Nach méanar dom! Na Cluichí Oilimpeacha i bPáras an naoú huair dom ag freastal ar an ócáid seo. Barcelona 1992 an chéad uair. Ceithre huaire bhí mé i measc na lúthchleasaithe. Ceithre huaire a bhuaigh mé bonn. Cúig uaire a bhí mé ann ar bhealaí eile. Sa lucht féachana uair; i mo bhall den Chónaidhm Idirnáisiúnta um Chrochadh Meáchan uair eile; agus i mo chóitseálaí ar fhoireann náisiúnta Stáit Aontaithe Mheiriceá uair eile fós. Le linn na mblianta seo ag dul ó réimse go réimse dom sna Cluichí Oilimpeacha, is iomaí sin athrú a chonaic mé. Na hionaid ina mbíonn na Cluichí á n-óstáil – sin athrú amháin. Agus is iomaí tréith ag roinnt leis na Cluichí Oilimpeacha faoin am seo nach raibh ann tráth den tsaol. De bharr fhorbairt na teilifíse, tá an lucht féachana in ann teacht i gcóngar na lúthchleasaithe, agus sa lá atá inniu ann, feiceann siad na mothúcháin ar fad greannta ar a gceannaghaidh. Mealladh lucht féachana óg chuig an gclár Oilimpeach nuair a tugadh isteach cluichí nua, agus thug sé léargas dúinn ar chleasa nár chuala muid trácht orthu riamh. Mar sin féin, leis an mbéim atá ar chúrsaí slándála, is maith a thuigimid go bhféadfadh an mí-ádh teacht aniar aduaidh orainn lá ar bith. Ní bréag a rá gur corrach an saol é.

Dá bhrí sin, tá athrú as éadan ar na Cluichí Oilimpeacha. Má tá féin, tá rud buan ann: prionsabail an Oilimpeachais agus aisling na lúthchleasaithe a ghlacann páirt sna cluichí. Tá tábhacht leis na hidéil Oilimpeacha lenár linn féin seachas mar a bhí riamh. Rud eile, is minic meon an Oilimpeachais chun cinn ar mheon na linne. An cuimsiú, tábhacht na héagsúlachta agus an chómhaireachtáil shíochánta – sin iad na coincheapa is sprid agus is spreagadh do na Cluichí Oilimpeacha le fada an lá, agus is amhlaidh a bhí sular raibh baint ag na cumainn mhóra leis an scéal. Is fear spóirt mé féin agus Oilimpeach, agus is rómhaith a thuigim an dua agus an fhulaingt atá ag dul leis an iomaíocht sa spórt ar leibhéal chomh hard sin. Is iad na lúthchleasaithe féin an príomhrud domsa más ea. I gcás go leor de na daoine óga, is é cuspóir atá acu i leith na gCluichí Oilimpeacha a bheith i láthair ar chor ar bith. Sin rud a thugann treoir dóibh ina saol, rud is lón aislinge dóibh. Ar an ábhar sin, agus is fíor dom féin go pearsanta é, ní hé an breathnú ar an scórchlár ná an fhéachaint ar liosta na mbonn an rud is tábhachtaí ar chor ar bith sna Cluichí Oilimpeacha. Ní hea ach an lúcháir agus an briseadh croí, an ríméad agus an mórtas a fheiceáil snoite greannta ar cheannaghaidh na lúthchleasaithe. Tabhair lúcháir agus ríméad air! An dólás agus sileadh na ndeor! An duine ar a sheacht ndícheall le feabhas a chur air féin: sin é atá i gceist leis na Cluichí Oilimpeacha.