Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

FEBRUARY 2022 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Baineann gné eacnamaíoch leis an smacht reachta freisin!

Baineann gné eacnamaíoch leis an smacht reachta freisin!

Tá géarchéim an smachta reachta san Aontas Eorpach ag doimhniú. Tá taobh na polaitíochta tugtha isteach sa scéal, rud a spreag díospóidí dlíthiúla a bhainfeadh an bonn de bhunchlocha an Aontais Eorpaigh. Cé go dtarraingítear aird ar leith sa dioscúrsa poiblí ar ghnéithe polaitiúla agus dlíthiúla an smachta reachta, is beag aird fós a thugtar ar an ngné eacnamaíoch. Is botún é sin, i mo thuairimse, toisc go bhfuil an-tionchar ag an smacht reachta ar chobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch.

Read more in all languages

Baineann gné eacnamaíoch leis an smacht reachta freisin!

Tá géarchéim an smachta reachta san Aontas Eorpach ag doimhniú. Tá taobh na polaitíochta tugtha isteach sa scéal, rud a spreag díospóidí dlíthiúla a bhainfeadh an bonn de bhunchlocha an Aontais Eorpaigh. Cé go dtarraingítear aird ar leith sa dioscúrsa poiblí ar ghnéithe polaitiúla agus dlíthiúla an smachta reachta, is beag aird fós a thugtar ar an ngné eacnamaíoch. Is botún é sin, i mo thuairimse, toisc go bhfuil an-tionchar ag an smacht reachta ar chobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch.

Má urramaítear an smacht reachta, cuirfear borradh faoin bhfás trí infheisteoirí a mhealladh, ar mór acu cúrsaí sábháilteachta, slándála agus trédhearcachta. Is mór ag na hinfheisteoirí freisin na dálaí cobhsaí a chruthaíonn rialtais chóir agus eiticiúla, mar aon le breithiúna cothroma neamhspleácha. Dá bhrí sin, tá urraim don smacht reachta ina ghné ríthábhachtach don infheistíocht agus don trádáil.

Creidim féin gur cheart ról níos láidre a bheith ag prionsabal an smachta reachta sa mhargadh inmheánach. Ní féidir iomaíocht chóir a bheith againn má tá bearta idirdhealaitheacha (amhail maorlathas breise nó cánacha nach bhfuil feidhm acu ach i dtaca le hinfheisteoirí coigríche amháin) á dtabhairt isteach ag níos mó agus níos mó ballstát. Ní mór cearta áirithe, amhail an ceart chun maoine agus saoirse fiontraíochta a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

Tá gné eacnamaíoch an smachta reachta soiléir go háirithe i gcomhthéacs an mhéadaithe. I gcás tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha iad, is é an deis d'aontachas leis an Aontas an dreasacht is mó chun athchóirithe eacnamaíocha a chur i bhfeidhm agus an smacht reachta a neartú. Ní mór don Aontas Eorpach dea-shampla a thabhairt chun na tíortha sin a choinneáil ar bhóthar an aontachais agus chun a gcórais dhaonlathacha a fhorbairt bunaithe ar an tsamhail Eorpach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin anois, i gcás go bhfuil tíortha eile, na Balcáin Thiar mar shampla, ag cur dlús lena n-iarrachtaí tionchar a bheith acu.

Níl iontu sin ach roinnt de na cúiseanna nach mór faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghnéithe eacnamaíocha an smachta reachta. Ní mór dúinn díriú níos mó ar ghné eacnamaíoch an smachta reachta. Is ról é sin do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus tá sé ag tabhairt aghaidh ar an gcúram sin sna misin aimsithe fíoras maidir leis an smacht reachta. Mholfainn féin go láidir don Choimisiún Eorpach go n-áireofaí caibidil ar leith maidir leis an ngné eacnamaíoch i dtuarascáil 2022 maidir leis an smacht reachta. Is cinnte gur fiú machnamh fadtéarmach agus infheistíocht fhadtéarmach a dhéanamh sa réimse seo.

Christa Schweng
Uachtarán CESE

Diary Dates

1-2 Márta, an Bhruiséil

Comhdháil maidir le hArdán Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh

4 Márta 2022, an Bhruiséil

Todhchaí inbhuanaithe d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa

8 Márta 2022, an Bhruiséil

Comhdháil maidir le Mná atá sa mhargadh saothair

15-17 Márta 2022, an Bhruiséil

Laethanta na Sochaí Sibhialta 2022

23-24 Márta 2022, an Bhruiséil

Seisiún iomlánach de chuid CESE

Croí an scéil

Sa cholún ‘Croí an scéil’, labhraímid le comhaltaí CESE faoi thuairimí tábhachtacha an Aontais a mbíonn tionchar acu ar an saol laethúil san Aontas Eorpach.

Read more in all languages

Sa cholún ‘Croí an scéil’, labhraímid le comhaltaí CESE faoi thuairimí tábhachtacha an Aontais a mbíonn tionchar acu ar an saol laethúil san Aontas Eorpach.

San eagrán seo, d’iarramar ar Sandra Parthie míniú dúinn a thábhachtaí atá an t-ábhar sa tuairim Éiceachórais thionsclaíocha, uathriail straitéiseach agus dea-bhail do shaoránaigh, tuairim a ghlac an Coiste ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Eanáir.(ehp)

 

Tionsclaíocht san Eoraip: ní thiocfaidh dada as an gcaomhnaitheacht; is í an aeráidneodracht atá tábhachtach

Le Sandra Parthie

Suaitheadh, aistriú, claochlú, athrú struchtúrach – is cinnte go bhfuilimid ag cur fúinn in ‘am spéisiúil’. Sa lá atá inniu ann, tá roinnt treochtaí ollmhóra ag tarlú le chéile san Eoraip – is iad sin an t-athrú aeráide agus an gá lenár ngeilleagar a dhícharbónú; an digiteáil agus an gá le hathmhachnamh a dhéanamh ar eagrú an ionaid oibre; an dídhomhandú agus an gá le bheith ábhartha ó thaobh an gheilleagair de.

Read more in all languages

Le Sandra Parthie

Suaitheadh, aistriú, claochlú, athrú struchtúrach - is cinnte go bhfuil muid ag cur fúinn in ‘am spéisiúil’. Sa lá atá inniu ann, tá roinnt treochtaí ollmhóra ag tarlú le chéile san Eoraip – is iad sin an t-athrú aeráide agus an gá lenár ngeilleagar a dhícharbónú; an digiteáil agus an gá le hathmhachnamh a dhéanamh ar eagrú an ionaid oibre; an dídhomhandú agus an gá le bheith ábhartha ó thaobh an gheilleagair de.

Tá an iomaíocht ag éirí níos déine agus níos domhanda ná riamh in earnáil na tionsclaíochta. Le tamall maith anuas, tá muintir na hEorpa cleachta ar bheith ina lucht déanta rialacha domhanda, ar bheith ar thús cadhnaíochta i bhforbairtí teicneolaíochta agus ar leibhéal síormhéadaitheach leasa shóisialta agus eacnamaíoch a bheith ar fáil dóibh. Ach ní scéal cinnte na rudaí sin níos mó; tá siad faoi bhagairt. Tá an baol ann go mbeidh stádas níos laige ag an Eoraip san ord domhanda nua faoi cheannas na Síne-SAM.

‘Nach cuma?’, a d’fhéadfá a rá. Bhuel, seo an fáth a bhfuil tábhacht chomh mór sin ag baint leis, i ndáiríre: tá easpa acmhainní nádúrtha san Eoraip agus, ar feadh na céadta bliain, is ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar an rochtain atá ag an Eoraip ar acmhainní agus ar úsáid na n-acmhainní sin, idir airgead is spíosraí, ola is gás, atá rathúnas eacnamaíoch agus leas soisiálta na hEorpa ag brath. Is minic a bhíodh sí go mór i gceannas san idirbheartaíocht lena comhpháirtithe trádála agus na rialacha trádála agus na noirm á múnlú aici ar mhaithe léi féin. Bhíodh sí in ann an méid sin a dhéanamh toisc go raibh cumhacht mhargaidh aici, agus go raibh sí iomaíoch agus nuálach.

Tá athrú ag teacht ar an scéal anois, áfach. Cé go bhfuil an tAontas ag obair ar a mhargadh aonair a thabhairt chun críche, tá go leor constaicí inmheánacha fós ann, agus a lán leasanna náisiúnta ag cur bac ar an bpróiseas. Agus sa tráth céanna a bhíonn na Ballstáit ag argóint faoi na sonraí rialála, bíonn cumhacht fhoriomlán mhargaidh an Aontais ag dul i léig, go háirithe i dtaca leis an Áise. Táthar ag tuar gur lasmuigh den Aontas a tharlóidh 85 % ar a laghad den fhás eacnamaíoch idir seo agus 2030. Is é a chiallaíonn sin gur i margaí nach bhfuil ról ag luachanna Eorpacha iontu, luachanna amhail an chosaint shóisialta, cearta oibrithe, an t-idirphlé sóisialta, caighdeáin saothair agus chomhshaoil, agus de réir rialacha agus noirm a mhúnlaigh daoine eile seachas muintir na hEorpa, a tharlóidh an fás sin. Is é a chiallaíonn sé, freisin, go bhfuil sé níos deacra do ghnólachtaí agus d’fhiontraithe na hEorpa teacht ar acmhainní a bhfuil géarghá leo. Ní hamháin toisc go bhfuil an t-éileamh domhanda ar an hacmhainní ag méadú agus, dá thoradh sin, go bhfuil an iomaíocht do na hacmhainní sin ag méadú leis, ach freisin toisc go bhfuil an chaomhnaitheacht agus gníomhaíochtaí comhéigneacha nó díoltacha i gcoinne tíortha, cuideachtaí agus geilleagar ag dul i méid, chomh maith. Bíonn tionchar ag na forbairtí sin go léir ar an rochtain ar na hacmhainní, amhail créanna agus amhábhair neamhchoitianta, rudaí a theastaíonn dár dtionscal déantúsaíochta chun feidhmiú agus chun poist ardchaighdeáin a sholáthar.

Ní hé an t-éileamh ar ‘uathriail’ straitéiseach réiteach na faidhbe sin. Ní thiocfaidh dada as an gcaomhnaitheacht ná as an mbéim ar an bhféintuilleamaí eacnamaíochta. Ní féidir leis an Eoraip a bheith i dtuilleamaí na huathrialach. Níl na hacmhainní aici chuige sin. Ní mór di leanúint de bheith ag troid ar son córas trádála idirnáisiúnta dea-fheidhmiúil.

Ach tá straitéis ag teastáil uaithi maidir le conas déileáil leis an gcás sin. Ní mór don Eoraip a spleáchais aontaobhacha a laghdú nuair is féidir léi, patrúin tomhaltais agus táirgthe atá dian ar acmhainní a athrú, acmhainneachtaí próiseála a mhéadú agus infheistiú i saoráidí táirgthe in earnálacha atá dírithe ar an todhchaí, agus saoráidí táirgthe sna hearnálacha sin a fhorbairt, go háirithe i gcás earraí ardluacha, óir is den ríthábhacht sa chás deireanach sin acmhainneacht theicneolaíoch agus nuálaíochta an Aontais a chaomhnú.

