Nicolas Gros-Verheyde: tá baol ann go bhféadfadh Eoraip neamhdhaonlathach teacht chun cinn de dheasca COVID-19

D’fhéadfadh an smacht reachta a bheith ina íospartach comhthaobhach i ngeall ar na bearta atá glactha ag roinnt tíortha san Eoraip ar mhaithe le sláinte an phobail.

Bíodh is gur tháinig COVID-19 gan mhothú orainn ar fad i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2020, lenar éilíodh bearta éigeandála seiftithe a ghlacadh chun dul i ngleic leis, ní hamhlaidh an scéal sa lá atá inniu ann. D’fhéadfadh údar cuí a bheith leis na dianbhearta a glacadh chun srian a chur leis an ngéarchéim sláinte seo. Mar sin féin, ní mór dóibh a bheith níos réamhghníomhaí agus, thar aon ní eile, ní mór iad a rialú ar dhóigh níos daonlathaí. Níorbh amhlaidh an cás go nuige seo.

Formhór an ama, glacann rialtais bearta ar ala na huaire tar éis comhairlí slándála nó coistí comhairliúcháin, nach fios go fóill a gcomhaltas, gan dul i gcomhairle go cuí (ó thaobh faisnéis a chur ar fáil roimh ré agus tréimhse mhachnaimh a bheith ann) leis na comhpháirtithe éagsúla (idir chomhpháirtithe sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla) agus gan aon chinneadh ó pharlaimintí náisiúnta.

Dá dheasca sin, is léir go bhfuil bunphrionsabail áirithe – ón gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) nó ón gCairt um Chearta Bunúsacha – á gcur i leataobh ar feadh tréimhse neamhchinntithe. Tá na cearta chun saoirse comhthionóil agus comhlachais (Airteagal 11 ECHR) á sárú agus á dteorannú ar dhóigh shuntasach. Tá cosc ar an gceart chun tuairimí a nochtadh trí mhodhanna léiriúcháin amhail an scannánaíocht agus an amharclannaíocht. Tá srian suntasach ar an tsaorghluaiseacht: cuirfiú 6 p.m. (sa Fhrainc), údaruithe ag teastáil chun an tír a fhágáil (an Bheilg), etc. Tá srianta géara ar an tsaoirse chun creideamh a chleachtadh (Airteagal 9 ECHR), ar an gceart chun oideachais agus ar an gceart chun obair a dhéanamh (Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Chairt), gan trácht ar an gceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 8 ECHR).

A luaithe a ghlactar na cinntí sin, cuirtear i bhfeidhm iad ar dhóigh thrialach agus cuid mhaith mhór fágtha faoin gcinniúint. Céard is cúis phráinneach ann chun dul thar teorainn agus céard nach ea? Céard is cúis riachtanach ann agus céard nach ea? Is iad na húdaráis phóilíneachta nó fostaithe aerlínte, fiú, atá freagrach as an méid sin a rialú. Is ábhar an-chigilteach é sin.

Is ar éigean a théitear i gcomhairle leis na húdaráis Eorpacha. Mar shampla, níor chuir Páras an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi na rialuithe teorann éagsúla a tugadh isteach sa Fhrainc an athuair, faoi mar a shonraítear i gCód Schengen. Ar an gcaoi chéanna, is beag a bhí le rá ag an bhfeidhmeannas Eorpach i dtaca le bearta na Beilge, ar bearta iad atá thar a bheith leithchealach i leith fhostóirí na hEorpa.

Is cosúil go bhfuil na parlaimintí náisiúnta, cosúil le Parlaimint na hEorpa, i ngreim ag an eagla roimh an ngéarchéim. Tá imní ar gach duine go mbreathnófaí orthu, agus iad ag éileamh go gcomhlíonfaí na rialacha, mar lucht imris ag cur in éadan na cúise náisiúnta seo aimsir chogaidh, mar atá, an comhrac i gcoinne na heipidéime. Mar sin féin, in ainneoin na ndeacrachtaí atá romhainn, nílimid i mbun cogaidh. Thairis sin, níor bhain na rialtais úsáid as an bhforáil sin riamh laistigh den chóras bunreachtúil atá i bhfeidhm acu faoi láthair, agus is foráil í atá dea-rialáilte.

Níor agair ach tíortha áirithe an clásal éalaithe den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, dá ngairtear freisin Airteagal 15. Ní dhearna daonlathais sheanbhunaithe na hEorpa amhlaidh ar chúiseanna siombalacha. Dar le Frédéric Sudre, ollamh emeritus in Ollscoil Montpellier agus duine de na saineolaithe is fearr ar ECHR, is ionann é sin agus fíorchoraintín.

I láthair na huaire tá an pobal ag cur suas leis na sáruithe ar an daonlathas agus na hionsaithe ar an smacht reachta. D’ainneoin a dhofheicthe atá siad, baineann éifeachtaí díobhálacha leo. D’fhéadfaidís a bheith ina gcúis le rachtanna feirge dothuartha agus tallannacha. Sa bhreis air sin, d’fhéadfaí go mbeadh aistriú ann sna chéad toghcháin eile chuig pobalachas níos radacaí dá mbarr. Thar aon ní eile, d’fhéadfaidís argóintí láidre a thabhairt do na daoine sin a chuireann i gcoinne aontacht na hEorpa, lasmuigh agus laistigh den mhór-roinn araon. Níorbh aon chomhtharlú é iompar na Rúise i leith cheann chór taidhleoireachta na hEorpa, Josep Borrell, i Moscó an 5 Feabhra. Is mithid dúinn breith ar ár gciall.

Nicolas Gros-Verheyde

Príomheagarthóir B2 – bruxelles2.eu