‘Múinimid do dhaltaí nach mór fíricí a fhíorú ach gur cheart tuairimí a phlé go measúil. Dar le Richard Vaško ó Chomhlachas Díospóireachta na Slóvaice (SDA), a bhuaigh Dhuais na Sochaí Sibhialta in CESE maidir leis an bpolarú a chomhrac leis an ‘Oilimpiad um Smaointeoireacht Chriticiúil’, tá an fhíorsmaointeoireacht chriticiúil bunaithe ar an urraim do thuairimí éagsúla. Labhair Richard, ar bhuaigh a thionscadal an chéad duais, linn faoin Oilimpiad agus faoina ríthábhachtach atá sé an smaointeoireacht chriticiúil a mhúineadh i ndomhan deighilte an lae inniu ina bhfuil an bhréagaisnéis i réim.

An bhféadfá cur síos a dhéanamh ar chluiche nó babhta amháin den Oilimpiad um Smaointeoireacht Chriticiúil? An féidir sampla leat de thasc nó de cheist a thabhairt?

Le linn bhabhtaí scoile agus réigiúnacha an Oilimpiaid um Smaointeoireacht Chriticiúil, glacann daltaí páirt i dtrialacha aon uair an chloig go dhá uair an chloig ina bhféachann siad le sraith tascanna a réiteach. Bíonn rochtain iomlán acu ar an idirlíon agus ar uirlisí seiceála fíricí ar líne. Bíonn na tascanna sin dírithe ar litearthacht sna meáin, ar ionramháil agus claontacht a bhrath, ar shonraí agus staidéir a léirmhíniú, ar mhíthuiscintí loighciúla a shainaithint agus ar argóintí na ndaltaí féin a fhorbairt.

Mar shampla, le déanaí, iarradh ar dhaltaí argóint a chur le chéile maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart ceamaraí slándála a shuiteáil i scoileanna chun an tsábháilteacht a mhéadú – rud atá á phlé faoi láthair sa tSlóvaic. I dtasc eile, iarradh orthu anailís a dhéanamh ar fhíseán mearscaipthe TikTok ina gcuirtear teoiric chomhcheilge chun cinn faoi Taylor Swift agus gnéithe tipiciúla na smaointeoireachta comhcheilge a shainaithint. I gcás eile, cuireadh dhá fhíseán rompu agus bhí orthu a chinneadh cé acu díobh a gineadh leis an intleacht shaorga agus cé acu díobh a bhí ina fhíorfhíseán.

Tá gach triail a rinneadh roimhe seo ar fáil go poiblí i Slóvaicis ar www.okm.sk.

Cad ba mhaith leat a bhaint amach leis an Oilimpiad um Smaointeoireacht Chriticiúil? Cad a spreag thú chun tús a chur leis an tionscadal seo?

Tá sé d’aidhm againn cuidiú le daltaí scileanna a fhorbairt chun gur féidir leo smaoineamh ar dhóigh chriticiúil, fhreagrach agus chúramach agus iad ag an aois nuair a thosaíonn siad ag baint úsáid as na meán sóisialta agus as ábhar digiteach. Trí aiseolas rialta a fhaigheann siad tar éis gach babhta agus trí chúrsaí ríomhfhoghlama atá ar fáil lena n-ullmhú, foghlaimíonn daltaí nósanna agus scileanna inaistrithe is féidir leo a chur i bhfeidhm sa saol laethúil. I ndeireadh na dála, is é an sprioc atá againn glúin daoine óga a chothú atá eolach, athléimneach i gcoinne na bréagaisnéise agus atá in ann dul i mbun plé cuiditheach atá bunaithe ar fhíricí.

Is mar fhreagairt ar bhearna chriticiúil inár gcóras oideachais a sheolamar an tionscadal seo; is beag aird a thugtar ar an litearthacht sna meáin agus an smaointeoireacht chriticiúil i gcuraclaim fhoirmiúla fós. Ní fhoghlaimíonn níos mó ná leath de dhaltaí Slóvacacha conas a mheas cé acu atá an t-eolas rompu iontaofa nó nach bhfuil. Ní dhéanann ach 16 % d’aos óg na Slóvaice faisnéis ó na meáin a fhíorú go rialta. Mar thoradh air sin, tá claonadh ag 56 % den daonra teoiricí comhcheilge nó deargbhréaga a chreidiúint. Theastaigh uainn é sin a athrú trí ghníomhaíocht inscálaithe a mbeadh tionchar aige a thabhairt isteach i scoileanna ar fud na tíre.

Cén fáth a measann tú go bhfuil forbairt na smaointeoireachta criticiúla chomh tábhachtach sin sa lá atá inniu ann? An féidir linn an cogadh i gcoinne na bréagnuachta a bhuachan?

Ní rud nua í an bhreagnuacht ach táimid ag maireachtáil anois i ré ina bhfuil ró-ualach faisnéise nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Ós iad na meáin shóisialta an phríomhfhoinse faisnéise do roinnt mhaith daoine óga, is féidir le duine ar bith bréagaisnéis, mífhaisnéis nó fuathchaint a scaipeadh go héasca. Is scil saoil ríthábhachtach anois é foghlaim conas an ró-ualach faisnéise sin a scagadh agus a thuiscint.

