Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

SEPTEMBER 2024 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Editorial

Sport values remain timeless: uniting people and countries 

Dear readers,

The EESC took the initiative Stronger together for sport values to endorse the values enshrined in the 2024 Olympic Games in Paris from the civil society perspective. The initiative put into the spotlight the work of the Committee which has always been at the forefront of promoting sport as a positive force for nurturing healthy values across all sections of society. 

Read more in all languages

Sport values remain timeless: uniting people and countries

Dear readers,

The EESC took the initiative Stronger together for sport values to endorse the values enshrined in the 2024 Olympic Games in Paris from the civil society perspective. The initiative put into the spotlight the work of the Committee which has always been at the forefront of promoting sport as a positive force for nurturing healthy values across all sections of society. 

With this initiative, we would like to symbolically raise the idea of truce which was first introduced in the ancient Olympic Games in Greece, dating back to the ninth century. The truce, Ekecheiria in Greek, during the celebration of the games was a period of peace among warring city states, to allow safe participation in the games for the athletes and spectators.

Nowadays, the idea of truce seems more timely than ever given the current fragile geopolitical landscape, where conflict and political turmoil rage across Europe and in other parts of the world.

Further on, we would like to endorse sport values which remain timeless. As Nelson Mandela said, sport can create hope where once there was only despair. The values we are defending have the power to change the world and unite people and countries in a way that brings peace and harmony, where respect and friendship prevail.

In this context we launched a short campaign reflecting the three original values of excellence, respect and friendship, which have evolved over the years, taking into account persons with disabilities.

Organised civil society has advocated for the spirit of building a peaceful and better world by educating youth through sport practiced without discrimination of any kind, requiring mutual understanding with a spirit of friendship, solidarity and fair play.

Articles, graphics, video messages and statements from our members saw publicity on the EESC website and EESC social media platforms since the beginning of the Paris Games. The campaign went on during the Paralympics, highlighting that this great sports celebration leaves a powerful imprint on society, echoing strong messages for equal opportunities and equal treatment.

The sport values in the Paris Games resonate deeply with the European values of freedom, peace, diversity and inclusion. These values should be the guiding principles in our everyday life, where differences and conflicts should be dealt with through dialogue and mutual respect.

The EESC, the house of organised civil society, has always stood up for these values, advocating for a more inclusive, fair and cohesive society, ensuring equality of opportunities and active participation of all its members.

#Paris2024

Respectfully yours, 

Laurenţiu Plosceanu

Vice-President for Communication 

Diary Dates

23 Meán Fómhair 2024 

Gradaim an Aontais don táirgeadh orgánach 2024 

24 Meán Fómhair 2024 

Comhdháil bhliantúil ESG 

17-18 Deireadh Fómhair 2024 

Seimineár ‘Connecting EU’ 

23-24 Deireadh Fómhair 2024 

Seisiún iomlánach CESE agus an Fóram Ardleibhéil maidir le Méadú an Aontais Eorpaigh

Ceist amháin ar...

Cen maitheas atá sna Cluichí Parailimpeacha agus conas a chuidíonn na cluichí sin agus comórtais spóirt eile deireadh a chur leis na constaicí atá roimh dhaoine faoi mhíchumas? 

Read more in all languages

Cen maitheas atá sna Cluichí Parailimpeacha agus conas a chuidíonn na cluichí sin agus comórtais spóirt eile deireadh a chur leis na constaicí atá roimh dhaoine faoi mhíchumas? 

Tugann Pietro Barbieri, comhalta de CESE, cuntas ar stair na gcomórtas spóirt do dhaoine faoi mhíchumas agus faoin gcaoi ar thug an dá eagrán de na Cluichí Oilimpeacha – an ceann a reáchtáladh i Súl in 1988 agus an ceann eile i Londain in 2012 – an t-ugach a bhí ag teastáil leis an dearcadh i leith lúthchleasaithe faoi mhíchumas a athrú. D’fhág sin go raibh an deis ag gach uile dhuine an spórt a chleachtadh, le haghaidh cách. 

GAN A BHEITH CEILTE A THUILLEADH: BEIDH CUIMHNE GO DEO AR CHLUICHÍ OILIMPEACHA SHÚL AGUS LONDAN

Le Pietro Barbieri

Is sa tréimhse i ndiaidh an chogaidh a tháinig an spórt do dhaoine faoi mhíchumas chun cinn mar chuid den leigheas athshlánaithe. Ba chaoi a bhí ann leis an bhfisiteiripe a dhéanamh níos suimiúla agus níos taitneamhaí. Chabhraigh an súgradh agus an spraoi le daoine eolas a chur arís ar aoibhneas an tsaoil, agus bail mhaith orthu arís i gcás ina raibh tráma i gceist, nó iad sa chorp a fuair siad ó bhroinn.

Read more in all languages

Le Pietro Barbieri

Is sa tréimhse i ndiaidh an chogaidh a tháinig an spórt do dhaoine faoi mhíchumas chun cinn mar chuid den leigheas athshlánaithe. Ba chaoi a bhí ann leis an bhfisiteiripe a dhéanamh níos suimiúla agus níos taitneamhaí. Chabhraigh an súgradh agus an spraoi le daoine eolas a chur arís ar aoibhneas an tsaoil, agus bail mhaith orthu arís i gcás ina raibh tráma i gceist, nó iad sa chorp a fuair siad ó bhroinn.

Tá dhá aidhm ar leith i gceist: neamhspleachás an duine a neartú agus cabhrú leis an féiniúlacht fhírinneach mhaith a fháil ar ais. D’fhéadfaí a rá inniu gur athraigh an bhéim ón spraoi a bhí dírithe ar an athshlánú go cumhachtú an duine, is é sin le rá, cumhacht a thabhairt dóibh siúd a bhraith nach raibh aon chumhacht acu nó go raibh a lúth agus a láthar caillte acu – cumhacht a bheith acu orthu féin agus lena gcinntí féin a dhéanamh. Is é sin bun agus barr chearta an duine.

An bealach nádúrtha chun é sin a dhéanamh ná trí íomhá shóisialta daoine – an íomhá a fheiceann daoine eile. Téann bealach an fhéin-téarnaimh díreach isteach sa phobal ina gcónaíonn daoine. Páirt a ghlacadh sa spórt, is caoi é chun cearta bunúsacha agus dínit an duine féin a éileamh.

Turas fada sa dorchadas a bhí ann; bhí ceannródaithe na 1960í ina laochra roimh am. Mar sin féin, ba laochra iad sa turas fada idir an tréimhse sin agus an t-am i láthair. Ba streachailt a bhí ann aitheantas a bhaint amach do chumas lúthchleasaíochta na lúthchleasaithe parailimpeacha.

Ní dhéanfar dearmad go deo ar Chluichí Oilimpeacha Shúl in 1988. Ba é sin an buaicphointe sa troid chun aitheantas a bhaint amach i saol an spóirt, earnáil ina raibh an stiogma a bhain le hidéil an choirp, na gcéadfaí agus na meabhrach chomh seanbhunaithe sin gur chonstaic níos mó a bhí ann ná fiú cuimsiú daoine faoi mhíchumas i saol na hoibre, earnáil ina raibh réamhclaonadh a bhain le neamhtháirgiúlacht i réim. Bhí tábhacht stairiúil leis na Cluichí Oilimpeacha sin toisc go raibh Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha ag iarraidh comórtais a thabhairt isteach do lúthchleasaithe faoi mhíchumas agus go mbeadh na comórtais sin ar siúl ar a seal agus i gcomhthráth le comórtais na ndaoine nach raibh faoi mhíchumas. Ba thurgnamh é nár tharla ach an aon uair amháin, toisc go raibh sé deacair an cur chuige sin a ghlacadh de thoradh fadhbanna eagraíochtúla – go háirithe fadhbanna a bhain leis an inrochtaineacht. Cé gur smaoineamh conspóideach a bhí ann, d’fhág an iarracht sin go bhfuil na Cluichí Parailimpeacha ann inniu, rud a thugann aitheantas ceart d’iarrachtaí lúthchleasaíochta gach lúthchleasaí parailimpeach. Faoi dheireadh, bhí saol cuimsitheach spóirt ann inar féidir le gach duine spórt a chleachtadh, ar mhaithe le cách. Ré úrnua.

Ón uair sin ar aghaidh, ba ghá an spórt parailimpeach a dhéanamh níos tarraingtí don líon mór daoine a lean an spórt ar an láthair nó ar an teilifís. In 1988 in Súl, bhí na tráchtairí teilifíse chomh haineolach sin nach raibh a fhios acu fiú cé na lúthchleasaithe ab fhearr sna comórtais éagsúla. Mar is féidir a shamhlú, ba thubaisteach an toradh a bhí ar an turgnamh. Le himeacht aimsire, chuir na hiriseoirí spóirt eolas ar ghníomhaíochtaí na lúthchleasaithe faoi mhíchumas. Ba chéim thábhachtach a bhí ann maidir leis an scéal a athrú.

Blianta ina dhiaidh sin eagraíodh cluichí tábhachtacha eile le linn Chluichí Oilimpeacha Londan in 2012. Rinneadh eagrú den scoth ar na cluichí, agus bhí feachtas láidir teilifíse sa Ríocht Aontaithe go háirithe. D’fhág sin go raibh na staideanna lán go béal i ngach réimse spóirt. Ba é sin an tráth freisin a bhain lúthchleasaithe áirithe cáil amach – a bhuí leis an insint nua ag iriseoirí ar an scéal, díreach ar nós a gcomhghleacaithe sna Cluichí Oilimpeacha.

Tá an domhan athraithe go mór ó bhí na 1950idí ann. Is buntáiste coiteann de chuid shaol an mhíchumais é an bhraistint nach bhfuil daoine faoi mhíchumas ceilte a thuilleadh. Tríd an scéal seo tá súil againn gur féidir an rud céanna a bhaint amach i ngach réimse de shaol an duine, díreach mar atá luaite i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas: ‘teastaíonn athrú ó bhonn’. In ainneoin gach rud, is cinnte gur tharla athrú dá leithéid.

An t-aoi speisialta

Is é Pyrros Dimas, fear na dtrí bhonn óir Oilimpeacha agus iar-thógálaí meáchan Gréagach, an t-aoi speisialta atá againn agus insíonn sé dúinn cad air a ndíríonn sé agus é ag breathnú ar na Cluichí Oilimpeacha. In ainneoin na n-athruithe ar fad atá tagtha ar na Cluichí Oilimpeacha le himeacht ama, is beag athrú a tháinig ar phrionsabail an Oilimpeachais ná ar mhothúcháin na lúthchleasaithe iomaíocha. 

Read more in all languages

Is é Pyrros Dimas, fear na dtrí bhonn óir Oilimpeacha agus iar-thógálaí meáchan Gréagach, an t-aoi speisialta atá againn agus insíonn sé dúinn cad air a ndíríonn sé agus é ag breathnú ar na Cluichí Oilimpeacha. In ainneoin na n-athruithe ar fad atá tagtha ar na Cluichí Oilimpeacha le himeacht ama, is beag athrú a tháinig ar phrionsabail an Oilimpeachais ná ar mhothúcháin na lúthchleasaithe iomaíocha.

Tá an tUasal Dimas ina Leas-Uachtarán ar Chónaidhm Idirnáisiúnta na Tógála Meáchan agus ina chóitseálaí ar fhoireann náisiúnta na Stát Aontaithe. Bhuaigh sé trí bhonn óir Oilimpeacha agus bonn cré-umha amháin. Bhí sé ina chomhalta de Pharlaimint na Gréige agus ina Uachtarán ar Chónaidhm Heilléanach na Tógála Meáchan.

 

 

An méid a chonaic mé féin ag na Cluichí Oilimpeacha

Nach méanar dom! Na Cluichí Oilimpeacha i bPáras an naoú huair dom ag freastal ar an ócáid seo. Barcelona 1992 an chéad uair. Ceithre huaire bhí mé i measc na lúthchleasaithe. Ceithre huaire a bhuaigh mé bonn. Cúig uaire a bhí mé ann ar bhealaí eile: sa lucht féachana uair; i mo bhall den Chónaidhm Idirnáisiúnta um Chrochadh Meáchan uair eile; agus i mo chóitseálaí ar fhoireann náisiúnta Stáit Aontaithe Mheiriceá uair eile fós. 

Read more in all languages

Nach méanar dom! Na Cluichí Oilimpeacha i bPáras an naoú huair dom ag freastal ar an ócáid seo. Barcelona 1992 an chéad uair. Ceithre huaire bhí mé i measc na lúthchleasaithe. Ceithre huaire a bhuaigh mé bonn. Cúig uaire a bhí mé ann ar bhealaí eile. Sa lucht féachana uair; i mo bhall den Chónaidhm Idirnáisiúnta um Chrochadh Meáchan uair eile; agus i mo chóitseálaí ar fhoireann náisiúnta Stáit Aontaithe Mheiriceá uair eile fós. Le linn na mblianta seo ag dul ó réimse go réimse dom sna Cluichí Oilimpeacha, is iomaí sin athrú a chonaic mé. Na hionaid ina mbíonn na Cluichí á n-óstáil – sin athrú amháin. Agus is iomaí tréith ag roinnt leis na Cluichí Oilimpeacha faoin am seo nach raibh ann tráth den tsaol. De bharr fhorbairt na teilifíse, tá an lucht féachana in ann teacht i gcóngar na lúthchleasaithe, agus sa lá atá inniu ann, feiceann siad na mothúcháin ar fad greannta ar a gceannaghaidh. Mealladh lucht féachana óg chuig an gclár Oilimpeach nuair a tugadh isteach cluichí nua, agus thug sé léargas dúinn ar chleasa nár chuala muid trácht orthu riamh. Mar sin féin, leis an mbéim atá ar chúrsaí slándála, is maith a thuigimid go bhféadfadh an mí-ádh teacht aniar aduaidh orainn lá ar bith. Ní bréag a rá gur corrach an saol é.

