Available Languages:

A léitheoirí dile,

Bhraith mise i gcónaí gurbh í mí Mheán Fómhair fíorthús na bliana, in áit mhí Eanáir. Is ionann Meán Fómhair agus deireadh le saoire an tsamhraidh – tús arís leis an tseachtain oibre, leis na cruinnithe, leis an trácht agus leis an scoil. Airím ar an gcaoi seo níos mó ná riamh i mbliana. A bhuí leis an ráta vacsaínithe, tá dóchas ann go bhféadfaimis bogadh thart inár réigiúin agus ar ár mór-roinn arís. Leis na nósanna nua iompair shóisialta agus sláinteachais atá i réim, tá seans againn tosú as an nua.

Diary Dates

Ceist amháin ar...

Inár roinn ‘Ceist amháin ar...’ iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.

In eagrán seo mhí Mheán Fómhair, chuireamar ceist ar Alain Coheur, Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas (INT) labhairt linn faoi na dúshláin atá i gceist leis an straitéis tionsclaíochta.

 

 

An Straitéis Tionsclaíochta Ghlas mar bhunchloch don Chomhaontú Glas don Eoraip

An straitéis nua tionsclaíochta dar teideal ‘An Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip a Nuashonrú’ [COM (2021) 350 final], a foilsíodh an 5 Bealtaine seo caite, is cinnte go bhfuil sé ar cheann de na príomhdhúshláin atá os comhair an Aontais Eorpaigh. Is é an t-aon deis atá ag na Ballstáit an ghéarchéim seo a shárú ná gníomhú ar bhealach comhordaithe, gan aon duine a fhágáil ar gcúl agus cumas cuideachtaí breisluach a ghiniúint a athbhunú, infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí inbhuanaithe agus poist ardcháilíochta a chothabháil/a chruthú.

An t-aoi gan choinne

Uair sa mhí, bíonn pearsa faoi leith á cur i láthair againn, ar foinse inspioráide í a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán.

In eagrán mhí Mheán Fómhair, beimid i mbun cainte le Sébastien Maillard, Stiúrthóir Institiúid Jacques Delors i bPára. Roinnfidh sé linn an tuiscint atá aige ar an rud is ‘muintearas i leith na hEorpa’ ann, coincheap atá thar a bheith tábhachtach ar na saolta seo agus díospóireacht ar siúl faoi thodhchaí na hEorpa, a thiocfaidh chun buaice nuair a bheidh an Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag an bhFrainc sa chéad leath de 2022.

Sébastien Maillard: Luaigh tú ‘muintearas’, nár luaigh?

Is é ‘muintearas’ an tríú focal den mhana a fógraíodh d’Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ach is é an focal is mó é a bhaineann siar as daoine. Céard atá i gceist leis? I mbeagán focal, is é an rud éigin ar leith é a fhágann go mbraitheann tú gur Eorpach thú, an tuiscint gur leis an mór-roinn seo thú agus go bhfuil tú muinteartha léi. Ní féidir é a leagan síos leis an dlí ná ní féidir é a cheannach. Ní hiad na limistéir is mó atá tógtha leis an Aontas Eorpach sa Fhrainc na limistéir a thairbhigh go mór d’fhóirdheontais ‘na Bruiséile’. Ar an taobh eile, ní mór an bhraistint sin a spreagadh, a chothú agus a thabhairt chun aibíochta ar an leibhéal pearsanta agus ar leibhéal na sochaí.

EESC News

An intleacht shaorga: is as an Eoraip iad 18 % de thaighdeoirí ardleibhéil an domhain cé nach n-oibríonn ach 10 % díobh san Eoraip

Tharraing Jayant Narayan ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda aird ar na figiúirí sin le linn díospóireacht ar an Intleacht Shaorga (IS) ag seisiún iomlánach mhí Iúil Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Dúirt sé go mbeidh ar an Eoraip infheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha ionas gur féidir léi a bheith iomaíoch agus éiceachóras a chruthú inar féidir le IS dul chun cinn suntasach a dhéanamh.

Frans Timmermans agus ceannairí óige na hEorpa tagtha le chéile in CESE

Cillian Lohan, Frans Timmermans, Stefan Rahmstorf and Youth representatives

Sa tuairim ó CESE a bhaineann le rannpháirtíocht struchtúrtha na hóige maidir leis an aeráid agus an inbhuanaitheacht i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, moladh go gcuirfí Cruinniú Comhchéime na hÓige maidir leis an Aeráid agus an Inbhuanaitheacht ar bun, a reáchtálfadh CESE in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus eagraíochtaí óige.

