Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Tráth a bhfuil cineálacha éagsúla géarchéime agus athraithe ag cur isteach ar shaol na hoibre, is féidir leis an idirphlé sóisialta ról tábhachtach a imirt chun trí phríomhchuspóir a bhaint amach: na hathruithe de thoradh an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus an athraithe dhéimeagrafaigh a thuar agus a bhainistiú; dul chun cinn a dhéanamh maidir le tionóiscí san ionad oibre agus galair cheirde a chosc; an ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Ní mór don Aontas Eorpach bearta rialála nua a ghlacadh agus, nuair is gá, an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn. Ina theannta sin, beidh air treoirlínte a ghlacadh maidir le cásanna ar nós na teilea-oibre, agus an Creat-Chomhaontú Eorpach ó 2002 a thabhairt cothrom le dáta.

Is deis í an phaindéim chun comhacmhainní nua a chruthú chun dul i ngleic le géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus an tionchar a bheidh ag an bpaindéim ar an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a mhaolú. Leis na pleananna téarnaimh, ba cheart a bheith in ann ról na gcomhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit sin ina bhfuil an méid is lú tionchair acu a neartú.

Ní mór faireachán críochnúil a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann leis na galair cheirde, amhail galar croí agus an traochadh, le go bhféadfar bearta iomchuí ar an leibhéal iomchuí a shainaithint a bheadh i gcomhréir leis an gcuspóir ‘Fís Nialais’, is é sin deireadh a chur le básanna a bhaineann leis an obair san Eoraip.

Fágann na bearta maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a dhéantar tríd an idirphlé sóisialta go gcosnaítear sláinte na n-oibrithe, go gcuirtear le brabúsacht gnólachtaí, agus go laghdaítear costais a bhaineann le cúram sláinte agus neamhláithreacht. Meastar gurb ionann an costas a bhaineann le gortuithe agus tinnis ag an obair agus 3.3 % den olltáirgeacht intíre san Aontas (€476 bhilliún), nó breis agus a leath de chistí an phlean téarnaimh.

Sin an fáth ar gá cultúr coisc a chruthú trí oiliúint a chur orthu siúd a bhfuil páirt acu san idirphlé sóisialta, feasacht a mhúscailt faoi rioscaí atá ag teacht chun cinn agus na hacmhainní atá ar fáil a neartú agus a scaipeadh.

Tá caibidlíocht dhépháirteach idir comhpháirtithe sóisialta na hEorpa ríthábhachtach chun fadhbanna a bhaineann leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a réiteach. Uaireanta, áfach, bíonn cur i bhfeidhm comhaontuithe uathrialacha míchothrom i bhfianaise neart coibhneasta an idirphlé shóisialta agus éagsúlacht na gcóras caidrimh thionsclaíoch sna Ballstáit. Sin an fáth a bhfuil gá le rialáil i réimsí áirithe, amhail rioscaí síceasóisialta agus neamhoird mhatánchnámharlaigh. (prp)