Le linn na chéad dianghlasála, tugadh faoi deara méadú suntasach (ó 5% go 40%) ar líon na n-oibrithe a bhíonn ag obair go cianda san Aontas. Bliain ina dhiaidh sin, is cuid den saol an teilea-obair anois ach tá sé deacair fós féin measúnú ceart a dhéanamh ar a tionchar ar fhostóirí, ar fhostaithe agus ar an tsochaí ina hiomláine. Tá CESE á thabhairt le fios gur gá tuilleadh taighde a dhéanamh agus dearcadh fadtéarmach a chothú, d’fhonn leas a bhaint as an gcineál sin oibre agus na rioscaí lena mbaineann a mhaolú ag an am céanna.

In ainneoin na ndeiseanna soiléire a chuireann an teilea-obair ar fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí araon, amhail táirgiúlacht níos fearr, socruithe oibre níos solúbtha agus níos mó neamhspleáchais, d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an teilea-obair ar shaol oibre agus ar shaol príobháideach na ndaoine. Le linn na paindéime, níor léir uaireanta cá raibh na teorainneacha idir an dá shaol seo, de dheasca ualach oibre iomarcach, uaireanta oibre níos faide agus easnamh tréimhsí scíthe.

I gcultúr atá "ar siúl i gcónaí", ina mbíonn deacrachtaí ag go leor oibrithe scor den obair, is féidir iarmhairtí diúltacha meabhrach agus fisiceacha a bheith aige seo ar dhaoine agus ar a sláinte. In dhá thuairim a d'eisigh CESE maidir leis an teilea-obair, tuairimí a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí an Mhárta, léirigh CESE gur mhó an seans go mbeadh poist atá lonnaithe sa bhaile ar siúl ag mná agus go mbeidís ag déileáil le gnáthchúraimí an tí ag an am céanna, rud a fhágann gurb iad na mná is mó a bhíonn thíos leis na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le bheith ag obair ón mbaile.

Léirigh na figiúirí ó staidéar Eurofound gur oibrigh 30% de na cianoibrithe "rialta" gach lá nó cúpla uair sa tseachtain ina gcuid ama shaoir agus d'oibrigh thart ar 20% díobh níos mó ná 48 uair an chloig sa tseachtain. Bhí tréimhse scíthe níos lú ná 11 uair an chloig ag thart ar 40% de na hoibrithe.

Chun an baol a íoslaghdú agus cur leis na buntáistí a bhaineann leis an teilea-obair nuair a bheidh deireadh leis an bpaindéim, tá CESE ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na comhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit rialacha a tharraingt suas a bheadh in oiriúint do gach Ballstát faoi seach agus don staid i ngach earnáil ar leith agus i ngach cuideachta ar leith, faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta agus na gcóras cómhargála atá ann cheana.

Ba chóir an teilea-obair a rialú mar is ceart: ní mór a chinntiú sa chás seo go bhféadfar dul siar ar an socrú sin nuair a bheidh deireadh le géarchéim COVID agus go mbeidh an teilea-obair fós deonach. Ba cheart na cearta aonair agus comhchoiteanna céanna, agus an t-ualach oibre céanna, a bheith ag oibrithe cianda agus atá ag a gcomhghleacaithe atá ag obair ar áitreabh a bhfostóirí. Dar le CESE, ní mór socruithe teilea-oibre a leagan amach i scríbhinn, agus an chóir chomhionann agus coinníollacha sláinte agus sábháilteachta ag an obair a ráthú.

"Beidh an teilea-obair mar chuid den saol as seo amach i margaí saothair na todhchaí, ach caithfimid a chinntiú nach iad an cúlú sóisialta agus leithlisiú na n-oibrithe a bheidh mar thoradh uirthi. Is féidir léi cabhrú le daoine cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir a saol gairmiúil agus a saol pearsanta ach ní féidir linn aon idirdhealú ná aon difríocht a cheadú maidir leis an tslí a gcaitear le daoine a oibríonn sa bhaile agus iad siúd a chinneann dul chuig an oifig," a dúirt Carlos Manuel Trindade, rapóirtéir na tuairime maidir le Dúshláin na Teilea-oibre.

Thug CESE dá aire, i bhfianaise an fháis ghasta atá ag teacht ar an gcineál oibre sin, agus i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim, nach mór na socruithe reatha atá ag an Aontas maidir leis an teilea-obair a mheas lena chinntiú go bhfuil siad fós éifeachtach sna himthosca nua.

Tá ábharthacht ar leith ag na Comhaontuithe Réime maidir le Teile-obair (2002) agus maidir le Digiteáil (2020) a shínigh na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta na comhaontuithe seo a chur san áireamh agus creataí náisiúnta á dtarraingt suas acu do chuideachtaí agus d’oibrithe a chleachtann an cineál seo oibre.

Ar a mhuin sin, d’fhéadfaí tionscnamh Eorpach a sheoladh i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus/nó ar leibhéal na mBallstát chun an ceart chun dícheangail a chosaint agus feidhm a thabhairt dó.

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit an reachtaíocht atá ann cheana féin a úsáid, ar reachtaíocht í a bhfuil feidhm iomlán aici maidir leis an teilea-obair, amhail an Treoir maidir le hAm Oibre agus an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil. Ba cheart na treoracha sin a thrasuí sa dlí náisiúnta agus a chur chun feidhme dá réir sin, mar gur "follasach go dtiocfaidh feabhas ar dhálaí oibre na dteilea-oibrithe" dá bharr.

Tharraing CESE aird freisin ar an mbaol a bhaineann leis an teilea-obair a úsáid chun ualach dúbailte oibre a chur ar oibrithe, mar atá obair íoctha agus neamhíoctha. Ní roinntear an obair tí go cothrom fós idir mná agus fir, agus titeann an t-ualach ar mhná den chuid is mó, rud a laghdaíonn a gcumas a bheith táirgiúil in obair ar íocaíocht agus a d’fhéadfadh freisin an bonn a bhaint dá n-ionchais ghairmiúla.

"Ní mór don tsochaí ina hiomláine agus do ghnólachtaí a seacht ndícheall a dhéanamh chun na steiréitíopaí inscne sin a dhíbirt agus aitheantas a thabhairt do mhná mar oibrithe iomlána lasmuigh de na róil agus na cáilíochtaí eile atá acu. Tá ardchostas eacnamaíoch agus sóisialta ag baint leis na réamhchlaontaí sin don tsochaí," a dúirt Milena Angelova, rapóirtéir na tuairime.

I ndáil leis sin, rinne CESE áitiú ar son "Comhaontú Cúraim don Eoraip" a chur chun cinn freisin, agus chuir sé i bhfios gur réamhriachtanais ríthábhachtacha eile iad infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht an bhonneagair cúraim agus seirbhísí cúraim do leanaí, do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus do dhaoine scothaosta má tá an teilea-obair le bheith comhionann ó thaobh inscne de.