Ní mór don gheilleagar, don chomhshaol agus d’fholláine daoine a bheith fite fuaite le chéile san Aontas sa ré iar-COVID

Is féidir leis an rathúnas eacnamaíoch, cúram an chomhshaoil agus folláine daoine a bheith fite fuaite le chéile agus ní mór dóibh a bheith amhlaidh. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht a thug Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), Christa Schweng, ag an díospóireacht dar teideal Geilleagar iar-COVID a fheidhmíonn do chách – i dtreo gheilleagar na dea-bhaile? a tionóladh ag seisiún iomlánach CESE an 7 Iúil 2021.

An tairbhe a bhainfeadh an Eoraip as cistiú fónta #NextGenerationEU

Tá straitéis cistiúcháin a fheidhmíonn go maith ríthábhachtach chun airgead a chruinniú le haghaidh théarnamh an Aontais ar na margaí caipitil idirnáisiúnta. Ina thuairim a dhréachtaigh Judith Vorbach agus a glacadh ag seisiún iomlánach mhí Iúil, cuireann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfios go láidir go bhfuil gá le cistiú fónta agus inbhuanaithe, bainistíocht fhónta riosca agus costais ísle iasachtaíochta chun go gcuirfear NextGenerationEU chun feidhme go rianúil.

Má táthar chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht i measc leanaí san Eoraip, is gá cur chuige a shaothrú a chuimseoidh gach cuid den tsochaí

Sna tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún maidir le cearta leanaí, iarrtar ar lucht déanta beartas san Aontas Eorpach agus sna Ballstáit oibriú ar son leas coiteann na leanaí uile atá ag fás aníos san Aontas. Cur chuige uaillmhianach misniúil atá á chur chun cinn leis an dá thionscnamh sa mhéid is go bhféachann siad lena chinntiú go mbeidh saol saor ó leithcheal ag gach uile leanbh agus tá formheas CESE faighte ag na tionscnaimh sin freisin.

Fánaíocht: CESE ag iarraidh go mbunófaí limistéar taraife aonair ar fud an Aontais

Ba cheart an ráta áitiúil a bheith ar fáil do dhaoine agus fón póca á úsáid acu is cuma cén áit a bhfuil siad san Aontas; sin a bhí le rá ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i dtuairim uaidh a glacadh le déanaí maidir le hathchóiriú beartaithe ar rialacha fánaíochta an Aontais.

Tá CESE i bhfabhar beartas trádála Eorpach atá oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach

Leis an straitéis nua trádála a sheol an Coimisiún cuirtear prionsabail rannpháirtíochta ar fáil a chabhróidh leis an Aontas a chuspóirí beartais a bhaint amach san Eoraip agus lasmuigh di. Ina theannta sin, beidh nuachóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) ríthábhachtach chun freastal a dhéanamh ar na glúine atá le teacht.

CESE an-sásta leis an gcéad chruinniú a bhí aige le Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na hAirgintíne

Ba iad Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Gustavo Beliz, Uachtarán Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta (CES) na hAirgintíne, a rinne cathaoirleacht ar an gcéad chruinniú idir CES na hAirgintíne agus CESE, cruinniú a d’eagraigh Rannóg REX.

Ní mór gné sheachtrach na himirce a bheith fréamhaithe i mbeartas eachtrach an Aontais

Is beartas lárnach é comhpháirtíochtaí tallainne a chruthú le tíortha tionscnaimh agus idirthurais chun aghaidh a thabhairt ar an imirce. Ní mór don Eoraip díriú ar ghné sheachtrach an bheartais imirce a athrú chun go mbeadh an ghné sin mar chuid de chlár oibre geopholaitiúil agus geo-eacnamaíoch níos leithne, clár a mbeidh áit chuí aige i measc beartais eile.

Na fostóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar aon intinn gur mithid gníomhú go práinneach in aghaidh an athraithe aeráide

Is céim ríthábhachtach í Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide chun aeráidneodracht agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a bhaint amach faoi 2050. Tacaíonn sochaí shibhialta na hEorpa go láidir le tiomantas an Choimisiúin iarrachtaí a neartú maidir leis an díonadh ar an athrú aeráide, an fhorbairt athléimneachta, an chosaint agus an ullmhacht.

An t-iompar lastas ilmhódach: cuirimis i bhfeidhm é!

Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfar sineirgí AE idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis a chur chun feidhme go pras

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis atá beartaithe. Is féidir leis an bplean gníomhaíochta cur le neamhspleáchas straitéiseach agus ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa, slándáil na saoránach a fheabhsú agus dlús a chur le hiomaíochas, fás eacnamaíoch agus fostaíocht. Dá bhrí sin, tá CESE á iarraidh an 11 ghníomhaíocht a leagtar amach sa phlean a chur chun feidhme go mear, go láidir agus go huaillmhianach.

News from the Groups

Tá Ionstraim Dhigiteach Tuaithe á iarraigh ag Grúpa na bhFostóirí in CESE

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Ag a chruinniú urghnách i mí Iúil, thathain Grúpa na bhFostóirí ar Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht, Ionstraim Dhigiteach Tuaithe a mholadh.

D’fhágfadh Ionstraim Dhigiteach Tuaithe go bhféadfaí teicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt in earnáil na talmhaíochta agus sna ceantair tuaithe, rud a chuirfeadh feabhas ar éifeachtacht an Chomhbheartais Talmhaíochta agus a thacóidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le straitéisí ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’.

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: an dóchas agus na rioscaí do thodhchaí a bhféadfadh deireadh a theacht léi ró-luath

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Gan dabht ar bith is ócáid ar leith í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, cloch mhíle, agus fíor-réimse poiblí Eorpach a bhfuil géarghá leis, á chruthú. Is den riachtanas é teagmháil a dhéanamh le saoránaigh, rannpháirtiú na sochaí sibhialta, na gceardchumann agus na n-eagraíochtaí gnó, chun go n-éireoidh léi. Is iad na saincheisteanna atá le plé, idir dhaonlathas na hEorpa agus cheartas sóisialta, idir phoist agus an comhshaol, idir imirce agus an t-athrú aeráide, ceisteanna atá mar dhúshláin mhóra don lá atá inniu ann agus do thodhchaí ár mór-roinne agus ár dtíortha.

An bhaincéireacht agus an t-airgeadas mar ghnéithe ríthábhachtacha don atógáil agus don téarnamh inbhuanaithe i ndiaidh phaindéim COVID-19

Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE

Bhí an Coimisinéir Mairead McGuinness i láthair ag an gcruinniú urghnách deireanach den Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir le ról an airgeadais agus na baincéireachta i dtéarnamh na hEorpa.

Le linn a aithisc fáilte, mhol Séamus Boland, Cathaoirleach an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’, gur cheart machnamh a dhéanamh ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag córais bhaincéireachta thraidisiúnta agus mhalartacha sa téarnamh airgeadais, go háirithe ar mhaithe le gnólachtaí beaga a dhíríonn ar leas ghinearálta na sochaí, earnáil an gheilleagair shóisialta agus FBManna. Leag Cathaoirleach an Ghrúpa béim ar an ngá atá ann aistriú chuig córais airgeadais agus bhaincéireachta lena dtugtar aird níos mó ar roghanna na saoránach.

Soon in the EESC/Cultural events

Foilseachán nua: An Eoraip a Mhúnlú: an méid atá bainte amach ag CESE le déanaí – Eagrán 2021

Ó thús na paindéime, bhí ról gníomhach ag CESE i múnlú beartas a bhaineann leis an bhfreagairt ad hoc ar ghéarchéim COVID-19 agus le lámh in uachtar a fháil ar an ngéarchéim sin. Ag an am céanna, d’éirigh leis an gCoiste cur chuige fadtéarmach agus réamhbhreathnaitheach a chothabháil agus é ag obair chun geilleagair agus sochaithe a ullmhú don domhan iar-COVID-19. Leis an bhfoilseachán seo, tugtar léargas duit ar roinnt samplaí de na gníomhaíochtaí agus tionscnaimh a rinne CESE le déanaí a bhfuil difear déanta acu agus tionchar imeartha acu ar mhúnlú na hEorpa.

Tá an bróisiúr seo le fáil i sé theanga (EN, FR, DE, IT, ES agus PL) ar shuíomh gréasáin CESE https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/publications-other-work/publications/shaping-europe-recent-eesc-achievements-2021-edition.

Is féidir cóip chrua a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig vipcese@eesc.europa.eu. (fgr)