Dá bhrí sin, tá athrú as éadan ar na Cluichí Oilimpeacha. Má tá féin, tá rud buan ann: prionsabail an Oilimpeachais agus aisling na lúthchleasaithe a ghlacann páirt sna cluichí. Tá tábhacht leis na hidéil Oilimpeacha lenár linn féin seachas mar a bhí riamh. Rud eile, is minic meon an Oilimpeachais chun cinn ar mheon na linne. An cuimsiú, tábhacht na héagsúlachta agus an chómhaireachtáil shíochánta – sin iad na coincheapa is sprid agus is spreagadh do na Cluichí Oilimpeacha le fada an lá, agus is amhlaidh a bhí sular raibh baint ag na cumainn mhóra leis an scéal. Is fear spóirt mé féin agus Oilimpeach, agus is rómhaith a thuigim an dua agus an fhulaingt atá ag dul leis an iomaíocht sa spórt ar leibhéal chomh hard sin. Is iad na lúthchleasaithe féin an príomhrud domsa más ea. I gcás go leor de na daoine óga, is é cuspóir atá acu i leith na gCluichí Oilimpeacha a bheith i láthair ar chor ar bith. Sin rud a thugann treoir dóibh ina saol, rud is lón aislinge dóibh. Ar an ábhar sin, agus is fíor dom féin go pearsanta é, ní hé an breathnú ar an scórchlár ná an fhéachaint ar liosta na mbonn an rud is tábhachtaí ar chor ar bith sna Cluichí Oilimpeacha. Ní hea ach an lúcháir agus an briseadh croí, an ríméad agus an mórtas a fheiceáil snoite greannta ar cheannaghaidh na lúthchleasaithe. Tabhair lúcháir agus ríméad air! An dólás agus sileadh na ndeor! An duine ar a sheacht ndícheall le feabhas a chur air féin: sin é atá i gceist leis na Cluichí Oilimpeacha.

CROÍ AN SCÉIL

Sa cholún ‘Croí an scéil’, liostaíonn Thomas Kattnig, rapóirtéir na tuairime ó CESE Hidrigin – bonneagar, riachtanais forbartha, maoiniú, úsáid agus teorainneacha, na coinníollacha ríthábhachtacha atá le comhlíonadh chun go n-éireoidh go maith le tionscal hidrigine na hEorpa. 

Read more in all languages

Sa cholún ‘Croí an scéil’, liostaíonn Thomas Kattnig, rapóirtéir na tuairime ó CESE Hidrigin – bonneagar, riachtanais forbartha, maoiniú, úsáid agus teorainneacha, na coinníollacha ríthábhachtacha atá le comhlíonadh chun go n-éireoidh go maith le tionscal hidrigine na hEorpa. 

Hidrigin a leathnú, a dheimhniú agus a chistiú mar cholún de thodhchaí ghlas

Le Thomas Kattnig

Tá an hidrigin ghlas ar cheann de bhunchlocha an aistrithe fuinnimh, rud a fhágann go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach í a leathadh amach go tapa ar mhaithe leis an gcóras fuinnimh a bheidh ann amach anseo agus le folláine eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais. 

Read more in all languages

Le Thomas Kattnig

Tá an hidrigin ghlas ar cheann de bhunchlocha an aistrithe fuinnimh, rud a fhágann go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach í a leathadh amach go tapa ar mhaithe leis an gcóras fuinnimh a bheidh ann amach anseo agus le folláine eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais.

Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le hidrigin, is iomaí dúshlán atá ag baint leis an soláthar, an t-éileamh, an bonneagar agus an táirgeadh a chinneadh. Tá costas ard ag baint le hidrigin agus braitheann sí ar chreatchoinníollacha iomchuí. Ar thaobh amháin, ní mór díriú ar dtús ar an úsáid a bhaintear aisti in earnálacha ar deacair iad a leictriú agus mar mhodh stórála fuinnimh. Ar an taobh eile, ní mór a áirithiú go gcruthófar na dálaí is gá chun bonneagar hidrigine a leathnú go tapa agus go héifeachtúil.

I ndáil leis an méid sin, tá tábhacht ar leith ag baint le trí phointe:

  1. Ní mór an cistiú is gá don bhonneagar a áirithiú. Ós rud é go mbeidh costais shuntasacha i gceist le bonneagar iompair a thógáil, cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé acmhainní a leithdháileadh ar bhealach éifeachtúil. Chuige sin, beidh gá le pleanáil chliste chomhtháite, lena n-áirítear thar theorainneacha, agus córas rialála lena gcumasófar na hinfheistíochtaí is gá sa bhonneagar agus, ag an am céanna, inbhuanaitheacht chomhshaoil an chórais fuinnimh ina iomláine a chur chun cinn agus úsáideoirí gréasáin a chosaint ar mhuirir iomarcacha ghréasáin. Ag an am céanna, is cinnte gur gá ualaí breise i bhfoirm thras-fhóirdheonú na heangaí hidrigine ag úsáideoirí eangacha gáis a sheachaint. Is tábhachtaí fós é sin ós rud é nach iad úsáideoirí reatha na heangaí gáis a bhainfidh úsáid as bonneagar na heangaí hidrigine amach anseo. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, an prionsabal ‘íoc mar a úsáidtear’ a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú gurb iad úsáideoirí an bhonneagair sin a mhaoineoidh an bonneagar hidrigine go príomha.
  2. Chomh maith le maoiniú, is gá a chinntiú go bhfuil an lucht saothair riachtanach ar fáil chun leathnú agus táirgeadh a chur i gcrích. Mar aon le poist nua ardcháilíochta a chruthú, tá tábhacht ar leith ag baint le hath-imlonnú na n-oibrithe atá ann cheana. Ciallaíonn sé sin nach mór oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú cuí a chur ar oibrithe atá ann cheana, agus nach mór an lucht saothair a choinneáil trí dhálaí maithe oibre a chur ar fáil. Mar shampla, ní mór d’oibreoirí gréasáin a bheith faoi cheangal ag gnáth-chomhaontuithe comhchoiteanna agus ní mór na dálaí oibre a fheabhsú chun lucht saothair oilte a mhealladh. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh idirphlé sóisialta éifeachtúil dochloíte ann in earnáil an gháis ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta.
  3. Ba cheart deimhniú aonfhoirmeach, inrianaithe agus éigeantach hidrigine arna riar ag comhlacht lárnach Eorpach a áirithiú. Chomh maith le critéir chomhshaoil, ní mór do na scéimeanna deimhniúcháin sin caighdeáin shóisialta a ráthú freisin. Ní mór dálaí oibre atá cóir agus sábháilte agus comhlíonadh ceart saothair, sóisialta agus ceardchumainn a bheith san áireamh sna caighdeáin sin.

Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis hidrigine. Cháin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an straitéis sin, agus an láncheart aici. I gcomhar leis an tsochaí shibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, ní mór a áirithiú go ndréachtófar straitéis chuimsitheach, stráitéis lena gcuirfear deimhniú, maoiniú, ceanglais saothair, cur chun cinn agus cosaint tomhaltóirí san áireamh. Is tríd an méid sin a dhéanamh, agus sin amháin, a bheidh todhchaí a bhfuil gealladh fúithi ag tionscal hidrigine na hEorpa.

New publications

Faigh amach faoin bPas Eorpach um Dhaonlathas – do threoir maidir le saoránacht ghníomhach

Ar mhaith leat a bheith i do shaoránach Eorpach níos eolaí, níos rannpháirtí agus níos gníomhaí? Is cuma más mac léinn, gairmí óg nó ball gníomhach den phobal thú, beidh an Pas Eorpach um Dhaonlathas de chuid CESE ina uirlis ríthábhachtach chun gur féidir leat leas iomlán a bhaint as do chearta sibhialta. 

Read more in all languages

Ar mhaith leat a bheith i do shaoránach Eorpach níos eolaí, níos rannpháirtí agus níos gníomhaí? Is cuma más mac léinn, gairmí óg nó ball gníomhach den phobal thú, beidh an Pas Eorpach um Dhaonlathas de chuid CESE ina uirlis ríthábhachtach chun gur féidir leat leas iomlán a bhaint as do chearta sibhialta.

Sa Phas seo, is féidir teacht ar bhileoga eolais, eolas cúlra, treoracha agus roghnóirí a bhaineann le gach gné de dhaonlathas nua-aimseartha na hEorpa, lena n-áirítear sraith uirlisí d’acmhainní rannpháirtíochta agus lámhleabhar mionsonraithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

An bhfuil spéis agat san eagrán nua (2023-2024) de bhróisiúr an Phas Eorpach um Dhaonlathas? Scríobh chugainn agus seolfaimid chugat é – tá sé ar fáil anois i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Is féidir leat an leagan idirghníomhach a sheiceáil ar líne freisin i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis (cuirfear leis an rogha teangacha de réir a chéile) agus a bheith páirteach i ndomhan ina bhfuil fíorthábhacht le do ghuth!  (ep)

EESC News

24 thionscadal ar an ngearrliosta in eagrán 2024 de ghradaim AE maidir le táirgeadh orgánach

Tá an gearrliosta díobh siúd atá san iomaíocht do ghradaim 2024 maidir le táirgeadh orgánach foilsithe: 24 thionscadal as dháréag Ballstát in ocht gcatagóir éagsúla. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas sa Bhruiséil an 23 Meán Fómhair. Beidh an searmas ar siúl le linn an cheiliúrtha bhliantúil ar Lá Eorpach na Feirmeoireachta Orgánaí.

Read more in all languages

Tá an gearrliosta díobh siúd atá san iomaíocht do ghradaim 2024 maidir le táirgeadh orgánach foilsithe: 24 thionscadal as dháréag Ballstát in ocht gcatagóir éagsúla. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas sa Bhruiséil an 23 Meán Fómhair. Beidh an searmas ar siúl le linn an cheiliúrtha bhliantúil ar Lá Eorpach na Feirmeoireachta Orgánaí. 

Seo an tríú heagrán den chomórtas ina mbronntar gradaim chun aitheantas a thabhairt do thionscadail nuálacha inbhuanaithe a chuireann an-luach le táirgeadh agus tomhaltas bianna orgánacha. Leis na gradaim, tugtar ardán do na buaiteoirí chun pobal níos leithne a chur ar an eolas faoina ndea-chleachtais. 

Is iad an Coimisiún Eorpach, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún, COPA-COGECA, IFOAM Organics Europe, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a eagraíonn na gradaim. Bíonn seachtar comhaltaí ar an bpainéal roghnúcháin agus is iad na heagraíochtaí réamhráite a ainmníonn na hiomaitheoirí. 

Seo a leanas na hiomaitheoirí atá ar an ngearrliosta: 

  • An feirmeoir orgánach is fearr (bean): Blagovesta Vasilieva (an Bhulgáir), Caroline Devillers (an Bheilg), Reinhild Frech-Emmelmann (an Ostair) 
  • An feirmeoir orgánach is fearr (fear): Gianpaolo Mancini (an Iodáil), Tommi Hasu (an Fhionlainn), Benny Schöpf (an Ghearmáin) 
  • An réigiún is orgánaí: Comunidade Intermunicipal do Alto Tâmega e Barroso (an Phortaingéil), an Chaistíl-La Mancha (an Spáinn), An tSavóin Theas (an Fhionlainn) 
  • An chathair is orgánaí: BioStadt Bremen (an Ghearmáin), Cascais (an Phortaingéil), Las Rozas (an Spáinn) 
  • An bithcheantar is orgánaí: Distretto del Cibo Monregalese (an Iodáil), Bioregião de S. Pedro do Sul (an Phortaingéil), Bithcheantar Sörmland (an tSualainn) 
  • An FBM próiseála bia orgánaigh is fearr: Biologon GmbH (an Ostair), Gino Girolomoni Cooperativa Agricola (an Iodáil), Organic veggie food GmbH (an Ghearmáin) 
  • An miondíoltóir bianna orgánacha is fearr: BIOGAST GmbH (an Ostair), Coolanowle Organic Meats (Éire), SAiFRESC (an Spáinn) 
  • An bhialann/an tseirbhís bia is orgánaí: B2 Bio pur GmbH (an Ghearmáin), Biohotel St. Daniel (an tSlóivéin), Kalf & Hansen (an tSualainn) 

Déantar bianna orgánacha a tháirgeadh ar 17 milliún heicteár de thalamh an Aontais (10.5 % den talamh talmhaíochta in 2022), agus is é an sprioc atá le baint amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip ná 25 % den talamh talmhaíochta faoi 2030. Tá an-tábhacht le feasacht an phobail a ardú agus cur leis an éileamh atá ag na tomhaltóirí ar bhianna orgánacha. A bhuí leis na gradaim maidir le táirgeadh orgánach, comórtas a bunaíodh in 2022 mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Tháirgeadh Orgánach a Fhorbairt, tugtar aitheantas do scoth na dtáirgí agus na seirbhísí atá i slabhra luacha na mbianna orgánacha, idir fheirmeoireacht agus seirbhísí bia, rud a chuireann leis an infheictheacht agus leis an eolas ar chleachtais na feirmeoireachta orgánaí. (ks)

Cosc ar threimhsí oiliúna gan íocaíocht: níor cheart d’aon oiliúnaí oibriú gan íocaíocht a fháil

Ní fhaigheann thart ar leath de níos mó ná na 3 mhilliún oiliúnaí san Aontas Eorpach aon chúiteamh as an obair a dhéanann siad agus níl rochtain ach ag beagnach aon trian díobh ar chosaint shóisialta ach oiread.