Mar sin féin, is cogadh é an cogadh i gcoinne na bréagnuachta nach féidir a bhuachan ina iomláine – bíonn sé de shíor ag athrú. Ach is é an rud is féidir linn a dhéanamh ná na scileanna a thabhairt do dhaoine óga chun gur féidir leo a mbealach a dhéanamh tríd an timpeallacht seo, ceisteanna maithe a chur agus machnamh a dhéanamh sula roinneann siad rudaí ar líne.

An bhfuil aiseolas ar bith faighte agat faoi do thionscadal? An féidir leat sampla a thabhairt?

Bailímid aiseolas mionsonraithe tar éis gach babhta agus is fíordhearfach na freagraí a fhaighimid. Mar shampla, dúirt 93 % de mhúinteoirí ar ghlac a gcuid daltaí páirt san Oilimpiad go gcuidíonn sé le hathléimneacht a ndaltaí a fhorbairt i gcoinne na bréagaisnéise agus i gcoinne cur i gcéill. Thairis sin, ba é +76 an Glanscór Tionscnóra – príomh-mhéadrach lena dtomhaistear sástacht na n-úsáideoirí – a fuaireamar sa bhabhta deireanach. Is scór den scoth é sin.

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí nó cláir den chineál céanna?

Tá gach tír agus comhthéacs éagsúil ó chéile agus is fearr a thuigeann na heagraíochtaí áitiúla cad a oibríonn dá bpobail. Seo a leanas roinnt prionsabal a raibh éifeacht leo inár gcás féin:

Ar an gcéad dul síos, agus is é an rud is tábhachtaí, ní insímid do dhaoine óga cad ba cheart dóibh a bheith ag smaoineamh. Tá an fhíorsmaointeoireacht chriticiúil bunaithe ar an urraim do thuairimí éagsúla. Má bhraitheann daltaí go bhfuil beag is fiú á dhéanamh dá dtuairimí nó go bhfuil fios a ngnó á insint dóibh, éiríonn siad as bheith ag éisteacht. Múinimid dóibh nach mór fíricí a fhíorú ach gur cheart tuairimí a phlé go measúil.

Ar an dara dul síos, tá ríthábhacht leis an inrochtaineacht agus an chuimsitheacht. Más mian linn difear ceart a dhéanamh, is gá oibriú le scoileanna éagsúla seachas scoileanna don scothaicme amháin. Tá ár gclár saor in aisce, go hiomlán ar líne, so-rochtana agus tá sé ar fáil freisin i dteanga an mhionlaigh eitnigh is mó atá againn. I mbliana, tháinig 53 % de na rannpháirtithe ó ard-ghairmscoileanna

Ar an tríú dul síos, is gá an inscálaitheacht a chur san áireamh ón tús agus teicneolaíocht nua a úsáid chun í a bhaint amach. Bainimid úsáid as an intleacht shaorga chun freagraí ceannoscailte a ghrádú, rud a chuireann ar ár gcumas eispéireas oideachais ardcháilíochta a choinneáil gan dul i muinín trialacha ilrogha. Cé go bhfuil dúshláin thromchúiseacha ag baint leis an ré dhigiteach, tá uirlisí cumhachtacha á gcur ar fáil dúinn freisin chun aghaidh a thabhairt orthu.

Richard Vaško ag obair le Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice ó bhí sé 12 bhliain d’aois. Bhuaigh sé Comórtas Díospóireachta Náisiúnta na Slóvaice san ardscoil agus rinne sé ionadaíocht ar an tSlóvaic ag Craobhchomórtas Díospóireachta na Scoileanna Domhanda. Bhain sé céim amach sa Dlí, sa Pholaitíocht agus san Fhealsúnacht in Ollscoil Warwick, an Ríocht Aontaithe, agus na marcanna is airde aige sa rang, agus tá MPhil san Oideachas (Eolas, Cumhacht, Polaitíocht) á dhéanamh aige faoi láthair in Ollscoil Cambridge.

Ó bhí 2021 ann, tá Richard ag obair le Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice, faoinar bhunaigh sé agus faoina gcomhordaíonn sé an Oilimpiad um Smaointeoireacht Chriticiúil. D’oibrigh sé freisin le Foireann Cumarsáide Straitéisí Aireacht Oideachais na Slóvaice (StratCom) agus comhscríobh sé lámhleabhair oiliúna do mhúinteoirí maidir leis an litearthacht sna meáin don Institiúid Náisiúnta um an Oideachas agus an Óige. Bíonn taighde á dhéanamh aige agus eagraíonn sé scoil samhraidh il-eitneach do leanaí faoi mhíbhuntáiste i gcomhar le hInstitiúid Mathias Bel, eagraíocht neamhrialtasach atá dírithe ar mhionlaigh eitneacha agus ar phobail imeallaithe Romacha sa tSlóvaic.