D’eisigh CESE tuarascáil le déanaí ina léirítear gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán Aarhus d’fhonn feabhas a chur ar an rochtain atá ag daoine aonair agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ar athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach i ndáil le cúrsaí a bhaineann leis an gcomhshaol. Mar sin féin, cuirtear i bhfáth inti freisin nach leor an rialachán athbhreithnithe.

D’ainneoin gur páirtí é i gCoinbhinsiún Aarhus ó bhí 2005 ann, níl na forálacha maidir le rochtain ar cheartas á gcomhlíonadh go hiomlán ag an Aontas Eorpach go fóill.

I dtuarascáil a glacadh i mí Eanáir, léirigh CESE gur díol sásaimh dó na leasuithe atá molta, ar an iomlán, agus go bhfuil sé den tuairim gur céim chun tosaigh é an rialachán leasaithe atá á mholadh ag an gCoimisiún agus gur uirlis ríthábhachtach é chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme.

Chuir an rapóirtéir Arnaud Schwartz in iúl, áfach, go bhfuil roinnt lúb ar lár sa rialachán nua a d’fhéadfadh na hinstitiúidí Eorpacha a úsáid ionas nach mbeifí in ann iad a thabhairt chun cuntais.

Mar shampla, ní thacaíonn CESE leis an moladh ón gCoimisiún gníomhartha an Aontais, a bhfuil “bearta náisiúnta cur chun feidhme” i gceist leo, a chur as an áireamh toisc gach seans a bheith ann go ndéanfar an rialachán ón gCoimisiún a chur ó bhail nó a mhaolú, dá thairbhe sin.

Anuas air sin, is cúis imní do CESE an t-athchóiriú ar an “sásra um athbhreithniú inmheánach” óir, faoi bhunrialachán Aarhus, chuir an sásra ar chumas eagraíochtaí neamhrialtasacha i réimse an chomhshaoil agóid a dhéanamh i gcoinne ghníomhartha agus neamhghníomhartha riaracháin an Aontais Eorpaigh. Más amhlaidh nach ceadmhach d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta athbhreithniú a dhéanamh go dtí go nglacfaí leis na bearta cur chun feidhme, ní fhéadfaí cuid mhaith gníomhartha agus neamhghníomhartha AE, nó a bhformhór, b'fhéidir, a chur faoi réir athbhreithniú inmheánach.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún rochtain ar cheartas a éascú d’eagraíochtaí uile na sochaí sibhialta chomh maith.

Tá na comhpháirtithe sóisialta ríthábhachtach do shaincheisteanna a bhaineann leis an gcomhshaol, agus ba cheart aitheantas ar leith a thabhairt dóibh maidir le rochtain ar cheartas,” a dúirt Isabel Caño Aguilar, comhrapóirtéir ó CESE, agus béim á leagan aici air sin. “Go bunúsach, chun rochtain ar athbhreithniú breithiúnach a éascú, níor cheart ualaí sa bhreis a bheith ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar nós costais bhreise agus bearta maorlathacha,” a dúirt sí mar fhocal scoir. (mr)