athraigh an córas más mian leat deireadh a chur leis an athrú aeráide

Taobh leis an imeacht Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) a reáchtáladh an 20 Márta, d'óstáil CESE imeacht eile “An tAthrú Córasach a Cheapadh” inar tháinig roinnt saineolaithe, gníomhaithe agus tionchairí le chéile chun eolas agus saineolas a chomhroinnt faoin ngníomhaíocht ar son na haeráide ó thaobh an athraithe chórasaigh de.

Read more in all languages

Taobh leis an imeacht Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) a reáchtáladh an 20 Márta, d'óstáil CESE imeacht eile “An tAthrú Córasach a Cheapadh” inar tháinig roinnt saineolaithe, gníomhaithe agus tionchairí le chéile chun eolas agus saineolas a chomhroinnt faoin ngníomhaíocht ar son na haeráide ó thaobh an athraithe chórasaigh de.

Ba faoi chathaoirleacht Cillian Lohan, an Leas-Uachtarán in CESE ar a bhfuil freagracht as an gCumarsáid, a bhí an t-imeacht agus ba eisean a chuir tús leis an ócáid: “Tá an t-athrú aeráide ag dul i ndéine agus tá sé deacair, mar dhaoine aonair, an bealach amach a fheiceáil; tá athrú bunúsach cultúir, iompraíochta agus luachanna de dhíth i leith an dúshláin sin”.

Bhí ceithre phainéal agus dhírigh gach ceann díobh ar an ngá atá le hathrú córasach chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.

Chuir Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um na hAigéin agus um Iascach, tús leis an gcéad phainéal le teachtaireacht físeáin inar leagadh béim ar an ngá atá le cur chuige uilechuimsitheach: “Tá an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, laghdú na n‑acmhainní agus an truailliú fite fuaite le chéile, agus ní mór dúinn dul i ngleic leo mar aonad amháin. Chuige sin, is é an Comhaontú Glas an freagra ón gCoimisiún Eorpach ach, i bhfianaise an ghá atá le smaointe úrnua áfach, smaointe nach mór a bheith córasach, tá ról ag na saoránaigh chomh maith”.

Ba í Josephine Becker, gníomhaí aeráide, a luaigh coincheap an cheartais aeráide: “Tá an Eoraip freagrach, i bpáirt, as an ngéarchéim aeráide agus tá dualgas orainn beart a dhéanamh i bhfianaise sin”.

Sa dara painéal, thug Corina Angheloiu, straitéisí sinsearach um dhearadh san fhondúireacht “Forum for the Future”, a tuairim féin maidir leis an gcur chuige ceart chun athrú straitéiseach a sheoladh: “Chun athrú córasach a thosú, ní mór aghaidh a thabhairt ar dtús ar luachanna; sna córais eacnamaíocha atá ann faoi láthair, is ar éifeachtúlacht a dhírítear, ach dá gcuirfí an ceartas i gcroílár na gcóras sin, bheimis in ann na hiarmhairtí a fheiceáil”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Nisreen Elsaim, an cathaoirleach ar Ghrúpa Comhairleach an Aosa Óig um an Athrú Aeráide sna Náisiúin Aontaithe: “Leis na córais eacnamaíocha agus pholaitiúla atá ann faoi láthair, ní fhreastalaítear ar ár gcuspóirí agus déantar dochar don chomhshaol dá ndeasca. An bainistiú bunaithe ar thorthaí: níl sé sin ag obair”.

I bplé an tríú painéal, mhínigh Lewis Akenji, an stiúrthóir bainistíochta ar an institiúid “Hot or Cool”, an chaoi a dtéann córais reatha agus na cinntí a dhéanann daoine maidir le hiompar, obair, bia agus eile i bhfeidhm ar a stíl mhaireachtála: “Mar gheall orainne, tá éagothromaíochtaí ag dul i méid agus tá an iomarca á húsáid againn; ní thugann siad aon tógáil croí dúinn na córais eacnamaíocha agus pholaitiúla reatha”.

Labhair Saoi O’Connor, gníomhaí aeráide, faoin ról atá ag na cinnteoirí: “Labhraíonn ceannairí agus polaiteoirí faoi uimhreacha agus beartais, ach is cosúil nach bhfuil fíorshaol an duine á chur san áireamh acu”.

Sa phainéal deireanach, cuireadh samplaí sonracha i láthair de thionscnaimh i ndáil le hathrú córasach. Mhínigh Christian Kroll, príomhoifigeach feidhmiúcháin agus bunaitheoir inneall cuardaigh gréasáin Ecosia, go n-úsáidtear brabúis iomlána an chomhlachta chun speicis éagsúla de chrainn a chur, crainn ag a bhfuil luach sa bhreis do phobail áitiúla timpeall an domhain.

Leag Juliet Bonhomme, feachtasóir ar son an fhaisin mhaill agus tionchaire, béim ar an gcumhacht atá ag tomhaltóirí trí na cinntí a dhéanann siad: “Is í ár gcumhacht ár n-airgead”.

Lean níos mó ná 100 duine an imeacht ar Facebook ó áiteanna éagsula san Eoraip agus díreach tar éis an imeachta, ionas go mbeadh na leantóirí in ann an t-athrú córasach a fhiosrú tríd an ealaín, taispeánadh saothair a chruthaigh an bheirt ealaíontóirí Sophie Ong agus Tibor Miklos, agus na díospóireachtaí ina spreagadh dóibh. (dgf)

 

Aitheantas iomlán tugtha ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa don ról lárnach atá ag CESE

Tá iarrtha ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa páirt a ghlacadh i gcomhlacht lárnach na Comhdhála arb é is aidhm dó plean a ullmhú d’fhorbairt an Aontais Eorpaigh amach anseo.

Read more in all languages

Tá iarrtha ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa páirt a ghlacadh i gcomhlacht lárnach na Comhdhála arb é is aidhm dó plean a ullmhú d’fhorbairt an Aontais Eorpaigh amach anseo.

Sna treoirlínte polaitiúla uaithi i mí Iúil 2019 don Choimisiún nua a bhí le teacht, d’iarr Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go mbeadh Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ann lena dtabharfaí deis labhartha do na saoránaigh maidir le forbairt an Aontais sa todhchaí.

Ag cur leis an méid sin, shínigh Uachtaráin na dtrí phríomhinstitiúid san Aontas (Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh) Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 10 Márta 2021, lena sainmhínítear go beacht an raon feidhme (rannpháirtíocht na saoránach), an t-ábhar (an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach agus athléimneacht, iomaíochas agus dlúthpháirtíocht na hEorpa a neartú) agus an clár ama (ba cheart conclúidí a bheith ar fáil faoi Earrach na bliana 2022) a bhaineann leis.

Is colún de rialachas na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa é an Bord Feidhmiúcháin sa mhéid go ndéanann sé maoirseacht ar obair na Comhdhála agus go dtuairiscíonn sé go díreach do chruinniú iomlánach na Comhdhála.

Ós Teach Ionadaithe na Sochaí Sibhialta Eorpaí é CESE a chruthaíonn nasc idir institiúidí an Aontais agus an tsochaí shibhialta eagraithe, iarradh air teacht isteach sa Bhord Feidhmiúcháin.

Ghlac Uachtarán CESE, Christa Schweng páirt i gcruinnithe uile an Bhoird Feidhmiúcháin.

Idir an dá linn, tá a ionchur don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa á mhionchoigeartú ag CESE, is féidir leis brath ar thrí phríomhláidreacht ar a laghad:

  • is ó gach uile chúlra a thagann gach duine dá 329 gcomhalta (fostóirí, ceardchumainn agus an tsochaí shibhialta go ginearálta) agus is ó na 27 mBallstát iad,
  • an líonra seanbhunaithe atá aige le Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta, agus
  • a Ghrúpa Idirchaidrimh (arb é sin líonra d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta), rud nach ndéantar ionadaíocht air go díreach in CESE ach a bhfuil dlúthcheangal aige leis agus a chuireann le for-rochtain an Choiste.

Tá CESE suite de, níos mó ná riamh, gur féidir leis difear a dhéanamh trí ionchur nithiúil sonrach a thabhairt don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, lena n-áiritheofar go gcloisfear guth shochaí shibhialta na hEorpa go hard agus go soiléir. (sm)

Tá staidéar á dhéanamh ag CESE ar dhúshláin na teilea-oibre

Le linn na chéad dianghlasála, tugadh faoi deara méadú suntasach (ó 5% go 40%) ar líon na n-oibrithe a bhíonn ag obair go cianda san Aontas. Bliain ina dhiaidh sin, is cuid den saol an teilea-obair anois ach tá sé deacair fós féin measúnú ceart a dhéanamh ar a tionchar ar fhostóirí, ar fhostaithe agus ar an tsochaí ina hiomláine. Tá CESE á thabhairt le fios gur gá tuilleadh taighde a dhéanamh agus dearcadh fadtéarmach a chothú, d’fhonn leas a bhaint as an gcineál sin oibre agus na rioscaí lena mbaineann a mhaolú ag an am céanna.

