In ainneoin na n-athruithe atá tagtha ar rioscaí a bhaineann leis an obair de thoradh a digitithe – athruithe faoi deara méadú tobann ar an strus agus ar bhreoiteachtaí atá nasctha leis an traochadh nó ar ghortuithe eirgeanamaíocha agus athruithe faoi deara laghdú beag ar líon na dtionóiscí san ionad oibre – tá an t-idirphlé sóisialta fós ríthábhachtach chun an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair (OSH) a chur chun cinn, sin é atá á chur in iúl ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) sa tuairim uaidh ‘Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair’.
‘Fágann na bearta maidir le OSH a dhéantar tríd an idirphlé sóisialta go gcosnaítear sláinte na n-oibrithe agus, ina theannta sin, go gcuirtear le brabúsacht gnólachtaí agus go laghdaítear costais a bhaineann le cúram sláinte agus neamhláithreacht. Meastar gurb ionann an costas a bhaineann le gortuithe agus tinnis ag an obair agus EUR 476 bhilliún nó 3.3 % den olltáirgeacht intíre san Aontas, arsa rapóirtéir na tuairime Franca Salis-Madinier.
Mar sin féin, tá éagsúlacht ann ó Bhallstát go chéile maidir le cáilíocht an idirphlé shóisialta, rud a fhágann nach ionann, uaireanta, cur i bhfeidhm comhaontuithe uathrialacha arna dtabhairt i gcrích ag na comhpháirtithe sóisialta i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair ar fud an Aontais.
Dar le CESE, ba cheart cur leis an idirphlé sóisialta Eorpach chun cosaint aonfhoirmeach oibrithe uile an Aontais Eorpaigh a áirithiú.
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún Eorpach critéir shoiléire a leagan síos chun a áirithiú go gcuirfear na comhaontuithe arna síniú ag na comhpháirtithe sóisialta chun feidhme sna Ballstáit uile, go háirithe i bhfianaise an bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ina luaitear nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún gníomhú de réir iarrataí na gcomhpháirtithe sóisialta na comhaontuithe a chur chun feidhme.
Mar sin féin, sa bhreis ar an idirphlé sóisialta tairbheach, ní mór creat rialála láidir a bheith ann chun na treoirlínte ginearálta maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair a leagan síos. De réir dealraimh, tar éis iarraidh a fháil ón dá pháirtí shínitheacha, bíonn níos mó éifeachta le comhaontuithe as a dtagann treoracha ón gComhairle toisc go n-áirithítear leo pleananna gníomhaíochta sonracha sna Ballstáit.
Chuige sin, tá CESE ag iarraidh treoirlínte nua maidir le teilea-obair, seasamh níos uaillmhianaí i leith ailse a chomhrac agus treoracha AE maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh (MSDanna) agus le rioscaí síceasóisialta, ar mó de bhagairt d’oibrithe san Eoraip iad ná riamh.
Chuir Grúpa na bhFostóirí in CESE roinnt leasuithe ar an tuairim síos á chur in iúl go raibh sé ina coinne, go háirithe a fhad a bhaineann le hiarrataí ar bhearta rialála nua agus, cuir i gcás, gníomhaíocht bheartaithe an Aontais maidir le MSDanna agus rioscaí síceasóisialta, chomh maith le treoirlínte nua teilea-oibre a dhréachtú.
An tuairim a d’iarr Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, glacadh í ag seisiún iomlánach CESE i mí Eanáir, le 172 vóta ina fabhar, 32 vóta ina coinne agus 70 staonadh. (ll)