Le Kristýna Bulvasová

I saol éiginnte na linne seo ina bhfuil creidimh sheanbhunaithe ag titim as a chéile, agus gur údar deigilte seachas údar aontais atá sna luachanna a bhíodh i gcoiteann againn, ní mór deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a bheith rannpháirteach dáiríre sa tsochaí agus sinn ag dul i ngleic leis an iliomad fadhbanna atá ag imeacht as smacht sa saol. Léiríodh go soiléir sa phlé a rinneadh le linn na comhdhála YEYS 2025 nach ann d’aon ábhar amháin a d’fhéadfaí ‘ábhar na n-óg’ a thabhairt air agus go bhfuil imní ar dhaoine óga, agus ní gan ábhar, faoi na fadhbanna éagsúla go léir atá ann, e.g. comhrac na caimiléireachta, cur chun cinn an chomhionannais, conas dul i ngleic leis an athrú aeráide. Seo a scríobh dalta de chuid na Seicia, Kristýna Bulvasová, a ghlac páirt sa chomhdháil Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS).

Mar dhuine óg de ghlúin Z, is go rímhinic a chuala mé á rá go bhfuil ‘fadhbanna nach bhfacthas riamh roimhe seo le réiteach ag an nglúin óg’ agus gur ‘faoi do cheannaireachtsa atá sé cabhrú leis na dúshláin atá ann a fhreagairt’.  Ní beag an bhearna bhaoil a gcaithfear dul ann, ach is mór iad na dúshláin atá le sárú freisin: cúlú an daonlathais ar ráta nach bhfacthas cheana, ár sochaithe a bheith deighilte i dtaobh na luachanna a bhíodh i gcoiteann againn tráth, na creidimh agus na córais seanbhunaithe a bheith ag titim as a chéile, sin agus méadú ar an éiginnteacht.

Fágann na caighdeáin arda a mbítear ag súil leo go gcuirtear brú mór ar dhaoine óga agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar eagraíochtaí iad atá ar bheagán airgid, agus ar an ról tábhachtach atá acu siúd i múnlú luachanna na hóige, agus ar na córais oideachais freisin. Ba cheart go mbeadh sé d’acmhainn i gcóras an oideachais fhoirmiúil na scileanna agus na huirlisí a theastaíonn ó dhaoine óga a thabhairt dóibh le go bhféadfaidh siad fadhbanna a réiteach agus a bheith ina gceannairí i saol ár linne agus sa saol atá romhainn. Tá eagla orm go bhfuil a lán de na córais oideachais atá ann ródhocht chun dúshláin an 21ú haois a shárú, agus go bhfuil ag teip ar na scoileanna oideachas a sholáthar i réimse an athraithe aeráide agus i gcúrsaí sláinte cuimsitheacha, bíodh an mheabhairshláinte nó an t-atáirgeadh i gceist. Ina theannta sin, níl an teicneolaíocht úrscothach atá de dhíth ag na scoileanna ná ní thugtar an rochtain chuí do ghrúpaí leochaileacha.

Fiú amháin an cheist maidir le cé a mheastar a bheith leochaileach, is ceist pholaitiúil anois í, nó níos measa fós táthar ag baint leas aisti mar uirlis troda, rud a chuireann brú breise ar na daoine is lú acmhainn nár cheart a fhágáil ar lár.

Níl comhaontú inár sochaithe a thuilleadh maidir le cad is leochaileacht ann ná conas í a aithint, rud a fuair mé taithí air mé féin agus mé ag stiúradh ceardlainne i scoil gar do theorainn na Seicia-na Slóvaice, nuair a phléamar an bhearna phá idir fir agus mná agus na héagothromaíochtaí eile a bhaineann le hinscne. Deargiontas a rinne na daltaí agus na múinteoirí den ábhar, agus dhiúltaigh siad scun scan don smaoineamh go bhfuil aon éagothromaíochtaí inár sochaí. Fágann an sampla sin go gcreidim go dteastaíonn tuilleadh plé agus forbairt acmhainní maidir leis na leochaileachtaí agus an éagothroime atá ann, gan beann ar aoisghrúpaí.