Read more in all languages

Le linn na chéad dianghlasála, tugadh faoi deara méadú suntasach (ó 5% go 40%) ar líon na n-oibrithe a bhíonn ag obair go cianda san Aontas. Bliain ina dhiaidh sin, is cuid den saol an teilea-obair anois ach tá sé deacair fós féin measúnú ceart a dhéanamh ar a tionchar ar fhostóirí, ar fhostaithe agus ar an tsochaí ina hiomláine. Tá CESE á thabhairt le fios gur gá tuilleadh taighde a dhéanamh agus dearcadh fadtéarmach a chothú, d’fhonn leas a bhaint as an gcineál sin oibre agus na rioscaí lena mbaineann a mhaolú ag an am céanna.

In ainneoin na ndeiseanna soiléire a chuireann an teilea-obair ar fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí araon, amhail táirgiúlacht níos fearr, socruithe oibre níos solúbtha agus níos mó neamhspleáchais, d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an teilea-obair ar shaol oibre agus ar shaol príobháideach na ndaoine. Le linn na paindéime, níor léir uaireanta cá raibh na teorainneacha idir an dá shaol seo, de dheasca ualach oibre iomarcach, uaireanta oibre níos faide agus easnamh tréimhsí scíthe.

I gcultúr atá "ar siúl i gcónaí", ina mbíonn deacrachtaí ag go leor oibrithe scor den obair, is féidir iarmhairtí diúltacha meabhrach agus fisiceacha a bheith aige seo ar dhaoine agus ar a sláinte. In dhá thuairim a d'eisigh CESE maidir leis an teilea-obair, tuairimí a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí an Mhárta, léirigh CESE gur mhó an seans go mbeadh poist atá lonnaithe sa bhaile ar siúl ag mná agus go mbeidís ag déileáil le gnáthchúraimí an tí ag an am céanna, rud a fhágann gurb iad na mná is mó a bhíonn thíos leis na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le bheith ag obair ón mbaile.

Léirigh na figiúirí ó staidéar Eurofound gur oibrigh 30% de na cianoibrithe "rialta" gach lá nó cúpla uair sa tseachtain ina gcuid ama shaoir agus d'oibrigh thart ar 20% díobh níos mó ná 48 uair an chloig sa tseachtain. Bhí tréimhse scíthe níos lú ná 11 uair an chloig ag thart ar 40% de na hoibrithe.

Chun an baol a íoslaghdú agus cur leis na buntáistí a bhaineann leis an teilea-obair nuair a bheidh deireadh leis an bpaindéim, tá CESE ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na comhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit rialacha a tharraingt suas a bheadh in oiriúint do gach Ballstát faoi seach agus don staid i ngach earnáil ar leith agus i ngach cuideachta ar leith, faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta agus na gcóras cómhargála atá ann cheana.

Ba chóir an teilea-obair a rialú mar is ceart: ní mór a chinntiú sa chás seo go bhféadfar dul siar ar an socrú sin nuair a bheidh deireadh le géarchéim COVID agus go mbeidh an teilea-obair fós deonach. Ba cheart na cearta aonair agus comhchoiteanna céanna, agus an t-ualach oibre céanna, a bheith ag oibrithe cianda agus atá ag a gcomhghleacaithe atá ag obair ar áitreabh a bhfostóirí. Dar le CESE, ní mór socruithe teilea-oibre a leagan amach i scríbhinn, agus an chóir chomhionann agus coinníollacha sláinte agus sábháilteachta ag an obair a ráthú.

"Beidh an teilea-obair mar chuid den saol as seo amach i margaí saothair na todhchaí, ach caithfimid a chinntiú nach iad an cúlú sóisialta agus leithlisiú na n-oibrithe a bheidh mar thoradh uirthi. Is féidir léi cabhrú le daoine cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir a saol gairmiúil agus a saol pearsanta ach ní féidir linn aon idirdhealú ná aon difríocht a cheadú maidir leis an tslí a gcaitear le daoine a oibríonn sa bhaile agus iad siúd a chinneann dul chuig an oifig," a dúirt Carlos Manuel Trindade, rapóirtéir na tuairime maidir le Dúshláin na Teilea-oibre.

Thug CESE dá aire, i bhfianaise an fháis ghasta atá ag teacht ar an gcineál oibre sin, agus i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim, nach mór na socruithe reatha atá ag an Aontas maidir leis an teilea-obair a mheas lena chinntiú go bhfuil siad fós éifeachtach sna himthosca nua.

Tá ábharthacht ar leith ag na Comhaontuithe Réime maidir le Teile-obair (2002) agus maidir le Digiteáil (2020) a shínigh na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta na comhaontuithe seo a chur san áireamh agus creataí náisiúnta á dtarraingt suas acu do chuideachtaí agus d’oibrithe a chleachtann an cineál seo oibre.

Ar a mhuin sin, d’fhéadfaí tionscnamh Eorpach a sheoladh i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus/nó ar leibhéal na mBallstát chun an ceart chun dícheangail a chosaint agus feidhm a thabhairt dó.

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit an reachtaíocht atá ann cheana féin a úsáid, ar reachtaíocht í a bhfuil feidhm iomlán aici maidir leis an teilea-obair, amhail an Treoir maidir le hAm Oibre agus an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil. Ba cheart na treoracha sin a thrasuí sa dlí náisiúnta agus a chur chun feidhme dá réir sin, mar gur "follasach go dtiocfaidh feabhas ar dhálaí oibre na dteilea-oibrithe" dá bharr.

Tharraing CESE aird freisin ar an mbaol a bhaineann leis an teilea-obair a úsáid chun ualach dúbailte oibre a chur ar oibrithe, mar atá obair íoctha agus neamhíoctha. Ní roinntear an obair tí go cothrom fós idir mná agus fir, agus titeann an t-ualach ar mhná den chuid is mó, rud a laghdaíonn a gcumas a bheith táirgiúil in obair ar íocaíocht agus a d’fhéadfadh freisin an bonn a bhaint dá n-ionchais ghairmiúla.

"Ní mór don tsochaí ina hiomláine agus do ghnólachtaí a seacht ndícheall a dhéanamh chun na steiréitíopaí inscne sin a dhíbirt agus aitheantas a thabhairt do mhná mar oibrithe iomlána lasmuigh de na róil agus na cáilíochtaí eile atá acu. Tá ardchostas eacnamaíoch agus sóisialta ag baint leis na réamhchlaontaí sin don tsochaí," a dúirt Milena Angelova, rapóirtéir na tuairime.

I ndáil leis sin, rinne CESE áitiú ar son "Comhaontú Cúraim don Eoraip" a chur chun cinn freisin, agus chuir sé i bhfios gur réamhriachtanais ríthábhachtacha eile iad infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht an bhonneagair cúraim agus seirbhísí cúraim do leanaí, do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus do dhaoine scothaosta má tá an teilea-obair le bheith comhionann ó thaobh inscne de.

 

Gníomhaíocht Eorpach maidir le beartais mhíchumais: is mithid neartú ar na maidí

An 24 Márta, reáchtáil CESE díospóireacht leis an gCoimisinéir um Chomhionannas, Helena Dalli, faoin straitéis nua maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, a sheol an Coimisiún Eorpach le déanaí.

Read more in all languages

An 24 Márta, reáchtáil CESE díospóireacht leis an gCoimisinéir um Chomhionannas, Helena Dalli, faoin straitéis nua maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, a sheol an Coimisiún Eorpach le déanaí.

Leis an straitéis seo, atá le bheith i bhfeidhm ó 2021 go 2030, féachtar lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán san Aontas Eorpach Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD). Is conradh ceannródaíoch é an Coinbhinsiún seo a d’athraigh dearcadh an phobail i leith an mhíchumais toisc go gcuireann sé cur chuige chun cinn atá dírithe go mór ar chearta an duine agus toisc go bhfágann sé faoin tsochaí féin deireadh a chur leis na bacainní a chuireann cosc ar dhaoine faoi mhíchumas páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí.

"Cuirimid fáilte roimh Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um Míchumas. Tá thart ar 87 milliún duine san Aontas atá faoi mhíchumas de shaghas éigin, agus dar le níos mó ná a leath díobh sin go ndéantar leithcheal orthu," a dúirt Uachtarán CESE, Christa Schweng, ag tús a cuid cainte.

Chuir sí i gcuimhne dóibh siúd a bhí ag freastal ar an díospóireacht gurbh é CESE an chéad institiúid a ghlac tuairim féintionscnaimh in 2019 inar iarradh Clár Oibre nua maidir le Cearta Míchumais a thabhairt isteach a bheadh ag teacht go hiomlán le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe: "Is mór an díol sásaimh dom a fheiceáil go bhfuil mórán de na moltaí a chuireamar chun cinn an uair sin le sonrú i Straitéis an Aontais um Míchumas, a moladh cúpla seachtain ó shin."

Bhí CESE teann air go gcaithfí an Coinbhinsiún a chur chun feidhme ina iomláine, bíodh sin ina thuairimí nó in obair a ghrúpa staidéir théamaigh um chearta daoine faoi mhíchumas, a cuireadh ar bun chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear an Coinbhinsiún i bhfeidhm sna Ballstáit.

Ní hí an tuairim maidir le Clár Oibre an Aontais Eorpaigh um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2020-2030 a Mhúnlú an t-aon téacs atá ag CESE a dhíríonn ar an tsaincheist seo: ghlac an Coiste roinnt eile freisin, amhail an tuarascáil faisnéise agus an tuairim maidir leis an gceart atá ag daoine faoi mhíchumas vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh CESE anailís ar an straitéis nua i dtuairim nua dá chuid, a chuirfear i láthair ag an seisiún iomlánach a bheidh á reáchtáil aige i mí Iúil.