Is iad an inbhuanaitheacht agus an neodracht aeráide, mar sin, na treoirphrionsabail atá ag teacht chun cinn dár ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, rud a thuigfeá ar ndóigh. Bíonn tionchar mór ag an bhfuinneamh – an dóigh a dtáirgtear é agus an méid a chosnaíonn sé – ar iomaíochas na hEorpa. Is é an t-ardú a tháinig le déanaí ar phraghsanna fuinnimh an tosaíocht is mó faoi láthair agus rud é a chruthaíonn cuid mhór crá croí do theaghlaigh phríobháideacha, do lucht tionsclaíochta agus do pholaiteoirí. Is ábhar imní na himpleachtaí geopholaitiúla a bhaineann leis sin freisin. Tá an Eoraip fós ag brath cuid mhór ar tháirgeoirí seachtracha i dtaca lena soláthar fuinnimh. Má athraítear sin, beidh tionchar dearfach aige ar leibhéil éagsúla dár ngeilleagair: leis an infheistíocht i bhfuinneamh níos in-athnuaite agus i soláthar fuinnimh díláraithe, cuirfear borradh faoi mhonaróirí Eorpacha, laghdófar astuithe CO2, laghdófar spleáchas ar bhreoslaí iontaise a bhfuil luaineacht praghsanna ag baint leo agus laghdófar praghsanna fuinnimh san fhadtéarma. Is tosaíocht bheartais an méid sin don Eoraip, dá bhrí sin.

Ag an am céanna, áfach, ní bloc ollmhór amháin é an tAontas. Dá bhrí sin, tá éagsúlacht mhór sa chumas ó réigiún go réigiún, agus ó Bhallstát go Ballstát, chun oiriúnú do na riachtanais nua sin agus chun déileáil leis na cúiseanna éagsúla leis an suaitheadh. Teastaíonn infheistíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht, sa bhonneagar, i ngnólachtaí a mhealladh, i gcoinníollacha táirgthe agus déantúsaíochta fabhracha do chuideachtaí, i dteicneolaíochtaí nua agus in ábhair nua chun an t-aistriú a dhéanamh. Ach freisin i mbearta tacaíochta d’oibrithe agus d’fhostaithe sna hearnálacha atá buailte ag an athrú struchtúrach, san oideachas, san uas-sciliú agus san athoiliúint.

Níl an deis chéanna ag na Ballstáit go léir chun déileáil leis na héilimh sin. Ina theannta sin, tá na héagothromaíochtaí idir na Ballstáit ag dul in olcas mar gheall ar an bpaindéim, agus tá na liostaí de na rudaí atá le déanamh nó na liostaí tosaíochta an-difriúil ó rialtas go chéile. Mar sin féin, níor cheart do na difríochtaí sin drogall a chur ar na polaiteoirí gníomh a dhéanamh – ní fhanfaidh an t-athrú aeráide leis an gcéad toghchán eile, tá maoiniú ar fáil le haghaidh infheistíochtaí digiteacha agus glasa, agus ní draíocht, ach toil pholaitiúil, atá i gceist le feabhas a chur ar chumas agus dea-rialachas na n-údarás poiblí. Tá na saoránaigh ar an eolas faoin athrú struchtúrach atá ag dul ar aghaidh. Trí thacaíocht an phobail a fháil do na bearta polaitiúla lena ndeileáiltear leis an méid sin, beidh gníomhaíochtaí leathana comhairliúcháin agus cumarsáide i gceist, go háirithe leis na comhpháirtithe sóisialta agus le hionadaithe na sochaí sibhialta.

Is í Sandra Parthie stiúrthóir oifig Institiúid Eacnamaíochta na Gearmáine sa Bhruiséil. Is comhalta í de Ghrúpa na bhFostóirí i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus is í rapóirtéir na tuairime dar teideal Conas a chuirfidh na héiceachórais thionsclaíocha shainaitheanta le huathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh agus le dea-bhail mhuintir na hEorpa? í.

“Ceist amháin do...”

Ceist amháin ar...

Sa cholún ‘Ceist amháin ar...’, thug Maria Nikolopoulou freagra ar cheisteanna ó léitheoirí CESE info maidir le bunús agus le tábhacht an Ghrúpa ad hoc um an gComhionannas, a bhfuil sí ina huachtarán air anois.

 

 

Read more in all languages

Sa cholún ‘Ceist amháin ar...’, thug Maria Nikolopoulou freagra ar cheisteanna ó léitheoirí CESE info maidir le bunús agus le tábhacht an Ghrúpa ad hoc um an gComhionannas, a bhfuil sí ina huachtarán air anois. (ehp)

 

 

Maria Nikolopoulou: Tá cultúr comhionannais á chothú againn i gcónaí

CESE info: Toghadh thú mar uachtarán ar an nGrúpa ad hoc um an gComhionannas in CESE. Cad iad na príomhchúraimí a nglacfaidh an grúpa air féin?

Maria Nikolopoulou: Is é an misean atá ag an ngrúpa um an gcomhionannas cultúr leathan comhionannais agus neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn in CESE. Dá bhrí sin, is é an chéad chéim na réimsí a shainaithint ina bhféadfadh sé go gcaithfí go míchothrom le baill mar gheall ar a mbunús, a n-inscne, a ngnéaschlaonadh nó a gcreideamh. Tá sé mar aidhm againn freisin feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban inár gCoiste agus cothromaíocht inscne a bhaint amach a luaithe is féidir. Tá 108 mbean ina gcomhaltaí faoi láthair (32.82 %). Ar thaobh amháin, is mian linn líon na mban atá ina gcomhaltaí a mhéadú sa mheántéarma nó san fhadtéarma agus, ar an taobh eile, is mian linn a chinntiú go gcruthóimid spás agus na dálaí riachtanacha chun go mbeidh mná níos gníomhaí. Ar cheann de na huirlisí ar mian linn feabhas a chur orthu tá bailiú sonraí maidir le rannpháirtíocht na mban, ní hamháin mar bhaill ach mar shaineolaithe agus mar chainteoirí inár ngníomhaíochtaí.

 

Read more in all languages

CESE info: Toghadh thú mar uachtarán ar an nGrúpa ad hoc um an gComhionannas in CESE. Cad iad na príomhchúraimí a nglacfaidh an grúpa air féin?

Maria Nikolopoulou: Is é an misean atá ag an ngrúpa um an gcomhionannas cultúr leathan comhionannais agus neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Dá bhrí sin, is é an chéad chéim na réimsí a shainaithint ina bhféadfadh sé go gcaithfí go míchothrom le baill mar gheall ar a mbunús, a n-inscne, a ngnéaschlaonadh nó a gcreideamh. Tá sé mar aidhm againn freisin feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban inár gCoiste agus cothromaíocht inscne a bhaint amach a luaithe is féidir. Tá 108 mbean ina gcomhaltaí faoi láthair (32.82 %). Ar thaobh amháin, is mian linn líon na mban atá ina gcomhaltaí a mhéadú sa mheántéarma nó san fhadtéarma agus, ar an taobh eile, is mian linn a chinntiú go gcruthóimid spás agus na dálaí riachtanacha chun go mbeidh mná níos gníomhaí. Ar cheann de na huirlisí ar mian linn feabhas a chur orthu tá bailiú sonraí maidir le rannpháirtíocht na mban, ní hamháin mar bhaill ach mar shaineolaithe agus mar chainteoirí inár ngníomhaíochtaí.

Conas a chomhoibreoidh an grúpa le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais a théann i ngleic le saincheisteanna comhionannais?

An bhliain seo caite, chuamar i dteagmháil le Evelyn Regner, iar-Chathaoirleach Choiste na Parlaiminte Eorpaí um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, agus le Dimitrios Papadimoulis, Leas-Uachtarán na Parlaiminte um Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht, d’fhonn smaointe, dea-chleachtais agus gníomhaíochtaí a roinnt. Tugadh inspioráid dúinn agus rinneamar an tionscnamh ón bParlaimint maidir le ‘Seachtain um Chomhionannas’ a mhacasamhlú. Chuireamar an smaoineamh sin in oiriúint dár gcuid oibre féin agus dár gclár ama féin agus, ag an gcruinniú a bhí againn ag deireadh na bliana, bhí díospóireachtaí téamacha againn ar ábhair a bhaineann le mná, amhail foréigean inscnebhunaithe agus ról na mban sa talmhaíocht, san iompar uisce, sa gheilleagar agus sa chaidreamh seachtrach. Tá imeacht don phobal á eagrú againn faoi láthair chomh maith, imeacht a bhfuil sé beartaithe againn é a chraoladh agus a reáchtáil ar bhonn bliantúil, d’fhonn Lá Idirnáisiúnta na mBan a chéiliúradh an 8 Márta.

An 8 Márta den bhliain seo, ba mhian linn ár ngníomhaíochtaí a dhíriú ar phobail lasmuigh den Choiste agus a n-aird a dhíriú ar staid na mban sa mhargadh saothair.

CESE info: Cén fáth a gceapann tú go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh grúpa den chineál sin sa tsochaí shibhialta?

Is cuid den tsochaí shibhialta é CESE. Éilíonn ár n-eagraíochtaí meas agus déanann siad comhionannas a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, agus ní mór dúinn an rud céanna a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach i dteach na ‘sochaí sibhialta eagraithe’. Chun bheith comhsheasmhach lenár luachanna agus lenár n-éilimh, ní mór beart a dhéanamh de réir ár mbriathair, agus a chinntiú go bhfuil cultúr comhionannais á chothú againn i gcónaí.

Maria Nikolopoulou, Comhalta de CESE, uachtarán ar an nGrúpa ad hoc um an gComhionannas in CESE

Tugaigí buille faoi thuairim cén t-aoi atá againn...

An t-aoi speisialta

Uair sa mhí sa cholún ‘An t-aoi speisialta’ cuirimid pearsa phoiblí ar leith i láthair, ar foinse inspioráide iad a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán. Go háirithe, is eiseamláir dúinn misneach, diongbháilteacht agus díograis na pearsan ar a bhfuiltear ag díriú.

Is í aoi eagrán na míosa seo de CESE Info ná Hanna Liubakova. Is gníomhaí agus iriseoir Bealarúiseach í atá ag labhairt amach go daingean chun a chur in iúl go bhfuil cabhair ón Eoraip de dhíth ar an bhfreasúra sa Bhealarúis murab ionann is riamh. Tá sí ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar dheontóirí eile tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí an fhreasúra agus, go háirithe, cuidiú le hiriseoirí agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha ina gcomhrac ar son na saoirse agus an daonlathais.
 

 

Read more in all languages

Uair sa mhí sa cholún ‘An t-aoi speisialta’ cuirimid pearsa phoiblí ar leith i láthair, ar foinse inspioráide iad a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán. Go háirithe, is eiseamláir dúinn misneach, diongbháilteacht agus díograis na pearsan ar a bhfuiltear ag díriú.

Is í aoi eagrán na míosa seo de CESE Info ná Hanna Liubakova. Is gníomhaí agus iriseoir Bealarúiseach í atá ag labhairt amach go daingean chun a chur in iúl go bhfuil cabhair ón Eoraip de dhíth ar an bhfreasúra sa Bhealarúis murab ionann is riamh. Tá sí ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar dheontóirí eile tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí an fhreasúra agus, go háirithe, cuidiú le hiriseoirí agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha ina gcomhrac ar son na saoirse agus an daonlathais.

Tá sí ag iarraidh go gcloisfí a guth, go háirithe nuair atá cúnamh á iarraidh aici chun cultúr freasúra a chruthú le go bhféadfar díospóireacht urramach a dhéanamh agus le go bhféadfar cur le próiseas an chlaochlaithe.