Read more in all languages

Ní fhaigheann thart ar leath de níos mó ná na 3 mhilliún oiliúnaí san Aontas Eorpach aon chúiteamh as an obair a dhéanann siad agus níl rochtain ach ag beagnach aon trian díobh ar chosaint shóisialta ach oiread.

Reáchtáil CESE díospóireacht ardleibhéil i mí Iúil ar an mbealach is fearr le feabhas a chur ar reachtaíocht an Aontais maidir le tréimhsí oiliúna i bhfianaise iarrataí iomadúla ón tsochaí agus ó eagraíochtaí óige chun deireadh a chur leis an gcleachtas forleathan a bhaineann le hoiliúnaithe a bheith ag obair gan aon íocaíocht a fháil agus gan aon rochtain acu ar chosaint shóisialta ná ar chearta saothair ná ar chearta sóisialta eile.

Sa díospóireacht a reáchtáladh le linn an tseisiún iomlánaigh leis an gCoimisinéir Eorpach um Poist agus um Chearta Sóisialta, Nicolas Schmit,, chuir CESE in iúl gur díol mór sásaimh dó na tograí is déanaí ón gCoimisiún atá dírithe ar chúrsaí oiliúna san Eoraip a fheabhsú - Treoir maidir le tréimhsí oiliúna agus Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna.

Mar sin féin, thathantaigh CESE ar na comhreachtóirí cur leis na tograí chun cosc a chur ar mhí-úsáid cúrsaí oiliúna mar fhoinse saothair shaor nó mar rogha eile ar phoist ar leibhéal iontrála. Leag sé béim ar an tábhacht a ghabhann le cúiteamh cóir d’oiliúnaithe agus a thábhachtaí atá sé na speansais mhaireachtála a thabhaíonn siad agus iad ag obair mar chuid de thréimhse oiliúna a chumhdach.

Dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, gur uirlis ríthábhachtach iad na tréimhsí oiliúna trína bhfaigheann daoine óga taithí phearsanta ar an obair. Ní mór dúinn a áirithiú nach bhfágtar aon duine óg as an áireamh ó na deiseanna sin mar gheall ar shrianta airgeadais. Is é sin an fáth nach mór cúiteamh cothrom a thabhairt d’oiliúnaithe as cúrsa oiliúna a dhéanamh. Caithfimid aghaidh a thabhairt ar thréimhsí oiliúna dúshaothraithe san Eoraip, agus gabhaim buíochas leis an gCoimisiún as an tograí seo uaidh chun an sprioc sin a bhaint amach.

Chuir an Coimisinéir Schmit leis an méid sin agus dúirt sé go bhféadfadh cúrsaí oiliúna a bheith ina mbealach iontach do dhaoine óga chun taithí oibre tosaigh a fháil, scileanna nua a fhoghlaim agus a líonra a fhorbairt. Ní mór tréimhsí oiliúna ar ardchaighdeán a bheith i gceist leis sin, áfach. Ciallaíonn sé sin nach mór cuspóir foghlama soiléir a bheith ann, nach mór íocaíocht a fháil dóibh agus nach mór meantóireacht agus treoir a thabhairt d’oiliúnaithe chun cabhrú leo aistriú chuig saol na hoibre.

Sa tuairim uaidh, Treoir maidir le tréimhsí oiliúna agus Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna, tharraing CESE aird ar an ról lárnach atá ag na húdaráis ábhartha maidir le dul i ngleic le gnáthchaidrimh fostaíochta a bhíonn faoi cheilt mar thréimhsí oiliúna. D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta sna hiarrachtaí sin, i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta atá ann cheana.

Leag rapóirtéir na tuairime, Nicoletta Merlo, béim ar a ríthábhachtach atá sé an creat cáilíochta le haghaidh cúrsaí oiliúna ar fud na hEorpa a fheabhsú, go háirithe, ní mór an t-ábhar foghlama agus oiliúna a neartú, agus mí-úsáid agus mí-úsáid cúrsaí oiliúna a chomhrac. Dá bhrí sin, iarraimid ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na tograí a chuirtear chun cinn chun a áirithiú go mbainfear na spriocanna sin amach. (ll)

 

Tá CESE réidh chun bheith ag obair le hUachtaránacht na hUngáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Mar chuid de sheisiún iomlánach CESE i mí Iúil, reáchtáladh díospóireacht le hAire um Ghnóthaí AE na hUngáire, János Bóka, a chuir príomhthosaíochtaí Uachtaránacht na hUngáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i láthair.

Read more in all languages

Mar chuid de sheisiún iomlánach CESE i mí Iúil, reáchtáladh díospóireacht le hAire um Ghnóthaí AE na hUngáire, János Bóka, a chuir príomhthosaíochtaí Uachtaránacht na hUngáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i láthair. 

Tá an Ungáir ag dul i mbun na huachtaránachta rothlaí ag am íogair don Eoraip, tráth a bhfuil aistriú polaitiúil ar bun laistigh de na hinstitiúidí agus dúshláin urghnácha roimh an Aontas. ‘Tá tús á chur le hUachtaránacht 2024 na hUngáire ar an gComhairle tráth nach mór aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna iomadúla’, arsa János Bóka. ‘Tá cogadh ar siúl inár gcomharsanacht, laghdú ag teacht ar iomaíochas na hEorpa, méadú ag teacht ar an teannas i gcaidreamh trádála an Aontais, dúshláin dhéimeagrafacha agus imirce neamhrialaithe le sárú, agus laghdú ag teacht ar na deiseanna atá ag feirmeoirí na hEorpa.’ 

Agus é á chur in iúl aige go raibh caidreamh oibre maith ag CESE le huachtaránachtaí na Comhairle le fada an lá, labhair Uachtarán CESE, Oliver Röpke, faoi ról na hinstitiúide mar chaomhnóir ar luachanna na hEorpa: ‘Tá ár gCoiste tiomanta do bheith ag obair go dlúth le hUachtaránacht na hUngáire chun a áirithiú go ngníomhóidh an tAontas ar shaincheisteanna a mheasann muintir na hEorpa a bheith ina dtosaíocht. Is comhpháirtithe luachmhara a bheidh ionainn, ach cáinteoirí macánta cuiditheacha freisin. Tá guth láidir ag an tsochaí shibhialta, agus cinnteoimid go n-éistfear léi.’ 

Chuir roinnt comhaltaí de CESE in iúl go raibh imní orthu faoi sheasamh na hUngáire maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, faoin urraim don smacht reachta san Aontas, agus faoin laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta san Ungáir. Dúirt János Bóka go raibh Uachtaránacht na hUngáire go hiomlán ar an eolas faoina freagrachtaí agus go nglacfaidh sí comhsheasamh an Aontais maidir leis an Úcráin, leis an smacht reachta agus le luachanna na hEorpa. Chuaigh Uachtaránacht na hUngáire i dteagmháil le CESE cheana féin agus d’iarr sí deich dtústuairim. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghníomhaíochtaí CESE le linn Uachtaránacht na hUngáire, féach suíomh gréasáin CESE. (mp)

Luathrabhadh CESE: bímis ar ár n-airdeall faoi thionchar mhéadú an Aontais ar an talmhaíocht

Tá luathrabhadh tugtha ag CESE faoi na tionchair a bheidh ag méadú an Aontais atá ar na bacáin ar an talmhaíocht. Tá an méadú seo le tarlú i gcomhthéacs a bhfuil dúshláin shuntasacha dhomhanda ann, ina measc sin athruithe geopholaitiúla, an t-athrú aeráide, agus aistrithe sna beartais fuinnimh chomhshaoil. Mar a chuireann CESE in iúl, tá sé thar a bheith tábhachtach dícheall cuí a dhéanamh agus sinn ag ullmhú don mhéadú agus cloí go docht le luachanna an Aontais agus na Ballstáit nua ag teacht isteach.

Read more in all languages

Tá luathrabhadh tugtha ag CESE faoi na tionchair a bheidh ag méadú an Aontais atá ar na bacáin ar an talmhaíocht. Tá an méadú seo le tarlú i gcomhthéacs a bhfuil dúshláin shuntasacha dhomhanda ann, ina measc sin athruithe geopholaitiúla, an t-athrú aeráide, agus aistrithe sna beartais fuinnimh chomhshaoil. Mar a chuireann CESE in iúl, tá sé thar a bheith tábhachtach dícheall cuí a dhéanamh agus sinn ag ullmhú don mhéadú agus cloí go docht le luachanna an Aontais agus na Ballstáit nua ag teacht isteach. 

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Iúil, ghlac an Coiste tuairim ina leagtar béim ar a chasta atá próiseas an mhéadaithe agus ar an ngá atá le bheith ullamh. Cuirtear i bhfios go láidir inti freisin gur gá déanamh de réir na hinbhuanaitheachta chomh maith le tacaíocht chothrom a thabhairt don earnáil talmhaíochta sna Ballstáit reatha agus sna Ballstáit is iarrthóirí araon. Is é is aidhm don mhéadú seo uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú agus tionchar na talmhaíochta ar an gcomhshaol a laghdú. Bhí torthaí na méaduithe a bhí ann roimhe seo sách measctha, áfach. Anuas air sin, níos minice ná a mhalairt, ba chun leasa na mórfhiontar talmhaíochta a bhí na méaduithe, seachas chun leasa na bhfeirmeacha beaga tuaithe. 

Sin rud ar leag an rapóirtéir don tuairim, Stoyan Tchoukanov, béim air. Chuir sé in iúl gur éirigh go maith leis na méaduithe a rinneadh roimhe seo i gcoitinne, ach nach raibh an oiread céanna buntáistí ag gabháil leo do na ceantair thuaithe ná do na feirmeoirí mionscála. Chuir sé i bhfáth gur gá a bheith cúramach agus bainistíocht á déanamh ar an gcóras talmhaíochta chun nach gcuirfear isteach air. 

Chun aghaidh a thabhairt ar aon mhífhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun imeascadh rianúil a chinntiú, molann CESE sonraí cuimsitheacha a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar athchóirithe talmhaíochta. Beidh ar na tíortha is iarrthóirí iad féin a chur in oiriúint don chomhbheartas talmhaíochta (CBT) atá ag athrú. Mar shampla, is mó béim a leagtar ann anois ar sheirbhísí éiceachórais ná mar a leagtar ar thacaíochtaí traidisiúnta. Leis an méadú seo, táthar ag súil le go mbeidh limistéar talmhaíochta i bhfad níos fairsinge ann san Aontas, go mór mór i ndiaidh aontachas na hÚcráine. Le gan ach an Úcráin a chur san áireamh, tá méadú faoin gceathrú cuid le teacht ar limistéar talmhaíochta an Aontais. 

Molann CESE an t-imeascadh a dhéanamh ar bhonn diaidh ar ndiaidh. Molann sé freisin buiséid thiomnaithe a thabhairt isteach chun tacú leis na fo-earnálacha talmhaíochta is mó a ndéanfar difear dóibh, FBManna go háirithe. Nuair a dhéanfar athchóiriú eile ar CBT san am amach romhainn, ba cheart díriú ar an inbhuanaitheacht, sin agus dreasachtaí atá bunaithe ar thairbhí comhshaoil agus sochaíocha a chur in ionad fóirdheontais atá bunaithe ar líon na heicteár. 

Ar an iomlán, iarrann CESE go mbeifí cúramach agus próiseas an mhéadaithe á thabhairt chun críche agus go dtacófaí go maith leis an bpróiseas sin. Ar an gcaoi sin, is cinnte go rachaidh sé chun tairbhe do na Ballstáit go léir agus go mbeidh cleachtais talmhaíochta an Aontais fós inbhuanaithe agus cothrom, fiú in aghaidh an bhrú gheopholaitiúil atá ag dul i méid.

Tá bearta breise á n-iarraidh ag CESE chun borradh a chur faoi acmhainneachtaí an Aontais maidir le hardábhair

Cháin CESE an plean atá ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair maidir le hardábhair mar gheall ar an easpa cistiúcháin, spriocanna inchainníochtaithe agus táscairí inbhuanaitheachta ann. Sa tuairim uaidh maidir leis an teachtaireacht ábhartha ón gCoimisiún, molann CESE go gcuirfí straitéis chuimsitheach i bhfeidhm chun an tAontas a chur chun cinn mar cheannaire domhanda san earnáil ríthábhachtach sin.

