Le Tetyana Ogarkova

Ba go tromchroíoch a d’fhág mé Cív ag tús mhí an Mhárta i mbliana. Ar mo bhealach chun na Fraince ar feadh dhá lá a bhí mé chun freastal ar shiompóisiam ar an Úcráin. Dá dheasca sin, ní raibh mé in ann freastal ar shearmanas tábhachtach i gCív. Bheadh cara linn, an file Svitlana Povalyaeva, ag Maidan, cearnóg lárnach na príomhchathrach, ag eagrú searmanais le slán a fhágáil dá mac is sine, Vassyl, a thit sa ghleo agus gan é ach 28 mbliana d’aois. Maraíodh a dheartháir óg Roman ar an gcaoi chéanna i samhradh 2022 agus é ag troid ar son réigiún Kharkiv a shaoradh. Bhí sé 24 bliana d’aois.

Chuaigh mé ar bord na traenach, agus snaidhmeanna ar mo phutóga. D’fhág mé mo thriúr leanaí sa bhaile. Níorbh é sin an chéad uair dom ag imeacht thar lear ar feadh tréimhse ghearr le linn an chogaidh. Ach an uair seo fuair an t-uamhan an ceann is fearr orm.

Bhí a fhios agam, i ngarbhaol dhiúracáin bhalaistíocha na Rúise, nach n-oibreodh córas rabhaidh m’fhóin. Ar feadh cúpla lá bheinn 2 000 ciliméadar ón mbaile, gan rochtain ar bith ar fhaisnéis faoi shábháilteacht m’iníonacha. Ni fhéadfainn é a sheasamh.

Dá dteipfeadh ar an gcóras rabhaidh, is amhlaidh a bheadh toisc go mbeadh deireadh curtha ag na Stáit Aontaithe leis an bhfaisnéis don Úcráin, lena n-áirítear chun diúracáin bhalaistíocha ó chríoch na Rúise a bhrath go luath. Bhí cúnamh míleata curtha ar fionraí acu freisin, ag dul chomh fada fiú le bac a chur ar threalamh a seoladh chuig an bPolainn cheana féin.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, d’fhill mé ar an Úcráin. Bhí caibidlíocht idir toscaireachtaí na hÚcráine, Mheiriceá agus na hAraibe Sádaí ar siúl i gcaitheamh an ama sin. Bhí an Úcráin réidh le haghaidh sos cogaidh iomlán láithreach bonn – ar choinníoll go nglacfadh an Rúis páirt ann. Bhí Donald Trump sásta. Cuireadh tús an athuair leis an bhfaisnéis ó Mheiriceá, mar aon leis an gcúnamh míleata a comhaontaíodh le linn rialtas Biden ach bhí an muinín caillte.

Tar éis feall a dhéanamh ar dhaoine, is deacair dul siar.

An mbraitheann an Eoraip mar an gcéanna? Tá deireadh anois le scáth slándála ECAT faoi cheannaireacht Mheiriceá. Tá droim láimhe tugtha ag dream MAGA dúinn. Tá sé beartaithe acu an láithreacht mhíleata agus dhaonnúil san Eoraip a laghdú a mhéid is féidir agus tá an Rúis, an t-ionsaitheoir, á tarraingt amach as leithlisiú taidhleoireachta agus eacnamaíoch acu.

Tá sos cogaidh san Úcráin ag teastáil ó Trump a luaithe is féidir agus ar théarmaí ar bith, rud a thugann le fios nach cuma leis faoi chruachás na hÚcráine. Is é an t-aon rud atá ag dó na geirbe aige ná na costais ar bhuiséad na Stát Aontaithe a íoslaghdú. Ní ghlacann na Stáit Aontaithe páirt a thuilleadh i gcruinnithe amhail na cruinnithe sin a reáchtáiltear ag bunáit Ramstein, agus níl aon chúnamh míleata breise ó na Stáit Aontaithe beartaithe i mbliana.

Ní chuireann sé isteach ar rialtas na Stát Aontaithe más é treascairt na hÚcráine costas na síochána. Molann Toscairí Steve Witkoff agus Keith Kellogg pleananna chun an Úcráin a roinnt ina dhá chuid nó ina dtrí chuid ar leith – díreach mar a rinneadh i nGearmáin na Naitsithe i ndiaidh an chogaidh – amhail is dá mba í an Úcráin an t-ionsaitheoir a chaill an cogadh.

Mar sin féin, tá an Eoraip faoi bhagairt freisin. Má tá sé beartaithe ag Trump líon na dtrúpaí ó na Stáit Aontaithe a laghdú san Eoraip agus má éilíonn sé ranníocaíochtaí 5 % don bhuiséad cosanta ó gach tír ar comhghuaillí de ECAT í, is amhlaidh mar go gcreideann sé gur fadhb Eorpach í cosaint na hEorpa.

Tá an Rúis ag faire. Dar leis an Rúis, ní fórsa cosanta ná díspreagadh ach oiread é ECAT gan ceannaireacht na Stát Aontaithe. Cá fhad a thógfadh sé ‘Eoraip na cosanta’ a thógáil a bheadh in ann tabhairt faoin tslándáil a áirithiú ina haonar? Más ceist ró-theibí í sin, bain triail as an gceann seo a fhreagairt: de mhuintir na hEorpa, cé a rachaidh chun na Stáit Bhaltacha a chosaint má sheolann an Rúis ionsaí tar éis a hoibríochtaí oiliúna sa Bhealarúis i mí Mheán Fómhair 2025?

Ó loic Meiriceá ar an Eoraip, is ríléir cén rogha atá aici: an Úcráin a chosaint láithreach bonn de réir mar a chosnódh sí í féin, nó seasamh in aghaidh arm na Rúise ar a críocha féin lá is faide anonn. Ní bheidh sé éasca an cath seo a chur, ach ní cloí atá i ndán sula gcaitear an chéad urchar.

Ag deireadh mhí an Mhárta, tarraingíodh m’aird ar shuirbhé chun tuairimí phobail na hÚcráine a thomhas. Tá os cionn 80 % de mhuintir na hÚcráine réidh chun leanúint den chomhrac i gcoinne na Rúise, fiú gan tacaíocht ó na Stáit Aontaithe.

Tá sé fós le feiceáil cé mhéad de mhuintir na hEorpa a sheasfaidh linn.