Is iriseoir ón mBealarúis í Hanna Liubakova agus is comhalta neamhchónaitheach í de chuid Chomhairle an Atlantaigh. Oibríonn sí mar oiliúnóir iriseoireachta agus mar mheantóir. Chuir sí tús lena gairm bheatha ag Belsat, an t-aon chainéal teilifíse neamhspleách sa Bhealarúis, áit ar oibrigh sí mar chomhfhreagraí agus mar láithreoir teilifíse. Thuairiscigh sí ó thíortha agus ó réigiúin éagsúla, lena n-áirítear an Bheilg, an Ríocht Aontaithe, an Pholainn, an Fhrainc agus an tSeisnia. Bronnadh Comhaltacht Iriseoireachta Václav Havel uirthi ag Radio Free Europe/Radio Liberty sa tSeicia agus fuair sí comhaltacht ón World Press Institute sna Stáit Aontaithe. Bhain Hanna Liubakova céim amach i Stair na hEalaíne ó Uniwersytet Jagielloñski in Kraków na Polainne in 2010 agus bhain sí Máistreacht sna hEalaíona amach le gradam san Iriseoireacht Idirnáisiúnta ó Ollscoil Brunel i Londain in 2017. Bronnadh Duais Peter Caws uirthi as an tráchtas iarchéime is fearr. (ehp)

 

Hanna Liubakova: is den phráinn tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta sa Bhealarúis

Tá athrú as cuimse tagtha ar mhuintir na Bealarúise. Tá gluaiseacht bhríomhar pobail ar siúl sa tír ó 2020 i leith, a shroich a buaic le móragóidí, nach bhfacthas a leithéid ó thit an tAontas Sóivéadach as a chéile. Murab ionann agus na toghcháin a bhí ann roimhe seo, rinne an chosmhuintir ionadaíocht ar dhaoine as gach cúlra, a tháinig le chéile a bhuí leis na meáin shóisialta agus faoi stiúir na mban.

Read more in all languages

Tá athrú as cuimse tagtha ar mhuintir na Bealarúise. Tá gluaiseacht bhríomhar pobail ar siúl sa tír ó 2020 i leith, a shroich a buaic le móragóidí, nach bhfacthas a leithéid ó thit an tAontas Sóivéadach as a chéile. Murab ionann agus na toghcháin a bhí ann roimhe seo, rinne an chosmhuintir ionadaíocht ar dhaoine as gach cúlra, a tháinig le chéile a bhuí leis na meáin shóisialta agus faoi stiúir na mban.

Tá tacaíocht an phobail caillte ag deachtóir na Bealarúise, Alexander Lukashenko, agus níl aon chall chun dlisteanachta aige, dar leo. Chuir ollshlógadh seo an phobail scanradh air. Ó shin i leith, tá greim an fhir bháite á choinneáil ag an rialtas ar a n-ionad agus iad ar a ndícheall ag iarraidh gach cineál easaontais a bhrú faoi chois. Tugadh faoin tsochaí shibhialta i dtosach báire.

Ní fhacthas oiread sin cos ar bolg ó rinneadh stát neamhspleách den tír. Ó mhí Lúnasa 2020 i leith, gabhadh agus coinníodh thart ar 40 000 duine. Tá nach mór 1000 príosúnach polaitiúil aitheanta ann faoi láthair agus níl deireadh déanta fós.

Mar sin féin, níor ghéill muintir na Bealarúise riamh. Chuir siad struchtúir i bhfeidhm a bheidh mar bhunchloch don Bhealarúis nua a thiocfaidh chun cinn. Rinne siad athchóirithe agus thiomsaigh siad airgead chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar agus dá chéile. Tá USD 7 milliún dáilte ag an dá thionscnamh sluachistiúcháin is mó riamh sa tír, BySol agus ByHelp, d’fhonn cúnamh airgeadais agus dlíthiúil a thabhairt dóibh siúd a bhfuil cos ar bolg á dhéanamh orthu. Dá thoradh sin, chuir an réimeas i leith na bhfeachtas tiomsaithe airgid go raibh siad i mbun antoisceachas a mhaoiniú agus thionscain sé imeachtaí coiriúla in aghaidh lucht a mbunaithe. I gcásanna áirithe, calcadh a gcuntais bhainc ar chuid díobh siúd a fuair cabhair airgid ó na cláir sin.

Nuair a chuir réimeas Lukashenko go crua agus go foréigneach in éadan lucht agóide, d’oibrigh cosantóirí chearta an duine gan stad gan staonadh chun brúidiúlacht an stáit a thaifeadadh agus príosúnaigh pholaitiúla a shaoradh. Siúd is gur cuireadh bac ar chorradh le 100 suíomh gréasáin agus gur ruaigeadh as an tír na príomh-mheáin chumarsáide neamhspleácha go léir, dháil daoine nuachtáin fhéinfhoilsithe as a stuaim féin agus sheol siad a gcuntais finné súl chuig iriseoirí thar lear. Faoi láthair, cé go bhfuil 32 duine atá ag obair sna meáin i bpríosún níor tháinig aon lagú ar shruth na nuachta.

Tá sochaí shibhialta na Bealarúise sa lá atá inniu ann diongbháilte, athléimneach agus níos cruthaithí ná an stát. Ach tá sí faoi bhrú millteanach freisin. Ceiltear acmhainní daonna ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar gheall ar na gabhálacha agus fineálacha sin. D’imigh go leor daoine chun cónaithe i dtíortha eile, chuir siad a gcuid gníomhaíochtaí ar fionraí, nó neachtar acu bhí orthu a gcuid oibre a dhéanamh gan fhios don réimeas. Rinneadh breis agus 300 eagraíocht neamhrialtasach a dhíscaoileadh. Dá theoranta na féidearthaí cistiúcháin a bhí sa Bhealarúis cheana féin, is lú fós anois iad.

Is den phráinn go ndéanfaidh an domhan daonlathach athbhreithniú ar a straitéis chun tacú leis an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Is é an príomhchúram atá romhainn struchtúir ar an láthair a chaomhnú agus cabhrú leis na heagraíochtaí sin ab éigean dóibh teitheadh.

●    Thar aon ní eile, ba cheart d’eagraíochtaí ar deontóirí iad na costais oibríochtúla mhéadaithe a chur san áireamh atá ann i ngeall ar chos ar bolg agus ar athlonnú, chomh maith le deiseanna laghdaithe a bheith ag an tsochaí shibhialta ioncam a fháil laistigh den Bhealarúis.

●    Is gá cuimhneamh ar an athrú ar fhormáid na gníomhaíochta, nuair is lasmuigh den tír atá an bhainistíocht á cur ar fáil. Is thar lear amháin is féidir le formhór mór na n-eagraíochtaí leanúint dá ngníomhaíochtaí agus is go teoranta agus ar bhonn neamhfhoirmiúil amháin is féidir gníomhaíochtaí laistigh den tír a dhéanamh i bhformhór na gcásanna. Dá dhúshlánaí féin é, is tábhachtach an ní tacú le daoine laistigh den tír, áit a bhfuil baill foirne eagraíochtaí éagsúla fós lonnaithe.

●    Faoi láthair, níl puinn saoirse ag a lán eagraíochtaí chun straitéisí a chur le chéile, agus tacaíocht á cur ar fáil dóibh faoi thionscadail ghearrthéarmacha, a mhaireann ar feadh bliana ar a mhéad. Tá sé ríthábhachtach tuilleadh deiseanna a chur ar fáil le haghaidh tacaíocht fhadtéarmach agus tacaíocht don bhonneagar. Is fíor sin go háirithe i gcás eagraíochtaí athlonnaithe chun gur féidir leo a gcumarsáid le spriocghrúpaí sa Bhealarúis a choinneáil ar siúl. Ba cheart naisc chothrománacha idir gníomhaithe agus tionscnaimh a chur ar bun agus a chothabháil.

●    Sa bhreis air sin, ba cheart do dheontóirí agus do thairbhithe iontaofa faisnéis a mhalartú le chéile d’fhonn a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as a bhfuil de chúnamh ann agus nach ndéanfaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha arna n-eagrú ag rialtas (GONGOnna) agus eagraíochtaí atá i bhfabhar an réimis cur isteach ar an tacaíocht sin.

Teastaíonn ó Lukashenko muintir na Bealarúise a choimeád sa dorchadas. Tá níos mó tacaíochta de dhíth ar na meáin ná riamh.

●    Ar an gcéad dul síos, is tábhachtach an ní cúnamh éigeandála a chur ar fáil d’iriseoirí, agus ba cheart tacaíocht dlí, airgeadais agus shíceolaíoch a bheith san áireamh leis sin.

●    Ar an dara dul síos, tá sé ríthábhachtach tacaíocht institiúideach a thabhairt do na meáin chumarsáide atá bunaithe cheana, chomh maith le líonra díláraithe blaganna agus bealaí cumarsáide a fhorbairt sa Bhealarúis. Tá cíocras ar dhaoine chun teacht ar ábhar nua.

●    Ar an tríú dul síos, ba cheart tacú le bearta níos láidre atá dírithe ar chur i gcoinne na bolscaireachta agus na bréagaisnéise. Tá sé ríthábhachtach cur i gcoinne an fhaireachais ar an idirlíon agus uirlisí a thabhairt d’iriseoirí na Bealarúise chun teacht timpeall ar an gcinsireacht agus chun cur lena litearthacht dhigiteach. Is gné shuntasach é sin a chuideoidh le ceannasacht na tíre féin a chur chun cinn.

Tá straitéis fhadtéarmach, sách solúbtha agus cruthaitheach ag teastáil chun tacú leis an tsochaí shibhialta. Má chuirtear straitéis mar sin i bhfeidhm, cuideofar le cultúr an fhreasúra agus na díospóireachta measúla a chruthú, chomh maith le próiseas an chlaochlaithe a neartú.

Hanna Liubakova

EESC News

CESE: Ba cheart don Aontas Eorpach dianchosc a chur ar sháruithe ar an smacht reachta

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) seasamh docht maidir leis an smacht reachta san Aontas Eorpach. Tá sé tiomanta a áirithiú go ndéanfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach pionóis arda athchomhairleacha a fhorchur i gcás easnaimh chórasacha sa smacht reachta, rud a fhágann go gcuirtear buiséad an Aontais Eorpaigh i mbaol.

Read more in all languages

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) seasamh docht maidir leis an smacht reachta san Aontas Eorpach. Tá sé tiomanta a áirithiú go ndéanfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach pionóis arda athchomhairleacha a fhorchur i gcás easnaimh chórasacha sa smacht reachta, rud a fhágann go gcuirtear buiséad an Aontais Eorpaigh i mbaol.

I dtuairim féintionscnaimh a glacadh le linn sheisiún iomlánach an 20 Eanáir An smacht reachta agus an ciste téarnaimh , chuir CESE in iúl gur díol sásaimh dó Rialachán AE 2020/2092 lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin pionóis airgeadais a fhorchur i leith sáruithe córasacha ar phrionsabail an smachta reachta in aon Bhallstát ar leith.Tá sé ag iarraidh go gcuirfí an rialachán i bhfeidhm go docht i ngach réimse atá ábhartha don bhuiséad.

‘Tá an smacht reachta ina bhonn riachtanach le sochaí dhaonlathach iolraíoch san Aontas agus le gur féidir leis an Aontas Eorpach a bheith ann san fhoirm ina bhfuil sé,’ arsa rapóirtéir na tuairime, Christian Bäumler.