Read more in all languages

Cháin CESE an easpa cistiúcháin, spriocanna inchainníochtaithe agus táscairí inbhuanaitheachta sa phlean atá ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair maidir le hardábhair. Sa tuairim uaidh maidir leis an teachtaireacht ábhartha ón gCoimisiún, molann CESE go gcuirfí straitéis chuimsitheach i bhfeidhm chun an tAontas a chur chun cinn mar cheannaire domhanda san earnáil ríthábhachtach sin. 

Chuir Anastasis Yiapanis, rapóirtéir na tuairime, in iúl go bhfuil ardábhair ríthábhachtach don tionsclaíocht, don fhás eacnamaíoch agus don inbhuanaitheacht san Aontas. Tá táscairí inbhuanaitheachta de dhíth orainn i ngach próiseas táirgthe agus ní mór dúinn na scileanna cearta agus an saothar cáilithe a dhaingniú. 

An uaillmhian agus na spriocanna sonracha is gá chun ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a dhaingniú, tugann an Coiste rabhadh nach bhfuil siad sin le feiceáil i bplean an Choimisiúin. Leag an Comhrapóirtéir, Gerardo Luis Arroyo Herranz, béim ar an easpa spriocanna inchainníochtaithe, spriocdhátaí agus príomhtháscairí feidhmíochta. Iarrann CESE go n-úsáidfí cur chuige misniúil straitéiseach ann chun feabhas ar acmhainneachtaí an Aontais maidir le hardábhair agus molann sé cúram sláinte a áireamh mar réimse straitéiseach mar gheall ar an tionchar suntasach a bhíonn aige ar an tionsclaíocht. 

Molann CESE go mór go n-aistreofaí i dtreo geilleagar ciorclach chun spleáchas ar amhábhair a laghdú. Chuige sin, tá gá le comhar níos fearr idir an tionscal, an saol acadúil agus lucht ceaptha beartas. Teastaíonn infheistíocht shuntasach sa taighde agus san fhorbairt, agus forbairt scileanna freisin. Tharraing Gerardo Luis Arroyo Herranz aird ar an bhfíric go bhfuil seans ann nach n-éireodh le haon ghníomhaíocht a dhéanfaí mura bhfuil daoine ann agus na scileanna cuí acu. Ní mór don Aontas cláir uas-scilithe agus athscilithe agus tionscnaimh ghairmoideachais a chur chun feidhme. 

Measann CESE nach leor an EUR 250 milliún atá beartaithe d’ábhair ardfhorbartha faoin gclár Fís Eorpach agus iarrann sé go mbeadh cistiú níos substaintiúla, dreasachtaí cáinbhunaithe agus próisis mhaorlathacha shimplithe ann chun infheistíocht agus nuálaíocht a spreagadh. Is ábhar imní é freisin soláthar cobhsaí amhábhar criticiúil a áirithiú. 

Molann CESE acmhainneacht intíre an Aontais a neartú agus foinsí a éagsúlú, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí leis an gCóiré Theas agus leis na Stáit Aontaithe agus conarthaí fadtéarmacha le tíortha beaga chun suaitheadh soláthair a mhaolú. (gb)

Iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar ról na gcúramóirí

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht pholaitiúil a dhéanamh d’ábhar na gcúramóirí neamhfhoirmiúla agus ardán a chur ar bun chun dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát.

Read more in all languages

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht pholaitiúil a dhéanamh d’ábhar na gcúramóirí neamhfhoirmiúla agus ardán a chur ar bun chun dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát.

Ghlac CESE tuairim i mí Iúil ina n-iarrtar go ndéanfaí bearta breise, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, chun cosaint níos fearr a thabhairt do chúramóirí neamhfhoirmiúla agus chun a rannchuidiú ríthábhachtach leis an tsochaí a aithint.

Ar na bearta sin, iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach ardán a chur ar bun chun gur féidir leis na Ballstáit dea-chleachtais a roinnt le chéile. Iarrtar air freisin seirbhísí cúraim ar ardchaighdeán a sholáthar ar leibhéal an phobail chun an t-ualach a bhíonn ar chúramóirí teaghlaigh a mhaolú, agus seirbhísí faoisimh a sholáthar chomh maith. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh cúramóirí in ann rochtain a fháil ar dhálaí oibre solúbtha. Ar an gcaoi sin, ní bheadh orthu a bpost a fhágáil chun aire a thabhairt do bhaill dá dteaghlach.

Seo mar a labhair Pietro Barbieri, an rapóirtéir don tuairim: ‘Tá CESE réidh le hardán a thabhairt do ghrúpa dár sochaí ar minic cluas bhodhar á tabhairt dó: na cúramóirí neamhfhoirmiúla. Ní bhíonn an dara rogha ag na daoine seo cuid mhaith den am ach a bpost a fhágáil agus fágtar gan phá agus gan mórán dá gcearta iad dá bharr. Ní fheictear an obair a dhéanann na cúramóirí neamhfhoirmiúla. Anois an t-am le solas a chaitheamh ar a gcuid oibre.’

Iarrann CESE ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a chinntiú, má chinneann duine cúram neamhfhoirmiúil a ghlacadh air/uirthi, gur cinneadh de thoil dheona a bheidh ann. Iarrann sé orthu a chinntiú freisin go rachfar i ngleic le neamhionannais inscne, go gcuirfear ar chumas cúramóirí neamhfhoirmiúla a bpost agus a bpá a choinneáil, cuir i gcás le dálaí oibre níos solúbtha, agus a chinntiú gur furasta dóibh dul ar ais isteach i margadh an tsaothair má bhí orthu éirí as. Is gá a chinntiú go bhfuil cothromaíocht iomchuí oibre is saoil acu.

Ní bhíonn ualach an chúraim neamhfhoirmiúil chomh mór céanna ar fhir agus a bhíonn ar mhná. Mná atá i gceist le céatadán ollmhór de na cúramóirí neamhfhoirmiúla agus is dá bpáistí, dá gcéilí nó dá siblíní a thugann thart ar 70 % díobh aire. Ní hamháin gur mó seans go dtraochfaidh na mná sin iad féin ag obair nó go dtiocfaidh neamhoird shícifhisiceacha orthu ach tá siad go mór i mbaol bochtaineachta. ‘Tá ceann de na córais leasa is fearr ar domhan anseo againn ach, ina lán cásanna, is ar neart na mná agus ar neart na tola acu a bhíonn sé ag brath,’ arsa an tUasal Barbieri.

Ionas gur féidir súil a choinneáil ar thionchar na rialacha agus na rialachán ábhartha, tá sé thar a bheith tábhachtach rochtain a bheith ann ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun léargas a fháil ar dhálaí maireachtála na gcúramóirí neamhfhoirmiúla mar atá siad i ndáiríre. Iarrann CESE go nglacfar tuilleadh straitéisí taighde, go háirithe i gcomhar le Eurofound agus le páirtithe leasmhara eile.

Athbheochan an daonlathais san Eoraip: teastaíonn gníomh go géar chun bearnaí a líonadh agus athrú a spreagadh

Léirigh na toghcháin Eorpacha go bhfuil an tromlach fós ar son na hEorpa. Léirigh siad freisin, áfach, go bhfuil vótálaithe ar fud an Aontais ag éileamh freagairtí polaitiúla agus reachtacha mar ábhar práinne ar na dúshláin a ardaíodh san fheachtas toghcháin. Mura ndéanfaí é sin, tá an baol ann go gcaillfear an tromlach sin mar tá seans nach beag ann go dtabharfaidh níos mó saoránach a gcúl leis na gnáthfhórsaí polaitiúla.

Read more in all languages

Léirigh na toghcháin Eorpacha go bhfuil an tromlach fós ar son na hEorpa. Léirigh siad freisin, áfach, go bhfuil vótálaithe ar fud an Aontais ag éileamh freagairtí polaitiúla agus reachtacha mar ábhar práinne ar na dúshláin a ardaíodh san fheachtas toghcháin. Mura ndéanfaí é sin, tá an baol ann go gcaillfear an tromlach sin mar tá seans nach beag ann go dtabharfaidh níos mó saoránach a gcúl leis na gnáthfhórsaí polaitiúla. 

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí Iúil, ghlac Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus ionadaithe ó ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint nuathofa na hEorpa páirt i ndíospóireacht maidir le staid an daonlathais. 

Dúirt Oliver Röpke, Uachtarán CESE, gur oscailt súl a bhí sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh. Dúirt sé freisin go bhfuil sé de dhualgas orainn ár machnamh a dhéanamh ar staid an daonlathais mar atá sé inniu, i bhfianaise thorthaí sin na dtoghchán: ‘Rud a chreidimid go láidir agus a bhfuilimid go léir ar aon fhocal faoi ná gurb é an tAontas Eorpach an freagra, agus é sin amháin: cinntíonn an tAontas Eorpach daonlathas de chineál a fheabhsaíonn saol na ndaoine ar fud na hEorpa, mar atá feicthe againn go léir.’ 

Chun tacaíocht don daonlathas san Eoraip a dhaingniú, is gá don Aontas, dar le Roberta Metsola, a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil an pholaitíocht fós ar an uirlis is fearr atá againn chun athrú dearfach a spreagadh sna sochaithe agus sna pobail: ‘Tá ról ríthábhachtach le himirt ag fostóirí, ag oibrithe agus ag an tsochaí shibhialta i dtógáil na hEorpa, ar fud na mbailte, na gcathracha agus na réigiún Eorpach dár gcuid, mar a dtosaíonn an Eoraip agus mar a bhfeictear an daonlathas i mbun oibre.’

Sa díospóireacht le hionadaithe na ngrúpaí polaitiúla, dúirt Željana Zovko, Leas-Chathaoirleach Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE), an grúpa is mó i bParlaimint na hEorpa, go raibh an grúpa chun leanúint ar aghaidh leis na beartais ar cuireadh tús leo sa sainordú a bhí ann roimhe seo. Dúirt Ana Catarina Mendes, Leas-Uachtarán na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe (S&D), gur ríthábhachtach díriú ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ar an mbochtaineacht a chomhrac. Thathantaigh Dan Barna, Leas-Chathaoirleach Ghrúpa Renew Europe, ar an gCoimisiún Eorpach nua an smacht reachta a chosaint trí na huirlisí atá ann cheana a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí. Labhair Kira-Marie Peter-Hansen, Leas-Chathaoirleach Na nGlasach/SCE, faoina thábhachtaí atá sé an Comhaontú Glas a choinneáil ina bheartas ríthábhachtach de chuid an Aontais. Chuir Martin Schirdewan, Comhchathaoirleach Ghrúpa na Clé, in iúl go soiléir go bhfuil sé i gceist ag an ngrúpa iarraidh ar an gCoimisiún nua dul i ngleic le géarchéim na gcostas tithíochta. (mt)

Digiteáil an fhuinnimh – bíodh saoirse rogha ag an tomhaltóir i gcónaí idir modhanna digiteacha nó na modhanna a bhí ann roimh an digiteáil

Sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Iúil, glacadh an tuairim Digiteáil an fhuinnimh: cothromaíocht a aimsiú idir deiseanna agus rioscaí do thomhaltóirí na hEorpa.

Read more in all languages

Sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Iúil, glacadh an tuairim Digiteáil an fhuinnimh: cothromaíocht a aimsiú idir deiseanna agus rioscaí do thomhaltóirí na hEorpa. 

Cuirtear in iúl sa tuairim, a dhréachtaigh Kęstutis Kupšys (comhalta de CESE), gur cheart an fuinneamh a bheith inacmhainne, inchoigeartaithe agus éasca le húsáid ag tomhaltóirí i gcónaí. Ní chiallaíonn ‘digiteáil an fhuinnimh’ nach mbeidh de rogha againn ach ‘an digiteáil amháin’. 

Ní mór tús áite a thabhairt don tomhaltóir i gcónaí agus na bealaí traidisiúnta gnó a chaomhnú. Ní foláir don Aontas dul chun cinn a dhéanamh ar na huirlisí digiteacha so-úsáidte atá á bhforbairt chun freastal ar riachtanais éagsúla agus chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí digiteacha fuinnimh a chur chun cinn. 

Ba cheart, mar sin féin, an rogha a bheith ag úsáideoirí i gcónaí praghsanna, conarthaí agus seirbhísí custaiméara a roghnú mar a dhéanaidís sular tháinig an digiteáil chun cinn. ‘Tá idir dheiseanna agus dúshláin ag baint le digiteáil an fhuinnimh. Caithfimid oibriú le chéile chun a chinntiú go ndéanfar an t-aistriú go fuinneamh digiteach ar bhealach atá cuimsitheach, slán agus tairbheach go fírinneach do thomhaltóirí uile na hEorpa, agus sin trínár gcuid láidreachtaí a chur chun leasa dúinn,’ arsa an tUasal Kupšys. 

Ó fágadh earnáil an iompair agus gnólachtaí ar fud an domhain ina gcíor thuathail le déanaí mar gheall ar an mbriseadh a tharla sa teicneolaíocht faisnéise, is léir go bhfuil sé an-tábhachtach go deo nach mbeimid ag brath an iomarca ar an teicneolaíocht. 

Is tábhachtach, agus sinn ag díriú ar bhuntáistí an aistrithe go fuinneamh digiteach, nach mbeifear dall ar an taobh eile den scéal, na rioscaí agus na dúshláin a bhaineann leis. Dá bhrí sin, ní mór leanúint den chosaint do thomhaltóirí agus den tacaíocht d’oibrithe mar ábhar práinne. 