"Ó tá deich mbliana ann ó dhaingnigh an tAontas Eorpach Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe, is mithid anois neartú ar na maidí a fhad a bhaineann le gníomhaíocht Eorpach i réimse na mbeartas míchumais. Is é an sprioc atá againn saol daoine faoi mhíchumas san Aontas agus níos faide i gcéin a athrú chun feabhais ionas gur féidir leo páirt a ghlacadh ar bhonn comhionann le gach aon duine eile, gan aon eisceacht a dhéanamh," a dúirt an Coimisinéir Dalli.

Labhair comhaltaí CESE i bhfabhar na straitéise nua, ach thug siad rabhadh uathu nach mór don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit, agus í á cur chun feidhme acu, éifeachtaí uafásacha na paindéime ar dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh, go háirithe i réimse na fostaíochta agus an oideachais, toisc go bhfuil an neamhionannas atá ann cheana féin ag dul in olcas. (ll)

 

Iompar iarnróid an Aontais Eorpaigh - Is í Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 an uair cheart chun athruithe a dhéanamh

Cé gur mór an dul chun cinn atá déanta i dtreo margaí a oscailt agus an comhchuibhiú teicniúil a bhaint amach, a bhuí sin le 25 bliana de léirscaoileadh, tá gá fós le dul chun cinn polaitiúil, rialála agus cultúrtha a dhéanamh laistigh d'earnáil an iompair ar iarnród. Is é sin príomhtheachtaireacht na tuairime maidir leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a glacadh sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí an Mhárta.

Read more in all languages

Cé gur mór an dul chun cinn atá déanta i dtreo margaí a oscailt agus an comhchuibhiú teicniúil a bhaint amach, a bhuí sin le 25 bliana de léirscaoileadh, tá gá fós le dul chun cinn polaitiúil, rialála agus cultúrtha a dhéanamh laistigh d'earnáil an iompair ar iarnród. Is é sin príomhtheachtaireacht na tuairime maidir leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a glacadh sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí an Mhárta.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhfuil gá le hanailís neamhchlaonta ar an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid agus ar na héachtaí a baineadh amach a bhuí leis agus cuireann sé i bhfáth freisin gur féidir gur deis iontach í Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 chun na forbairtí a rinneadh go dtí seo a mheas agus chun cuspóirí don todhchaí a leagan síos.

Seo mar a labhair Stefan Back, rapóirtéir na tuairime, agus é ag caint le linn na díospóireachta iomlánaí: “Tá gá le hathrú cultúir san earnáil iarnróid agus le cur chuige atá dírithe i bhfad níos mó ar riachtanais na gcustaiméirí, bíodh sin i ndáil le hiompar paisinéirí nó iompar lastas. Ba cheart leas a bhaint as Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 mar dheis chun an t-athrú iompraíochta seo a chur chun cinn agus chun comhar níos réidhe a fhorbairt idir oibreoirí agus custaiméirí agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an digiteáil.”

Tá moill ar thionscadail nó tá siad ina stad de dheasca phaindéim COVID-19, agus ní mór anois iad a sheoladh ar bhealach a leasa athuair. Tá an státchabhair fós ríthábhachtach le go mbeifear in ann seirbhísí riachtanacha a chinntiú tar éis na géarchéime agus is féidir seirbhísí paisinéirí inrochtana, inacmhainne agus cuimsitheacha a ráthú don uile dhuine ach conarthaí seirbhíse a bhunú. Tá CESE den tuairim go bhfuil siad sin, na conarthaí seirbhíse, i measc na mbeart is éifeachtaí agus is éifeachtúla dá bhfuil ann chun an iompar paisinéirí ar iarnród a chur chun cinn. (mp)

 

An t-aistriú fuinnimh – ní mór don Aontas neartú ar na maidí

I dtuairim a d’eisigh sé le déanaí, tá sé á áitiú ag CESE nach mór dlús suntasach a chur leis an aistriú chuig an Aontas Fuinnimh ar mhaithe leis na cuspóirí fuinnimh agus aeráide atá ag an Aontas do 2050 a bhaint amach, ach mar sin féin, go bhféadfadh impleachtaí díobhálacha a bheith ann mura dtabharfar aird ar an staid shóisialta agus eacnamaíoch sna Ballstáit ar leith.

Read more in all languages

I dtuairim a d’eisigh sé le déanaí, tá sé á áitiú ag CESE nach mór dlús suntasach a chur leis an aistriú chuig an Aontas Fuinnimh ar mhaithe leis na cuspóirí fuinnimh agus aeráide atá ag an Aontas do 2050 a bhaint amach, ach mar sin féin, go bhféadfadh impleachtaí díobhálacha a bheith ann mura dtabharfar aird ar an staid shóisialta agus eacnamaíoch sna Ballstáit ar leith.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhféadfadh sé nach nglacfaí go sóisialta leis na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe arb é is aidhm dóibh dlús a chur leis an aistriú fuinnimh mura dtabharfar a dhóthain airde ar na dálaí sóisialta agus eacnamaíochta sna Ballstáit éagsúla.

Sa tuairim a dhréachtaigh Lutz Ribbe agus a glacadh sa seisiún iomlánach i mí Márta, chuir CESE a sheasamh in iúl maidir le tuarascáil 2020 ar staid an Aontais Fuinnimh agus maidir leis an measúnú ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus é á rá aige nár cheart go ligfí na maidí le sruth tar éis ghnóthú, den chuid is mó, na gcuspóirí aeráide do 2020.

Ní mór na cuspóirí don chéad 30 bliain eile, tréimhse a thosaíonn sna 2020idí, a bheith i bhfad níos uaillmhianaí agus ní mór muintir na hEorpa a chur, i ndáiríre, i gcroílár an Aontais Fuinnimh.

Seo mar a labhair an tUas. Ribbe: “Cuirfear an t-aistriú fuinnimh i mbaol má gheallann na polaiteoirí go mbeidh codanna móra den tsochaí rannpháirteach ann, nuair nach bhfuil siad dáiríre faoin ngealltanas sin i bhfírinne agus nach gcuireann siad i bhfeidhm é.” (mp)

 

Níl an straitéis nua ón gCoimisiún chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha oiriúnach do ré COVID-19

Is díol sásaimh do CESE gur tíolacadh Plean Gníomhaíochta nua an Choimisiúin maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha, ach creideann sé go bhfuil tograí nua ar iarraidh ann a bheadh oiriúnach do ré COVID-19. Fágann sé sin go bhfuil aghaidh á tabhairt ag an Eoraip ar thréimhse urghnách le rialacha a bhaineann le tréimhse eile ar fad.

Read more in all languages

Is díol sásaimh do CESE gur tíolacadh Plean Gníomhaíochta nua an Choimisiúin maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha, ach creideann sé go bhfuil tograí nua ar iarraidh ann a bheadh oiriúnach do ré COVID-19. Fágann sé sin go bhfuil aghaidh á tabhairt ag an Eoraip ar thréimhse urghnách le rialacha a bhaineann le tréimhse eile ar fad.

An 25 Márta, rinne an tionól iomlánach tuairim a ghlacadh ina ndearna CESE anailís ar an straitéis maidir le dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Tá príomhábhair imní an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hearnálacha faoi leith den gheilleagar leagtha amach aige ann, mar shampla na bainc, na ceannaitheoirí creidmheasa agus na seirbhíseoirí creidmheasa. Ar an taobh eile de, tá dearcadh na sochaí Eorpaí i gcoitinne leagtha amach ag CESE.

Seo mar a labhair Kęstutis Kupšys, rapóirtéir na tuairime: “Tá cobhsaíocht earnáil na baincéireachta an-tábhachtach do CESE. Ach tá na gnólachtaí a bhfuil fiacha orthu agus nach bhfuil in ann na fiacha sin a íoc a thuilleadh tábhachtach dúinn freisin, mar aon leis na gnólachtaí inmharthana a bhféadfadh níos mó airgid ó na bainc a bheith de dhíth orthu. Bhíomar ag smaoineamh freisin ar shaoránaigh leochaileacha, ar na daoine sin atá i bhfiacha agus atá ar tí titim i ngaiste na ‘gcreach‑chistí’. Agus ar deireadh, ba ar an gcáiníocóir a bhíomar ag smaoineamh: nuair a leithdháilfear, nó, ba cheart dom a rá, má leithdháilfear cistí poiblí chun punannacha d'iasachtaí neamhthuillmheacha a cheannach, is ar an gcáiníocóir a bheidh sé an praghas a íoc chun na bainc a shábháil ó dhrochfhiacha”.

Molann CESE dul i ngleic le bunchúiseanna na n-iasachtaí neamhthuillmheacha mar ábhar tosaíochta chun a chinntiú nach mbeidh carnadh díobh ann sa todhchaí. Is iad na bealaí is éifeachtaí chuige sin ná a chinntiú go gcuirfear feabhas ar an iomaíochas ar bhonn leanúnach; díriú ar an leanúnachas gnó agus ar an téarnamh eacnamaíoch; agus ag an am céanna córais láidre slándála sóisialta a fhorbairt; an bhochtaineacht, an rófhéichiúnas agus an dífhostaíocht a chomhrac; pá leordhóthanach a ráthú; agus bearta beartais eacnamaíoch fritimthriallach a chur chun feidhme tráth géarchéime.