D’fhonn dul i ngleic le sáruithe córasacha ar an smacht reachta, molann CESE go mbainfeadh an tAontas Eorpach leas as gach caoi eile atá ar fáil dó chun pionóis a ghearradh, amhail an nós imeachta um shárú dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE agus an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 7 CAE.

Tá CESE den tuairim go bhfágann sáruithe córasacha ar an smacht reachta i mBallstát go lagaítear i gcónaí an cur chun feidhme a dhéantar ar chláir arna gcistiú ag an Aontas Eorpach, nó go gcuirtear an cur chun feidhme sin i mbaol ar a laghad, rud a dhéanfadh dochar do bhuiséad an Aontais. Sin é an fáth go bhfuil sé riachtanach go gcomhlíonfadh na tairbhithe uile a gheobhaidh íocaíochtaí as buiséad an Aontais rialacha trédhearcachta agus go mbeidís in ann a thaispeáint gach céim den úsáid a bhaintear as na cistí sin.

Ba cheart na bearta a dhéanfaidh na rialtais faoi seach chun an smacht reachta a neartú a leagan amach sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.
Ní leor líon na dtionscnamh chuige sin sna pleananna náisiúnta a cuireadh isteach go dtí seo, áfach. Ina theannta sin, le linn an mheasúnaithe a rinneadh ar na pleananna, is oth le CESE nár chuir an Coimisiún béim leordhóthanach ar an smacht reachta.

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit uile páirt a ghlacadh sa chomhar neartaithe le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an comhar sin a bheith ina réamhriachtanas amach anseo chun páirt a ghlacadh i gcláir arna maoiniú ag an Aontas. Tá torthaí ar an gcomhar sin cheana féin agus tá dóchas ann go dtiocfaidh feabhas mór ar an ionchúiseamh coiriúil trasteorann san fhadtéarma dá thoradh sin. (ll)

 

Le linn Bhliain Eorpach na hÓige 2022, ba cheart dúinn a áirithiú go mbainfear amach torthaí nithiúla agus marthanacha do gach Eorpach óg

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) in iúl gur díol sásaimh dó gur ainmníodh 2022 mar Bhliain Eorpach na hÓige. Tugann sé rabhadh, áfach, gur cheart níos mó a bheith i gceist leis seachas gníomhaíochtaí poiblíochta amháin agus gur cheart dó cur le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh trí phleananna agus rannpháirtíocht shoiléir a bheadh dírithe ar thorthaí nithiúla a bhaint amach do gach Eorpach óg.

Read more in all languages

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) in iúl gur díol sásaimh dó gur ainmníodh 2022 mar Bhliain Eorpach na hÓige. Tugann sé rabhadh, áfach, gur cheart níos mó a bheith i gceist leis seachas gníomhaíochtaí poiblíochta amháin agus gur cheart dó cur le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh trí phleananna agus rannpháirtíocht shoiléir a bheadh dírithe ar thorthaí nithiúla a bhaint amach do gach Eorpach óg.

Rinneadh díospóireacht ar Bhliain Eorpach na hÓige 2022 le linn seisiún iomlánach de Choiste Eorpach na Réigiún i mí Eanáir, le rannpháirtíocht na bpáirtithe seo a leanas: Anne Kjær Bathel, ionadaí don Chlár ‘Ceannairí Óga na hEorpa’, Joe Elborn, Ardrúnaí Fhóram Eorpach na nÓg, agus Miriam Teuma, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha Eorpach um an Óige de chuid Chomhairle na hEorpa.

‘Ba cheart guth a bheith ag daoine óga maidir le beartais an lae inniu agus an lae amárach a mhúnlú,’ a dúirt Christa Schweng, Uachtarán CESE. ‘Ós rud é gurb iad an todhchaí, tá sé ríthábhachtach rannpháirt a thabhairt dóibh agus infheistíocht a dhéanamh iontu chun sochaithe cobhsaí, síochánta agus inbhuanaithe a thógáil agus chun beartais a fhorbairt a chomhlíonfadh sainriachtanais na nglúnta óga.’

Tá seasamh uathúil ag CESE chun oibriú agus idirchaidreamh a dhéanamh le líonraí don aos óg, agus tá sé faoi réir le príomhról a bheith aige i mBliain Eorpach na hÓige. Chuige sin, beidh sé ag tógáil ar a dtionscnaimh rathúla amhail ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’ agus cruinnithe comhchéime na hóige um an aeráid agus an inbhuanaitheacht, mar aon le Cruinniú Mullaigh Eorpach an Aosa Óig faoin Aeráid a reáchtálfar go luath sa samhradh.

Tá CESE ag tnúth le rannchuidiú dearfach a dhéanamh i ndáil le Bliain Eorpach na hÓige 2022. Ní mór torthaí nithiúla a bhaint amach le linn na bliana do dhaoine óga na hEorpa i réimsí beartais is ábhartha dóibh. (ks)

 

Tacaíocht tugtha ag CESE do thosaíochtaí Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Chuir an tUachtarán Christa Schweng in iúl go soiléir ag an gcruinniú iomlánach an 19 Eanáir 2022 agus í ag labhairt le Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Fraince, Clément Beaune gurb iad téarnamh, neart agus muintearas na trí phríomhchuspóir atá ag Uachtaránacht na Fraince, cuspóirí atá ag CESE freisin agus a dtacaíonn sé leo.

Read more in all languages

Chuir an tUachtarán Christa Schweng in iúl go soiléir ag an gcruinniú iomlánach an 19 Eanáir 2022 agus í ag labhairt le Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Fraince, Clément Beaune gurb iad téarnamh, neart agus muintearas na trí phríomhchuspóir atá ag Uachtaránacht na Fraince, cuspóirí atá ag CESE freisin agus a dtacaíonn sé leo.

‘Agus mé ag féachaint ar bhur gcuid tosaíochtaí – is iad sin, Eoraip níos ceannasaí, samhail Eorpach nua le haghaidh fáis agus Eoraip dhaonnachach – tá mé sásta go bhfuil a lán de na tosaíochtaí sin an-chosúil le tosaíochtaí CESE’, a dúirt Christa Schweng, agus í ag cur béime ar thiomantas agus ar rannchuidiú CESE maidir le hEoraip a bheadh athléimneach, láidir, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a mhúnlú.

Chuir an Státrúnaí Beaune béim ar a mhéid a chuideoidh Uachtaránacht na Fraince leis an Eoraip a ullmhú don todhchaí, agus go háirithe le haghaidh 2030, agus an réamhobair á déanamh aici d’athruithe forleathana ar luachanna, infheistíocht, an óige, an cultúr agus an tsláinte. Díreofar go háirithe ar chur chun cinn na luachanna sin a aontaíonn muid ar fad ach ar tháinig lagú orthu le blianta beaga anuas, b’fhéidir toisc go ndearnadh talamh slán díobh, amhail an smacht reachta agus luachanna daonlathacha. ‘Is mian linn muintearas a chothú agus ár gcuid luachanna a chur chun cinn. Ní bheadh tionscadal polaitiúil ar bith ann gan an fhéiniúlacht choiteann Eorpach seo atá níos doimhne ná na féiniúlachtaí náisiúnta’, a dúirt sé.

Agus í ag tagairt don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a thabharfar i gcrích go luath, dúirt Christa Schweng freisin ‘gur fearr is féidir linne i dteach na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip a bheith mar chomhghuaillithe daoibh sa chéim dheireanach íogair sin. Beidh sé ríthábhachtach torthaí inláimhsithe agus obair leantach thrédhearcach a áirithiú. Beidh trédhearcacht ag teastáil ó dhaoine chun go bhfeicfidh siad go bhfuil ‘beart de réir briathair’ á dhéanamh ag an Aontas. Mar sin, beidh ról Uachtaránacht na Fraince ríthábhachtach do rath na Comhdhála agus chun an tAontas Eorpach a thabhairt ar ais dá shaoránaigh.

Gheall an Státrúnaí Beaune go mbeadh moltaí praiticiúla mar thoradh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ‘moltaí is gá a chur i bhfeidhm go tapa chun nach cur amú ama a bheidh sa Chomhdháil ach go réiteofar an bealach léi d’fhíor-athchóirithe.’ (mp)

 

Tá sé ríthábhachtach cúram leordhóthanach, inbhuanaithe agus inrochtana ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine scothaosta

Creideann CESE go daingean gur cheart samhail chúraim do dhaoine scothaosta spleácha a phríomhshruthú i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, ós rud é go bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh méadú faoi dhó nó níos mó ar líon na daoine os cionn 80 bliain d’aois faoi 2050.

 

Read more in all languages

Creideann CESE go daingean gur cheart samhail chúraim do dhaoine scothaosta spleácha a phríomhshruthú i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, ós rud é go bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh méadú faoi dhó nó níos mó ar líon na daoine os cionn 80 bliain d’aois faoi 2050.

Léirigh an phaindéim teipeanna sa réimse sin, agus is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún chun straitéis nua maidir leis an gcúram san Eoraip a bhunú óir is céim sa treo ceart é. Mar sin féin, ní mór d’institiúidí comhairleacha agus d’eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine scothaosta a dtuairimí a chur in iúl.

Sa tuairim féintionscnaimh uaidh: I dtreo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19, a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Eanáir, rinne CESE grinnanailís ar shamhlacha éagsúla den chúram fadtéarmach do dhaoine atá os cionn 65 bliana d’aois a bhfuil a neamhspleáchas á chailleadh acu nó a bhfuil cónaí orthu i dtithe cúraim.

Chuir Miguel Ángel Cabra De Luna, rapóirtéir na tuairime, béim ar an méid seo a leanas: ‘Ní mór a áirithiú go mbeidh an cúram do gach duine scothaosta ina bhunchloch de bheartais an Aontais, agus go mbeidh sé nasctha le comhlíonadh Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.’

Mhol CESE Faireachlann Eorpach um chúram do dhaoine scothaosta a chur ar bun, lenarbh fhéidir an méid seo a leanas a dhéanamh: sonraí leordhóthanacha staidrimh a bhailiú, comparáid a dhéanamh idir dea-chleachtais na samhlacha stáit éagsúla; laigí struchtúracha na gcóras náisiúnta a shainaithint, tacaíocht theicniúil a chur ar fáil chun glacadh threoirlínte polaitiúla an Aontais a éascú agus cuidiú a thabhairt Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme.

Iarradh sa tuairim ó CESE freisin go mbunófaí Bliain Eorpach na nDaoine Scothaosta, d’fhonn aitheantas a thabhairt do chearta bunúsacha daoine scothaosta agus don obair mhór a dhéanann siad ar son na sochaí, mar atá leagtha amach in Airteagal 25 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

Le linn na paindéime, níor tugadh aird iomlán ar chearta agus riachtanais na ndaoine scothaosta, rud a léirigh na heasnaimh choincheapúla, struchtúracha agus fheidhmiúla atá sna samhlacha cúraim do dhaoine scothaosta. I gcomhthéacs níos leithne, ba chuidiú é sin chun a thabhairt chun suntais gur príomhdhúshlán straitéiseach ríthábhachtach don Aontas agus dá Bhallstáit é aosú an daonra. (at)

 

An tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair: tá gá le hidirphlé sóisialta láidir de thoradh rioscaí nua a bhaineann leis an obair

In ainneoin na n-athruithe atá tagtha ar rioscaí a bhaineann leis an obair de thoradh a digitithe – athruithe faoi deara méadú tobann ar an strus agus ar bhreoiteachtaí atá nasctha leis an traochadh nó ar ghortuithe eirgeanamaíocha agus athruithe faoi deara laghdú beag ar líon na dtionóiscí san ionad oibre – tá an t-idirphlé sóisialta fós ríthábhachtach chun an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair (OSH) a chur chun cinn, sin é atá á chur in iúl ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) sa tuairim uaidh ‘Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair’.