Tá sé tábhachtach rialacháin dhinimiciúla maidir le cosaint tomhaltóirí a chruthú a bheidh curtha in oiriúint don chomhthéacs nua agus do ghníomhaithe nua san earnáil ach, san am céanna, oiliúint, cláir athoiliúna agus cúnamh airgeadais a thairiscint d’oibrithe. (mp)

D'oscail foirgneamh Van Maerlant (VMA) a dhoirse don phobal le haghaidh Laethanta Oidhreachta 2024

Chomhaontaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, i gcomhar le Coiste na Réigiún, foirgneamh Van Maerlant (VMA) a chur san áireamh in eagrán na bliana seo de Laethanta Oidhreachta, arna eagrú ag Urban Brussels, a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine an 14 agus an 15 Meán Fómhair.

Read more in all languages

Chomhaontaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, i gcomhar le Coiste na Réigiún, foirgneamh Van Maerlant (VMA) a chur san áireamh in eagrán na bliana seo de Laethanta Oidhreachta, arna eagrú ag Urban Brussels, a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine an 14 agus an 15 Meán Fómhair.

Bhain cuairteoirí taitneamh as turais threoraithe tríd an bhfoirgneamh, ina raibh siad in ann céimeanna marmair an chruinntí a dhreapadh chun eolas a fháil ar an ailtireacht bhunaidh ó thús na 1980idí, an 4ú hurlár a ndearnadh athchóiriú agus nuachóiriú iomlán air le déanaí trí réitigh nuálacha agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, chomh maith leis an gcuid is so-aitheanta den fhoirgneamh – an droichead coise dhá stór trasna Rue Belliard leis an dealbh cháiliúil Le fil d'Ariane, a rinne an dealbhóir Beilgeach, Jean-Paul Laenenen, in 1991.

Is imeacht bliantúil é Laethanta Oidhreachta na Bruiséile (Journées du Patrimoine/Open Monumentendagen) a eagraíteat chun ceiliúradh a dhéanamh ar stair shaibhir Art Nouveau sa chathair. Tugtar cuireadh do chónaitheoirí agus do thurasóirí araon féachaint thart i bhfoirgnimh éagsúla ar fud na príomhchathrach, le fócas speisialta orthu siúd a bhíonn dúnta don phobal de ghnáth.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo: Laethanta Oidhreachta Eorpacha

Dún an daonlathais: ar an iriseoireacht a dhíreofar príomhimeacht cumarsáide CESE

Seimineár ‘Connecting EU’ CESE, lena dtugtar le chéile gairmithe cumarsáide ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta gach bliain, beidh sé ar siúl sa Bhruiséil an 17-18 Deireadh Fómhair 2024. Díreofar ann ar an iriseoireacht agus ar a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas agus ábharthacht na ceirde a chaomhnú i bhfianaise an bhrú atá ar na meáin atá ag dul in olcas agus theacht chun cinn tapa na hintleacht saorga giniúnaí.

Read more in all languages

Seimineár ‘Connecting EU’ CESE, lena dtugtar le chéile gairmithe cumarsáide ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta gach bliain, beidh sé ar siúl sa Bhruiséil an 17-18 Deireadh Fómhair 2024. Díreofar ann ar an iriseoireacht agus ar a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas agus ábharthacht na ceirde a chaomhnú i bhfianaise an bhrú atá ar na meáin atá ag dul in olcas agus theacht chun cinn tapa na hintleacht saorga giniúnaí. 

An teideal atá ar sheimineár na bliana seo ná ‘Dún an daonlathais: an iriseoireacht a thabhairt slán agus a chur chun cinn’, agus reáchtálfar dhá sheisiún painéil agus seisiún líonraithe amháin mar chuid de:

  • An iriseoireacht fhreagrach i ré na hiarfhírinne: Tá caighdeáin an daonlathais ag dul go tóin poill ar fud an domhain agus tá dúshláin nua le sárú ag na hiriseoirí, cuir i gcás úsáid shleamhain na hintleachta saorga chun bréagnuacht a chur chun cinn. Lena chois sin, is ann do na fadhbanna seanbhunaithe i gcónaí, mar atá an easpa trédhearcachta maidir le húinéireacht na gcomhlachtaí meán nó ganntanas cistiúcháin. Céard is gá a dhéanamh chun an iriseoireacht a choinneáil ina bunchloch faoin daonlathas? An féidir an iriseoireacht fhreagrach a chleachtadh fiú, sa lá atá inniu ann? Ar na saolta seo, agus na comhlachtaí meán ag dul in iomaíocht leis an lucht tionchair agus na meáin shóisialta mar fhoinsí nuachta, an gá an iriseoireacht a athrú ó bhonn lena coinneáil ina hearra poiblí? An féidir go gcabhróidh an gníomh is déanaí ón Aontas leis an intleacht shaorga a chur chun tairbhe do shaoirse an phreasa? 
  • Obair a dhéanamh sa bhearna bhaoil: – An tuairisceoireacht iniúchta – lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais agus guth a thabhairt dóibh siúd ar mian leo mí-úsáid chumhachta nó stádais a chur in iúl, sin atá á dhéanamh ag an iriseoir iniúchta le fada an lá. Céard iad na dúshláin ar gá do na tuairisceoiri iniúchta dul i ngleic leo ar mhaithe leis an bhfírinne a nochtadh? Cén sórt cosanta ar a bhfuil teacht acu lena gcoimhéad féin ar bhagairtí? An féidir go mbronnfaidh an reachtaíocht Eorpach nua a thuilleadh saoirse agus cumhachta orthu? 
  • Ról an oifigigh preasa nó cumarsáide i ré seo Instagram, TikTok agus na hintleachta saorga – mar is féidir do theachtaireacht a chur in iúl (seisiún líonraithe agus ceardlanna) – Trí bhíthin an chuir i láthair agus na gceardlann praiticiúil, is é is aidhm don seisiún seo spléachadh a thabhairt ar an gcumarsáid a dhéantar sa ré nua seo le spriocghrúpaí éagsúla, an t-aos óg san áireamh. 

Deis a bheidh i seimineár ‘Connecting EU’ do ghairmithe preasa agus cumarsáide eagraíochtaí na sochaí sibhialta teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar na saincheisteanna a dhéanann difear dóibh féin agus don Eoraip. Tabharfar le chéile ann comhaltaí de CESE agus ionadaithe eile de chuid an Aontais, de chuid eagraíochtaí comhpháirtíochta na mBallstát, iriseoirí agus an lucht taighde, d’fhonn mórcheisteanna an lae a chíoradh. Beidh an clár iomlán agus liosta iomlán na gcainteoirí ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin CESE. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a chur chuig pressofficers@eesc.europa.eu. (ll)

News from the Groups

An t-iomaíochas: dúshlán nach beag don chéad Choimisiún von der Leyen eile

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Rinne Grúpa na bhFostóirí comhghairdeas le hUachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, nuair a toghadh arís i mí Iúil í, agus ghlac siad go fonnmhar lena cuid treoirlínte polaitiúla. Is maith an léargas atá sna treoirlínte ar athrú mór atá ann: tá iomaíochas an Aontais ag dul ó mhaith agus sin dúshlán nach féidir neamhaird a dhéanamh de. Admháítear sna treoirlínte gur ceist róphráinneach í seo, ceist atá ar aon tábhacht leis an athrú aeráide agus le cúrsaí slándála.

Read more in all languages

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Rinne Grúpa na bhFostóirí comhghairdeas le hUachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, nuair a toghadh arís i mí Iúil í, agus ghlac siad go fonnmhar lena cuid treoirlínte polaitiúla. Is maith an léargas atá sna treoirlínte ar athrú mór atá ann: tá iomaíochas an Aontais ag dul ó mhaith agus sin dúshlán nach féidir neamhaird a dhéanamh de. Admháítear sna treoirlínte gur ceist róphráinneach í seo, ceist atá ar aon tábhacht leis an athrú aeráide agus le cúrsaí slándála. 

I ndeireadh na dála, caithfear tosaíocht a thabhairt don iomaíochas agus don rathúnas. Is é is aidhm don Phlean Rathúnais Eorpach nua obair na gnólachtaí san Eoraip a éascú, doimhneas a chur sa Mhargadh Aonair, agus borradh a chur faoin táirgiúlacht trí bhíthin na dteicneolaíochtaí ceannródaíochta. Is mór an díol sásaimh dúinn an fócas ar shaol an ghnó a thabhairt chun éascaíochta, rud a tharlóidh ach na hualaí riaracháin a laghdú tríd an gcur chun feidhme a shimpliú agus trí leas-uachtarán a cheapadh chun an ghné sin den obair a chomhordú. 

Is fada Grúpa na bhFostóirí in CESE i bhfách leis an gcur chuige sin, rud is léir ach féachaint ar na tosaíochtaí atá acu: A chion féin den rathúnas a shaothrú do chách, agus ba dheas linn comhoibriú le chéile d’fhonn an cur chun feidhme a chur in oiriúint do na dálaí atá i réim. Tá iomaíochas an Aontais faoi bhagairt throm chráite le tamall anuas. Cé go bhfuil an Eoraip ar cheann de na réigiúin is nuálaí is sláine agus is rathúla dá bhfuil ann fós, tá na Stáit Aontaithe chun cinn uirthi feasta, agus tá an tSín ag baint na mbonn di i gcuid de na goirt is tábhachtaí, an fás OTI per capita, cuir i gcás, gort ar fearr a bhfuil na Stáit Aontaithe ag cruthú ann ná an Eoraip le deich mbliana anuas. Sin cor sa scéal a bhfuil a shliocht go láidir ar líon na bpaitinní teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), sin agus ar leibhéil na hinfheistíochta dírí ón coigrích (FDI). 

Sin é an fáth a bhfuilimid sásta go bhfuil na tosaíochtaí seo a leanas sna treoirlínte polaitiúla a bheidh ag an gcéad Choimisiún eile:

  •  Seiceáil ar mhodh nua ar an iomaíochas agus Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le simpliú agus feabhsú na reachtóireachta. 
  • Comaoin mhór a chur ar an infheistíocht le hAontas Coigiltis agus Infheistíochta i gcomhair na hEorpa. 
  • An caiteachas ar thaighde a mhéadú chun díriú ar thosaíochtaí straitéiseacha, ar thaighde ceannródaíochta agus ar fheabhas na heolaíochta. 
  • Stádas dlíthiúil nua uile-Aontais a bhunú chun fás a chur ar chuideachtaí nuálacha. 
  • Comhaontú Tionsclaíoch Glan chun infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar agus sa tionsclaíocht, chun praghsanna fuinnimh a laghdú, agus tacú le cuideachtaí sa dícheall atá á dhéanamh acu ar son ghlasú an chomhshaoil.

Is é an dul chun cinn sóisialta an bealach chun cinn don Aontas Eorpach

Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh 

Tá an nós ann scéal áibhéileach thar na bearta a dhéanamh d’imeachtaí nuair nach gá sin ar chor ar bith, rud a fhágann gur deacair a aithint nuair is fíorchor cinniúnach atá ann. Mar a tharlaíonn, áfach faoi láthair, agus an Coimisiún Eorpach nua á chur ar bun, tá cor cinniúnach den chineál sin os ár gcomhair amach i ndáiríre: tá méadú ag teacht ar na páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis, tá an mhíshástacht á scaipeadh ar fud na mór-roinne, tá cogadh á fhearadh fós san Úcráin agus tá an baol ann go mbeidh cogadh Gaza ina chogadh réigiúnach oscailte. 

Read more in all languages

Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh 

Tá an nós ann scéal áibhéileach thar na bearta a dhéanamh d’imeachtaí nuair nach gá sin ar chor ar bith, rud a fhágann gur deacair a aithint nuair is fíorchor cinniúnach atá ann. Mar a tharlaíonn, áfach faoi láthair, agus an Coimisiún Eorpach nua á chur ar bun, tá cor cinniúnach den chineál sin os ár gcomhair amach i ndáiríre: tá méadú ag teacht ar na páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis, tá an mhíshástacht á scaipeadh ar fud na mór-roinne, tá cogadh á fhearadh fós san Úcráin agus tá an baol ann go mbeidh cogadh Gaza ina chogadh réigiúnach oscailte. 

Ar thaobh eile an Atlantaigh, ní fios go fóill céard atá i ndán dóibh ach is ann i gcónaí do na taraifí méadaitheacha agus don chogadh trádála leis an tSín atá ag géarú, agus is cinnte go mbeidh tionchar aige sin ar shlabhraí soláthair agus ar phraghsanna do thomhaltóirí, rud a rachaidh i bhfeidhm ar deireadh thiar ar an daonra.