I bhfianaise thionchar an choróinvíris ar gheilleagar an Aontais, táthar ag tuar go rachaidh líon na n‑iasaíochtaí neamhthuillmheacha i méid ar fud an Aontais. D’fhonn na hiarmhairtí diúltacha a mhaolú, iarrann CESE go mbeidh bearta faoisimh ann d’institiúidí creidmheasa ag gabháil bonn ar bhonn le bearta cabhrach na rialtas le haghaidh na n-iasachtaithe sin nach dtiocfadh anás orthu murach an phaindéim.

Cé go molann an Coimisiún Eorpach margaí tánaisteacha a fhorbairt níos mó le haghaidh sócmhainní tochsail, creideann CESE go bhfuil an iomarca béime leagtha aige ar an ngá atá le margadh trasteorann uile‑Aontais i ndáil le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Is contúirteach an ní é “pas” uile‑Aontais a chur ar fáil do bhailitheoirí fiach in éagmais maoirseacht chuí orthu ina dtíortha ‘baile’ agus ina dtíortha ‘óstacha’ araon. Ní fhéadfadh údar a bheith leis an méid sin ach amháin dá mbeadh tacar beart frithchothromaithe ann chun cuidiú le hiasachtaithe anásta a chosaint, is é sin le rá mura mbeadh caighdeán cosanta tomhaltóirí uile‑Aontais do bhailitheoirí fiach ann.

Ina theannta sin, táthar go mór in amhras go gcuireann oibríochtaí trasteorann na gceannaitheoirí creidmheasa sochair eacnamaíocha inláimhsithe ar fáil don chóras eacnamaíoch ina iomláine, seachas do na bainc, na ceannaitheoirí creidmheasa agus na seirbhíseoirí creidmheasa amháin.

Maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a dhíol le cuideachtaí bainistíochta sócmhainní (ar a dtugtar “drochbhainc” sa ghnáthchaint), creideann CESE nár cheart sin a dhéanamh ach amháin i gcásanna eisceachtúla, faoi mar a dhéantar i láthair. Ní mór tús áite a thabhairt do chomhaontuithe réitithe déthaobhacha idir an institiúid creidmheasa agus an t-iasachtaí. Ar an gcaoi sin, díreofar ar an leanúnachas gnó agus an téarnamh eacnamaíoch.

Dar le Kęstutis Kupšys, tá cur chuige teoranta glactha sa cháipéis ón gCoimisiún, i dtéarmaí teicnealathacha, i leith saincheist a bhfuil tionchar aici ar roinnt mhaith réimsí den tsochaí ‘ar an láthair’. “An teachtaireacht ba mhaith linn a chur in iúl ná nár cheart saincheist na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a cheangal le saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú”, arsa an tUas. Kupšys. “Ar an iomlán, feictear dúinn gurb é an bealach ceart chun dul i ngleic leis na hiasachtaí neamhthuillmheacha ná réiteach inmheánach a fháil orthu sna bainc féin, in ionad iad a dhumpáil ar an margadh a luaithe atá fadhb leo. Ní earraí fiacha agus níor cheart caitheamh leo amhail is gurb ea!” (na)

Tá bearta molta ag CESE chun tacú leis an infheistíocht in eastóscadh agus athchúrsáil amhábhar criticiúil

Ag a sheisiún iomlánach i mí an Mhárta, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim ina moltar tacú leis an infheistíocht i dtaiscéaladh agus eastóscadh amhábhar criticiúil agus in úsáid ábhar tánaisteach a bhaintear as dramhaíl, ós rud é go bhfuil an méid sin ríthábhachtach don aistriú glas san Aontas Eorpach.

Read more in all languages

Ag a sheisiún iomlánach i mí an Mhárta, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim ina moltar tacú leis an infheistíocht i dtaiscéaladh agus eastóscadh amhábhar criticiúil agus in úsáid ábhar tánaisteach a bhaintear as dramhaíl, ós rud é go bhfuil an méid sin ríthábhachtach don aistriú glas san Aontas Eorpach.

I Meán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach a Phlean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla agus é mar aidhm aige spleáchas ar amhábhair chriticiúla phríomhúla a laghdú agus foinsiú amhábhar laistigh den Aontas a neartú. Sa tuairim arna glacadh ag CESE, fáiltítear roimh an gcur chuige sin ós rud é go "[d]tacaíonn CESE go hiomlán le haistriú glas na hearnála fuinnimh agus [go] measann sé gur céim bhunúsach é eastóscadh na n-amhábhar atá riachtanach chun teicneolaíochtaí glasa a chur ar fáil".

Mar sin féin, ós rud é gur gníomhaíochtaí ardriosca iad an taiscéaladh agus an t-eastóscadh, tá sé iarrtha ag CESE ina thuairim go mbeadh bearta sa bhreis sa Phlean le go mbeifí in ann an cur chuige sin a chur i gcrích. Leag Dumitru Fornea, rapóirtéir na tuairime, béim ar an dearcadh sin: "Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an foinsiú príomhúil agus an foinsiú tánaisteach araon a dhreasú agus ní mór dúinn, dá bhrí sin, tacú leis an infheistíocht san earnáil eastósctha agus dlús a chur leis an anailís ar an dramhaíl a bhféadfadh ábhair luachmhara a bheith inti."

Mhínigh Michal Pintér, an comhrapóirtéir, go bhfuil foirmeacha éagsúla ann trína bhféadfaí tacú leis an infheistíocht: "Ní mór dúinn tacú leis an infheistíocht trí ráthaíochtaí iasachta, córais dímheasa agus státchabhair, ach freisin trí phróiseas údarúcháin cuíchóirithe le haghaidh gníomhaíochtaí mianadóireachta".

Cuirtear i bhfáth sa tuairim freisin a thábhachtaí atá sé an sainmhíniú ar amhábhair chriticiúla a leathnú, ar ábhair iad sin a gcreidtear ina leith go traidisiúnta gur as earnáil na mianadóireachta a bhaintear iad. I bhfianaise an iliomad bealaí atá ann inniu ina bhféadfaí ábhair adhmadbhunaithe a úsáid, bealaí nach raibh ann roimhe seo, tá CESE den tuairim go bhfuil an sainmhíniú sin ró-chúng agus go gcuirtear srian ar fhás na bhfuinneamh glas dá dheasca.

Tá acmhainneacht eacnamaíoch ollmhór ag earnáil na n-amhábhar. Tá thart ar 350 000 duine fostaithe in earnáil na n-amhábhar laistigh den Aontas agus níos mó ná 30 milliún duine eile fostaithe i dtionscail mhonaraíochta iartheachtacha atá ag brath ar rochtain iontaofa gan bhac ar amhábhair mhianracha. Tá sé tuartha ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar úsáid dhomhanda ábhar faoi 2060, agus fás 150% ar úsáid miotail, go háirithe. I bhfianaise an méid sin, is rídhócha go méadóidh an brú ar acmhainní an domhain agus go gcuirfear an méid atá bainte amach maidir le folláine ar an leibhéal domhanda i mbaol.

Agus an méid sin á chur san áireamh, leagtar béim sa tuairim ar a thábhachtaí atá sé gnéithe nua a chomhtháthú sa mhodheolaíocht a úsáidtear chun liosta de mhianraí criticiúla a chur i dtoll a chéile. Measann CESE gur cheart don Choimisiún Eorpach a chur san áireamh "riachtanais agus leasanna na ndaoine agus na ngeilleagar sna tíortha as a dtagann na hamhábhair atá le honnmhairiú go dtí an Eoraip". Mar sin, ba cheart critéir iomchuí a shainiú lena sheiceáil an bhfuil prionsabail eiticiúla á gcomhlíonadh le slabhraí soláthair domhanda na gcineálacha amhábhar seo. (ks)

 

Tá CESE ag iarraidh coinníollacha níos beaichte agus níos comhchuibhithe le go mbeidh saolré níos inbhuanaithe ag ceallraí san Aontas.

Ag a sheisiún iomlánach i mí an Mhárta, ghlac CESE tuairim ina moltar socruithe rialachais níos beaichte agus níos oibríochtúla, chomh maith le hionstraimí leis an rialachán nua maidir le ceallraí a chur chun feidhme, i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile. Dar le CESE, d'fhéadfadh sé sin cuidiú le creat Aontais a fhorbairt a chumhdódh saolré iomlán ceallraí san Aontas.

Read more in all languages

Ag a sheisiún iomlánach i mí an Mhárta, ghlac CESE tuairim ina moltar socruithe rialachais níos beaichte agus níos oibríochtúla, chomh maith le hionstraimí leis an rialachán nua maidir le ceallraí a chur chun feidhme, i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile. Dar le CESE, d'fhéadfadh sé sin cuidiú le creat Aontais a fhorbairt a chumhdódh saolré iomlán ceallraí san Aontas.

An 10 Nollaig 2020, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola. Tá an togra ag teacht leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lena gcuirtear chun cinn dícharbónú gheilleagar an Aontais i dtreo gur féidir an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Tacaíonn an tuairim a ghlac CESE leis na bearta a leagtar amach sa rialachán: lena chaighdeáin nua maidir le hinbhuanaitheacht ceallraí, cuirfidh an Coimisiún an t-aistriú glas chun cinn ar fud an domhain, agus bunóidh sé treoirphlean chun tuilleadh tionscnamh a thabhairt faoina bheartas táirgí inbhuanaithe.

