Pléadh ról lárnach na n-amhábhar ag comhdháil ardleibhéil a d’óstáil CESE an 31 Eanáir. Dhírigh an chomhdháil go sonrach ar dhá phríomhghné: an ról ríthábhachtach atá ag amhábhair chriticiúla maidir le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a áirithiú san aistriú glas agus san aistriú digiteach, agus tábhacht na ciorclaíochta i ndáil leis an ngá atá ann margadh a chruthú san Eoraip i gcomhair amhábhair thánaisteacha.
‘Maidir le formhór na n-amhábhar criticiúil, bíonn an Eoraip ag brath go mór ar an gcuid eile den domhan’. Ní mór don Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta chun é a léiriú gur féidir leis an tionscal seo a bheith inbhuanaithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol agus le daoine’, arsa Uachtarán CESE, Christa Schweng. Leag sí béim freisin ar an ngá atá le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt le tíortha atá ar aon intinn leis an Eoraip ar fud an domhain.
Labhair Thierry Breton, An Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, ag an gcomhdháil trí theachtaireacht físeáin. ‘Beidh 60 oiread níos mó litiam ag teastáil uainn faoi 2050 le haghaidh ceallraí feithicle leictrí. Níl aon amhras orm ach go mbeidh an geilleagar ciorclach ina modus operandi nua le haghaidh amhábhar. Uirlis ríthábhachtach eile a bheidh ann a bheidh ar fáil dúinn chun slándáil agus teacht aniar ár slabhraí soláthair a áirithiú. Tá CESE agus an Coimisiún Eorpach ar aon intinn maidir leis seo’, ar seisean.
Chuir Agnès Pannier-Runacher, Státrúnaí na Fraince um Thionscal, in iúl gur saincheist lárnach iad amhábhair chriticiúla le haghaidh neamhspleáchas na hEorpa san aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach atá bunaithe ar shamhail chiorclach. Ós rud é go bhfuil neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa ar cheann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ‘ní mór dúinn a chinntiú nach n-athródh ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise go spleáchas ar na miotail straitéiseacha sin’, a dúirt sí.
Bhí na painéalaithe ar chomhintinn gur cheart don Eoraip ceannaireacht dhomhanda a léiriú sa réimse sin trína caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialtais a ardú go leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh.
‘Tuigeann CESE go rímhaith go bhfuil sé práinneach aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist. Creideann sé go bhfuil na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún ríthábhachtach chun bonn tionsclaíoch an Aontais a chothabháil agus a neartú’, arsa cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha in CESE, Pietro Francesco De Lotto, a rinne cathaoirleacht ar an gcomhdháil.
Mar fhocal scoir, ní mór d’institiúidí poiblí leanúint de bheith ag dul i bpáirt le chéile agus ag gníomhú, agus ní mór don tsochaí shibhialta leanúint de pháirt a ghlacadh.
Bhí an chomhdháil mar chuid de ghníomhaíochtaí CESE maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. (ks)