European Economic
and Social Committee
Seans maith gur dian an tástáil ar thionscadal na hEorpa a bheidh i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe nua maidir le hImirce agus Tearmann
Glacadh an Comhshocrú i mí na Bealtaine 2024, agus is cloch mhíle stairiúil a bhí ann dar le lucht a mholta, ach is rud é Comhshocrú nua seo an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann nach bhfuil cruthúnas ann fós i leith a chuid fiúntais. Is cinnte nach gan dua a éireoidh linn na dúshláin atá romhainn in 2025 a shárú. Tá éiginnteacht mhór ag roinnt leis an timpeallacht gheopholaitiúil atá ann faoi láthair. Beidh aird le tabhairt ar an mbunchastacht atá ag roinnt leis an gComhshocrú, sin agus ar an spriocdháta docht atá ann lena chur chun feidhme. Beidh nithe go leor le coinneáil i gcothromaíocht le chéile le linn na hoibre. Seo anailís le Camille Le Coz ón Institiúid Eorpach um Beartas Imirce (MPI Europe)
Tá ceisteanna práinneacha ag teacht chun follais i dtús 2025 maidir le todhchaí na mbeartas imirce san Aontas Eorpach (AE). Tá bealach soiléir leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach nua leis an bplean atá aige a chur chun feidhme don Chomhshocrú nua maidir le hImirce agus Tearmann. Mar sin fein, tá an baol ann go mbeidh malairt fócais ann go polaitiúil, agus baol dá réir go ndéanfar cuid de na hacmhainní a atreorú de bhrí gur rud a bhíonn ag síorathrú atá in imthosca an scéil. Tá toghcháin ag teacht aníos sa Ghearmáin. Sin rud a chuir barr ar an éiginnteacht. Rud eile is cúis éiginnteacha an iarmhairt atá ar chliseadh réimeas Assad sa tSiria, sin agus a dhothuartha atá imeachtaí an chogaidh san Úcráin. Tá plé á dhéanamh ar cheist na samhlacha seachtraithe. Is minic gan san obair sin, áfach, ach ainliú polaitíocht ar mhaithe leis féin seachas rud is cuid de straitéis chomhtháite Eorpach. Idir an dá linn, tá an imirce fós á húsáid le haighneas a chothú ar teorainn na Polainne agus na Bealarúise, agus is rud é an neamhaird ar dhlí an Aontais atá ag éirí níos coitianta mar gheall ar an ionstraimiú sin. Is ríthábhachtach an bhliain atá romhainn: beidh le feiceáil an féidir leis an Aontas Eorpach cur chuige a chleachtadh arb é cothú na muiníne an toradh a bheidh air, cur chuige a fhágfaidh gur comhghníomhaíocht a bheidh á déanamh. Sin rud a bhfuil géarghá leis nó is tuilleadh den ilroinnt atá i ndán.
I mí na Bealtaine 2024, tar éis dhianchaibidlíocht na mblianta, dúirt go leor de lucht ceaptha beartas na hEorpa gur chloch mhíle stairiúil a bhí i nglacadh an Chomhshocraithe. Go gairid roimh thoghcháin na hEorpa, léirigh an comhaontú seo gur bua de chuid na mBallstát seasamh guaille le guaille agus dul i ngleic le cuid de na fadhbanna is dúshlánaí atá le réiteach acu. Cuid lárnach de spriocanna an Chomhshocraithe ab ea aghaidh a thabhairt ar an teannas idir freagracht agus dlúthpháirtíocht. Rud eile a bhí le leigheas an dearcadh úd gur géarchéim bhuan atá i ngéarchéim na himirce. Bhí an tríú fadhb ann: comhchuibhiú na neamhréireachtaí i nósanna imeachta tearmainn na mBallstát. Is fíor gur iomlánú ar an gcóras atá ann faoi láthair atá sa chreat nua thar aon ní eile. Mar sin féin, beidh bearta á ndéanamh dá bharr is déine ná na seanbhearta. Ina measc sin tá an scagadh córasach, nósanna imeachta feabhsaithe maidir le tearmann agus filleadh ag na teorainneacha, sin agus an díolmhú ó rialacha coiteanna le linn géarchéime. Rud eile a dtacaíonn an Comhshocrú leis neartú a dhéanamh ar an Eorpú. Gnéithe éigeantacha de sin atá sa dlúthpháirtíocht, i ról feabhsaithe na n-institiúidí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, mar aon le méadú ar an maoiniú agus ar an maoirseacht atá an Eoraip a dhéanamh.
