Comhaontú Glas don Eoraip

This page is also available in:

An 11 Nollaig 2019, sheol an Coimisiún Eorpach an Comhaontú Glas don Eoraip lena dtreisítear tiomantas an Aontais dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, arb é cúram sainithe na glúine seo é. Is é is cuspóir don Chomhaontú Glas don Eoraip geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní a dhéanamh den Aontas, rud lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:

  • beifear gan glanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050;
  • geilleagar ina scarfar fás eacnamaíoch ó úsáid acmhainní;
  • geilleagar nach bhfágfar aon duine ná ionad ar lár ann.

Chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, tá pacáiste cuimsitheach tionscnamh á chur i gcrích ag an Aontas, lena n-áirítear tograí beartais agus reachtacha mar aon le forbairt agus nuachóiriú na n-ionstraimí maoiniúcháin.

Bhí sé á iarraidh ag CESE go mbeadh ‘Comhaontú Glas agus Sóisialta’ ann, agus béim á leagan aige ar an dlúthnasc idir an Comhaontú Glas agus ceartas sóisialta. Tá sé ríthábhachtach go n-éistfear le tuairimí na ngeallsealbhóirí uile chun na cuideachtaí inbhuanaithe iomaíocha a bheidh ann amach anseo a chothú i dtimpeallacht shláintiúil.

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leagadh béim láidir ar infheistíocht agus ar mhaoiniú an aistrithe ghlais agus inbhuanaithe. Is é an Comhaontú Glas a thabharfaidh an Eoraip slán ó phaindéim COVID-19. Is le haon trian de na hinfheistíochtaí ón bPlean Téarnaimh Next Generation EU dar luach 1.8 trilliún euro, agus le buiséad seacht mbliana an Aontais a mhaoinítear an Comhaontú Glas don Eoraip. Tá sé i gceist leis na deiseanna cistiúcháin nua sin leas a bhaint as an ngéarchéim chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú.

ról ríthábhachtach ag CESE maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme thionscnaimh agus ghníomhaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ullmhaíonn CESE tuairimí agus eagraíonn sé gníomhaíochtaí (féach an roghchlár ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo) chun a áirithiú go gcuireann institiúidí an Aontais tuairimí na sochaí sibhialta eagraithe san áireamh agus go bhfuil tionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais ag teacht leis na cúinsí eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta ar an láthair.

Mar gheall ar a idirdhisciplíní agus a uilechuimsithí atá sé, cumhdaítear an Comhaontú Glas don Eoraip le rannóga uile CESE agus CCMI.

  • Building green and inclusive

    In this issue:

    • Members on the future of housing and public spaces in the EU
    • Guest articles by Laura KLITGAARD (The Danish Society of Engineers - IDA), Signe HELLEDI (Cycle Superhighways), Nils Thor ROSTED (Amager Resource Centre), and Gustavo GHIDINI (Movimento Consumatori)
    • Interview with rapporteur Elena-Alexandra CALISTRU on Measures for a resilient, cohesive and inclusive European economy (EESC opinion ECO/661)
    • Civil Society Organisations' Bulletin - June 2025
  • Nature Restoration Law in the Focus of Civil Society

    In this issue:

    • Our members discuss the long-debated Nature Restoration Law
    • Guest articles by Silvie Kreibiehl and Svenja Schünemann (German Nature Conservation Association - DNR), Edwin Michiels (Agriculture and Horticulture Organisation Netherlands (LTO)) and Susanne Westhausen (Cooperatives Europe)
    • Interview with rapporteur Pietro Barbieri on the EESC opinion 'Strengthening civil dialogue and participatory democracy in the EU: a path forward'
    • Civil Society Organisations' Bulletin - March 2024