Sa tuairim uaidh, áfach, tá CESE ag iarraidh ionstraimí agus socruithe rialachais níos beaichte agus níos feidhmiúla ar mhaithe leis an rialachán nua a chur chun feidhme i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile. Mar a dúirt an rapóirtéir Bruno Choix: “Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe creat de chuid an Aontais a fhorbairt ina gcumhdaítear saolré iomlán ceallraí agus ina mbeidh rialacha comhchuibhithe agus níos uaillmhianaí i ndáil le ceallraí, comhpháirteanna, ceallraí dramhaíola agus ábhair athchúrsáilte. Leis an rialachán sin, tá sé de rún ag an gCoimisiún nuálaíocht a spreagadh agus saineolas teicniúil an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme”.

Mhínigh an comhrapóirtéir, Frank Uhlig, go bhféadfadh an tacaíocht sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla: “Maidir le cur chun feidhme díchill chuí chun faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair ceallraí, tá trédhearcacht iomlán de dhíth orainn agus an córas faireacháin seo á chur chun feidhme. A bhuí le hathchúrsáil, athchóiriú agus athúsáid na gceallraí is féidir an slabhra luacha réamhtheachtach a áirithiú. Tá sé ríthábhachtach tacú leis an taighde agus an fhorbairt maidir leis an éicidhearthóireacht.

Molann CESE aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sa réimse sin trí ról agus acmhainní na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) agus ról na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (OSHA) a neartú.

Molann CESE go dtabharfar isteach an coincheap “deireadh úsáide” mar aon le “deireadh ré” ar mhaithe le hathúsáid, athchóiriú nó dara úsáid, agus athchúrsáil ceallraí a chur chun cinn.

Aon cheallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, ba cheart iad a bheith inbhuanaithe, ardfheidhmíochta agus sábháilte ar feadh a saolré iomlán. Is éard atá i gceist leis sin ceallraí a tháirgtear a bhfuil an tionchar is lú is féidir acu ar an gcomhshaol, agus úsáid á baint as ábhair a fhaightear i gcomhréir iomlán le cearta an duine agus le caighdeáin shóisialta agus éiceolaíocha. Ní mór do cheallraí a bheith buan agus sábháilte agus, ag deireadh a saolré, ba cheart feidhm nua a bhaint astu, iad a athmhonarú nó a athchúrsáil, rud a chuirfeadh ábhar luachmhar ar ais sa gheilleagar. (ks)

An Limistéar Eorpach Taighde: tá curtha in iúl ag CESE gur geal leis an t-athchóiriú atá déanta air agus gur Comhaontú Nua dáiríre é don taighde agus don nuálaíocht san Aontas

Leis an treoirphlean nua, léiríonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé diongbháilte nach mbeidh an lámh in uachtar ag na Stáit Aontaithe agus an Áise ar an Eoraip sa taighde bunúsach agus sa taighde feidhmeach, i bpaitinní, agus i dtáirgí agus seirbhísí ardteicneolaíochta. Sin an méid a chuir CESE in iúl i dtuarascáil a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí an Mhárta.

Read more in all languages

Leis an treoirphlean nua, léiríonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé diongbháilte nach mbeidh an lámh in uachtar ag na Stáit Aontaithe agus an Áise ar an Eoraip sa taighde bunúsach agus sa taighde feidhmeach, i bpaitinní, agus i dtáirgí agus seirbhísí ardteicneolaíochta. Sin an méid a chuir CESE in iúl i dtuarascáil a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí an Mhárta.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE gurb í an phríomhláidreacht atá ag an Limistéar Eorpach Taighde nua atá beartaithe ná go ndíríonn sé ar thorthaí sa taighde agus sa nuálaíocht (T&N) a aistriú go gnó inbhuanaithe agus poist inbhuanaithe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag rapóirtéir na tuairime, Paul Rübig: “Tá sé fíor-riachtanach nach mbeidh an seanscéal céanna i gceist leis an Limistéar Eorpach Taighde nua. Cuirfidh an Comhaontú Nua seo borradh faoi thioncar T&N, tráth atá ról cinntitheach ag an nuálaíocht, ní hamháin maidir le geilleagair na hEorpa atá buailte go dona ag COVID, ach le marthanas an phláinéid freisin.”

San Eoraip, tá an dul chun cinn atá déanta sa taighde maidir le táirgí agus seirbhísí nuálacha a dhéanamh de thorthaí T&F i bhfad níos moille i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe agus an Áise. Tá an Eoraip chun deiridh ar an Áise ó thaobh feidhmíocht paitinní de (chuir an Áise 65 % d’iarratais ar phaitinn domhanda isteach in 2019 agus is ionann sciar an Aontais agus 11.3 %) agus go háirithe ó thaobh gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha agus “nuálaíochtaí i dteicneolaíocht an bhrú”, i.e. táirgí nua arna spreagadh ag taighde agus forbairt i dteicneolaíocht nua. Ar bhonn níos ginearálta, chuir an Áise, go háirithe an tSín agus an Chóiré, feabhas ollmhór ar a feidhmíocht sa taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht le 20 bliain anuas. Ba chóir don Limistéar Eorpach Taighde nua cabhrú leis an Eoraip breith suas ar na tíortha sin trí infheistíocht agus trí shoghluaisteacht mhéadaithe.

Cé go dtacaíonn CESE le treoirphlean an Choimisiúin, tarraingíonn sé aird ar chúig phríomhearnáil nach bhfuil le feiceáil ar a liosta de theicneolaíochtaí straitéiseacha d’ainneoin a riachtanaí atá siad do rath na hEorpa:

  • samhlacha gnó digiteacha;
  • teicneolaíochtaí monaraíochta earraí agus bia;
  • taighde cliniciúil, earnáil na cógaisíochta agus earnáil na biteicneolaíochta;
  • teicneolaíochtaí spáis;
  • uisce glan agus sláintíocht.

Príomhphointe eile a dhéanann CESE sa tuairim uaidh ná gur gá cothromaíocht a aimsiú idir “sármhaitheas” agus “luas” agus torthaí T&F á n-aistriú go táirgí agus seirbhísí nuálacha. In earnáil an ghnó, is é an luas an rud is tábhachtaí, ach, i measc na n-eolaithe, déantar iarracht sármhaitheas a bhaint amach agus iarrtar níos mó ama agus airgid a chur ar fáil do T&N. Ba cheart an dá rud sin a chur ar comhchéim i mbeartas an Choimisiúin don taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht. (dm)

 

 

Tá todhchaí na hEorpa ag brath ar an gcaoi a gcaithimid le limistéir thuaithe

Ba cheart limistéir thuaithe níos tarraingtí a fhorbairt do dhaoine óga agus do ghnólachtaí. Ar an gcaoi sin, d’fheabhsófaí cáilíocht saoil an uile shaoránaigh san Eoraip agus bheidís in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an áit inar mhaith leo cur fúthu agus post a bheith acu. Bhí sé sin ar cheann de na príomhchonclúidí ón díospóireacht I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach, a reáchtáladh in CESE an 8 Márta.

Read more in all languages

Ba cheart limistéir thuaithe níos tarraingtí a fhorbairt do dhaoine óga agus do ghnólachtaí. Ar an gcaoi sin, d’fheabhsófaí cáilíocht saoil an uile shaoránaigh san Eoraip agus bheidís in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an áit inar mhaith leo cur fúthu agus post a bheith acu. Bhí sé sin ar cheann de na príomhchonclúidí ón díospóireacht I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach, a reáchtáladh in CESE an 8 Márta.

Níl limistéir thuaithe agus uirbeacha na hEorpa á bhforbairt ar bhonn cothrom. Tá sé ríthábhachtach go gcothófaí beartais lena gcuirtear srian leis an treocht seo, lena gcinntítear aistriú cóir agus inbhuanaithe i dtreo gheilleagar na dea-bhaile i ngach limistéar, agus lena gcuirtear athchothromú an daonra chun cinn. Ba cheart, go háirithe, limistéir thuaithe níos tarraingtí a fhorbairt do dhaoine agus do ghnólachtaí i bhfianaise ról ríthábhachtach na limistéar sin sa chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, in athléimneacht na réigiún, agus san iliomad seirbhísí atá ann, táirgeadh bia san áireamh, a bhuí sin le héiceachórais áitiúla éagsúla.

Dúirt Peter Schmidt, Cathaoirleach ar an Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (NAT) in CESE: “Is é téarnamh iar-COVID-19 an deis thráthúil a bhí uainn straitéisí a ullmhú lena gcinnteofar nach bhfágfar aon limistéar ná aon duine ar gcúl san aistriú cóir i dtreo Aontas Eorpach atá aeráidneodrach, inbhuanaithe agus rathúil.”

“Tá gá ann, i bhfianaise an phacáiste téarnaimh dhiongbháilte atá ag an Aontas anois, na bearnaí idir na críocha san Aontas a chur san áireamh agus na cistí á leithdháileadh,” arsa Stefano Palmieri, Cathaoirleach ar an Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta in CESE, agus a chuid argóintí féin á ndéanamh aige.

Chuir Deša Srsen, ó oifig Dubravka Šuica, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, aidhm na físe fadtéarmaí don tuath i bhfáth: “Leis an bhfís fhadtéarmach don tuath a bhfuil an Coimisiún ag ullmhú dá glacadh i mí an Mheithimh, is é an aidhm atá ann meanman nua a chruthú do na limistéir thuaithe.”

