CESE Info: Aimsir na paindéime, tá na bialanna agus na tithe tábhairne dúnta. Cad iad na himpleachtaí atá aige sin do tháirgeoirí bia, do na soláthróirí, do na húinéirí bialainne, do chultúr agus tomhaltas an bhia? Cad é an bealach is fearr chun daoine a thabhairt ar ais ag obair?

Peter Schmidt, Cathaoirleach ar Rannóg NAT: Bíonn brú ar tháirgeoirí bia, ar thionscal próiseála an bhia agus ar na miondíoltóirí bia fiú agus gnáthchúinsí ann. Tá coinne ag gach uile dhuine le soláthar bia leordhóthanach, ar an gcaighdeán is airde, a bheith ann ó dhubh go dubh.

Dea-scéala i measc na ndrochscéalta ón bpaindéim is ea é go bhfeidhmíonn soláthar bia na hEorpa go maith, fiú i dtráth géarchéime. D’fhéadfaí a rá gurb é an slabhra soláthair bia an slabhra soláthair is fearr a bhfuil ag éirí leis le linn na paindéime reatha. Níor tharla sé go raibh na seilfeanna sna hollmhargaí Eorpacha folamh uair ar bith.

Mar sin féin, trí bhíthin na paindéime, scaipeadh solas ar roinnt laigí ar ar tugadh neamhaird roimhe seo. Ba mhaith liom díriú ar thrí cinn de na laigí sin go gonta.

Tháinig fadhb amháin chun cinn go luath maidir le fostaíocht na n-oibrithe fómhair san fheirmeoireacht, agus baineann fadhb eile le struchtúr thionscal na feola.

Sa dá chás, braitheann an táirgeadh ar dhúshaothrú lucht oibre (obair, ar phá íseal, daoine ó thíortha in oirthear na hEorpa agus obair inimirceach nó náisiúnach tríú tír is mó atá i gceist leis sin), agus baintear mí-úsáid as saorghluaiseacht na n-oibrithe san Eoraip agus bíonn brú ollmhór ar phraghsanna táirgí talmhaíochta agus táirgí bia.

Chuir na srianta taistil agus na horduithe dianghlasála isteach ar na slabhraí soláthair sin. Ag an am céanna, nochtadh na dálaí uafásacha faoina bhfuil na daoine sin ag maireachtáil agus a bhfuil siad ag obair fúthu. D’eascair slabhraí ionfhabhtaithe agus ráigeanna den ghalar as na dálaí sin freisin. I gcás thionscal na feola, spreagadh rialtas na Gearmáine chun rialacháin a ghlacadh d’fhonn oibrithe a chosaint.

Is iad earnáil na n-óstán agus earnáil na mbialann, mar aon le tionscal iomlán na turasóireachta ar fud an domhain, an tríú réimse den slabhra soláthair bia atá i mbaol ollmhór.

Sa chuid is mó de na tíortha, tá gnólachtaí fáilteachais dúnta mar gheall ar thoirmisc, cuirfiúnna, srianta taistil agus orduithe dianghlasála ar fud na hearnála. Tá sé ag dul crua ar na mílte cuideachtaí teacht slán as an ngéarchéim, nó tá siad i mbaol a ndoirse a dhúnadh go deo.

Is sna milliúin iad na hoibrithe atá ar scor, ar chláir choinneála nó tar éis a bpoist a chailleadh. Tá athstruchtúrú ar bun ag go leor cuideachtaí óstán agus iad tar éis go leor oibrithe a scaoileadh chun bealaigh. Ní fios cad a tharlóidh amach seo maidir le todhchaí na hearnála agus is dócha gur próiseas fada deacair a bheidh sa téarnamh.

Ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh a luaithe is féidir:

  • glacadh agus cur chun feidhme phlean téarnaimh an Aontais a chinntiú: ní féidir le gnólachtaí ná le hoibrithe fanacht a thuilleadh;
  • an fáilteachas agus an turasóireacht a chur i gcroílár na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta d’fhonn a oiread post agus is féidir a shábháil, tacaíocht airgeadais a thabhairt don earnáil agus féachant le taisteal a théarnamh agus a éascú go pras, ach ar bhealach atá sábháilte agus comhordaithe chomh maith;
  • síneadh ama a chur leis na bearta éigeandála, ar nós scéimeanna oibre gearr-ama, go dtí mí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad, liúntais chothroma do gach cineál oibrí a chinntiú, lena n-áirítear na hoibrithe séasúracha agus sealadacha;
  • íocaíochtaí liúntais ghearr-ama a mhéadú go dtí 100 %;
  • cur chun feidhme agus forfheidhmiú cuí na reachtaíochta Eorpaí is infheidhme maidir le cearta oibrithe trasteorann agus séasúracha, go háirithe an ceart ar phá comhionann d’obair chomhionann san áit chéanna, lena n-áirítear trí chigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirteacha náisiúnta agus trasteorann ar shaothar;
  • múnla nua turasóireachta inbhuanaithe a shaothrú tríd an gComhaontú Glas don Eoraip agus tríd an straitéis ‘Feirm go Forc’.

Níor cheart tacaíocht airgeadais, amhail státchabhair, iasachtaí nó díolúintí ó cháin a dheonú ach amháin do na gnólachtaí:

  • a dhéanann fostaíocht a choimirciú/a chruthaíonn poist chuibhiúla agus a sheasann le cearta an oibrí agus le comhaontuithe cómhargála;
  • nach bhfuil cláraithe i dtearmainn chánach agus a dhéanann a gcion chothrom de chánacha agus de ranníocaíochtaí sóisialta a íoc i gcónaí;
  • atá sásta íocaíochtaí díbhinne, aischeannach scaireanna agus scair-roghanna a chur ar fionraí le linn na géarchéime.