Is díol sásaimh do CESE gur tíolacadh Plean Gníomhaíochta nua an Choimisiúin maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha, ach creideann sé go bhfuil tograí nua ar iarraidh ann a bheadh oiriúnach do ré COVID-19. Fágann sé sin go bhfuil aghaidh á tabhairt ag an Eoraip ar thréimhse urghnách le rialacha a bhaineann le tréimhse eile ar fad.

An 25 Márta, rinne an tionól iomlánach tuairim a ghlacadh ina ndearna CESE anailís ar an straitéis maidir le dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Tá príomhábhair imní an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hearnálacha faoi leith den gheilleagar leagtha amach aige ann, mar shampla na bainc, na ceannaitheoirí creidmheasa agus na seirbhíseoirí creidmheasa. Ar an taobh eile de, tá dearcadh na sochaí Eorpaí i gcoitinne leagtha amach ag CESE.

Seo mar a labhair Kęstutis Kupšys, rapóirtéir na tuairime: “Tá cobhsaíocht earnáil na baincéireachta an-tábhachtach do CESE. Ach tá na gnólachtaí a bhfuil fiacha orthu agus nach bhfuil in ann na fiacha sin a íoc a thuilleadh tábhachtach dúinn freisin, mar aon leis na gnólachtaí inmharthana a bhféadfadh níos mó airgid ó na bainc a bheith de dhíth orthu. Bhíomar ag smaoineamh freisin ar shaoránaigh leochaileacha, ar na daoine sin atá i bhfiacha agus atá ar tí titim i ngaiste na ‘gcreach‑chistí’. Agus ar deireadh, ba ar an gcáiníocóir a bhíomar ag smaoineamh: nuair a leithdháilfear, nó, ba cheart dom a rá, má leithdháilfear cistí poiblí chun punannacha d'iasachtaí neamhthuillmheacha a cheannach, is ar an gcáiníocóir a bheidh sé an praghas a íoc chun na bainc a shábháil ó dhrochfhiacha”.

Molann CESE dul i ngleic le bunchúiseanna na n-iasachtaí neamhthuillmheacha mar ábhar tosaíochta chun a chinntiú nach mbeidh carnadh díobh ann sa todhchaí. Is iad na bealaí is éifeachtaí chuige sin ná a chinntiú go gcuirfear feabhas ar an iomaíochas ar bhonn leanúnach; díriú ar an leanúnachas gnó agus ar an téarnamh eacnamaíoch; agus ag an am céanna córais láidre slándála sóisialta a fhorbairt; an bhochtaineacht, an rófhéichiúnas agus an dífhostaíocht a chomhrac; pá leordhóthanach a ráthú; agus bearta beartais eacnamaíoch fritimthriallach a chur chun feidhme tráth géarchéime.

I bhfianaise thionchar an choróinvíris ar gheilleagar an Aontais, táthar ag tuar go rachaidh líon na n‑iasaíochtaí neamhthuillmheacha i méid ar fud an Aontais. D’fhonn na hiarmhairtí diúltacha a mhaolú, iarrann CESE go mbeidh bearta faoisimh ann d’institiúidí creidmheasa ag gabháil bonn ar bhonn le bearta cabhrach na rialtas le haghaidh na n-iasachtaithe sin nach dtiocfadh anás orthu murach an phaindéim.

Cé go molann an Coimisiún Eorpach margaí tánaisteacha a fhorbairt níos mó le haghaidh sócmhainní tochsail, creideann CESE go bhfuil an iomarca béime leagtha aige ar an ngá atá le margadh trasteorann uile‑Aontais i ndáil le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Is contúirteach an ní é “pas” uile‑Aontais a chur ar fáil do bhailitheoirí fiach in éagmais maoirseacht chuí orthu ina dtíortha ‘baile’ agus ina dtíortha ‘óstacha’ araon. Ní fhéadfadh údar a bheith leis an méid sin ach amháin dá mbeadh tacar beart frithchothromaithe ann chun cuidiú le hiasachtaithe anásta a chosaint, is é sin le rá mura mbeadh caighdeán cosanta tomhaltóirí uile‑Aontais do bhailitheoirí fiach ann.

Ina theannta sin, táthar go mór in amhras go gcuireann oibríochtaí trasteorann na gceannaitheoirí creidmheasa sochair eacnamaíocha inláimhsithe ar fáil don chóras eacnamaíoch ina iomláine, seachas do na bainc, na ceannaitheoirí creidmheasa agus na seirbhíseoirí creidmheasa amháin.

Maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a dhíol le cuideachtaí bainistíochta sócmhainní (ar a dtugtar “drochbhainc” sa ghnáthchaint), creideann CESE nár cheart sin a dhéanamh ach amháin i gcásanna eisceachtúla, faoi mar a dhéantar i láthair. Ní mór tús áite a thabhairt do chomhaontuithe réitithe déthaobhacha idir an institiúid creidmheasa agus an t-iasachtaí. Ar an gcaoi sin, díreofar ar an leanúnachas gnó agus an téarnamh eacnamaíoch.

Dar le Kęstutis Kupšys, tá cur chuige teoranta glactha sa cháipéis ón gCoimisiún, i dtéarmaí teicnealathacha, i leith saincheist a bhfuil tionchar aici ar roinnt mhaith réimsí den tsochaí ‘ar an láthair’. “An teachtaireacht ba mhaith linn a chur in iúl ná nár cheart saincheist na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a cheangal le saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú”, arsa an tUas. Kupšys. “Ar an iomlán, feictear dúinn gurb é an bealach ceart chun dul i ngleic leis na hiasachtaí neamhthuillmheacha ná réiteach inmheánach a fháil orthu sna bainc féin, in ionad iad a dhumpáil ar an margadh a luaithe atá fadhb leo. Ní earraí fiacha agus níor cheart caitheamh leo amhail is gurb ea!” (na)