Ba é Josep Puxeu Rocamora, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le Cur chuige comhtháite i ndáil le limistéir thuaithe an Aontais Eorpaigh, a chuir i bhfáth go bhfuil comhtháthú na limistéar tuaithe agus na limistéar leochaileach an-chasta toisc go mbaineann sé le gach uile bheartas atá san Aontas cheana féin: “Chun na limistéir sin a fhorbairt, molaimid ‘conradh críochach’ ar cheart é a bheith rannpháirteach, curtha in oiriúint le go mbeidh sé ag teacht le tréithe na gcríoch agus ina ndéanfar an oidhreacht stairiúil, chultúrtha agus nádúrtha a bhaineann leo a chaomhnú.” (mr)

Tá sé thar am Aontas an Chomhionannais a fhíorú

Tá bailiú cruinn sonraí agus beartais chuí sna Ballstáit riachtanach chun plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus chun an ciníochas agus an t-idirdhealú eitneach a nochtadh, fadhbanna a chuaigh chun donais le linn phaindéim COVID-19 san Eoraip.

Read more in all languages

Tá bailiú cruinn sonraí agus beartais chuí sna Ballstáit riachtanach chun plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus chun an ciníochas agus an t-idirdhealú eitneach a nochtadh, fadhbanna a chuaigh chun donais le linn phaindéim COVID-19 san Eoraip.

Le linn éisteacht fhíorúil a thionóil CESE an 18 Márta, tháinig sé chun solais go mothaíonn an ceathrú cuid de mhuintir na hEorpa go ndearnadh idirdhealú ina n-aghaidh i réimse amháin ar a laghad dá saol agus go bhfuil an t-idirdhealú ciníoch agus eitneach ag dul i méid san fhostaíocht. Ina fhianaise sin, táthar den tuairim go bhfuil práinn leis an reachtaíocht maidir leis an gciníochas a chomhrac a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorfheidhmiú ar fud na hEorpa.

Le linn na héisteachta, “Aontas an Chomhionannais: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025”, labhair ionadaithe ó institiúidí an Aontais agus ó ardáin Eorpacha um chearta an duine agus um an bhfrithchiníochas. Thug na figiúirí léiriú duairc ar an staid mar atá sé go háitiúil ar fud an Aontais.

Chuir rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an ábhar seo, Cristian Pîrvulescu, béim ar thráthúlacht phlean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an bhfrithchiníochas a seoladh tráth a bhí an éagothroime agus an t-idirdhealú ag fás mar thoradh ar an bpaindéim.

Leag Thibault Balthazar ón gCoimisiún Eorpach, béim ar ról tábhachtach na mBallstát agus mhol sé dóibh pleananna gníomhaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus na comhlachtaí comhionannais. Rinne Aleksandra Wesoły cur síos ar ionstraimí atá ag an Aontas amhail Líonra an Aontais Eorpaigh um Fheasacht ar an Radacú agus ardáin eile a chabhraíonn leis an radacú agus insintí antoisceacha a chomhrac. Dúirt Maria Daniella Marouda gur leag staidéar a rinne an Coimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe béim ar an dul chun cinn atá déanta i réimse na reachtaíochta frith-idirdhealaithe.

Chuir Joanna Goodey ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) i bhfáth go bhfuil sonraí in easnamh, cé go bhfuil an reachtaíocht ann. Mhínigh Goodey go dteastaíonn bailiú rialta sonraí le go mbeidh rath ar an bplean gníomhaíochta.

Chuir rapóirtéir na tuairime ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an bhfrithchiníochas, Yoomi Renström, i bhfáth gur chóir údaráis réigiúnacha agus áitiúla a aithint mar chomhpháirtithe straitéiseacha maidir leis na pleananna gníomhaíochta náisiúnta a dhearadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.

Chuir Csaba Asztalos, Uachtarán Chomhairle na Rómáine um Chomhrac an Idirdhealaithe béim ar a thábhachtaí atá sé bunachair sonraí inrochtana agus straitéisí cumarsáide soiléire a bheith ann, agus chuir Marie Mescam ó “SOS Racisme” i bhfáth go raibh géarghá le spás a chruthú don idirphlé laistigh den Aontas, áit ina roinnfeadh an tsochaí shibhialta, comhlachtaí comhionannais agus eagraíochtaí a bhaineann le frithchiníochas a gcuid faisnéise agus a dtaithí.

Chuir Juliana Wahlgren, Oifigeach Sinsearach Abhcóideachta ón Líonra Eorpach i gcoinne an Chiníochais (ENAR), in iúl go rabhthas ag súil trí dhaoine ar de chúlra mionlaigh chiníoch nó eitnigh iad a chur i dteagmháil le saineolaithe in eagraíochtaí na sochaí sibhialta go mbeadh ról tábhachtach acu i gcur chun feidhme éifeachtach an phlean gníomhaíochta. (mt)

Na Balcáin Thiar: an “lúb ar lár” i meascán mearaí na hEorpa

Sa seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i mí Márta, ghlac an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú, Olivér Várhelyi, páirt i ndíospóireacht maidir le staid aontachais chomhpháirtithe na mBalcán Thiar. Chuir CESE in iúl go bhfuil sé suite de gur infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin agus san fhás eacnamaíoch é comhpháirtithe na mBalcán Thiar a chomhtháthú san Aontas.

Read more in all languages

Sa seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i mí Márta, ghlac an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú, Olivér Várhelyi, páirt i ndíospóireacht maidir le staid aontachais chomhpháirtithe na mBalcán Thiar. Chuir CESE in iúl go bhfuil sé suite de gur infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin agus san fhás eacnamaíoch é comhpháirtithe na mBalcán Thiar a chomhtháthú san Aontas.

Chuir Christa Schweng, Uachtarán CESE, tús leis an díospóireacht agus é á chur i bhfáth aici go bhfuil méadú an Aontais a fhad leis na Balcáin Thiar an-tábhachtach do CESE: “Creideann an Coiste gurb iad na Balcáin Thiar an lúb ar lár i meascán mearaí an Aontais maidir leis an uaillmhian atá aige Eoraip aontaithe agus inbhuanaithe a bhunú, Eoraip a bheidh réidh don todhchaí,” a dúirt sí.

Labhair Oliver Várhelyi faoi thionchar phaindéim COVID-19 ar na Balcáin Thiar agus chuir sé i bhfáth go bhfuil “an Coimisiún Eorpach tiomanta leanúint de bheith ag tacú a mhéid is féidir lena gcomharsana is cóngaraí sna laethanta deacra seo”. Chuir sé Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta de chuid an Aontais do na Balcáin Thiar i láthair chomh maith, tionscnamh ar fiú é agus EUR 9 mbilliún agus a bhfuil cuspóir déach aige: dlús a chur leis an téarnamh eacnamaíoch agus feabhas a chur ar chóineasú an réigiúin leis an Aontas Eorpach. “Is é is cuspóir don phlean dlús a chur ní hamháin le forbairt eacnamaíoch, athléimneacht agus iomaíochas an réigiúin, ach freisin lena chomhtháthú sóisialta. Ní mór dúinn oibriú as lámh a chéile chun é sin a bhaint amach”, a dúirt sé go diongbháilte.

Tar éis na díospóireachta, glacadh tuairim maidir leis an bPróiseas Aontachais a Fheabhsú – Peirspictíocht Eorpach Inchreidte do na Balcáin Thiar. Leag Andrej Zorko, rapóirtéir na tuairime, béim ar a thábhachtaí is atá an próiseas um méadú: “Is infheistíocht gheostraitéiseach é comhpháirtithe na mBalcán Thiar a chomhtháthú san Aontas ar mhaithe le síocháin, cobhsaíocht, slándáil agus fás eacnamaíoch na mór-roinne ina hiomláine,” arsa an tUas. Zorko. (dfg)

Eolas faoinar féidir le CESE a dhéanamh duit – EAGRÁN NUA

San eagrán nua den fhoilseachán seo, tugtar cur i láthair gonta agus cothrom le dáta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa mar fhóram uathúil le haghaidh comhairliúcháin, idirphlé agus comhdhearcadh a chothú idir na hearnálacha éagsúla uile sa tsochaí shibhialta eagraithe, á gcur san áireamh na fostóirí, na ceardchumainn agus grúpaí ar nós cumainn ghairmiúla agus phobail, cumainn na n-óg, grúpaí ban, tomhaltóirí, feachtasóirí comhshaoil agus a lán lán eile.

Read more in all languages

San eagrán nua den fhoilseachán seo, tugtar cur i láthair gonta agus cothrom le dáta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa mar fhóram uathúil le haghaidh comhairliúcháin, idirphlé agus comhdhearcadh a chothú idir na hearnálacha éagsúla uile sa tsochaí shibhialta eagraithe, á gcur san áireamh na fostóirí, na ceardchumainn agus grúpaí ar nós cumainn ghairmiúla agus phobail, cumainn na n-óg, grúpaí ban, tomhaltóirí, feachtasóirí comhshaoil agus a lán lán eile.

Leagtar amach ról agus misin CESE sa bhróisiúr freisin, mínítear ann an chaoi a bhfeidhmíonn an Coiste agus an chaoi a mbíonn sé ag plé le hinstitiúidí reachtóireachta an Aontais Eorpaigh, agus tugtar dornán dá chuid scéalta ratha chun léire.

