European Economic
and Social Committee
Breadcrumb
- Home
- Current: Is ceart í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh nach mór a chaomhnú agus a chosaint
Is ceart í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh nach mór a chaomhnú agus a chosaint
Is ceart í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh nach mór a chaomhnú agus a chosaint
Murab ionann is riamh, is é an foréigean is mó atá ag tiomáint na meán sóisialta chun cinn. Dá thoradh sin, tá an baol ann go ndíreofaí foréigean ó bhéal nó foréigean fisiciúil ar na húdaráis éagsúla atá ann, cibé acu údaráis pholaitiúla, phóilíneachta, institiúideacha nó phríobháideacha iad sin. Is cosúil gur féidir an uile rud a rá nó a chosaint ar na meáin shóisialta, is cuma fíor nó bréagach é. Cuir i gcás, níl a bhac ar dhuine atá míshásta a cheapadh go bhfuil láncheart aige an mhíshástacht sin a chur de trí bhuille a bhualadh ar Uachtarán na Fraince fiú amháin.
I ngeall air sin, cár cheart dúinn, dar leatsa i do cháilíocht mar chathaoirleach ar an nGrúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta, an teorainn a leagan síos a fhad a bhaineann le cearta bunúsacha agus saoirsí aonair, ina measc an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh?
Cristian Pirvulescu: bunluach lárnach in aon sochaí dhaonlathach is ea an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Is ceart bunúsach é nach féidir le córas daonlathach feidhmiú dá cheal. Cuid suntais freisin é a thabhairt faoi deara go bhfuil tóir mar dhea ag an uile dhuine, nach mór, ar an daonlathas, fiú amháin iad siúd nach é is aidhm dóibh i gcónaí an daonlathas agus cearta an duine a chosaint do chách.
Mar sin féin, is ceart í an tsaoirse cainte nach dtuigtear sa tslánchruinne go minic. Is iomaí duine a shíleann gur dearbhcheart iomlán í, rud a ligeann dóibh, dar leo, gach amaidí dá dhonacht a chosaint. Uaireanta, má cheadaítear amaidí a scríobh nó a rá, réitíonn sin an bealach don fhoréigean fisiciúil, rud nach féidir glacadh ar bith a bheith leis. Sin é atá feicthe againn le déanaí le linn imeachtaí tragóideacha áirithe, a chuir an cheist faoin gcaoi leis na meáin shóisialta a rialáil i gcroílár na díospóireachta.
Ó thaobh an dlí de, is iad na húdaráis stáit atá freagrach as cearta a fhorfheidhmiú. Is féidir leo srian a chur leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ach is i gcorrchás eisceachtúil agus ar bhealach an-teoranta amháin a fhéadann siad é sin a dhéanamh; i gcás sochaí dhaonlathach, is bearta deargriachtanacha a chaithfidh a bheith i dtreis sular féidir an srianadh sin a cheadú, mar shampla, bearta atá riachtanach don tslándáil náisiúnta, chun coireacht a chosc, sláinte an phobail a chosaint, etc. I stát atá á rialú de réir an smachta reachta, is faoi na breithiúna atá sé díospóidí a chinneadh agus teorainneacha a leagan síos. Ní féidir leis an bhfeidhmeannas, le daoine aonair ná le grúpaí ceart a bhaint amach as a stuaim féin!
Ina leithéid sin de chás, ní hannamh brath mór a bheith ag ceannairí tabhairt faoi shrian a chur leis an tsaoirse cainte d’fhonn teorainn a chur le héilimh agus dúshláin a thagann ón bpobal. In aois seo na meán sóisialta, ní féidir an chinsireacht a chleachtadh a thuilleadh, mar a dhéantaí tráth. Dá réir sin, tá béim na ceiste iompaithe anois go dtí leathbhreac na saoirse cainte, is é sin an ceart chun faisnéise. Sa lá atá inniu ann, is fíordheacair idirdhealú a dhéanamh ar fhaisnéis atá bunaithe ar fhíorais, ar thaobh amháin, agus ar bhréagaisnéis a scaiptear chun críocha éagsúla, ar an taobh eile.
Níl dul á shéanadh ach go bhfuil siad siúd a ghlacann orthu féin an fhírinne a chosaint – mar shampla, iriseoirí imscrúdaitheacha agus cosantóirí chearta an duine – go bhfuil siad anois ar an líne thosaigh. Mura dtaitníonn a gcuid saothair le ceannairí nó le grúpaí áirithe, is fusa anois ná riamh iad a aithisiú ar líne agus a chur in iúl ar na meáin thraidisiúnta agus na meáin shóisialta gur naimhde ag an náisiún iad nó gníomhairí eachtrannacha; ní gá cinsireacht a dhéanamh orthu! Sampla a ritheann liom láithreach is ea an t-iriseoir Daphne Caruana Galizia. Bhí sí faoi réir iliomad imeachtaí dlí ionsaitheacha (“SLAPPanna” mar a thugtar orthu) sular dúnmharaíodh í. Nuair nárbh fhéidir dóibh í a chur ina tost, bheartaigh cuid díobh í a dhúnmharú! I bhfianaise an fhoréigin atá déanta ar iriseoirí san Eoraip, is léire anois ná riamh gur ceart í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh nach mór dúinn a chaomhnú agus a chosaint go tréan sa saol nua seo.