Is aisling dho-aimsithe i gcónaí é rochtain chomhionann a thabhairt ar an oideachas agus ar dheiseanna don óige, agus áirím freisin mná agus cailíní faoi mhíbhuntáiste, daoine faoi mhíchumas agus daoine óga ó chúlraí imirce. Más é an sprioc atá i gcoiteann againn bunchloch dhaingean a chur ar fáil do dhaoine óga le go bhféadfaidh siad a lánacmhainneacht a bhaint amach agus a n-aislingí a fhíorú, níor mhór dúinn tosú ar bheart a dhéanamh láithreach. Ní rud simplí é réiteach a mholadh, ach dá neartófaí na naisc atá ag na Ballstáit leis na sochaithe sibhialta, go háirithe leo siúd a oibríonn i réimse an oideachais neamhfhoirmiúil, d’fhéadfaí bearnaí a líonadh tar éis dóibh a chinneadh cé na réimsí is leochailí atá ann. Trí chur le scileanna na múinteoirí agus na n-oibrithe óige uile le go bhféadfaidh siad acmhainn an phobail a chruthú, d’fhéadfaí creat a chur ar fáil le haghaidh roinnt de na réitigh chórasacha spriocdhírithe.

Is í an tsochaí shibhialta a dhéanann an rannpháirtíocht ghníomhach shibhialta a spreagadh, ach is íseal na rátaí atá ann go fóill maidir le rannpháirtíocht daoine óga sa chinnteoireacht agus sa rialachas daonlathach. Tá bearna shoiléir idir na mianta atá ag daoine óga agus na spásanna agus na deiseanna atá ar fáil acu chun na mianta sin a fhíorú. Ní leor toghcháin chun na torthaí inmhianaithe a bhaint amach, toisc gur deacair fós cur i gcoinne an chultúir pholaitiúil agus na bréagaisnéise i roinnt tíortha. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé i gcás nach gcaitear vóta nach bhfuil tuairim ag duine nó nach bhfuil fadhbanna ann le réiteach. Chun an tsaoránacht ghníomhach a spreagadh, ní hamháin go bhfuil ar dhaoine óga taithí dhearfach a fháil ar an ngníomhaíocht dhaonlathach ach teastaíonn torthaí nithiúla uathu freisin – gan aon chur i gcéill, gan aon roghnaíocht, gan a bheith ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine óga go bhfuiltear á gcur san áireamh nuair nach bhfuil (youthwashing). Tá gach dóchas agam go mbeidh na Ballstáit in ann na spásanna sin a chruthú agus go ndéanfar níos mó ná díreach go mbeidh ar dhaoine óga fanacht go mbeidh an deis acu páirt fhóinteach a ghlacadh sa tsochaí agus i bpróiseas an chomhchruthaithe. Ach ní i gceann trí bliana, cúig bliana ná deich mbliana ba cheart dá leithéid tarlú. Caithfear tabhairt faoin athrú láithreach bonn le nach méadóidh an deighilt sa tsochaí a thuilleadh.

Le linn na comhdhála Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS 2025), bhí sé de phléisiúr agam páirt a ghlacadh i ndréachtú molta amháin a bhaineann go sonrach leis an athrú aeráide, óir creidim féin go bhfuil na trí ghéarchéim atá ag titim amach ar an domhan seo againne ar cheann de na dúshláin is mó atá le sárú ag an gcine daonna. Ar cheann de na cúig mholadh a rinne YEYS bhí straitéis chomhleanúnach maidir leis an athrú aeráide a fhorbairt don Eoraip; ar na moltaí eile bhí an comhrac i gcoinne an éillithe tríd an trédhearcacht agus rannpháirtíocht na hóige, an tsaoránacht ghníomhach, an comhionannas agus an smaoineamh go bhfuil ‘suíochán tuillte ag an aos óg’. Toisc go bhfuil an moladh sin ar an liosta a formhuiníodh, is léir gur dúshlán ríthábhachtach é dar linne a d’fhreastail ar an gcomhdháil agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt air. Mar sin féin, is léiriú iad na moltaí sin ar dhearcadh grúpa daoine óga a bhfuil roinnt mhaith cumhachta acu cheana féin agus ní féidir glacadh leis gur sampla ionadaíoch iad den dream óg i ngach uile Bhallstát. D’fhéadfadh sé go raibh daoine áirithe den tuairim go bhfuil an moladh áirithe sin ar an moladh is tábhachtaí a rinne rannpháirtithe na comhdhála, ach ba cheart a thabhairt faoi deara gur rangaíodh é ar an moladh deireanach ar an liosta in ord tosaíochta. Rud is féidir a thuiscint as an liosta nach bhfuil aon ábhar amháin ann a bhféadfaí ‘ábhar na hóige’ a thabhairt air. Tá imní ar dhaoine óga faoi na saincheisteanna go léir atá ag cur isteach ar an tsochaí trí chéile agus is clár oibre leathan trasearnála atá i gclár oibre na hóige.