Tá fáil ar an mbróisiúr i 23 theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar shuíomh gréasáin CESE ag https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/publications-other-work/publications/discover-what-eesc-can-do-you-2021-edition

Is féidir cóip chrua de a fháil ach í a iarraidh ar an Aonad Cuairteanna agus Foilseacháin in CESE: vipcese@eesc.europa.eu (af)

Go dté tú slán, a chara!

Beidh David Gippini Fournier ag imeacht uainn an 1 Bealtaine 2021. A Dháiví, a chara, gabhann do chomhghleacaithe san Aonad Preasa buíochas leat as an bpléisiúr a bhain le bheith ag obair in éineacht leat, as an gcaoi ghrástúil ar chuir tú do chuid tascanna i gcrích, as an bhflaithiúlacht a léirigh tú i do chaidreamh pearsanta agus gairmiúil le daoine agus as an bhfocal i dtráth uait i gcónaí.

Read more in all languages

Beidh David Gippini Fournier ag imeacht uainn an 1 Bealtaine 2021. A Dháiví, a chara, gabhann do chomhghleacaithe san Aonad Preasa buíochas leat as an bpléisiúr a bhain le bheith ag obair in éineacht leat, as an gcaoi ghrástúil ar chuir tú do chuid tascanna i gcrích, as an bhflaithiúlacht a léirigh tú i do chaidreamh pearsanta agus gairmiúil le daoine agus as an bhfocal i dtráth uait i gcónaí. Chuaigh tú i mbun caidreamh poiblí le galántacht Humphrey Bogart.

Ba mhinic a léirigh sé a ardchumas an strus a mhaolú nuair a bhí an teannas ar tí pléascadh!

Ba mhór an pléisiúr agus an lúcháir a bhain le bheith ag obair in éineacht leat.

Go n-éirí an t-ádh leat!

Do chomhghleacaithe san Aonad Preasa: Agata, Katerina, Ewa, Laura, Nicola, Millie, Daniela, Melissa, Margarida agus Marco.

 

Isabel Caño Aguilar, iar-Leas-Uachtarán um an gCumarsáid (2018-2020): “Preasoifigeach a bhfuil iarracht d’íoróin na nGailíseach ann”

Chaith mé go leor ama ag obair le David Gippini; go háirithe d’oibríomar ar roinnt agallaimh phreasa le chéile. Nuair casadh David orm in 2018, chonacthas dom gur dhuine dáiríre é. Aon obair a leagadh sé a lámh uirthi, bhíodh sí oiriúnach agus an-tomhaiste i gcónaí. Ba dhuine géarchúiseach beo-intinneach é ina theannta sin.

Read more in all languages

Chaith mé go leor ama ag obair le David Gippini; go háirithe d’oibríomar ar roinnt agallaimh phreasa le chéile. Nuair casadh David orm in 2018, chonacthas dom gur dhuine dáiríre é. Aon obair a leagadh sé a lámh uirthi, bhíodh sí oiriúnach agus an-tomhaiste i gcónaí. Ba dhuine géarchúiseach beo-intinneach é, ina theannta sin. Gan cúrsaí oibre a bhacadh, fuair mé gur dhuine oscailte é a bhí fial faoina chuid ama, a raibh iarracht d’íoróin na nGailíseach ann, agus dar liom gur thuigeamar a chéile go feillbhinn. D’éiríodh eadrainn ar uaire, mar is nós le cairde a dhéanamh; táimse go mór i bhfách leis an teanga chuimsitheach; tá David níos acadúla, áfach, agus ní thaitníodh sé leis dánaíocht áirithe, mar a mheas sé, a bheith á déanamh ar an teanga. Labhraímis faoin ábhar sin go minic agus bhíodh comhráite fada saibhre againn le chéile, a thugadh ár ndúshlán. Tá mo bhuíochas ag dul dó óir bhíodh cuma chríochnúil chanta ar mo shaotharsa i gcónaí dá bharr.

Is oth liom go bhfuil sé ag imeacht uainn agus guím gach rath air sa chéad chéim eile den chonair atá amach roimhe. Is cinnte liom go mothóidh muintir an Aonaid Preasa uathu go mór é. Agus mothóidh mise uaim é chomh maith.

News from the Groups

Is trí théarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe agus tríd sin amháin a dhéanfar an Eoraip Shóisialta a neartú.

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Roimh an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto an mhí seo chugainn, bhuail comhaltaí de chuid Ghrúpa na bhFostóirí le Nicholas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta. Le linn díospóireacht neamhbhalbh oscailte, leag Uachtarán Ghrúpa na bhFostóirí, an tUasal Mallia, béim ar an ngá atá le téarnamh eacnamaíoch tapa, rud nach féidir a dhéanamh ach amháin má chinntímid go bhfuil an timpeallacht ghnó cheart ag ár gcuideachtaí chun a bheith iomaíoch, chun poist a chruthú agus chun dea-bhail a ráthú dár sochaithe dá réir sin.

 

Read more in all languages

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Roimh an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto an mhí seo chugainn, bhuail comhaltaí de chuid Ghrúpa na bhFostóirí le Nicholas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta. Le linn díospóireacht neamhbhalbh oscailte, leag Uachtarán Ghrúpa na bhFostóirí, an tUasal Mallia, béim ar an ngá atá le téarnamh eacnamaíoch tapa, rud nach féidir a dhéanamh ach amháin má chinntímid go bhfuil an timpeallacht ghnó cheart ag ár gcuideachtaí chun a bheith iomaíoch, chun poist a chruthú agus chun dea-bhail a ráthú dár sochaithe dá réir sin.

Le linn an chúlaithe eacnamaíoch is measa ó bhí an dara Cogadh Domhanda ann, is réamhriachtanas don dul chun cinn sóisialta é téarnamh eacnamaíoch fónta agus is bealach lena éascú é chomh maith.

Ciallaíonn sé sin nár cheart go mbainfeadh cur chun feidhme cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Cruinniú Mullaigh in Porto le beartas sóisialta agus leis sin amháin, ach go mbainfeadh siad le téarnamh eacnamaíoch agus le hiomaíochas chomh maith.

Dá bhrí sin, ní féidir go mbainfidh cruthú post agus rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a chur chun cinn le reachtaíocht nua ná le hoibleagáidí eile a chuirfeadh leis an ualach atá ar chuideachtaí. Níor éirigh leis an gcur chuige sin san am atá thart agus is cinnte nach n-éireoidh leis sa ghéarchéim eacnamaíoch thromchúiseach seo.

Ina ionad sin, ba cheart dúinn díriú ar mhargaí saothar a chruthú ina mbeidh solúbthacht agus inar féidir le gnólachtaí oiriúnú d’athruithe agus ina mbeidh slándáil dhóthanach ar fáil d’oibrithe.

Is den tábhacht fós iad earnáil tionsclaíochta agus seirbhísí bheoga mar aon leis an bhfiontraíocht má tá an Eoraip le bheith rathúil agus folláin sa todhchaí. Tá lucht saothair oilte agus nuálach de dhíth orainn chun tabhairt faoi na haistrithe digiteacha glasa. Má táthar chun ár múnla sóisialta a choimeád tá sé ríthábhachtach bonn iomaíoch a áirithiú d’infheistíochtaí.

Ba cheart reachtaíocht AE a úsáid do shaincheisteanna trasteorann agus dóibh sin amháin. Nuair a ritheann an tAontas reachtaíocht, ba cheart gach tionscnamh nua ar leibhéal an Aontais a bheith bunaithe níos fearr ar fhianaise agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann sé leis an iomaíochas. Chuideodh seiceáil nua spriocdhírithe ar iomaíochas do gach tionscnamh nua an sprioc sin a bhaint amach.

Bhuail Grúpa na bhFostóirí leis an gCoimisinéir Schmit an 15 Aibreán. Pléadh roinnt saincheisteanna sóisialta, amhail plean gníomhaíochta cholún Eorpach na gceart sóisialta, an Cruinniú Mullaigh in Porto, an togra ón gCoimisiún maidir le híosphá leordhóthanach, an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil.

Is féidir teacht ar óráid iomlán an Uasail Mallia, Uachtarán Ghrúpa na bhFostaithe, chuig Coimisinéir Schmit ag an nasc seo: https://www.eesc.europa.eu/ga/news-media/news/speech-president-mallia-eesc-employers-group-meeting-commissioner-schmit (dv/kr)

Is cuid lárnach den chomhtháthú sóisialta é pá íosta leordhóthanach

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Is cuid lárnach den chomhtháthú sóisialta iad pá íosta leordhóthanach agus an comhrac i gcoinne na bochtaineachta i measc an lucht oibre agus an neamhionannais. Bíodh sin mar atá, tá roinnt mhaith daoine san Eoraip ag obair faoi dhálaí géara, go háirithe oibrithe neamhbhuana. Siúd is go bhfuil an chómhargáil láidir go leor i roinnt tíortha chun dálaí maithe oibre a áirithiú, ní hamhlaidh an scéal i ngach tír.

Read more in all languages

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Is cuid lárnach den chomhtháthú sóisialta iad pá íosta leordhóthanach agus an comhrac i gcoinne bhochtaineacht an lucht oibre agus an neamhionannais. Bíodh sin mar atá, tá roinnt mhaith daoine san Eoraip ag obair faoi dhálaí géara, go háirithe oibrithe neamhbhuana. Siúd is go bhfuil an chómhargáil láidir go leor i roinnt tíortha chun dálaí maithe oibre a áirithiú, ní hamhlaidh an scéal i ngach tír.

