European Economic
and Social Committee
Tá CESE ag obair i gcomhar leis an gCoimisiún chun an tsochaí shibhialta a chosaint
I ndíospóireacht le Michael McGrath, an Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas, agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, thug CESE rabhadh faoi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun iad siúd a sheasann ar son an daonlathais, an cheartais shóisialta agus na gceart bunúsach a chur ina dtost, a lagú agus míchlú a tharraingt orthu. Chuir sé in iúl freisin go bhfuil sé réidh le hoibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun sochaí shibhialta na hEorpa a chosaint agus an polarú a chomhrac.
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ullamh chun ról praiticiúil a imirt i Straitéis an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an tSochaí Shibhialta a bheidh ann amach anseo, straitéis atá á hullmhú chun an daonlathas agus an spás sibhialta a neartú agus chun pobail scoilte ar fud an Aontais a thabhairt le chéile. Agus méadú ag teacht ar na hionsaithe ar ghrúpaí na sochaí sibhialta agus ar na meáin neamhspleácha, tá CESE tiomanta an fód a sheasamh agus cuidiú le bunsraith sochaí saoire agus oscailte a chosaint.
‘Seasann CESE go daingean leis an ngealltanas a thug sé chun an tsochaí shibhialta a chosaint agus a chumhachtú. Ós ionann CESE agus croílár shochaí shibhialta na hEorpa, ní bheimid inar mbreathnóirí éighníomhacha. Cuirfimid go mór i gcoinne iarrachtaí chun an spás sibhialta a lagú. Iarrfaimid go mbeadh tacaíocht níos láidre ann, sin agus cosaint níos fearr agus aitheantas níos fearr do ról na sochaí sibhialta maidir lenár ndaonlathais a neartú,’ a chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i bhfios go láidir ag seisiún iomlánach CESE an 27 Márta, ar lena linn a reáchtáladh díospóireacht ardleibhéil leis an gCoimisinéir McGrath maidir leis an scoilteadh sa tsochaí a réiteach.
Dúirt an tUachtarán Röpke go bhfuil eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gluaiseachtaí pobail ag dul i ngleic, murab ionann is riamh, le cúlú an daonlathais, reachtaíocht shriantach, feachtais chlúmhillte agus cásanna dlí straitéiseacha atá ceaptha an t-easaontú a chur faoi chois agus atá mar chuid d’iarracht níos leithne chun míchlú a tharraingt orthu siúd a thacaíonn leis an daonlathas, leis an gceartas sóisialta agus le cearta bunúsacha, agus iad a lagú.
Ag tagairt dó do na cúisimh a rinne Feisirí áirithe in aghaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil le déanaí, dúirt an tUachtarán Röpke gur chúis mhór imní é go bhfuil ionsaithe den chineál sin á ndéanamh ní hamháin taobh amuigh dár n-institiúidí, ach laistigh díobh chomh maith.
Dúirt an Coimisinéir McGrath go bhfuil cumas uathúil ag CESE cur go mór le hiarrachtaí an Choimisiúin an daonlathas a neartú agus deighiltí sa tsochaí a dhruidim. Dar leis, is é an dóigh is fearr chun dul i ngleic leis an deighilt ná muintir na hEorpa a chumhachtú agus a chur in iúl dóibh go bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu. ‘Más féidir linn é sin a dhéanamh, éireoidh linn ár bpobail, ár sochaithe agus an tAontas a thabhairt níos gaire dá chéile. Cibé rud a dhéanaimid, tá a fhios againn go mbeidh rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta ríthábhachtach i gcónaí.’
Le Straitéis nua an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta, a fógraíodh i gclár oibre 2025 an Choimisiúin, tacófar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine, cosnófar iad agus déanfar iad a chumhachtú.
Cuireadh chun cinn sa díospóireacht freisin na príomhphointí ó Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025 in CESE, arbh é An comhtháthú agus an rannpháirtíocht a threisiú sa tsochaí atá scoilte go mór ba théama di. I measc na gcainteoirí bhí Brikena Xhomaqi, comhchathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh, a chuir príomhtheachtaireachtaí na Seachtaine i láthair; Richard Vaško, buaiteoir Duais na Sochaí Sibhialta ó Chomhlachas Díospóireachta na Slóvaice; agus Kristýna Bulvasová, gníomhaí óige a chuir i láthair na príomh-mholtaí ó imeacht bliantúil CESE ar son na hóige, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS).(ll)