Grúpa Staidéir Téamach um Rialachas Eacnamaíoch agus Fioscach an Limistéir Euro

This page is also available in

I bhfianaise an chúlra eacnamaíoch dheacair a bhí ann le blianta beaga anuas, nuair ba léir go raibh gá le doimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, tá béim ar leith curtha ag CESE ar fheabhsú meicníochtaí rialachais eacnamaíoch agus pholaitiúil le haghaidh an limistéir euro agus na mBallstát ar mian leo a bheith ina mbaill de.

Ar na meicníochtaí sin tá moladh bliantúil na Comhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro – doiciméad lena mbaineann tábhacht straitéiseach laistigh den Seimeastar Eorpach, a thugann treoshuímh áirithe le haghaidh cláir náisiúnta um athchóiriú Bhallstáit an limistéir euro chomh maith lena moltaí tír-shonracha. Ar bhonn an doiciméid sin, déanann CESE tuairimí a tharraingt suas go rialta ina ndírítear go sonrach ar phríomhthosaíochtaí fioscacha, eacnamaíocha, sóisialta agus airgeadais an limistéir euro agus an Aontais Eorpaigh ina iomláine. I gcomhthéacs na géarchéime sláinte, eacnamaíche agus sóisialta a tharla de thoradh ráig COVID-19, is léir go bhfuil na tosaíochtaí sin dírithe ar chabhair a thabhairt do na Ballstáit an phaindéim a chomhrac agus a áirithiú go mbeidh téarnamh eacnamaíoch tapa agus inbhuanaithe ann.

D'fhonn a chinntiú go leanfar d'obair CESE sa réimse sin, cuireadh Grúpa Staidéir Téamach um Rialachas Eacnamaíoch agus Fioscach an Limistéir Euro ar bun. Tá an Grúpa ag obair faoi choimirce rannóg ECO agus iarrtar air tuairimí CESE a tharraingt suas maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro in oirchill na ndréachtmholtaí maidir leis an limistéar euro arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún nó mar obair leantach orthu.