Bíonn iarmhairtí tubaisteacha ag baint leis an easpa cosanta sóisialta, go háirithe nuair a bhíonn fadhbanna méadaitheacha eile ann, mar is amhlaidh i láthair na huaire i ngeall ar an ngéarchéim mhillteanach sláinte agus shóisialta atá tagtha chun cinn de dheasca phaindéim COVID-19.

Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach a áirithiú go mbeidh pá cuibhiúil maireachtála ag gach oibrí san Eoraip, go ndéanfar an chómhargáil a neartú agus a mhéadú, agus traidisiúin éagsúla na mBallstát i dtaca leis an idirphlé sóisialta á n-urramú san am céanna. Trí bhíthin pleananna náisiúnta gníomhaíochta, arna gcomhaontú trí phróiseas trípháirteach leis na comhpháirtithe sóisialta, is féidir cóineasú aníos an phá a bhaint amach agus idirdhealú pá de chineál ar bith á gcomhrac, maille leis an mbochtaineacht i measc an lucht oibre.

I bhfianaise a phráinní atá an togra, go háirithe i ngeall ar na deacrachtaí a tháinig as COVID-19, bhí an méid seo a leanas le rá ag an rapóirtéir, Cinzia del Rio: “Ba cheart go bhfaighfeadh gach oibrí pá íosta cothrom agus leordhóthanach, pá a shocraítear de réir an dlí nó trí chómhargáil, chun gur féidir saol cuibhiúil a bheith acu, maille le rochtain ar an gcosaint shóisialta. Ní mór aghaidh a thabhairt go daingean ar an leibhéal Eorpach ar an éagothroime pá, bochtaineacht i measc an lucht oibre atá ag dul i méid agus arb iad daoine óga, mná agus daoine faoi mhíbhuntáiste is mó a bhíonn thíos léi.”

Sa tuairim ó CESE i ndáil leis an treoir atá beartaithe, a glacadh an 25 Márta 2020 ag seisiún iomlánach CESE, aithnítear go bhfuil géarghá le sraith de bhearta den chineál sin, le leordhóthanacht na treorach agus na forais dhlíthiúla lena mbaineann (atá comhthacaithe freisin leis an measúnú dlíthiúil ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh) agus le clásail lena n-áirithítear urraim do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. (prp)

 

Ní mór d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta athruithe a thiomáint chun cinn sna sochaithe agus sna geilleagair a bheidh ann tar éis COVID‑19

Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE

Le linn comhdhála de chuid an Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” a reáchtáladh le déanaí, thathantaigh ionadaithe na sochaí sibhialta ar a chuid eagraíochtaí féin an sórt sochaí ba mhaith leo a fhorbairt agus ar mhaith leo cónaí a bheith acu ann a chur in iúl do na polaiteoirí.

Read more in all languages

Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE

 

Le linn comhdhála de chuid an Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” a reáchtáladh le déanaí, thathantaigh ionadaithe na sochaí sibhialta ar a chuid eagraíochtaí féin an sórt sochaí ba mhaith leo a fhorbairt agus ar mhaith leo cónaí a bheith acu ann a chur in iúl do na polaiteoirí.

Le linn na comhdhála ar Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta le linn agus i ndiaidh phaindéim COVID‑19: na dúshláin agus an todhchaí, d’áitigh na rannpháirtithe go bhfuil ríthábhacht ag baint le beartas comhtháthaithe agus le rannpháirtíocht fhiúntach na saoránach. D’iarr siad go nglacfaí cur chuige iomlánaíoch agus comhtháite i leith an cheaptha beartas. Is éard atá i gceist leis sin cur chuige ina ndéantar luachanna an Aontais Eorpaigh, folláine a mhuintire agus tionscnaimh ón mbun aníos, lena dtugtar urraim do thuairimí agus do chearta shaoránaigh an Aontais, a chur chun cinn go gníomhach. Chuige sin, beidh sé bunriachtanach leas iomlán a bhaint as foirmeacha nua dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochais shóisialta ar tháinig borradh fúthu le linn na paindéime.

Chuir Séamas Boland, cathaoirleach ar an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”, béim ar an rannpháirtíocht as cuimse a léirigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus thug sé ugach dóibh agus do na saoránaigh páirt ghníomhach a ghlacadh in athchruthú agus in atógáil phobail agus shochaithe iar-COVID-19.

“Is mithid dúinn anois athmhachnamh a dhéanamh ar na samhlacha fáis agus rialachais atá againn agus cothromaíocht a aimsiú idir fás eacnamaíoch ar thaobh amháin, agus cuimsiú sóisialta, caipiteal daonna, inbhuanaitheacht agus folláine ar an taobh eile,” arsa Boland, agus é ag leagan síos dhá choinníoll chomh maith i ndáil le haistriú dáiríre, arb iad sin “cur chuige iomlánaíoch agus comhtháite i leith an cheaptha beartas agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i ndearadh agus i bhfíorú an domhain nua,” iad.

Thathantaigh an Cathaoirleach Boland ar údaráis an Aontais agus ar na húdaráis áitiúla oibriú i gcomhpháirt le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus chuir sé i bhfáth nach mór don tsochaí shibhialta agus do na húdaráis phoiblí leanúint dá gcosaint ar an rialachas daonlathach, na cearta bunúsacha agus an smacht reachta.

Léigh na conclúidí agus na moltaí uile ón gcomhdháil anseo. (jk)

Soon in the EESC/Cultural events

Lá na hEorpa 2021

Go traidisiúnta, déanann CESE Lá na hEorpa a cheiliúradh trína dhorais a oscailt don phobal. I mbliana, agus géarchéim COVID-19 ann, tá an deis á tabhairt do shaoránaigh ar fud na hEorpa cuairt a thabhairt ar Theach Ionadaithe na Sochaí Sibhialta ar bhealach sábháilte agus fíorúil.

Read more in all languages

Go traidisiúnta, déanann CESE Lá na hEorpa a cheiliúradh trína dhorais a oscailt don phobal. I mbliana, agus géarchéim COVID-19 ann, tá an deis á tabhairt do shaoránaigh ar fud na hEorpa cuairt a thabhairt ar Theach Ionadaithe na Sochaí Sibhialta ar bhealach sábháilte agus fíorúil.

Is ar an 9 Bealtaine a bhíonn Lá na hEorpa agus is éard atá ann comóradh ar Dhearbhú Schuman a síníodh cothrom an dáta sin. Leis an síniú sin, cuireadh síolta an Aontais Eorpaigh atá againn inniu. Is deis atá ann machnamh a dhéanamh ar ar éirigh linn a thógáil a bhuí sin leis an dlúthpháirtíocht, agus ar an méid ba mhaith linn a bhaint amach sa todhchaí.

Is deis atá ann freisin a chur ina luí ar shaoránaigh an Aontais ar dhóigh shainiúil go mbaineann siad le rud is mó ná iad. Is smaoineamh é sin atá léirithe i mana Lá na hEorpa agus faoina bhfuil na hinstitiúidí Eorpacha uile aontaithe, mar atá “Ní neart go cur LE CHÉILE.”

Bí páirteach i Lá na hEorpa agus...

  • Faigh amach faoina ndéanann CESE duit trí chuairt fhíorúil in 3T a thabhairt ar CESE chun spléachadh 360° a fháil: cuir aithne orainn, bí ar an eolas faoina ndéanaimid agus foghlaim faoin bhfiúntas breise a bhaineann le CESE agus a chomhaltaí.
  • Faigh amach faoina ndéanann comhaltaí CESE ina dtíortha féin trí éisteacht le scéalta ó eagraíochtaí ár gcomhaltaí ina dtíortha féin, agus faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag comhaltaí CESE ina gceantair áitiúla chun cuidiú leis an Aontas Eorpach téarnamh ón ngéarchéim.
  • Tabhair cuairt ar an gCúinne Cultúir atá againn agus caith súil ar na taispeántais fhíorúla éagsúla atá ag CESE agus atá ar taispeáint ar bhealach idirghníomhach agus suimiúil.
  • Glac páirt san iliomad gníomhaíochtaí beo atá againn: thar aon ní eile, is ceiliúradh ar shíocháin agus ar aontachas san Eoraip é Lá na hEorpa agus mar sin, beidh cluichí agus gníomhaíochtaí spraíúla ar siúl ar líne, le cuairteanna fíorúla ar CESE, seimineár gréasáin beo le comhaltaí CESE, both grianghraf digiteach, agus comórtas grianghraf san áireamh.

Bí ag faire amach chun tuilleadh eolais a fháil!

Lá na hEorpa 2021 | Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (europa.eu) (cl)

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Daniela Marangoni (dm)
 

Contributors to this issue

Amalia Tsoumani (at)
Aude François (af)
Chloé Lahousse (cl)
Daniela Marangoni (dm)
Daniela Vincenti (dv)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Jasmin Kloetzing  (jk)
Katerina Serifi (ks)
Katharina Radler (kr)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Nicola Accardo (na)
Pablo Ribera Paya (prp)
Stefano Martinelli (sm)

Coordination

Agata Berdys (ab)
Katerina Serifi (ks)

Technical support
Bernhard Knoblach (bk)

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 23 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

April 2021
05/2021

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram