Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) seasamh docht maidir leis an smacht reachta san Aontas Eorpach. Tá sé tiomanta a áirithiú go ndéanfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach pionóis arda athchomhairleacha a fhorchur i gcás easnaimh chórasacha sa smacht reachta, rud a fhágann go gcuirtear buiséad an Aontais Eorpaigh i mbaol.

I dtuairim féintionscnaimh a glacadh le linn sheisiún iomlánach an 20 Eanáir An smacht reachta agus an ciste téarnaimh , chuir CESE in iúl gur díol sásaimh dó Rialachán AE 2020/2092 lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin pionóis airgeadais a fhorchur i leith sáruithe córasacha ar phrionsabail an smachta reachta in aon Bhallstát ar leith.Tá sé ag iarraidh go gcuirfí an rialachán i bhfeidhm go docht i ngach réimse atá ábhartha don bhuiséad.

‘Tá an smacht reachta ina bhonn riachtanach le sochaí dhaonlathach iolraíoch san Aontas agus le gur féidir leis an Aontas Eorpach a bheith ann san fhoirm ina bhfuil sé,’ arsa rapóirtéir na tuairime, Christian Bäumler.

D’fhonn dul i ngleic le sáruithe córasacha ar an smacht reachta, molann CESE go mbainfeadh an tAontas Eorpach leas as gach caoi eile atá ar fáil dó chun pionóis a ghearradh, amhail an nós imeachta um shárú dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE agus an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 7 CAE.

Tá CESE den tuairim go bhfágann sáruithe córasacha ar an smacht reachta i mBallstát go lagaítear i gcónaí an cur chun feidhme a dhéantar ar chláir arna gcistiú ag an Aontas Eorpach, nó go gcuirtear an cur chun feidhme sin i mbaol ar a laghad, rud a dhéanfadh dochar do bhuiséad an Aontais. Sin é an fáth go bhfuil sé riachtanach go gcomhlíonfadh na tairbhithe uile a gheobhaidh íocaíochtaí as buiséad an Aontais rialacha trédhearcachta agus go mbeidís in ann a thaispeáint gach céim den úsáid a bhaintear as na cistí sin.

Ba cheart na bearta a dhéanfaidh na rialtais faoi seach chun an smacht reachta a neartú a leagan amach sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.
Ní leor líon na dtionscnamh chuige sin sna pleananna náisiúnta a cuireadh isteach go dtí seo, áfach. Ina theannta sin, le linn an mheasúnaithe a rinneadh ar na pleananna, is oth le CESE nár chuir an Coimisiún béim leordhóthanach ar an smacht reachta.

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit uile páirt a ghlacadh sa chomhar neartaithe le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an comhar sin a bheith ina réamhriachtanas amach anseo chun páirt a ghlacadh i gcláir arna maoiniú ag an Aontas. Tá torthaí ar an gcomhar sin cheana féin agus tá dóchas ann go dtiocfaidh feabhas mór ar an ionchúiseamh coiriúil trasteorann san fhadtéarma dá thoradh sin. (ll)