Read more in all languages

In ainneoin na n-athruithe atá tagtha ar rioscaí a bhaineann leis an obair de thoradh a digitithe – athruithe faoi deara méadú tobann ar an strus agus ar bhreoiteachtaí atá nasctha leis an traochadh nó ar ghortuithe eirgeanamaíocha agus athruithe faoi deara laghdú beag ar líon na dtionóiscí san ionad oibre – tá an t-idirphlé sóisialta fós ríthábhachtach chun an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair (OSH) a chur chun cinn, sin é atá á chur in iúl ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) sa tuairim uaidh ‘Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair’.

‘Fágann na bearta maidir le OSH a dhéantar tríd an idirphlé sóisialta go gcosnaítear sláinte na n-oibrithe agus, ina theannta sin, go gcuirtear le brabúsacht gnólachtaí agus go laghdaítear costais a bhaineann le cúram sláinte agus neamhláithreacht. Meastar gurb ionann an costas a bhaineann le gortuithe agus tinnis ag an obair agus EUR 476 bhilliún nó 3.3 % den olltáirgeacht intíre san Aontas, arsa rapóirtéir na tuairime Franca Salis-Madinier.

Mar sin féin, tá éagsúlacht ann ó Bhallstát go chéile maidir le cáilíocht an idirphlé shóisialta, rud a fhágann nach ionann, uaireanta, cur i bhfeidhm comhaontuithe uathrialacha arna dtabhairt i gcrích ag na comhpháirtithe sóisialta i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair ar fud an Aontais.

Dar le CESE, ba cheart cur leis an idirphlé sóisialta Eorpach chun cosaint aonfhoirmeach oibrithe uile an Aontais Eorpaigh a áirithiú.  
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún Eorpach critéir shoiléire a leagan síos chun a áirithiú go gcuirfear na comhaontuithe arna síniú ag na comhpháirtithe sóisialta chun feidhme sna Ballstáit uile, go háirithe i bhfianaise an bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ina luaitear nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún gníomhú de réir iarrataí na gcomhpháirtithe sóisialta na comhaontuithe a chur chun feidhme.

Mar sin féin, sa bhreis ar an idirphlé sóisialta tairbheach, ní mór creat rialála láidir a bheith ann chun na treoirlínte ginearálta maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair a leagan síos. De réir dealraimh, tar éis iarraidh a fháil ón dá pháirtí shínitheacha, bíonn níos mó éifeachta le comhaontuithe as a dtagann treoracha ón gComhairle toisc go n-áirithítear leo pleananna gníomhaíochta sonracha sna Ballstáit.
Chuige sin, tá CESE ag iarraidh treoirlínte nua maidir le teilea-obair, seasamh níos uaillmhianaí i leith ailse a chomhrac agus treoracha AE maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh (MSDanna) agus le rioscaí síceasóisialta, ar mó de bhagairt d’oibrithe san Eoraip iad ná riamh.

Chuir Grúpa na bhFostóirí in CESE roinnt leasuithe ar an tuairim síos á chur in iúl go raibh sé ina coinne, go háirithe a fhad a bhaineann le hiarrataí ar bhearta rialála nua agus, cuir i gcás, gníomhaíocht bheartaithe an Aontais maidir le MSDanna agus rioscaí síceasóisialta, chomh maith le treoirlínte nua teilea-oibre a dhréachtú.
An tuairim a d’iarr Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, glacadh í ag seisiún iomlánach CESE i mí Eanáir, le 172 vóta ina fabhar, 32 vóta ina coinne agus 70 staonadh. (ll)
 

Tá líonra ombudsman airgeadais do FBManna agus cur chuige lena dtugtar tús áite do ghnólachtaí beaga iarrtha ag CESE maidir leis an intleacht shaorga san Eoraip

D’iarr CESE go gcruthófaí ombudsmain speisialta chun cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) san Eoraip dul i ngleic le saincheisteanna airgeadais agus cistiúcháin. Cuireann an Coiste i bhfios go láidir freisin gur gá go mbeadh toil pholaitiúil ann chun tacú le FBManna sa phróiseas ionas go mbainfidh siad úsáid as an intleacht shaorga.

 

Read more in all languages

D’iarr CESE go gcruthófaí ombudsmain speisialta chun cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) san Eoraip dul i ngleic le saincheisteanna airgeadais agus cistiúcháin. Cuireann an Coiste i bhfios go láidir freisin gur gá go mbeadh toil pholaitiúil ann chun tacú le FBManna sa phróiseas ionas go mbainfidh siad úsáid as an intleacht shaorga.

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Eanáir, ghlac CESE dhá thuarascáil lena dtugtar aghaidh ar chuid de na saincheisteanna is práinní a bhfuil tionchar acu ar FBManna.

Sa Straitéis le haghaidh na chéad ghlúine eile de FBManna – Cur le seachadadh éifeachtach agus tapa , cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil rochtain ar chreidmheas, ar leachtacht, ar shreabhadh airgid agus ar íocaíochtaí ina gconstaicí ollmhóra do FBManna, go háirithe i bhfianaise phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, molann sé go gcruthófaí líonra d'ombudsmain airgeadais agus chistiúcháin chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

•  rochtain FBManna ar chistí a chur chun cinn;
•  staidéar a dhéanamh ar cé acu an mbaineann bainc idirghabhála leas as ionstraimí airgeadais chun freastal ar na FBManna is mó atá i ndíth acmhainní airgeadais, agus conas a dhéanann na bainc é sin;
•  idirghabháil a dhéanamh ar dhíospóidí idir FBManna agus soláthraithe eile maoiniúcháin agus cistiúcháin.

Tá an méid seo a leanas á mholadh ag CESE freisin:

•    tascfhórsa a bhunú maidir le leachtacht FBManna chun faireachán a dhéanamh ar bhearta nua an Choimisiúin Eorpaigh chun leachtacht ghearrthéarmach na micrifhiontar a fheabhsú;

•    foirm iarratais aon bhileoige amháin a thabhairt isteach chun an t-ualach a laghdú do chuideachtaí a bhfuil acmhainní daonna agus foirne dlí teoranta acu agus ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chistí an Aontais.

•    níos mó deiseanna a chur ar fáil do FBManna chun tairiscint a dhéanamh ar chonarthaí poiblí sna Ballstáit agus chun na conarthaí sin a fháil.

Ina thuairim An intleacht shaorga a fhorbairt i micrifhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide Eorpacha, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le toil pholaitiúil láidir chun na bacainní atá roimh FBManna maidir le húsáid a bhaint as an intleacht shaorga a shárú.

Tá gá le toil pholaitiúil chun muinín a chothú, trí leas a bhaint as comhpháirtithe sóisialta, as comhlachais tráchtála, as cumainn ghairmiúla agus a leithéid chun deireadh a chur le himní na FBManna ar an láthair.

Ina theannta sin, tá sraith beart a éilíonn toil pholaitiúil mharthanach á moladh ag CESE. Cuirtear san áireamh sa tsraith sin an méid seo a leanas, thar aon rud eile:

• scileanna intleachta saorga a chur chun cinn tríd an oideachas agus an oiliúint,
• a chinntiú go bhfuil rochtain éasca ag FBManna ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach le haghaidh intleacht shaorga;
• bonneagar agus naisc i ngach áit a ráthú;
• feasacht ar shaincheisteanna cibearshlándála a chur chun cinn;
• dea-chleachtais agus scéalta ratha a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir. (dm)

An geilleagar sóisialta: ní mór infheistíochtaí a oiriúnú chun borradh a chur faoin maoiniú, dar le CESE

Tá gá le hionstraimí airgeadais nua chun go leanfaidh an geilleagar sóisialta de bheith ag fás anuas ar an spreagadh a sholáthair na cláir phoiblí, sin é atá curtha in iúl ag CESE i dtuarascáil nua dá chuid, inar iarradh go gcuirfí oiliúint airgeadais ar fáil freisin chun maoiniú príobháideach a chothú.

Read more in all languages

Tá gá le hionstraimí airgeadais nua chun go leanfaidh an geilleagar sóisialta de bheith ag fás anuas ar an spreagadh a sholáthair na cláir phoiblí, sin é atá curtha in iúl ag CESE i dtuarascáil nua dá chuid, inar iarradh go gcuirfí oiliúint airgeadais ar fáil freisin chun maoiniú príobháideach a chothú.

Ní fhéadfaidh an geilleagar sóisialta infheistíochtaí oiriúnacha a mhealladh ach amháin i gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais tiomnaithe ann lena mbaintear cothromaíocht amach idir an tionchar sóisialta agus torthaí inghlactha d’infheisteoirí, agus lena ngabhann rioscaí córa d’fhiontair shóisialta, sin é a dúirt CESE i dtuairim uaidh a glacadh i mí Eanáir.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an rapóirtéir, Giuseppe Guerini: ‘Tá géarghá leis an nasc idir infheistíocht phríobháideach agus an geilleagar sóisialta a éascú. Táimid den tuairim gur rómhinic a bhíonn claonadh ag oibreoirí airgeadais féachaint ar eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta mar eagraíochtaí ardriosca toisc go mbaineann siad leas as uirlisí a úsáidtear de ghnáth chun measúnú a dhéanamh ar chineálacha eile fiontar’.

Ba cheart d’infheistíochtaí tionchair shóisialta na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

•    beidh sé mar chuspóir soiléir acu tionchar sóisialta a chruthú;
•    tabharfaidh siad tacaíocht d’fhiontair a shainmhínítear go soiléir mar fhiontair an gheilleagair shóisialta;
•    socróidh siad an leibhéal ionchais ar bhonn torthaí eacnamaíocha atá réasúnta, inbhuanaithe agus trédhearcach, fiú má tá siad faoi bhun mheán an mhargaidh;
•    fágfaidh siad gur féidir cuid de na sócmhainní a athinfheistiú in infheistíochtaí eile a bhfuil cuspóirí sóisialta acu;
•    beidh tionchar intomhaiste acu;
•    beidh siad i gcomhréir le luachanna na gcuideachtaí ina ndéanann siad infheistíocht.

Tá eolas barántúil frithpháirteach riachtanach chun an bhearna san infheistíocht a dhúnadh.  ‘Ní mór tacaíocht níos fearr a thabhairt do ghníomhaithe airgeadais ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar shaol dáiríre na bhfiontar sóisialta, agus chun cabhrú leis na fiontair sin saol an airgeadais agus na hionstraimí airgeadais a thuiscint’, a dúirt an comhrapóirtéir Marie Pierre le Breton.

Is féidir le scaipeadh dea-chleachtas, amhail Lárionad Saineolais na Fionlainne maidir le hInfheistíocht Tionchair, nó samhlacha infheistíochta na Fraince atá bunaithe ar ‘íoc de réir na dtorthaí’ cabhrú freisin. Mar sin féin, ní mór táscairí ar fud an Aontais a bhunú chun an tionchar a mheas. D’fhéadfadh táscairí oibiachtúla amhail poist arna gcruthú, nó táscairí suibiachtúla, amhail folláine an phobail, a bheith i gceist leo sin.