Tuigeann roinnt daoine óga an tábhacht a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus an inbhuanaitheacht, ach níl sé d’acmhainn ag daoine óga eile tosaíocht a thabhairt don ábhar sin toisc gur ag streachailt atá siad chun a mbunriachtanais a shásamh. Luaigh mé na trí ghéarchéim atá ag titim amach ar domhan agus go bhfuil sé sin ar cheann de na mórdhúshláin atá le freagairt ag an gcine daonna. Mar sin féin, má smaoinímid go gcaithfear dul i ngleic leis na saincheisteanna móra go léir i gcomhthráth, agus mura ndéanfar sin nach mbeidh éifeacht leis an réiteach, athraíonn an scéal. De thoradh an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus toisc go bhfuil ar an Aontas troid ar son an iomaíochais dhomhanda, tá aird á tarraingt ar phróisis an aistrithe agus moill á cur orthu freisin. I ndeireadh an lae, níl an dara domhan againn ná ní bheidh ag na glúnta inár ndiaidh chun na saincheisteanna sin a réiteach, agus ní féidir linn dul sa seans a thuilleadh acmhainní uile an domhain a ídiú.

Is mian liom tagairt arís don bhearna bhaoil a luaigh mé. Ba cheart go mbeadh an t-aos óg ina iomláine, daoine den uile chineál, fós in ann tairbhe a bhaint as a n-óige agus as na pribhléidí, na dúshláin agus an áilleacht go léir a bhaineann leis an tráth sin dá saol. Tugadh le fios, áfach, i dtuarascáil a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe le deireanas go bhfuil meath tagtha le deich mbliana anuas ar cé chomh sásta agus atá daoine fásta óga lena saol. Fiú amháin agus dúshláin mhóra le sárú againn, creidim go diongbháilte go bhfuil seans maith againn na saincheisteanna práinneacha atá ann a réiteach agus feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil do chách más féidir linn an t-aos óg a spreagadh trí na torthaí nithiúla a bhíonn ar a gcuid gníomhaíochtaí.

Kristýna Bulvasová ina ball de Líonra Eorpach na hÓige ar son na Forbartha Inbhuanaithe. Ba Thoscaire ar son na hÓige í ar an gComhdháil um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha i gComhairle na hEorpa (CLRAE) agus ar thoscaireacht na Seicia sna Náisiúin Aontaithe. Bhí sí ina hurlabhraí ar Fhóram Óige na Seicia-na Gearmáine agus tá sí fós rannpháirteach i gcur chun cinn an chomhair idir an tSeicia agus an Ghearmáin. Is gníomhaí i réimse na hóige í Kristýna atá dírithe ar an oideachas agus ar an inbhuanaitheacht sa todhchaí, agus is í atá i gceannas ar an eagraíocht neamhrialtasach Mladí občané (MOB) sa tSeicia agus tá sí ag cur deireadh lena cuid staidéir in Ollscoil Karlova i bPrág agus in Ollscoil Regensburg. Chomh maith leis an bpáirt ghníomhach a ghlac Kristýna in YEYS, bhí sí ar dhuine de na cainteoirí a labhair le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta in CESE sa seisiún Foresight for inclusive just transition and green-blue growth.