Comhaontú Glas don Eoraip
An 11 Nollaig 2019, sheol an Coimisiún Eorpach an Comhaontú Glas don Eoraip lena dtreisítear tiomantas an Aontais dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, arb é cúram sainithe na glúine seo é. Is é is cuspóir don Chomhaontú Glas don Eoraip geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní a dhéanamh den Aontas, rud lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:
- beifear gan glanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050;
- geilleagar ina scarfar fás eacnamaíoch ó úsáid acmhainní;
- geilleagar nach bhfágfar aon duine ná ionad ar lár ann.
Chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, tá pacáiste cuimsitheach tionscnamh á chur i gcrích ag an Aontas, lena n-áirítear tograí beartais agus reachtacha mar aon le forbairt agus nuachóiriú na n-ionstraimí maoiniúcháin.
Bhí sé á iarraidh ag CESE go mbeadh ‘Comhaontú Glas agus Sóisialta’ ann, agus béim á leagan aige ar an dlúthnasc idir an Comhaontú Glas agus ceartas sóisialta. Tá sé ríthábhachtach go n-éistfear le tuairimí na ngeallsealbhóirí uile chun na cuideachtaí inbhuanaithe iomaíocha a bheidh ann amach anseo a chothú i dtimpeallacht shláintiúil.
Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leagadh béim láidir ar infheistíocht agus ar mhaoiniú an aistrithe ghlais agus inbhuanaithe. Is é an Comhaontú Glas a thabharfaidh an Eoraip slán ó phaindéim COVID-19. Is le haon trian de na hinfheistíochtaí ón bPlean Téarnaimh Next Generation EU dar luach 1.8 trilliún euro, agus le buiséad seacht mbliana an Aontais a mhaoinítear an Comhaontú Glas don Eoraip. Tá sé i gceist leis na deiseanna cistiúcháin nua sin leas a bhaint as an ngéarchéim chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú.
Tá ról ríthábhachtach ag CESE maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme thionscnaimh agus ghníomhaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ullmhaíonn CESE tuairimí agus eagraíonn sé gníomhaíochtaí (féach an roghchlár ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo) chun a áirithiú go gcuireann institiúidí an Aontais tuairimí na sochaí sibhialta eagraithe san áireamh agus go bhfuil tionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais ag teacht leis na cúinsí eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta ar an láthair.
Mar gheall ar a idirdhisciplíní agus a uilechuimsithí atá sé, cumhdaítear an Comhaontú Glas don Eoraip le rannóga uile CESE agus CCMI.
Pages
In its own-initiative opinion, the EESC examines the extent to which existing EU company law currently serves as an "expedient" for the politically-desirable Green Deal and which gaps still need to be closed, in particular regarding corporate social responsibility obligations. The opinion aims at following-up on the European Commission's initiative on due diligence and broadening the debate on sustainable corporate governance interlinking the social, environmental and economic dimensions.
The opinion, presenting EESC's position on the four proposals of the Health package published by the European Commission in November 2020, supports and welcomes these initiatives but draws the attention on some elements.
- The EU and Member States should ensure that everyone has equal access to quality, well staffed, well equipped health and social services. This is particularly important in the context of the COVID-19 pandemic which has deepened existing inequalities.
- Special attention in future EU policies should be given to healthcare workers and the need to improve working conditions, including pay, recruitment and retention, as well as their health and safety.
- The new EU health package should be combined with the roll-out of the European Pillar of Social Rights (EPSR), particularly its principles 12, 16, 17 and 18 and the Action Plan on the EPSR. It should also be part of achieving Sustainable Development Goal (SDG) 3.