Sébastien Maillard: Luaigh tú ‘muintearas’, nár luaigh?

Is é ‘muintearas’ an tríú focal den mhana a fógraíodh d’Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ach is é an focal is mó é a bhaineann siar as daoine. Céard atá i gceist leis? I mbeagán focal, is é an rud éigin ar leith é a fhágann go mbraitheann tú gur Eorpach thú, an tuiscint gur leis an mór-roinn seo thú agus go bhfuil tú muinteartha léi. Ní féidir é a leagan síos leis an dlí ná ní féidir é a cheannach. Ní hiad na limistéir is mó atá tógtha leis an Aontas Eorpach sa Fhrainc na limistéir a thairbhigh go mór d’fhóirdheontais ‘na Bruiséile’. Ar an taobh eile, ní mór an bhraistint sin a spreagadh, a chothú agus a thabhairt chun aibíochta ar an leibhéal pearsanta agus ar leibhéal na sochaí.

Cen chaoi? Is féidir an muintearas Eorpach a thuiscint ar thrí bhealach. Is é an bhrí is soiléire, ach ar minic a chailltear í, – agus ná cuirimis fiacail ann – an muintearas sa chiall a bheith nasctha le sibhialtacht áirithe. B’fhéidir gur thug tú suntas dó an samhradh seo, má bhí tú in ann taisteal. Ar na sráideanna sa Róimh, i bPrág, i Liospóin, nó san Aithin, i gcearnóga móra na gcathracha, sna hardeaglaisí, gar do na caifeanna nó don áras ceoldrámaíochta: an t-atmaisféar muinteartha sin, a théann níos faide ná an éagsúlacht stíleanna agus teangacha. An rian sin de chuimhne chomhchoiteann a théann thar theorainnacha náisiúnta agus a bhíonn fite fuaite lenár gcuimhne féin. Gan blúire de a chailleadh, a chumasc ná a chaighdeánú. Gan tada a bhaint den mhuintearas náisiúnta agus/nó réigiúnach a fhorbraíonn ar a bhealach féin. Is ionann a bheith Eorpach agus díreach gan brath i do dheoraí agus tú ar cuairt sna cathracha sin – nó, ar a laghad ar bith, níos lú ná mar a bhraithfeá agus tú i mór-ranna eile. Chuige sin, ní mór córas oideachais ina n-ionchorpraítear an ghné Eorpach.

Ach baineann saoránacht le muintearas freisin: tú féin a aithint már shaoránach Eorpach i ndáiríre, seachas le linn thoghcháin na hEorpa amháin. Fágann sin nach mór dúinn a bheith in ann aitheantas a thabhairt don dlisteanacht dhaonlathach atá le treoir Eorpach ar vótáladh ina leith agus gan féachaint uirthi mar ‘reacht atá á bhrú ag an mBruiséil’, an euro a úsáid mar ár n-airgeadra féin seachas mar airgeadra a thagann ón iasacht. Ar bhonn níos leithne, ciallaíonn sé sinn féin a aithint mar dhaoine a bhaineann leis an Aontas Eorpach seachas mar dhaoine a bhaineann le Stát atá ina Bhallstát den Aontas Eorpach. Go praiticiúil, tá an cineál sin muintearais bunaithe go príomha ar an gcaoi a gcuireann na meáin ar an eolas sinn faoi ghnóthaí Eorpacha. Na coimisinéirí, na feisirí Eorpacha – agus comhaltaí CESE – an bhfuil áit acu inár ndearcadh polaitiúil nó an amhlaidh nach ann dóibh in aon chor?

Ar deireadh, is é an tríú bealach le bheith muinteartha leis an Eoraip ná a thuiscint go bhfuil do chinniúint nasctha le cinniúint do chomharsan, an fhís agus na hidéil chéanna a bheith agaibh. Tá an nath ‘an Eoraip a chruthú’ thar a bheith ábhartha anseo. Agus an Eoraip á cruthú againn, bliain i ndiaidh bliana, ciallaíonn sé go bhfuil plean uaillmhianach againn di: i dtosach báire bhain sé le síocháin agus aontas a bhunú; san am i láthair ciallaíonn sé an fód a sheasamh in aghaidh an chuid eile den domhan, an téamh domhanda a chomhrac agus an daonlathas a chaomhnú i bhfianaise an údarásaíochais. I mbeagán focal, ní fhágann scrúdú na seanchloch, ná urraim do na caighdeáin chéanna, go mbraithimid inár nEorpaigh, ach baineann sé leis na luachanna céanna agus na leasanna geopholaitiúla céanna a bheith againn.

Bíonn na trí chur chuige sin maidir le muintearas scartha óna chéile go rómhinic. Tá an chéad chur chuige dírithe ar an am atá thart, an dara ceann ar an am i láthair agus an tríú ceann ar an am atá le teacht. Téann an chéad cheann i gcion ar staraithe agus ar ealaíontóirí, an dara ceann ar eacnamaithe agus dlíodóirí, agus an tríú ceann ar fhealsúnaithe agus lucht ceaptha straitéisí. Má táthar chun muintearas cuí a bhaint amach ní mór na trí chur chuige sin a thabhairt le chéile, seachas iad a chur in éadan a chéile. Nó b’fhearr a thuiscint mar atá siad fite fuaite ina chéile. Ní bheimis i mbun ‘an Eoraip a chruthú’ dá mba rud é nárbh ann di cheana féin mar shibhialtacht agus nach raibh an tAontas Eorpach ann chun í a chur in iúl go láidir ar fud an domhain. Má éiríonn linn na trí ghné sin a nascadh agus a chur ag luí lena chéile, sárófar an dúshlán muintearas Eorpach a chothú. Chuige sin, beidh i bhfad níos mó ná uachtaránacht rothlach ag teastáil.

Sébastien Maillard

Stiúrthóir Institiúid Jacques Delor, Páras