Idir an dá linn, san earrach, tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le rialacha nua déine don Aontas, agus tá bac á chur go fóill ag Ballstáit ‘coigilteacha’ an Aontais ar acmhainní dílse breise nó ar roghanna iasachtaíochta. Tá méadú ag teacht san Aontas ar an mbrú aeráide, ar an gcorraíl shóisialta, ar an antoisceachas agus an faisisteachas, ar mhíchlú an daonlathais agus ar an údarásaíochas atá ag dul i méid. Is rudaí iad sin ar cheart dóibh, mar aon leis an mbagairt go ndéanfaí léirscrios núicléach nó cogadh oscailte ar theorainneacha an Aontais, brú beag breise a chur ar cheannairí an Aontais deireadh a chur leis na comhraic inmheánacha agus leis an dearcadh gearrbhreathnaitheach atá acu. Aon bheartas nach gcuirtear neamhionannais agus ceartas san áireamh ann (nó nach dtéann ródhomhain sa scéal sin), is beag seans go n-éireoidh leis. Tá saoránaigh bréan de bheith ag éisteacht leis na seanóráidí céanna nach bhfuil iontu ach cur i gcéill, go háirithe nuair a bhíonn siad fós in umar na haimléise i ndeireadh na dála; iad ag streachailt le cuid a chur le costas agus gan i ndán dóibh ach caillteanas post agus titim ioncaim. Is scéal é sin a théann chun tairbhe do lucht phobalachas na heite deise. Is féidir leo ceisteanna bunúsacha a sheachaint tríd an milleán a chur ar inimircigh.

Gan ceartas sóisialta, ní bheidh cobhsaíocht ná comhpháirtíochtaí iontaofa in aon cheann de na Ballstáit. Ina éagmais sin, ní bheidh an tAontas aontaithe mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh os a chomhair amach. Cuirimis an dul chun cinn sóisialta chun tosaigh ar son na haontachta le linn an téarma reachtaigh nua seo de chuid an Aontais.

Staidéar nua le CESE: Conas is féidir deireadh a chur leis an mbochtaineacht scileanna i measc na ndaoine is leochailí?

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Beidh na scileanna ag teastáil i gcomhair na bpost a bheidh ann san am atá romhainn chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a thabhairt i gcrích, sin agus chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe déimeagrafacha atá ag tarlú. Nuair atá infheistíocht á déanamh san oiliúint agus san athsciliú, conas is féidir linn a chinntiú go sroichfidh na bearta sin na daoine is leochailí freisin? Cé na réimsí a bhfuil cuid de na daoine ar easpa scileanna iontu faoi láthair agus conas atá an easpa sin nasctha leis an mbochtaineacht?

Read more in all languages

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Beidh na scileanna ag teastáil i gcomhair na bpost a bheidh ann san am atá romhainn chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a thabhairt i gcrích, sin agus chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe déimeagrafacha atá ag tarlú. Nuair atá infheistíocht á déanamh san oiliúint agus san athsciliú, conas is féidir linn a chinntiú go sroichfidh na bearta sin na daoine is leochailí freisin? Cé na réimsí a bhfuil cuid de na daoine ar easpa scileanna iontu faoi láthair agus conas atá an easpa sin nasctha leis an mbochtaineacht?

An 10 Iúil, rinne Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE iniúchadh ar na ceisteanna sin mar chuid de dhíospóireacht théamach inar seoladh staidéar nua le CESE áit a bhfiosraítear Conas is féidir deireadh a chur leis an mbochtaineacht scileanna i measc na ndaoine is leochailí. Is ar iarratas ón nGrúpa atá ag obair i ndáil le Bliain Eorpach na Scileanna (2023) a rinne CESE an staidéar a choimisiún. Is éard is ábhar scrúdaithe dó coincheap nua seo na bochtaineachta scileanna. Tá buille faoi shainmhíniú sa staidéar ar an gcoincheap seo, sin agus imscrúdú ar gach ab fhéidir le spreagadh agus réiteach a dhéanamh i gcomhair taighde breise ar an ábhar seo lá is faide anonn. Seo ceann de na conclúidí atá le baint as an staidéar: tá ról uathúil ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i sainaithint na ndaoine leochaileacha ar gá dóibh uas-sciliú a dhéanamh agus ról uathúil ag tacú leis na daoine sin. Is i bpáirt agus i gcomhar leis na pobail agus leis na húdaráis áitiúla ba cheart dóibh a gcuid oibre a dhéanamh, sin agus a gcuid líonraí a ghiaráil, agus ba cheart dóibh a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar an trá fholamh fad atá an t-oideachas agus forbairt na scileanna atá i gceist.

Labhair Juliana Wahlgren le linn na díospóireachta. Ise Stiúrthóir an Líonra Eorpaigh um Fhrithbhochtaineacht (EAPN). Rinne sí trácht ar na bunfhachtóirí a dhéanann difear don rochtain ar scileanna. Labhair Agnieszka Maj chomh maith. Is taighdeoir ise san Ionad um Thaighde Sóisialta agus Eacnamaíoch (CASE) áit ar cuireadh an staidéar i dtoll a chéile.

Más mian leat an t-alt ar an díospóireacht téamach a fheiceáil ina iomláine, mar aon leis an agallamh leis na húdair, féach leat suíomh gréasáin na hócáide.

Tá an staidéar féin maille leis an achoimre feidhmiúcháin ar fáil anseo.

AIRD AR AN SPÓRT

Ag seasamh le chéile ar son luachanna Chluichí Oilimpeacha Pháras 2024

Ó dhearcadh na sochaí sibhialta, tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis na luachanna a chuirtear chun cinn le Cluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras.

Read more in all languages

Ó dhearcadh na sochaí sibhialta, tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis na luachanna a chuirtear chun cinn le Cluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras.

I bhfianaise thírdhreach geopholaitiúil leochaileach an lae inniu, tagraíonn CESE do choincheap na síochána Oilimpí, lena léirítear na trí luach bunaidh de na Cluichí Oilimpeacha: barr feabhais, meas agus cairdeas. Tacaíonn an tsochaí shibhialta eagraithe leis an smaoineamh domhan síochánta agus níos fearr a thógáil trí oideachas a chur ar dhaoine óga trí spórt atá saor ó gach cineál idirdhealaithe a chleachtadh de mheon an chairdis, na dlúthpháirtíochta agus chothrom na Féinne.

Seo mar a labhair Oliver Röpke, Uachtarán CESE: ‘Cuimsíonn na Cluichí spiorad na haontachta agus na síochána. Téann siad thar teorainneacha agus tugann siad daoine as cúlraí éagsúla le chéile. Trí thacú leis na luachanna sin, táimid ag féachaint le gluaiseacht dhomhanda a spreagadh i dtreo na síochána agus na dlúthpháirtíochta.’

‘Leis an tionscnamh seo, ba mhaith linn tacú leis na luachanna buana i réimse an spóirt’, arsa Laurenţiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE. ‘Tá sé de chumhacht ag na luachanna atá á gcosaint againn an domhan a athrú agus daoine agus tíortha a aontú.’

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Krzysztof Pater, Leas-Uachtarán CESE um an mBuiséad: ‘Léirítear le Cluichí Oilimpeacha Pháras go bhfuil an ceart ag gach duine páirt a ghlacadh sa cheiliúradh spóirt seo ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Is sampla cumhachtach iad daoine faoi mhíchumas do lucht féachana ar fud an domhain. A bhuí leis na daoine sin, tá luachanna amhail an misneach, an diongbháilteacht agus an comhionannas á gcur chun cinn.’

Dúirt Dimitris Dimitriadis, iarUachtarán CESE agus Cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach in CESE, an méid seo a leanas: ‘Is cosúil go bhfuil an tsíocháin Oilimpeach, nó ‘Ekecheiria’ sa tSean-Ghréigis, níos ábhartha ná riamh. Ní mór dúinn coincheap na síochána oilimpí a athbheochan agus a chur i bhfeidhm chun an daonnacht a spreagadh agus an tsíocháin agus idirphlé a chur chun cinn.’

Seo mar a labhair Giulia Barbucci, iar-Leas-Uachtarán um an mBuiséad in CESE agus comhalta de CESE: ‘Den chéad uair riamh i stair na gCluichí, glacfaidh an líon céanna fear agus ban páirt i gCluichí Pháras. Mar sin féin, ní mór dúinn a aithint nach ionann an chothroime sa rannpháirtíocht agus an comhionannas, agus go bhfuil go leor le déanamh fós i réimse an spóirt chun an cuspóir sin a bhaint amach.

‘Is é mo mhian do Chluichí Pháras go ndéanfaí ionadaíocht chothrom ar gach catagóir míchumais, agus go mbeadh sé de cheart ag gach duine dul san iomaíocht agus cosaint a fháil, go háirithe daoine faoi mhíchumas intleachta’, arsa iar-Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Isabel Caño Aguilar. (mt)

Athbheoite – an chéad fhoireann Oilimpeach dhigiteach riamh san Úcráin

I gcás thart ar 500 lúthchleasaí Úcránach a maraíodh sa chogadh atá á fhearadh ag an Rúis ar an Úcráin, tá an aisling a bhaineann le páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha nó in aon chomórtas spóirt amach anseo scriosta go deo. D’fhonn a gcuimhne a choinneáil beo, tá an ENR Úcránach ‘BRAND UKRAINE’ ag insint scéal tragóideach faoi sheisear de na lúthchleasaithe marbha trí intleacht shaorga a úsáid chun iad a thabhairt ar ais beo, cé nach mbeadh ann ach nóiméad gairid. Labhraíomar le Tim Makarov, ceann foirne an Aonaid Dhigitigh agus Ábhair in ‘BRAND UKRAINE’, agus d’inis sé dúinn gurb é an smaoineamh bunúsach a bhí leis an tionscadal, a cuireadh i láthair ag na Cluichí i bPáras, suim daoine a tharraingt chun saoineamh ar luach shaol an duine.

Read more in all languages

I gcás thart ar 500 lúthchleasaí Úcránach a maraíodh sa chogadh atá á fhearadh ag an Rúis ar an Úcráin, tá an aisling a bhaineann le páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha nó in aon chomórtas spóirt amach anseo scriosta go deo. D’fhonn a gcuimhne a choinneáil beo, tá an ENR Úcránach ‘BRAND UKRAINE’ ag insint scéal tragóideach faoi sheisear de na lúthchleasaithe marbha trí intleacht shaorga a úsáid chun iad a thabhairt ar ais beo, mura bhfuil ann ach ar feadh nóiméad gairid. Labhraíomar le Tim Makarov, ceann foirne an Aonaid Dhigitigh agus Ábhair in ‘BRAND UKRAINE’, agus d’inis sé dúinn gurb é an smaoineamh bunúsach a bhí leis an tionscadal, a cuireadh i láthair ag na Cluichí i bPáras, suim daoine a tharraingt chun saoineamh ar luach shaol an duine.

Cén chaoi ar tháinig an smaoineamh chun cinn don tionscadal?

Ba í ghníomhaireacht i mBeirlín, BBDO, a smaoinigh ar an tionscadal seo ag an tús. Mhol siad coincheap creata, smaoineamh, chun stair thragóideach lúthchleasaithe na hÚcráine nach raibh in ann páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha a léiriú. Tháinig siad chugainn leis an gcoincheap, agus d’fhorbraíomar an smaoineamh agus chuir muid le ciorcal na gcomhpháirtithe, ag nascadh Aireachtaí Óige agus Spóirt agus Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine agus Oifig Uachtarán na hÚcráine leis. D'oibríomar le chéile ar dhearadh deiridh an tionscadail, agus thug BBDO faoin gcuid theicniúil. Chuireamar straitéis cumarsáide le chéile, agus chuireamar dáileadh ábhair agus tacaíocht dhlíthiúil ar fáil. Cuireadh an tionscadal i láthair ag suíomh oifigiúil na hÚcráine i bPáras - Volia House - agus bhí tioncairí meán sóisialta páirteach ann. 

An raibh sé deacair na scéalta a bhailiú agus an físeán a chur le chéile? Cad iad na teicnící a úsáideadh chun na príomhphearsana a ‘athbheochan’?

Tá an smaoineamh féin an-simplí agus soiléir, is é sin, scéalta lúthchleasaithe Úcránacha a bhásaigh go tragóideach a insint agus a n-abhatáranna digiteacha a chruthú. D’éirigh linn obair iontach a dhéanamh. Bhaineamar úsáid as taifeadtaí gutha, rinneamar iad a dhigitiú, d’úsáideamar grianghraif chartlainne agus ábhair físe, agus rinneamar é sin go léir a phróiseáil le cabhair ón intleacht shaorga. Ba é an sprioc a bhí leis go mbeadh an chóip dhigiteach den duine an-daonnúil, chun aerachtúlacht a mhúscailt leis an réaltacht agus leis an neamhréaltacht ag an am céanna. Sin an bhrí a bhí leis. Tá na scéalta an-chumhachtach iontu féin, agus feabhsaítear iad le teicneolaíocht na hintleachta saorga agus téann siad i gcionn ar dhaoine. Beidh mé ionraic - is tionscadal ‘ar an imeall’ atá i gceist leis an gceann seo. Nuair a phléamar é, bhí eagla orainn nach dtuigfí sinn, nach bhfeicfeadh daoine an nochtacht, an chosaint, an pian agus an t-éadóchas a chuireamar i bhfocail na lúthchleasaithe marbha agus a bhí mar chúis leis an uaigneas a cruthaíodh. Cuireann an tionscadal íomhá an-simplí i láthair - daoine a bhfuil grá mór acu dá dtír, ar mian leo maireachtáil agus rudaí móra a bhaint amach, agus iad ina ngialla cúinsí nuair a chuirtear deireadh lena gcuid n-aislingí agus pleananna agus iad marbh go hóg. Ach ba cheart dúinn cuimhneamh orthu. Baineann praghas le gach gníomh, agus is minic a thomhaistear é sin le saol an duine agus le cinniúintí.

