An Buanghrúpa um Fhuinneamh i Rannóg

Tá sé d’aidhm ag an mBuanghrúpa um Fhuinneamh clár oibre CESE maidir le saincheisteanna fuinnimh a nascadh le beartas fuinnimh an Aontais i gcoitinne, agus tá sé i bhfách le ról láidir a thabhairt don tsochaí shibhialta chun a chinntiú go n-éireoidh leis an aistriú fuinnimh.

De bharr rannpháirtíocht an phobail i gceapadh agus cur chun feidhme beartas is mó an fhreagracht a bhíonn ar an bpobal, cuirtear feabhas ar an bpróiseas agus is fearr is féidir cuspóirí beartais an Aontais i dtaca le cúrsaí fuinnimh a bhaint amach. Chun an plé sin a chothú, eagraíonn comhaltaí an Bhuanghrúpa éisteachtaí agus comhdhálacha, agus glacann siad páirt ghníomhach in imeachtaí arna reáchtáil ag páirtithe leasmhara seachtracha.

Bhí ról lárnach ag an mBuanghrúpa um Fhuinneamh maidir le hobair ar thuairimí féintionscnaimh i réimse an fhuinnimh a ullmhú agus a phlé, agus tá líonraí bunaithe aige i gcomhar le saineolaithe fuinnimh agus lucht ceaptha beartas sa Bhruiséil agus níos faide i gcéin. Tá sé tar éis cur go mór freisin le seasamh CESE a neartú mar phríomhghuth ar son córais fuinnimh atá dírithe ar an saoránach.

In 2026, tráth atá éiginnteacht gheopholaitiúil mhéadaithe ann, sin agus borradh faoin tionchar atá ag an athrú aeráide agus praghsanna fuinnimh atá ard go seasta, tá clár oibre á chur chun feidhme ag an mBuanghrúpa um Fhuinneamh atá dírithe ar dhícharbónú tapa a dhéanamh agus an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Tá an t-aistriú chuig fuinneamh glan á chur chun cinn sa chlár oibre sin mar spreagadh don inacmhainneacht, do shlándáil an tsoláthair fuinnimh, don iomaíochas agus do laghdú na bochtaineachta fuinnimh. Lena chois sin, cuirtear le hobair an Choimisiúin Eorpaigh maidir le rialachas an Aontais Fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta.

Ar roinnt de phríomhthosaíochtaí an Bhuanghrúpa tá: gníomhaíochtaí sonracha a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh agus chun suaitheadh a d’fhéadfadh tarlú sa todhchaí a chosc agus béim á leagan sna hiarrachtaí sin ar thomhaltóirí a chosaint agus a chumhachtú; tacú leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus leictriú a tháirgtear ar bhonn intíre (lena n-áirítear do thionscail dianfhuinnimh); córas fuinnimh inbhuanaithe a chur chun cinn, agus bearnaí scileanna agus an gá le scileanna nua á gcur san áireamh.

I measc na dtosaíochtaí breise don bhliain seo tá ról na gcathracha agus na réigiún mar cheannródaithe an aistrithe fuinnimh, foinsí in-athnuaite fuinnimh a bhainistítear go háitiúil a chur ar fáil agus saoránacht fuinnimh a chur chun cinn go gníomhach, chomh maith le cineálacha nua tomhaltais agus táirgthe fuinnimh, agus na húdaráis a bheith níos gaire do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

Downloads

  • TEN Permanent Group on Energy Work Programme for 2026