 

Léargas tugtha ag CESE ar na dálaí a theastaíonn chun an tslándáil bia agus an inbhuanaitheacht a áirithiú

Sa tuairim Slándáil bia agus córais bhia inbhuanaithe, (níl leagan Gaeilge ann), a glacadh sa seisiún iomlánach a bhí aige an 19 Eanáir 2022, shainaithin CESE na gnéithe is tábhachtaí chun táirgeadh bia atá inbhuanaithe agus iomaíoch san Aontas a bhaint amach, agus chun an spleáchas ar allmhairí a laghdú agus neamhspleáchas an Aontais i ndáil le próitéin a mhéadú ag an am céanna.

Read more in all languages

Sa tuairim Slándáil bia agus córais bhia inbhuanaithe, (níl leagan Gaeilge ann), a glacadh sa seisiún iomlánach a bhí aige an 19 Eanáir 2022, shainaithin CESE na gnéithe is tábhachtaí chun táirgeadh bia atá inbhuanaithe agus iomaíoch san Aontas a bhaint amach, agus chun an spleáchas ar allmhairí a laghdú agus neamhspleáchas an Aontais i ndáil le próitéin a mhéadú ag an am céanna.

D’fhonn beartas cuimsitheach bia a bheith fíor-ábhartha do thomhaltóirí na hEorpa, tá sé ríthábhachtach go mbeadh praghas agus cáilíocht an bhia a tháirgtear go hinbhuanaithe san Aontas iomaíoch. Is é sin go gcaithfidh an earnáil agraibhia Eorpach a bheith in ann bia a chur ar fáil do na tomhaltóirí ar phraghsanna a chuimsíonn costais bhreise as critéir amhail inbhuanaitheacht, leas ainmhithe, costais ionchuir níos airde, sábháilteacht bhia agus luach cothaitheach ach a thugann luach cothrom don fheirmeoir freisin, agus go mbeidh a hionad aici i gcónaí mar chéadrogha mhóramh mór na dtomhaltóirí.

Cé go gcuirtear deis ar fáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip maidir leis an ‘comhaontú sóisialta maidir le bia’ a athdhearbhú trí phrionsabail na straitéise ‘Ón bhfeirm go dtí an forc’ agus Straitéis na Bithéagsúlachta, tá go leor le déanamh fós. ‘Ní mholann an Coimisiún dóthain gníomhaíochtaí nithiúla chun an earnáil agraibhia agus ioncam na bhfeirmeoirí agus na n-oibrithe a neartú, agus chun praghsanna córa agus luach an bhia a chur chun cinn’, arsa an comhrapóirtéir, Peter Schmidt.

‘Ar na gnéithe is tábhachtaí chun iomaíochas na dtáirgeoirí Eorpacha a chosaint tá féinriail straitéiseach oscailte a chothú, cómhalartacht maidir le caighdeáin trádála a áirithiú, taighde a chur chun cinn, an digiteáil a fheabhsú, teicneolaíochtaí nuálacha agus síolta a fhorbairt, agus rochtain ar oiliúint a éascú d’fheirmeoirí maidir leis na teicneolaíochtaí nua sin’, a dúirt rapóirtéir na tuairime, Arnold Puech d’Alissac.
Dá gcuirfí chun cinn táirgeadh léagúm agus piseánach ina bhfuil cion ard próitéine, chomh maith le táirgeadh olashíl agus cácaí olashíl, rachadh sé sin chun leasa fheirmeoirí an Aontais agus bheadh tionchar dearfadh ar an aeráid, ar an mbithéagsúlacht agus ar an gcomhshaol. (mr)

Tá gá le hinfheistíocht san iompar ar uiscebhealaí intíre

Ní mór don Aontas an t‑iompar Eorpach a oiriúnú go leanúnach chun freastal ar na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe i bhfianaise na n‑athruithe ar éileamh agus an ardaithe ar láimhdeachas na gcalafort. Caithfear díriú ar an ilmhodúlacht agus an loingseoireacht chliste. Ní mór leas a bhaint as buntáistí na modhanna éagsúla iompair chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach an tsábháilteacht a fheabhsú agus an díobháil a dhéantar don chomhshaol a laghdú.

 

 

Read more in all languages

Ní mór don Aontas an t‑iompar Eorpach a oiriúnú go leanúnach chun freastal ar na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe i bhfianaise na n‑athruithe ar éileamh agus an ardaithe ar láimhdeachas na gcalafort. Caithfear díriú ar an ilmhodúlacht agus an loinseoireacht chliste. Ní mór leas a bhaint as buntáistí na modhanna éagsúla iompair chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach an tsábháilteacht a fheabhsú agus an díobháil a dhéantar don chomhshaol a laghdú.

Is é sin an phríomhtheachtaireacht a chuirtear chun tosaigh sa tuairim a dhréachtaigh Mateusz Szymański agus a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí Eanáir, ar freagra í ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘NAIADES III: Boosting future-proof European inland waterway transport’ [NAIADES III: Borradh a chur faoin iompar ar uiscebhealaí intíre san Eoraip a sheasfaidh an aimsir].

Ag labhairt dó ar imeall an chruinnithe, dúirt Mateusz Szymański an méid seo a leanas: ‘Is plean gníomhaíochta tábhachtach é NAIADES III. Tacaíonn CESE leis na hiarrachtaí chun sciar an iompair ar uiscebhealaí intíre den iompar paisinéirí agus lastais a mhéadú. Tá acmhainneacht ollmhór sa limistéar sin nár baineadh leas aisti go fóill. Teastaíonn toil pholaitiúil agus tiomantas uainn ar go leor leibhéal chun bearta tacaíochta a bhunú chun bonneagar a fhorbairt agus a chothabháil agus chun deiseanna gairme a chur chun cinn in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre. Ní mór gréasán TEN‑T a thabhairt cothrom le dáta freisin, chun na forbairtí is déanaí in earnáil an iompair a chur san áireamh.’ (mp)

 

Tá na réigiúin is forimeallaí ríthábhachtach do thodhchaí an Aontais

I dtústuairim a d’iarr Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach breithniú a dhéanamh ar na tairbhí móra a d’fhéadfadh na réigiúin is forimeallaí a chur ar fáil ar mhaithe le todhchaí na hEorpa.

 

 

Read more in all languages

I dtústuairim a d’iarr Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach breithniú a dhéanamh ar na tairbhí móra a d’fhéadfadh na réigiúin is forimeallaí a chur ar fáil ar mhaithe le todhchaí na hEorpa.

Ba cheart don Choimisiún bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú nach gcaillfidh na réigiúin sin amach ar an téarnamh iar‑COVID‑19 ná ar na haistrithe aeráide, sóisialta agus digiteacha. Molann CESE príomhchéimeanna nua maidir le neamhspleáchas bia agus fuinnimh sna réigiúin is forimeallaí, an t‑aistriú glas, turasóireacht inbhuanaithe, cuimsiú sóisialta, rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, scileanna agus saincheisteanna uisce agus sláintíochta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an rápóirtéir Joël Destom: ‘Ba cheart na réigiúin is forimeallaí a thuiscint mar láithreacha tástála ó thaobh an dul chun cinn a chur chun tosaigh ar scála domhanda, agus d’fhéadfaidís a bheith ina n‑eiseamláirí a d'fhéadfaí a leanúint in áiteanna eile.

Dúirt an comhrápóirtéir Gonçalo Lobo Xavier an méid seo a leanas ar an ábhar céanna: ‘Tá CESE ag iarraidh go n‑áiritheofaí an rochtain dhigiteach sna réigiúin is forimeallaí, agus go mbeadh mórthionscadal maidir le rochtain ar uisce agus sláintíocht mar chuid de na chéad chláir oibríochtúla eile’. (tk)

 

Molann CESE nithe tábhachtacha a chur le moltaí an Choimisiúin maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2022

I mí Eanáir 2022, ghlac CESE tuairim i dtaobh mholtaí ón gCoimisiún Eorpach maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2022, agus na cúinsí reatha á gcur san áireamh.

 

 

Read more in all languages

I mí Eanáir 2022, ghlac CESE tuairim i dtaobh mholtaí ón gCoimisiún Eorpach maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2022, agus na cúinsí reatha á gcur san áireamh.

Thug an rapóirtéir Juraj Sipko an méid seo a leanas le fios: ‘Ceann de na príomhdhúshláin atá roimh gheilleagar an limistéir euro ná conas is féidir déileáil leis an méid mór fiachas poiblí agus, an ardleibhéal boilscithe atá ann anois agus leanúint leis an gclaochlú chuig geilleagar glas agus digiteach, agus béim á leagan ar an gcobhsaíocht shóisialta san am céanna’.

Tá CESE den tuairim nach bhfuil Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis an Aontais oiriúnach níos mó do na dálaí sin. Ní mór dul chun cinn níos tapa a dhéanamh i dtionscadal an aontais baincéireachta agus ní mór Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích. Tá imní ar CESE freisin faoin éagobhsaíocht shóisialta atá ag dul in olcas agus tá táscairí nua níos iomchuí á n‑iarraidh aige maidir leis an éagothromaíocht agus an bhochtaineacht. (tk)

 

Tá rabhadh tugtha ag CESE faoin tionchar diúltach socheacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ag an togra maidir le cánachas ar tháirgí fuinnimh

I dtuairim uaidh a glacadh i mí Eanáir 2022, chuir CESE in iúl gur díol sásaimh dó an cuspóir atá ag an gCoimisiún Eorpach creat reatha an Aontais a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta agus cánachas Eorpach a struchtúrú ar bhealach ina gcuirfear fuinneamh neamh-iontaise inbhuanaithe chun cinn.

 

 

Read more in all languages

I dtuairim uaidh a glacadh i mí Eanáir 2022, chuir CESE in iúl gur díol sásaimh dó an cuspóir atá ag an gCoimisiún Eorpach creat reatha an Aontais a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta agus cánachas Eorpach a struchtúrú ar bhealach ina gcuirfear fuinneamh neamh-iontaise inbhuanaithe chun cinn.

Is ábhar imní do CESE freisin, áfach, an tionchar diúltach socheacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ag cuid de na bearta atá le fáil sa Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treorach.

‘Iarraimid go mbeidh dearcadh níos solúbtha ann maidir le bithbhreoslaí inghlactha agus an cánachas a bhaineann leo’, a dúirt an rapóirtéir Stefan Back.

Molann an Coiste freisin úsáid a bhaint as an gcoincheap ‘bochtaineacht fuinnimh’, seachas ‘teaghlaigh leochaileacha’, agus iarrann sé go dtabharfar cánacha comhshaoil ar ais dóibh siúd is mó atá thíos leis, agus creideann sé i gcóras praghsála an Aontais a choigeartú chun go léireofar leis praghas gach cineáil fuinnimh.

‘Is oth le CESE freisin nach bhfuil bearta cuí chun an bhochtaineacht soghluaisteachta a sheachaint ar áireamh sa togra’, a dúirt an comhrapóirtéir Philippe Charry. (tk)

Tá rochtain ar amhábhair ag éirí níos tábhachtaí chun go mbeidh rath ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach

Pléadh ról lárnach na n-amhábhar ag comhdháil ardleibhéil a d’óstáil CESE an 31 Eanáir. Dhírigh an chomhdháil go sonrach ar dhá phríomhghné: an ról ríthábhachtach atá ag amhábhair chriticiúla maidir le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a áirithiú san aistriú glas agus san aistriú digiteach, agus tábhacht na ciorclaíochta i ndáil leis an ngá atá ann margadh a chruthú san Eoraip i gcomhair amhábhair thánaisteacha.

