D’fhonn tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an nuálaíocht agus ar chineálacha cur chuige nua i réimse na meabhairshláinte, d’fhorbair Fondúireacht Lilinkoti na Fionlainne cluichí dar teideal The World of Recovery – is cluiche ar líne ceann acu agus is cluiche cláir an ceann eile. Ról-imirt atá i gceist iontu araon agus ní mór do na himreoirí ról carachtair ar leith a ghlacadh chucu féin. Suite i ndomhan lándóchais sa todhchaí, is é is aidhm do na cluichí na comharthaí téarnaimh a chothú. Dírítear orthu siúd atá ag teacht chucu féin tar éis fadhbanna meabhairshláinte agus mí-úsáide substaintí, ach ar ghairmithe na réimse sin freisin. Dar le Reetta Sedergren agus Venla Leimu, ionadaithe Lilinkoti, ba mhór an seans go gcuirfí feabhas ar fhadhbanna meabhairshláinte trí chluichí a imirt ach ní bhaintear triail mórán, áfach, as cluichí a úsáid. 

Cad a spreag thú chun tús a chur le do thionscadal? 

Roinnt blianta ó shin, bhraitheamar i bhfondúireacht Lilinkoti go raibh neart féidearthachtaí ann don nuálaíocht agus do chineálacha cur chuige nua i réimse na meabhairshláinte. Ba chéim mhór chun cinn don réimse an bhéim a bhí ar theiripí atá dírithe ar an téarnamh, ach ní raibh dóthain uirlisí nua-aimseartha agus nuálacha ann chun iad a chur chun feidhme. Bhí taithí againn san eagraíocht, ar feadh na mblianta, ar bheith ag obair le daoine a bhí ag teacht chucu féin tar éis fadhbanna meabhairshláinte, agus rith smaoineamh linn: céard faoi uirlis nua-aimseartha a chruthú lena bhféadfaí an mheabhairshláinte a fheabhsú – cluiche digiteach a imrítear agus tú i ról carachtair ar leith. 

Cén chaoi ar glacadh le do thionscadal? An bhfuair tú aiseolas ó na daoine ar chuidigh tú leo?   

Bhí baint ag daoine a bhí ag teacht chucu féin tar éis fadhbanna meabhairshláinte agus ag gairmithe le forbairt na gcluichí World of Recovery agus aiseolas leanúnach ar fáil ó thús go deireadh an phróisis deartha dá bharr, rud a chuir leis an toradh deiridh. 

Fuaireamar aiseolas pearsanta thar a bheith dearfach gan ainm ó imreoirí an dá chluiche. Cuir i gcás, dúirt níos mó ná 90 % de na freagróirí gur chuir an cluiche ar líne lena bhfolláine agus gur chabhraigh sé leo a bheith gníomhach, agus gur chuidigh an cluiche ról-imeartha leo lena scileanna sóisialta.  

B’fhéidir gurbh iad an gáire agus na comhráite faoi mhothúcháin, dúshláin agus láidreachtaí an t-aiseolas ab fhearr, sin agus an bealach a thug na cluichí na himreoirí le chéile, beag beann ar róil ná cúlra. 

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna

Is iomaí buntáiste a bhaineann le bheith ar línte tosaigh na nuálaíochta. Tá sé fíorspreagúil agus tá tú páirteach i rud éigin nua. Glac leis, ná cuir srian leis an rud. Déan an rud is dual duit, bí fiosrach agus éist le tuairimí gach duine. Thar aon ní eile, na daoine sin a bhfuil biseach tagtha orthu agus iad ina saineolaithe mar gheall ar an taithí atá acu, lig dóibh páirt a ghlacadh sa phróiseas deartha. Agus cluichí á ndearadh agat, ní mór duit bheith réidh le déileáil leis na gairmithe a chuirfidh ina gcoinne. Ní hannamh i réimse na meabhairshláinte go meastar cluichí a bheith díobhálach nó go meastar go n-éireoidh daoine an-tugtha dóibh. Ná tagadh lagmhisneach ort! Bí misniúil, cruthaitheach agus glac fís chugat féin. 

Cén chaoi ar féidir le cluichí ríomhaireachta agus físeáin feabhas a chur ar an meabhairshláinte? I do thuairimse, ar cheart níos mó úsáide a bhaint astu i gcóireáil saincheisteanna meabhairshláinte? 

D’fhéadfadh cluichí ríomhaireachta agus físeáin, agus go háirithe cluichí ról-imeartha, feabhas ollmhór a chur ar fhadhbanna meabhairshláinte. Ós rud é go bhfuil líon scanrúil daoine thíos le fadhbanna meabhairshláinte, tá bealaí nua ilghnéitheacha go mór de dhíth orainn chun cúrsaí meabhairshláinte a neartú. Is bocht an scéal é nach ndearnadh acmhainneacht na gcluichí a chíoradh a thuilleadh. Ní easpa spéise is cúis leis sin ach easpa cistiúchán leordhóthanach. Ní furasta an rud é cluichí maithe a fhorbairt a rachaidh chun sochair do mheabhairshláinte na ndaoine agus is fada an próiseas é. Teastaíonn tuilleadh cistiúcháin uainn, tuilleadh tionscadail chomhfhorbartha agus níos mó gairmithe ó thionscal na meabhairshláinte agus ó thionscal na gcluichí atá ag obair chun an sprioc sin a bhaint amach, sin agus taighde, tá géarghá le taighde.