Caithfidh go raibh sé an-phianmhar do theaghlaigh na lúthchleasaithe a maraíodh páirt a ghlacadh sa tionscadal agus na físeáin a fheiceáil Cén t-aiseolas a fuair tú uathu ag an deireadh?

Ar ndóigh, ní fhéadfaí tionscadal den sórt sin a dhéanamh ach le toiliú na ngaolta is gaire. Is pointe an-tábhachtach é sin, thaispeánamar, léiríomar agus mhíníomar dóibh an méid a bhí le déanamh againn. Bhí cúpla dosaen scéalta ar an liosta fada - ach ar deireadh, d'aontaíomar ar 6 cinn a insint. Bhí seachtainí iomadúla de chaibidlíocht chasta i gceist leis an bpróiseas sin. Ach nuair a léiríomar an toradh deiridh dóibh, ní raibh na tuismitheoirí in ann a gcuid deora a choinneáil ar ais. Is éard a dúirt siad dúinn ach ‘Go raibh maith agaibh, is jab den scoth atá á dhéanamh agaibh. Cuideoidh sé linn an cuimhne atá againn dár leanbh a choinneáil beo.’ De réir mar a thuigim féin é, níl aiféala ar aon dhuine díobh gur ghlac siad páirt sa tionscadal. Shíníomar na doiciméid dhlíthiúla riachtanacha go léir, agus ní bhfuaireamar an solas glas don tionscadal ach ina dhiaidh sin. Bhí gach rud réidh do na Cluichí Oilimpeacha, agus chuamar amach ar feadh coicíse, ag taispeáint agus ag nochtadh sé scéal neamhghnácha. Ní rabhthas ag súil go n-éireodh chomh maith leis an tionscnamh - bhí an fhreagairt a fuaireamar ar an tionscadal i bhfad níos fearr ná mar a bhíomar ag súil leis. Agus ní haon ionadh é sin, mar atá i saol nua-aimseartha na cumarsáide domhanda spreagann fíor-scéalta mothúcháin chasta agus frithráiteacha.

Cad é an príomhtheachtaireacht a ghabhann leis an tionscadal - cad a bhfuil súil agat go dtabharfaidh an lucht féachana abhaile leo tar éis dóibh féachaint ar na físeáin?

Le ‘BRAND UKRAINE’, is éard a dhéanaimid ach an fhírinne a scaipeadh faoin Úcráin agus faoina réaltachtaí i ndálaí fhogha na Rúise. Úsáidimid scéalta daonna chuige sin. Táim cinnte gurb iad na daoine is fearr a chuireann ár bpian, ár mbród, ár ndúthracht, ár ngnóthachain agus ár gcaillteanais in iúl, rud a fhágann gur náisiún láidir misniúil sinn. Is é seo ár misean - ní hamháin chun labhairt faoin Úcráin, ach freisin chun an grá atá againn don domhan ar fad a chur in iúl freisin. Táimid ag obair air ionas go gcuirfidh daoine eile tús le níos mó tionscadal cumhachtach den sórt sin amach anseo, ar tionscadail iad sin a rachaidh i dteagmháil le croí an duine agus a thabharfaidh deis dóibh nóiméad a thógáil agus machnamh domhan a dhéanamh ar an luach a bhaineann le saol an duine.

Is féidir leat na físeáin agus na grianghraif a fheiceáil anseo agus ar Instagram:

https://www.instagram.com/p/C-Dd7B7tueo/

https://www.instagram.com/p/C-SkUtONRJR/

https://www.instagram.com/p/C-VHXOdtdps/

https://www.instagram.com/p/C-YG_wHtNke/

https://www.instagram.com/p/C-ajpwSN7A6/

https://www.instagram.com/p/C-dWm1vNzDW/

Tim Makarov, ceann foirne an Aonaid Dhigitigh agus Ábhair in ‘BRAND UKRAINE’. Tá 20 bliain caite aige san iriseoireacht, sa mhargaíocht agus sa chumarsáid dhigiteach. Is é a ghairm chun scéalta a insint agus chun tionscadail a chruthú d’fhonn domhan níos fearr a bhaint amach.


 

Photo by Tomislav Štuka

Leanaí faoi mhíchumas: is féidir linn gach rud a dhéanamh, ach go b’fhéidir go ndéanfaimis roinnt rudaí ar bhealach difriúil

Tá spina bifida ar Jan Štuka, aon bhliain déag d’aois as Ságrab na Cróite, agus ní féidir leis siúl ach le cabhair teanntáin agus siúladáin; mar sin féin, níor chuir sin bac air a bheith ina lúthchleasaí cumasach. Buaiteoir an ghradaim don imreoir óg parai-chispheile is fearr sa Chróit in 2023, bhí Jan le feiceáil freisin i gcomórtais snámha agus cleachtann sé an sciáil Nordach anois. Ina chuid ama saoir, imríonn sé sacar lena chairde, ag cur báirí lena lámh. Labhair Jan agus a mháthair Jasmina Bogdanović linn faoi na deiseanna spóirt do leanaí faoi mhíchumas agus mhínigh siad an fáth a bhfuil sé tábhachtach caitheamh leis na leanaí sin a laghad is féidir mar dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Read more in all languages

Tá spina bifida ar Jan Štuka, aon bhliain déag d’aois as Ságrab na Cróite, agus ní féidir leis siúl ach le cabhair teanntáin agus siúladáin; mar sin féin, níor chuir sin bac air a bheith ina lúthchleasaí cumasach. Buaiteoir an ghradaim don imreoir óg parai-chispheile is fearr sa Chróit in 2023, bhí Jan le feiceáil freisin i gcomórtais snámha agus cleachtann sé an sciáil Nordach anois. Ina chuid ama saoir, imríonn sé sacar lena chairde, ag cur báirí lena lámh. Labhair Jan agus a mháthair Jasmina Bogdanović linn faoi na deiseanna spóirt do leanaí faoi mhíchumas agus mhínigh siad an fáth a bhfuil sé tábhachtach caitheamh leis na leanaí sin a laghad is féidir mar dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.

JAN:

Cén uair a thosaigh tú ag cleachtadh spóirt agus cad iad na spóirt a chleacht tú go dtí seo?

Ní raibh mé ach dhá bhliain d’aois nuair a thosaigh mé ag snámh sa scoil snámha. Nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois, bhog mé go dtí an Club Snámha Natator Para, áit a d’fhoghlaim mé na teicnící snámha go léir agus ghlac mé páirt i roinnt comórtas. D’éirigh mé as nuair a bhí mé aon bhliain déag d’aois mar go raibh leadrán orm.

Nuair a bhí mé ocht mbliana d'aois, thosaigh mé an pharaisciáil Nordach agus, ina dhiaidh sin, ag imirt cispheile i gcathaoir rothaí. Táim fós ag cleachtadh an dá spórt sin agus is iad na spóirt is fearr liom iad anois.

Bhain mé triail as an ailleadóireacht cúpla uair freisin agus thaitin sin go mór liom, ach ní bhíonn an t-am agam an spórt sin a chleachtadh freisin. Chomh maith leis sin, thug mé faoi thimthriall traenála Krav Maga ar feadh samhradh amháin. Bhí sé go hiontach agus ba bhreá liom é a dhéanamh arís ó am go ham amach anseo.

Cad iad na gradaim a bhuaigh tú agus cé acu ceann is tábhachtaí duit?

Tá roinnt gradam buaite agam sa chlub cispheile, agus is é an gradam is fearr liom an gradam don phara-lúthchleasaí óg is fearr i mo chatagóir in 2023, gradam a bhronnann Cumann Pharaspóirt Shágrab.

Cén chuma a bhíonn ar do sceideal nuair a bhíonn tú ag traenáil? Cé mhéad ama a chaitheann tú ag traenáil gach seachtain?

Téim ar scoil ar maidin. Tar éis na scoile, déanaim mo chuid oibre baile ar dtús agus téim amach le mo chairde, agus sa tráthnóna freastalaím ar cheann de na seisiúin traenála. Go dtí seo, bhínn ag freastal uair sa tseachtain ar thraenáil sa sciáil ar thalamh tirim, ar an gcispheil uair sa tseachtain agus an snámh uair nó dhó sa tseachtain. Ón scoilbhliain seo, stopfaidh mé ag snámh agus déanfaidh mé tuilleadh traenála sa sciáil, faoi dhó nó faoi thrí sa tseachtain.

Sa gheimhreadh, téim chuig campaí sciála i Planica sa tSlóivéin agus chuig roinnt ionad sciála san Ostair. Is maith liom na campaí sin mar go dtéann mo chairde ann freisin, agus taobh amuigh den traenáil bíonn deis iontach againn a bheith i gcuideachta a chéile.

I gcás na cispheile, téimid uaireanta chuig cluichí i gcathracha eile timpeall na Cróite. An fómhar seo caite, bhíomar sa Róimh freisin agus d’imir muid cluiche i gcoinne fhoireann cispheile Lazio.

An bhfuil aon fhir nó mná spóirt ar leith a bhfuil meas agat orthu? Ar mhaith leat páirt a ghlacadh i gcomórtas mór idirnáisiúnta spóirt lá éigin?

Ba é Luka Modrić an lúthchleasaí ab fhearr liom tráth, ach faoi láthair níl aon laoch ar leith agam, agus mar sin ní leanaim aon duine ar leith.

Ba bhreá liom páirt a ghlacadh i gcomórtais idirnáisiúnta spóirt...sa chispheil agus sa sciáil, bheadh súil agam.

JASMINA:

Cén aird a thugtar ar an spórt do leanaí faoi mhíchumas sa Chróit?

Mar thuismitheoir, feictear dom go bhfuil an-aird á tabhairt air go deimhin. Ar an drochuair, níl tuismitheoirí ar an eolas maith go leor faoi na féidearthachtaí, agus bíonn na clubanna ag lorg baill nua go síoraí seasta, agus is mór an trua gurb é sin an chaoi a bhfuil rudaí. Ar ndóigh, tá an scéal i bhfad níos fearr i gcathracha móra.

An leor na deiseanna agus na dreasachtaí a bhíonn ag leanbh faoi mhíchumas chun spórt a chleachtadh, nó an mbíonn ar na tuismitheoirí a lán cabhrach a thabhairt?

Tá deiseanna agus dreasachtaí ag leanaí, sin más mian leo féin agus a dtuismitheoirí iad a thapú. Mar a dúirt mé, ní leor an t-eolas atá ag tuismitheoirí, agus ní bhíonn cuid acu ag iarraidh brú breise; nó bíonn eagla orthu go ngortófar an leanbh ag imirt spóirt... Is mór an trua gur mar sin a smaoiníonn siad. Seachas sin, tá sé saor in aisce ag daoine faoi mhíchumas spórt a chleachtadh agus, dar liom, go bhfuil sé an-mhaith don tsláinte coirp agus don mheabhairshláinte, agus don imeascadh sóisialta go speisialta. Ní déarfainn go mbíonn níos mó le déanamh ag na tuismitheoirí ná mar a bhíonn i gcás leanaí sláintiúla den aois chéanna. Tá eisceachtaí ann, ar ndóigh, a bhaineann le diagnóisí áirithe: mar shampla, bíonn ar dhuine againn a bheith i dteannta Jan nuair a théann sé ar na campaí sciála geimhridh nó chuig cluichí as baile, ach de réir mar a éireoidh sé níos sine, gach seans nach mbeidh sin amhlaidh chomh minic céanna agus gur rogha a bheidh ann dúinn. Is é an sprioc ná a bheith neamhspleách sna gníomhaíochtaí sin go léir. Bíonn sé ag traenáil go rialta gan aon chabhair uainne.

Cad eile a déarfá mar thuismitheoir le leanbh a bhfuil riachtanais speisialta aige?

Caitheamh leo a laghad is féidir mar dhaoine le riachtanais speisialta agus iad a chur san áireamh sna gnáthghníomhaíochtaí de réir aoise agus cumais, le go mbraithfidh siad go bhfuil siad san áireamh. Beidh íomhá acu díobh féin mar ghnáthleanaí a dhéanann roinnt rudaí ‘beagán difriúil’, ach atá in ann iad a dhéanamh mar sin féin! Bíonn Jan ag marcaíocht ar rothar le trí roth, ní dhá roth; bíonn sé ag snámh agus ag tumadh ar nós a chairde, ach ní úsáideann sé a chosa an oiread céanna leosan; imríonn sé sacar leis an bhfoireann, ach is lena lámh a chuireann sé báire. ‘Is féidir linn gach rud a dhéanamh, ach go b’fhéidir go ndéanfaimis roinnt rudaí ar bhealach difriúil’ - má ghlacann siad leo féin ar an mbealach sin, glacfaidh daoine eile leo ar an mbealach sin freisin.

Is dalta 11 bhliain d’aois as Ságrab é Jan Štuka atá sa chúigiú bliain den bhunscoil faoi láthair. Ba bhall é den Chlub Snámha Natator. Is ball é de KKI Zagreb (cispheil i gcathaoireacha rothaí) agus de Chlub Sciála Monoski Zagreb do dhaoine faoi mhíchumas, áit a mbíonn sé ag traenáil go rialta sa chlár sciála Nordaí do dhaoine faoi mhíchumas.