Read more in all languages

Pléadh ról lárnach na n-amhábhar ag comhdháil ardleibhéil a d’óstáil CESE an 31 Eanáir. Dhírigh an chomhdháil go sonrach ar dhá phríomhghné: an ról ríthábhachtach atá ag amhábhair chriticiúla maidir le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a áirithiú san aistriú glas agus san aistriú digiteach, agus tábhacht na ciorclaíochta i ndáil leis an ngá atá ann margadh a chruthú san Eoraip i gcomhair amhábhair thánaisteacha.

‘Maidir le formhór na n-amhábhar criticiúil, bíonn an Eoraip ag brath go mór ar an gcuid eile den domhan’. Ní mór don Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta chun é a léiriú gur féidir leis an tionscal seo a bheith inbhuanaithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol agus le daoine’, arsa Uachtarán CESE, Christa Schweng. Leag sí béim freisin ar an ngá atá le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt le tíortha atá ar aon intinn leis an Eoraip ar fud an domhain.

Labhair Thierry Breton, An Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, ag an gcomhdháil trí theachtaireacht físeáin. ‘Beidh 60 oiread níos mó litiam ag teastáil uainn faoi 2050 le haghaidh ceallraí feithicle leictrí. Níl aon amhras orm ach go mbeidh an geilleagar ciorclach ina modus operandi nua le haghaidh amhábhar. Uirlis ríthábhachtach eile a bheidh ann a bheidh ar fáil dúinn chun slándáil agus teacht aniar ár slabhraí soláthair a áirithiú. Tá CESE agus an Coimisiún Eorpach ar aon intinn maidir leis seo’, ar seisean.

Chuir Agnès Pannier-Runacher, Státrúnaí na Fraince um Thionscal, in iúl gur saincheist lárnach iad amhábhair chriticiúla le haghaidh neamhspleáchas na hEorpa san aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach atá bunaithe ar shamhail chiorclach. Ós rud é go bhfuil neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa ar cheann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ‘ní mór dúinn a chinntiú nach n-athródh ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise go spleáchas ar na miotail straitéiseacha sin’, a dúirt sí.

Bhí na painéalaithe ar chomhintinn gur cheart don Eoraip ceannaireacht dhomhanda a léiriú sa réimse sin trína caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialtais a ardú go leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh.
‘Tuigeann CESE go rímhaith go bhfuil sé práinneach aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist. Creideann sé go bhfuil na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún ríthábhachtach chun bonn tionsclaíoch an Aontais a chothabháil agus a neartú’, arsa cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha in CESE, Pietro Francesco De Lotto, a rinne cathaoirleacht ar an gcomhdháil.

Mar fhocal scoir, ní mór d’institiúidí poiblí leanúint de bheith ag dul i bpáirt le chéile agus ag gníomhú, agus ní mór don tsochaí shibhialta leanúint de pháirt a ghlacadh.

Bhí an chomhdháil mar chuid de ghníomhaíochtaí CESE maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. (ks)

News from the Groups

Tá an Comhaontú Glas chun gach rud a athrú, an gheopholaitíocht san áireamh

Le Dimitris Dimitriadis, comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE agus cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach in CESE

Agus é mar chuspóir aige geilleagar an Aontais a dhícharbónú, déanfaidh an Comhaontú Glas don Eoraip an-difear dár ngeilleagar, dár sochaí agus don chaidreamh atá againn leis an gcuid eile den domhan.

Read more in all languages

Le Dimitris Dimitriadis, comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE agus cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach in CESE

Agus é mar chuspóir aige geilleagar an Aontais a dhícharbónú, déanfaidh an Comhaontú Glas don Eoraip an-difear dár ngeilleagar, dár sochaí agus don chaidreamh atá againn leis an gcuid eile den domhan.

De bharr COP26, tuigtear anois go forleathan an phráinn a bhaineann le gníomhú. Idir an dá linn, tá an tAontas Eorpach ina cheannródaí fós sa rás in aghaidh an chloig agus is faoin Eoraip atá sé dea-shampla a thabhairt. ls ar mhaithe linn féin a bheidh sé freisin ár ngeilleagar a nuachóiriú go tapa, agus ár n-áit cheannaireachta ar fud an domhain a choinneáil nó a bhaint amach i ndáil le hathchúrsáil agus an geilleagar ciorclach, gabháil carbóin ón atmaisféar agus stáisiúin cumhachta glasa hidrigine, gréine agus gaoithe.

Is í an Eoraip an margadh is mó ar domhan, agus beidh na tionchair a bhaineann leis an aistriú a dhéanfaimid i dtreo astaíochtaí glan-nialasacha, an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise go fuinneamh inathnuaite, agus an laghdú ar spleáchas ar fhuinneamh le brath i ngach áit. Smaoinigh, fiú, ar ár n-allmhairí ola agus gáis ón Rúis agus ón Ailgéir.

I gcomhréir lenár dtiomantas traidisiúnta don iltaobhachas, ní mór smaoineamh ar na hiarmhairtí a bheidh ann do thríú tíortha agus ní mór dúinn cabhrú leis na tíortha níos laige, leis na tíortha sin is lú a chuireann leis an téamh domhanda ach is mó a bheidh thíos leis na hiarmhairtí. Ar an mbonn céanna, ní mór don Aontas Eorpach idirbheartaíocht a thosú láithreach lenár gcomharsana is cóngaraí, chun cabhrú leo a gcuid spriocanna a bhaint amach laistigh den tréimhse chuí.

Tá na Stáit Aontaithe amhrasach go fóill faoinár Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, beart a cheapann siad a d’fhéadfadh a bheith cosantach. Os a choinne sin, ní féidir leis an Eoraip an sásra a ligean uaithi mar gurb é sin an bealach atá againn chun cosc a chur le sceitheadh carbóin.

Maidir leis an spleáchas ar thíortha thar lear, tá ceist mhór na n-amhábhar criticiúil ann freisin. Tá 95 % de na dúile tearc-chré ar fad a úsáidtear ar domhan le haghaidh teicneolaíochtaí nua á gcur ar fáil ag an tSín. Tá sé in am againn gníomhú agus ár gcuid foinsí soláthair a éagsúlú.

Tá an eolaíocht, an teicneolaíocht, na deiseanna cistiúcháin agus na smaointe againn. Rud nach bhfuil againn ná am: ní mór don Aontas Eorpach gníomhú go tapa, agus beidh an dul chun cinn á leanúint ag CESE, agus tuairimí agus smaointe na sochaí sibhialta á gcur in iúl aige ag gach céim.

Tá an t-alt iomlán ar fáil ach cliceáil anseo: europa.eu/!39cXrP (kr)

 

An t-idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Tráth a bhfuil cineálacha éagsúla géarchéime agus athraithe ag cur isteach ar shaol na hoibre, is féidir leis an idirphlé sóisialta ról tábhachtach a imirt chun trí phríomhchuspóir a bhaint amach: na hathruithe de thoradh an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus an athraithe dhéimeagrafaigh a thuar agus a bhainistiú; dul chun cinn a dhéanamh maidir le tionóiscí san ionad oibre agus galair cheirde a chosc; an ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

 

Read more in all languages

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Tráth a bhfuil cineálacha éagsúla géarchéime agus athraithe ag cur isteach ar shaol na hoibre, is féidir leis an idirphlé sóisialta ról tábhachtach a imirt chun trí phríomhchuspóir a bhaint amach: na hathruithe de thoradh an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus an athraithe dhéimeagrafaigh a thuar agus a bhainistiú; dul chun cinn a dhéanamh maidir le tionóiscí san ionad oibre agus galair cheirde a chosc; an ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Ní mór don Aontas Eorpach bearta rialála nua a ghlacadh agus, nuair is gá, an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn. Ina theannta sin, beidh air treoirlínte a ghlacadh maidir le cásanna ar nós na teilea-oibre, agus an Creat-Chomhaontú Eorpach ó 2002 a thabhairt cothrom le dáta.

Is deis í an phaindéim chun comhacmhainní nua a chruthú chun dul i ngleic le géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus an tionchar a bheidh ag an bpaindéim ar an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a mhaolú. Leis na pleananna téarnaimh, ba cheart a bheith in ann ról na gcomhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit sin ina bhfuil an méid is lú tionchair acu a neartú.

Ní mór faireachán críochnúil a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann leis na galair cheirde, amhail galar croí agus an traochadh, le go bhféadfar bearta iomchuí ar an leibhéal iomchuí a shainaithint a bheadh i gcomhréir leis an gcuspóir ‘Fís Nialais’, is é sin deireadh a chur le básanna a bhaineann leis an obair san Eoraip.

Fágann na bearta maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a dhéantar tríd an idirphlé sóisialta go gcosnaítear sláinte na n-oibrithe, go gcuirtear le brabúsacht gnólachtaí, agus go laghdaítear costais a bhaineann le cúram sláinte agus neamhláithreacht. Meastar gurb ionann an costas a bhaineann le gortuithe agus tinnis ag an obair agus 3.3 % den olltáirgeacht intíre san Aontas (€476 bhilliún), nó breis agus a leath de chistí an phlean téarnaimh.

Sin an fáth ar gá cultúr coisc a chruthú trí oiliúint a chur orthu siúd a bhfuil páirt acu san idirphlé sóisialta, feasacht a mhúscailt faoi rioscaí atá ag teacht chun cinn agus na hacmhainní atá ar fáil a neartú agus a scaipeadh.

Tá caibidlíocht dhépháirteach idir comhpháirtithe sóisialta na hEorpa ríthábhachtach chun fadhbanna a bhaineann leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a réiteach. Uaireanta, áfach, bíonn cur i bhfeidhm comhaontuithe uathrialacha míchothrom i bhfianaise neart coibhneasta an idirphlé shóisialta agus éagsúlacht na gcóras caidrimh thionsclaíoch sna Ballstáit. Sin an fáth a bhfuil gá le rialáil i réimsí áirithe, amhail rioscaí síceasóisialta agus neamhoird mhatánchnámharlaigh. (prp)

 

 

Tá sé léirithe ag comhaltaí den Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ céard leis a bhfuil siad ag súil ó Uachtaránacht na Fraince

Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE

Agus Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi lánseol, tá sé curtha in iúl ag comhaltaí an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ an dóchas atá acu maidir leis an seimeastar seo, amhail an daonlathas Eorpach a chumhachtú agus an fócas a aistriú ón Aontas Eorpach go muintir na hEorpa.

Read more in all languages

Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE

Agus Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi lánseol, tá sé curtha in iúl ag comhaltaí an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ an dóchas atá acu maidir leis an seimeastar seo, amhail an daonlathas Eorpach a chumhachtú agus an fócas a aistriú ón Aontas Eorpach go muintir na hEorpa.

Ón 1 Eanáir 2022 i leith, bhí an Uachtaránacht sé mhí ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag an bhFrainc. Ceann de na tosaíochtaí atá aici ná daonlathas na hEorpa a neartú. Tá clár Uachtaránacht na Fraince bunaithe ar thrí phríomhchuspóir, lena n-áirítear Eoraip dhaonnachtúil a chothú a éisteann le hábhair imní na saoránach i gcomhthéacs na Comhdhála leanúnaí ar Thodhchaí na hEorpa.

Thar ceann eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tacaíonn CESE leis an gcuspóir sin agus tá sé rannpháirteach go gníomhach sa Chomhdháil. Tá comhaltaí Francacha an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ ag súil le neart rudaí éagsúla.

Tá Dominique Gillot ó Fédération Générale des Pupilles de l’Enseignement Public (FG PEP) agus Conseil National Consultatif des Personnes Handicapées (CNCPH) ag súil ‘go n-athdhearbhófar an coincheap go mbeadh Eoraip chuimsitheach ann i dtaca leis an dlúthpháirtíocht agus an tsláinte, go mbeadh saoránaigh rannpháirteach go hiomlán agus go dtabharfaí aird ar leith ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar dhaoine scothaosta’.

Creideann Patricia Blanc ó Imagine for Margo – Children without cancer gurbh é COVID-19 a chuir an tsláinte i mbéal an phobail. Molann sí dúinn gan dearmad a dhéanamh ‘go mbíonn tionchar ag ailsí agus ag tinnis neamhchoitianta ar na milliúin daoine san Eoraip gach bliain.’

Tá súil ag Joël Destom ó Mutuelle Interprofessionnelle Antilles Guyane (MIAG) agus AG2R La Mondiale ‘go rachaidh eochairfhocail Uachtaránacht na Fraince, is iad sin téarnamh, muintearas, cumhacht, agus saincheisteanna sóisialta, digiteacha agus aeráide, i bhfeidhm níos mó ar na críocha thar lear’.

Ba mhaith le Arnaud Schwartz ó France Nature Environnement (FNE) go mbeadh Uachtaránacht na Fraince ‘uaillmhianach ní hamháin ina cuid cainte ach ina cuid gníomhaíochtaí freisin, trí reachtaíocht chomhshaoil a chur chun feidhme go cuí’.

Tá imní ar Laurence Sellos ó Chambre d’Agriculture de Seine Maritime go ndéanfaidh an Comhaontú Glas mar atá sé faoi láthair, laghdú mór ar tháirgeacht talmhaíochta na hEorpa. Dúirt sí freisin ‘go n-áitímid ar Uachtaránacht na Fraince an seasamh sin a athbhreithniú ionas go gcabhróidh an earnáil eolaíochta leis an earnáil talmhaíochta dlús a chur leis an aistriú agrai-éiceolaíoch agus go gcabhróidh sí linne dul i ngleic le dúshlán an athraithe aeráide’.

Ar deireadh, creideann Thierry Libaert ó Foras Nicolas Hulot (FNH) ‘go léirítear uaillmhian mhór leis an Eoraip, uaillmhian nach bhfuil an borradh céanna fúithi níos mó ach go bhfuil cuma dhoiléir anois uirthi.’ Dúirt sé gur ‘deis iontach is ea Uachtaránacht na Fraince ar an Aontas Eorpach chun iarracht a dhéanamh nasc nua a chruthú idir na saoránaigh agus an Eoraip. Mar sin, labhraímis níos lú faoin Eoraip, agus níos mó faoi mhuintir na hEorpa.’

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choiste chun tuilleadh a fhoghlaim faoi obair an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus i gcomhthéacs Uachtaránacht na Fraince. (jk)

 

Soon in the EESC/Cultural events

‘Stay with us’: sraith íomhánna ina léirítear iarmhairtí chrith talún na Cróite

Tá taispeántas grianghraf á óstáil ag CESE chun comóradh a dhéanamh go bhfuil bliain amháin imithe ó bhuail crith talún tubaisteach an Chróit i mí na Nollag 2020.

Read more in all languages

Tá taispeántas grianghraf á óstáil ag CESE chun comóradh a dhéanamh go bhfuil bliain amháin imithe ó bhuail crith talún tubaisteach an Chróit i mí na Nollag 2020.

Is é ‘Stay with us’ teideal an chnuasaigh sin de 25 ghrianghraf lena n-ardaítear feasacht maidir leis an tionchar millteanach a bhíonn ag tubaistí nádúrtha ar gach gné den saol daonna agus d’imeachtaí sóisialta agus tráchtála.

Tá ceardaithe a chaill a gcuid ceardlann le feiceáil sna pictiúir, daoine nach raibh in ann leanúint lena gcuid oibre ach a spreag daoine eile, mar sin féin, tríd an dea-shampla de bheith aontaithe agus dearfach i gcónaí.

Díríonn na pictiúir ar réigiúin Sisak, Petrinja, Glina agus na dúichí mórthimpeall orthu, ar an léirscrios atá fágtha agus ar na saincheisteanna iomadúla nach mór dul i ngleic leo fós chun filleadh ar an saol mar a bhí, aon bhliain amháin ó croitheadh an talamh.

Beidh an taispeántas ar siúl ón 15 Feabhra go 15 Márta 2022 agus beidh sé go léir le feiceáil go fíorúil ar shuíomh gréasáin CESE. (ck)

 

An Geilleagar Ciorclach ag dul don cheol

An 2 Márta, beidh seó speisialta dar teideal ‘Music with Trash’ (Ceol a chastar trí bhíthin Bruscair) á óstáil ag CESE mar chuid do Chomhdháil Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (ECESP) 2022.

Read more in all languages

An 2 Márta, beidh seó speisialta dar teideal ‘Music with Trash’ (Ceol a chastar trí bhíthin Bruscair) á óstáil ag CESE mar chuid do Chomhdháil Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (ECESP) 2022.

Beidh grúpa de thriúr cnaguirliseoirí idirnáisiúnta, TrashBeatz, mar a thugtar orthu, ag seinm ag an seó. Beidh ceardlanna ar an ngeilleagar ciorclach ar siúl agus casfar ceol trí úsáid a bhaint as dramhaíl.

‘Tugaimid cuspóir nua don bhruscar trí cheol a sheinm le huirlisí déanta as bruscar’, a dúirt TrashBeatz.

Ba é an rud b’oiriúnaí dúinn ná comhpháirtíocht cruthaitheach a bheith againn le comhdháil hibrideach ECESP na bliana seo, comhdháil dar teideal ‘I dtreo normáltacht nua: Tairgí inbhuanaithe le haghaidh tomhaltas inbhuanaithe’.

Beidh comhdháil bhliantúil ECESP ar siúl an 1 agus 2 Márta agus déanfaidh CESE í a óstáil i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach. Tá tuilleadh eolais faoin imeacht le fáil ar shuíomh gréasáin ECESP. (ck)

 

Tá ‘An Fhírinne faoi na Bréaga’ ar tí teacht chun solais

An tráth céanna a bhfuil CESE ag déanamh réidh chun fáilte a chur roimh 99 ndalta mheánscoile agus a múinteoirí chuig an imeacht don aos óg atá á eagrú aige dar teideal ‘An Fhírinne faoi na Bréaga. An tAos Óg ag dul i ngleic leis an mBréagaisnéis’, tá comhaltaí CESE atá ag gníomhú dóibh mar mheantóirí do dhaltaí ag tabhairt cuairt ar na scoileanna a roghnaíodh chun buaileadh leis na toscaireachtaí a ghlacfaidh páirt in YEYS 2022 agus smaointe a mhalartú leo.

 

 

Read more in all languages

An tráth céanna a bhfuil CESE ag déanamh réidh chun fáilte a chur roimh 99 ndalta mheánscoile agus a múinteoirí chuig an imeacht don aos óg atá á eagrú aige dar teideal ‘An Fhírinne faoi na Bréaga. An tAos Óg ag dul i ngleic leis an mBréagaisnéis’, tá comhaltaí CESE atá ag gníomhú dóibh mar mheantóirí do dhaltaí ag tabhairt cuairt ar na scoileanna a roghnaíodh chun buaileadh leis na toscaireachtaí a ghlacfaidh páirt in YEYS  2022 agus smaointe a mhalartú leo.

Luaitear na cruinnithe seo faoi na caibidlí a bhaineann leis an aos óg agus an daonlathas rannpháirtíochta ar ardán idirghníomhach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.

Is é ‘An Fhírinne faoi na Bréaga. An tAos Óg ag dul i ngleic leis an mBréagaisnéis’ an teideal d’ócáid shuaitheanta CESE don aos óg ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’ i mbliana. Beidh an t-imeacht ar fad ar siúl go cianda an 31 Márta agus an 1 Aibreán 2022. Tá an clár ar fáil ar líne anois. (ck)

 

Laethanta na Sochaí Sibhialta 2022

Reáchtálfar Laethanta na Sochaí Sibhialta 2022 an 15-17 Márta. Is é téama na bliana seo ‘An tAontas Eorpach agus cur chun cinn an rathúnais chomhroinnte – an tsochaí shibhialta ar son geilleagar a théann chun tairbhe don phobal agus don phláinéad’

 

Read more in all languages

Reáchtálfar Laethanta na Sochaí Sibhialta 2022 an 15-17 Márta. Is é téama na bliana seo ‘An tAontas Eorpach agus cur chun cinn an rathúnais chomhroinnte – an tsochaí shibhialta ar son geilleagar a théann chun tairbhe don phobal agus don phláinéad’.

Is tréimhse chinniúnach an tréimhse seo ina reáchtálfar Laethanta na Sochaí Sibhialta 2022. Tá paindéim COVID-19 ann i gcónaí agus tá an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ag teacht chun deiridh. Is éard a phléifear i rith na hócáide an chaoi lenarbh fhéidir Eoraip níos athléimní a thógáil le haistriú cóir a rachadh chun tairbhe don phobal agus don chomhshaol agus a chuirfeadh le rathúnas na hEorpa freisin.

Ba cheart d’aistriú den chineál sin cearta agus prionsabail bhunúsacha an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn freisin, is iad sin an daonlathas, cearta an duine, ceartas sóisialta, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas. Bliain dhúshlánach a bhí in 2021, ó thaobh an mhéid sin de. Mar lucht seasaimh an fhóid, lucht déanta an athruithe agus caomhnóirí an leasa choitinn, tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ó thaobh na luachanna seo a chosaint. na luachanna seo a chosaint ag gach leibhéal.

Pléifear na hábhair seo a leanas sna seacht gceardlann idirghníomhacha a bheidh ar siúl go hibrideach nó go hiomlán ar líne:

  • Deiseanna uas-scilithe do chách;
  • Idirphlé Idirghlúine i measc Fiontraithe de chuid an Aontais Eorpaigh;
  • Oibrithe deonacha ar son an rathúnais;
  • Timpeallacht chumasúcháin le haghaidh na sochaí sibhialta: an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht fhónta;
  • Geilleagar daonlathach a thógáil le haghaidh aistriú cóir;
  • Geilleagar margaidh sóisialta margaidh glas d’Eoraip na todhchaí.
  • Todhchaí na Cosanta Sóisialta agus Stát Leasa na hEorpa: an tábhacht a bhaineann le scéimeanna ioncaim íosta agus le rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin.

Cuirfear tús leis na ceardlanna agus tabharfar chun críche iad le dhá dhíospóireachta painéil ardleibhéil ag na seisiúin oscailte agus chlabhsúir faoi seach.

Tá Laethanta na Sochaí Sibhialta 2022 á n-eagrú ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gcomhar leis an nGrúpa Idirchaidrimh atá aige.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gclár, na cainteoirí agus na ceardlanna, ach leathanach gréasáin an imeachta atá nuashonraithe go rialta a sheiceáil agus muid a leanúint ar Twitter @EESC_LiaisonG #CivSocDays. (ks)

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Daniela Marangoni (dm)
 

Contributors to this issue

Amalia Tsoumani (at)
Chrysanthi Kokkini (ck)
Daniela Marangoni (dm)
Daniela Vincenti (dv)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Jasmin Kloetzing (jk)
Karen Serafini (ks)
Katharina Radler (kr)
Katerina Serifi (ks)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Pablo Ribera Paya (prp)
Thomas Kersten (tk)

 

Coordination

Agata Berdys (ab)
Katerina Serifi (ks)

Technical support
Bernhard Knoblach (bk)

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 23 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

February 2022
03/2022

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram