Fóram Eorpach um Imirce

I mí Eanáir 2015, reáchtáil CESE, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, an chéad Fhóram Eorpach um Imirce (EMF). Is ón bhFóram Eorpach um Lánpháirtíocht, a ndearnadh 11 eagrán de a reáchtáil idir 2009 agus 2014, a d'eascair sin.

Is éard atá san Fhóram Eorpach um Imirce ardán don idirphlé idir an tsochaí shibhialta agus na hinstitiúidí Eorpacha faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an imirce, an tearmann agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. Tugann sé le chéile, uair sa bhliain ar a laghad, ionadaithe ar eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, na Ballstáit agus institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Is éard is aidhm don Fhóram Eorpach um Imirce ná cur leis an gcomhordú agus an comhar idir na príomhghníomhaithe atá rannpháirteach i rialachas Eorpach il-leibhéil na himirce. Cuireann an Fóram roimhe tuilleadh faisnéise a chur ar fáil faoi na forbairtí beartais is deireanaí agus faisnéis a bhailiú faoin gcaoi a gcuirtear beartais Eorpacha chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus ar leibhéal na cosmhuintire. Ba cheart go gcuirfeadh sin leis an tuiscint atá ann ar na dúshláin is mó sa réimse seo atá roimh eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus roimh na comhpháirtithe sóisialta agus go bhféadfaí slite a aithint ina dtabharfaí tacaíocht níos fearr dóibh sna hiarrachtaí atá ar siúl acu chun freastal ar riachtanais na n-imirceach.

Is as measc fhoireann na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) in CESE a sholáthraítear rúnaíocht don Fhóram.