Grúpa staidéir téamach um chuimsiú na Romach

Is iad na Romaigh, a bhfuil tuairim agus sé mhilliún díobh ann, an mionlach eitneach is mó san Aontas Eorpach. Is iomaí duine díobh a mbítear claonta ina n-aghaidh, nach mbítear sásta glacadh leo, agus a bhíonn thíos le hidirdhealú agus eisiamh sóisialta ina saol ó lá go lá. Is díol iontais é sin nuair a chuimhnítear air gur dlúthchuid de shibhialtacht na hEorpa iad le breis agus míle bliain. Leis an gCreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach agus leis an Moladh ón gComhairle maidir le bearta éifeachtacha chun Romaigh a lánpháirtiú sna Ballstáit, tá cuimsiú gníomhach na Romach á chur chun cinn agus táthar ag tacú leis na Ballstáit chun Romaigh a chuimsiú ar dhóigh níos fearr. Faoi seo, tá glactha ag formhór na mBallstát leis na Straitéisí Náisiúnta sin.

Is léir ar an bhfianaise maidir le staid na Romach i dtaca le fostaíocht, oideachas, tithíocht agus sláinte de, a chuir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha ar fáil, go bhfuil dul chun cinn i leith Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach á dhéanamh go mall. Tá an t-idirdhealú agus an frithghiofógachas dianseasmhach, agus tá tionchar ag an idirdheighilt de facto i dtaca le tithíocht agus oideachas ar go leor Romach go fóill.

Tá grúpa staidéir téamach um chuimsiú na Romach curtha ar bun ag CESE ar a bhfuil comhaltaí de na rannóga éagsúla den Choiste sin a chumhdaíonn réimsí beartais éagsúla agus a dhéanann ionadaíocht ar Ghrúpa na bhFostóirí, ar Ghrúpa na nOibrithe agus ar an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”. Is iad seo a leanas cuspóirí an ghrúpa seo:

  • tuairimí na sochaí sibhialta maidir le cur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach a bhailiú le chéile agus rannpháirtíocht ghníomhach na Romach a chur chun cinn,
  • deiseanna a chur ar fáil don tsochaí shibhialta, go sonrach d’eagraíochtaí na Romach, éisteacht a fháil agus dea-chleachtais a aithint agus a roinnt le chéile,
  • tuarascáil maidir le cuimsiú na Romach a chur le chéile agus moltaí ina leith a eisiúint.