Tá céim sa dearadh ó Scoil an Deartha i nDámh na hAiltireachta i Ságrab ag Jasmina Bogdanović. D’oibrigh sí i ngníomhaireachtaí margaíochta éagsúla ar feadh 20 bliain. Faoi láthair tá sí ag obair go páirtaimseartha agus go cianda i stiúideo beag grafaicí a ligeann di dul in éineacht le Jan chuig campaí sciála agus imeachtaí eile spóirt. Is rothaí paiseanta í freisin a théann i ngach áit ar an rothar.

An Inrochtaineacht sa Spórt: Daoine a bhfuil lagú radhairc orthu a chuimsiú sa spórt san Eoraip

Sheol Oogvereniging (Cumann Súl na hÍsiltíre), le cabhair ó líonra Aontas na nDall san Eoraip (EBU), an tionscnamh ‘Sport Accessibility’ a fhéachann le réitigh phraiticiúla a mholadh maidir le deireadh a chur le bacainní a fhágann nach féidir le daoine dalla agus leathdhalla páirt a ghlacadh i gclubanna agus i gcumainn spóirt san Aontas Eorpach. Rinne an gníomhaí ar son cearta daoine faoi mhíchumas atá ina oibrí deonach in Oogvereniging agus in EBU, Peter van Bleijswijk, cur síos dúinn ar an gcomhthionscadal ceannródaíoch seo a réitíonn an bealach le haghaidh earnáil spóirt atá cuimsitheach dáiríre san Eoraip. Is féidir cabhrú leis an tionscadal trí fhreagra a thabhairt ar an suirbhé faoin teacht a bhíonn ag daoine a bhfuil lagú radhairc orthu ar ghníomhaíochtaí spóirt agus caithimh aimsire i do réigiúnsa.

Read more in all languages

Sheol Oogvereniging (Cumann Súl na hÍsiltíre), le cabhair ó líonra Aontas na nDall san Eoraip (EBU), an tionscnamh ‘Sport Accessibility’ a fhéachann le réitigh phraiticiúla a mholadh maidir le deireadh a chur le bacainní a fhágann nach féidir le daoine dalla agus leathdhalla páirt a ghlacadh i gclubanna agus i gcumainn spóirt san Aontas Eorpach. Rinne an gníomhaí ar son cearta daoine faoi mhíchumas atá ina oibrí deonach in Oogvereniging agus in EBU, Peter van Bleijswijk, cur síos dúinn ar an gcomhthionscadal ceannródaíoch seo a réitíonn an bealach le haghaidh earnáil spóirt atá cuimsitheach dáiríre san Eoraip. Is féidir cabhrú leis an tionscadal trí fhreagra a thabhairt ar an suirbhé faoin teacht a bhíonn ag daoine a bhfuil lagú radhairc orthu ar ghníomhaíochtaí spóirt agus caithimh aimsire i do réigiúnsa.

Le Peter van Bleijswijk

D’fhonn an chuimsitheacht sa spórt a chur chun cinn, tá tionscnamh ceannródaíoch seolta san Ísiltír – ‘Sport Accessibility’ – ina ndírítear ar na dúshláin uathúla a bhíonn le sárú ag daoine dalla agus leathdhalla. Is éard atá i gceist leis an tionscadal sin deireadh a chur leis na bacainní a fhágann nach féidir le daoine a bhfuil lagú radhairc orthu páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt agus coirp i gclubanna agus i gcumainn spóirt.

Tá an tionscadal bunaithe ar thuiscint dhomhain ar na constaicí a bhíonn roimh na daoine sin. Tar éis taighde fairsing agus tástálacha a dhéanamh, aithníodh go bhfuil 10 mbacainn mhóra ann, mar shampla an teacht a bhíonn ar chóitseáil shonrach agus ar cláir mheantóireachta, inrochtaineacht áiseanna spóirt agus fadhbanna iompair. Is minic a thugtar neamhaird ar na bacainní sin, ach is iad is cúis leis go mbíonn bac ar dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu leas a bhaint as an tairbhe atá sa spórt.

Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, tugadh isteach leis an tionscnamh an coincheap ‘Sport Proeftuinen’ nó ‘Saotharlanna Spóirt’. Is éard a dhéantar ná go mbunaítear na saotharlanna sin i gclubanna spóirt atá ann cheana nó go dtéitear i gcomhpháirtíocht le soláthraithe spóirt ar mhaithe le fíorthimpeallacht a chruthú chun réitigh fhéideartha a thástáil. Maidir le gach bacainn a aithníodh, moltar trí réiteach éagsúla a dhéantar a thástáil. Ina dhiaidh sin, déantar an réiteach is éifeachtaí a mhionchoigeartú agus a thástáil arís agus arís eile chun praiticiúlacht agus éifeachtúlacht an réitigh a chinntiú.

Cuirtear torthaí na dtástálacha sin i dtoll a chéile mar ‘Threoirphlean don Spórt Digiteach’, treoir chuimsitheach a chuirfear ar fáil do chlubanna spóirt, do sholáthraithe spóirt agus do bhardais. Tá sé i gceist go mbeidh an treoirphlean ina acmhainn lena bhféadfar feabhas a chur ar an inrochtaineacht agus ar an gcuimsitheacht sa spórt, trí réitigh phraiticiúla atá infheidhme i suíomhanna éagsúla a chur ar fáil.

Ní san Ísiltír amháin a bhainfear leas as an tionscadal, áfach. Rinne ‘Sport Accessibility’ teagmháil le comhpháirtithe éagsúla san Eoraip le déanaí, lena n-áirítear EBU, chun léargais agus dea-chleachtais a bhailiú ó thíortha éagsúla. Tá an-fháilte curtha roimh an tionscnamh, agus chuir a lán eagraíochtaí agus tíortha in iúl go bhfuil siad toilteanach páirt a ghlacadh ann. Féachann an comhar Eorpach seo leis an inrochtaineacht agus an chuimsitheacht sa spórt a fheabhsú ar scála níos leithne, le go bhféadfaidh daoine a bhfuil lagú radhairc orthu ar fud na hEorpa tairbhe a bhaint as an tionscnamh.

Is é cur chuige comhoibritheach an tionscnaimh an neart atá ann. Faigheann an tionscadal tacaíocht ó chomhghuaillíocht de rialtais áitiúla, Oogvereniging, the Knowledge Centre for Sport and Physical Activity, Cónaidhm na Lúthchleasaíochta san Ísiltír agus eagraíochtaí eile a oibríonn go dícheallach chun an chuimsitheacht a chur chun cinn. Trí na comhpháirtithe éagsúla sin a thabhairt le chéile, baintear leas as raon leathan saineolais agus acmhainní chun réitigh inbhuanaithe a bhfuil éifeacht leo a chruthú.

De réir mar a leanann an tionscadal de bheith ag bailiú nirt, tá ‘Sport Accessibility’ ag iarraidh go mbeadh institiúidí oideachais agus eagraíochtaí sláinte súl san Eoraip páirteach ann. Dar leis an bhfoireann gur céim thábhachtach é sin maidir le cultúr spóirt fíorchuimsitheach a chothú ar fud na hEorpa, le gur féidir le gach duine, gan beann ar a bhfad radhairc, páirt a ghlacadh sa spórt agus taitneamh a bhaint as.

Ní tionscadal tús agus deireadh scéil ‘Sport Accessibility’, áfach; is gluaiseacht atá ann ar mhaithe le saol níos fearr a chruthú le nach bhfágfar aon duine ar an taobhlíne. Trí chomhiarrachtaí na gcomhpháirtithe díograiseacha ar fud na hEorpa, tá an tionscnamh dírithe ar thionchar buan a imirt ar an inrochtaineacht sa spórt, rud a réiteoidh an bealach do thimpeallacht níos cuimsithí agus níos cothroime do chách.

Más spéis leat páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht chlaochlaitheach seo nó tuilleadh a fhoghlaim faoi, molann ‘Sport Accessibility’ duit do chuid féin a dhéanamh agus a chinntiú go mbeidh an deis ag gach duine taitneamh agus tairbhe a bhaint as an spórt. Is féidir cabhrú leis an tionscadal tríd an suirbhé faoin teacht a bhíonn ag daoine dalla agus leathdhalla ar ghníomhaíochtaí spóirt agus caithimh aimsire i do bhaile nó i do réigiún a líonadh isteach faoin 27 Meán Fómhair.

Iar-stiúrthóir nuálaíochta, bainistíochta saoráidí agus TFC agus bainisteoir in eagraíochtaí brabúis agus neamhbhrabúis araon é Peter van Bleijswijk, atá ag díriú le blianta beaga anuas ar an abhcóideacht ar son leasanna cliant. Tá sé an-tiomanta don chuimsitheacht agus d’fheabhas a chur ar an inrochtaineacht sa spórt do dhaoine dalla agus leathdhalla. Ina theannta sin, oibríonn sé go deonach in Oogvereniging agus in EBU agus tá sé páirteach sna meithleacha a bhíonn ag comhoibriú leis na rialtais áitiúla agus náisiúnta. Tá a chuid oibre fréamhaithe go domhain san iarracht an cháilíocht saoil a fheabhsú agus comhdheiseanna a chruthú do ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí.

CESE: an spórt a chur chun cinn mar bhealach dearfach chun tacú le luachanna an Aontais

Bhí CESE ar thús cadhnaíochta i gcónaí maidir leis an spórt a chur chun cinn mar bhealach dearfach chun luachanna sláintiúla a chothú i ngach cuid den tsochaí.

Read more in all languages

Bhí CESE ar thús cadhnaíochta i gcónaí maidir leis an spórt a chur chun cinn mar bhealach dearfach chun luachanna sláintiúla a chothú i ngach cuid den tsochaí.

Sa tuairim ó CESE maidir leis an Spórt agus Luachanna Eorpacha a dhréachtaigh an comhalta Bernardo Hernández Bataller, tugadh le fios go gcuidíonn an spórt le cuspóirí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach, go bhforbraíonn sé luachanna tábhachtacha oideachais agus cultúir, agus go gcuireann sé le himeascadh an duine sa tsochaí, ós rud é go bhfuil gach duine sa phobal in ann spórt a chleachtadh, gan beann ar inscne, cúlra eitneach, reiligiún, aois, náisiúntacht, aicme shóisialta nó gnéaschlaonadh. Tá ról lárnach ag an spórt mar uirlis chun dul i ngleic leis an éadulaingt, an tseineafóibe agus an ciníochas.

In 2022, ba ar an tuairim Gníomhaíocht an Aontais maidir leis an tréimhse tar éis COVID‑19: téarnamh níos fearr a bhaint amach a bhuí leis an spórt arbh é an comhalta Pietro Barbieri a dhréachtaigh í a dhírigh obair CESE i réimse an spóirt. I ngeall ar cé chomh fada agus a mhair an phaindéim, a raibh tionchar tromchúiseach aici ar earnáil iomlán an spóirt agus go háirithe ar chumainn spóirt áitiúla, d’áitigh an Coiste gur ghá cur chuige straitéiseach a thabhairt isteach maidir le ról an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a athbheochan agus a chur chun cinn chun sochaí níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil.

Leag CESE béim freisin i roinnt tuairimí uaidh ar a thiomanta atá sé don rothaíocht mar mhodh iompair sláintiúil atá neamhdhíobhálach don aeráid, e.g. Promotion of cross-border cycle transport agus Transport in urban and metropolitan areas. Ní raibh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil in CESE nuair a foilsíodh na tuairimí sin.

Sampla praiticiúil den tacaíocht a thugann CESE don rothaíocht is ea an foilseachán Léacsacan Rothaíochta na hEorpa (foilsíodh an t-eagrán is déanaí in 2023). Is éard a chnuasaítear ann stór focal a bhaineann leis an rothaíocht i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh; is úsáideach an foilseachán é do dhuine a bheadh ag iarraidh dul ag rothaíocht i dtír eile san Eoraip nó níos faide i gcéin.

Le blianta beaga anuas, d’eagraigh CESE imeachtaí éagsúla a bhaineann leis an rothaíocht nó thug sé tacaíocht dá leithéidí. I mí na Bealtaine 2024, ba é an comhalta Bruno Choix an príomhrothaí i dturas rothaíochta trasna na Fraince agus na Beilge, imeacht a eagraíodh chun na toghcháin Eorpacha a chur chun cinn agus daoine a spreagadh le dul amach ag vótáil. In 2019, mar chuid den Grand Départ de Bruxelles 2019 (1-7 Iúil 2019) de chuid an Tour de France, chuir CESE an rothaíocht chun cinn mar mhodh iompair glan agus mar chaitheamh aimsire coitianta. (mp)

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Laura Lui (ll)

Contributors to this issue

Christian Weger (cw)
Daniela Vincenti (dv)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Giorgia Battiato (gb)
Jasmin Kloetzing (jk)
Katerina Serifi (ks)
Katharina Radler (kr)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Margarita Gavanas (mg)
Margarida Reis (mr)
Millie Tsoumani (mt)
Pablo Ribera Paya (prp)
Simran Grewal (sg)
Thomas Kersten (tk)

Coordination

Agata Berdys (ab)
Giorgia Battiato (gb)

 

 

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 24 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

September 2024
07/2024

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram