Antoine Fobe a scríobh

Tá na toghcháin Eorpacha ag teannadh linn agus molaimid (Aontas na nDall san Eoraip) don lucht leanúna atá againn a vóta a chaitheamh, is cuma cé chomh deacair is atá sé sin i gcónaí, ach déanamh amhlaidh agus iad ag cuimhneamh ar an aird a thugann na hiarrthóirí agus na páirtithe ar an gcuimsiú i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiúnta Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Ní mór do na saoránaigh a bhfuil lagú radhairc orthu an méid atá uathu a chur in iúl.

Glór na ndall agus na ndaoine a bhfuil lagú radhairc orthu san Eoraip is ea Aontas na nDall san Eoraip (ADE). Bímid ag obair ar mhaithe le sochaí inrochtana chuimsitheach a bhaint amach, a mbeadh comhionannas deiseanna ann do na daoine a bhfuil lagú radhairc orthu rannpháirt iomlán a ghlacadh i ngach gné den saol. Is gné ríthábhachtach den scéal, gan amhras, an rannpháirtíocht pholaitiúil, mar cuireann sí ar chumas na saoránach a bhfuil lagú radhairc orthu beartais agus reachtaíocht a thacaíonn leis na daoine atá faoi mhíchumas a chur chun cinn trí bhíthin na vótála agus an ghníomhaithe pholaitiúil.

Anois agus toghcháin 2024 Pharlaimint na hEorpa ar na bacáin, is tábhachtach agus is mithid plé a dhéanamh ar rannpháirtíocht na ndaoine atá faoi mhíchumas, i gcáil vótálaithe agus iarrthóirí araon.

De réir thuarascáil 2019 ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), baineadh an ceart vótála de thuairim is 400,000 duine atá faoi mhíchumas sna toghcháin Eorpacha deiridh. Is lú ná 5 % an líon d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a bhfuil míchumas orthu.

Le haghaidh na dtoghchán atá ar tí tarlú san Eoraip, iarrann ADE, arís eile, sa Ráiteas uaidh maidir leis na toghcháin Eorpacha, caighdeán a leagan síos maidir le hinrochtaineacht na vótála (nósanna imeachta vótála), agus inrochtaineacht na faisnéise toghcháin (áiseanna agus ábhair na bhfeachtas toghchánaíochta, cláir na bpáirtithe polaitíochta), mar aon le comhionannas i dtaca leis an gceart seasamh i dtoghchán.

Dírímid ar thoghcháin Pharlaimint na hEorpa mar níl inniúlacht ag an Aontas Eorpach ach amháin maidir leis na toghcháin Eorpacha, rud a bhaineann le saoránacht an Aontais. Sna réimsí a bhfuil inniúlachtaí ag an Aontais iontu, ba chóir dó comhionannas a áirithiú ó thaobh na gceart de do na daoine atá faoi mhíchumas. Mar sin féin, ós rud é gur faoi inniúlacht na mBallstát atá sé i gcónaí na toghcháin a reáchtáil, bheadh tionchar ag an dea-chleachtas ar leibhéal an Aontais ar na toghcháin eile go léir.

Ar an drochuair, tá sé rómhall anois eiseamláir a dhéanamh de thoghcháin Eorpacha na bliana seo. Ní easpa spéise ó thaobh na Parlaiminte de is cúis leis seo, a mhalairt ar fad: mhol an Pharlaimint athchóiriú ar dhlí toghcháin an Aontais i mí na Bealtaine 2022, agus béim leagtha aici ar chearta na ndaoine atá faoi mhíchumas vóta a chaitheamh ar a gconlán féin agus faoi rún, mar aon le hinrochtaineacht na vótála poist agus na bhfeachtas polaitiúil. Níor thug Comhairle an Aontais Eorpaigh freagra ar an togra sin fós, faraor. 

Don chéad tréimhse cúig bliana eile a bheidh ag reachtóirí an Aontais, iarrann ADE ar Fheisirí nuathofa na Parlaiminte leanúint den bhrú ar an gComhairle an t-athchóiriú atá beartaithe a ghlacadh agus dul chun cinn nithiúil a dhéanamh in am do thoghcháin 2029. Is féidir linn brath ar thacaíocht CESE, dream a d’iarr cheana féin in 2020 tionscnamh reachtach foirmiúil ar Pharlaimint na hEorpa d’fhonn fíorchearta vótála a áirithiú sna toghcháin Eorpacha do na daoine atá faoi mhíchumas. Is féidir linn brath freisin ar thacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh a d’fhoilsigh an Nollaig seo caite ‘Treoraíocht maidir le dea-chleachtais thoghchánacha’ agus atá i mbun oibre faoi láthair ar choimre ar chleachtais ríomhvótála agus úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide sna toghcháin, dhá ábhar a thugann aghaidh ar ghnéithe den inrochtaineacht.