Tá biseach ar chreidiúnacht an Aontais. Tharlódh, áfach, gur gearr a bheidh an sceal amhlaidh a mhéid a bhaineann an sceal le comhbhainistiú na himirce. Sin é is baol mura gcuire muintir na hEorpa na rialacha nua chun feidhme faoi mhí na Bealtaine 2026. Is dúshlán ar leith an sprioc-am docht sin arae is éard atá i ndán faoi scáth an Chomhshocraithe córas casta a bhunú, acmhainní a chur ar fáil, baill a earcú i gcomhair na foirne agus oiliúint a chur orthu. Is do na Ballstáit atá sa bhearna bhaoil is troime an dúshlán. Cé go bhfuil pleananna gníomhaíochta náisiúnta dréachtaithe ag na Ballstáit, is obair í sin a bhfuiltear dall ar a leath, agus tá easpa teachtaireachtaí polaitiúla ann. Tá an baol a bhaineann leis an mbearna sin ag dul i méid, ós rud é go bhfuil an stiúradh polaitiúil ríthábhachtach chun an chothromaíocht leochaileach a choinneáil ar leibhéal an Aontais.
Thairis sin, is gá comhghuaillíochtaí geallsealbhóirí a bhunú chun an córas nua a chur chun feidhme. Tá ról lárnach ag gníomhaireachtaí náisiúnta tearmainn leis na téacsanna casta reachtacha a thiontú ina gcreataí praiticiúla. Tá ról lárnach ag gníomhaireachtaí an Aontais sa phróiseas sin cheana – go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Tá rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha chomh tábhachtach céanna chun leas a bhaint as a gcuid saineolais agus chun rochtain ar chomhairleoireacht dhlíthiúil agus ar fhormhaoirseacht dhlíthiúil ar na nósanna imeachta nua a áirithiú, i measc nithe eile. Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, tá gá le cur chuige níos comhoibríche, rud lena n-áirítear comhairliúcháin rialta, sásraí láidre comhroinnte faisnéise, agus tascfhórsaí oibríochtúla a thagann le chéile go rialta.
Idir an dá linn, tá aird mhór ar straitéisí seachtraithe, agus tá méadú ar líon na bpríomhchathracha Eorpacha a mheasann gur réiteach iad na straitéisí sin ar dhúshláin na himirce san Aontas. Is suaite an díospóireacht a bhí ann de bharr an chomhaontaithe idir an Iodáil agus an Albáin, díospóireacht faoi gach is acmhainn don Aontas a dhéanamh le feabhas a chur ar bhaintistiú na himirce measctha. Ó tharla sin amhlaidh, bhí aird ar leith ar Giorgia Meloni ar fud na hEorpa. Bíodh sin mar atá, is rud é nach raibh toradh fónta air fós. Níl ann ach comhaontú déthaobhach, comhaontú atá dúnta ar chomhpháirtithe Eorpacha eile dá mba mhian comaoin a chur ar an obair. Idir an dá linn, tá rialtais eile ann atá ag smaoineamh ar shamhlacha malartacha eile. Ina measc sin tá na moil fillte, mar aon le bealaí chun na moil sin a chomhtháthú i gcur chuige uile-Aontais.
Beidh ceist seo an fhillte i gceartlár na díospóireachta polaitiúla as seo go ceann tamall de mhíonna. Go deimhin, tá cuid den Chomhaontú ag brath ar luas an fhillte a fheabhsú, go háirithe i gcás daoine aonair atá faoi réir nósanna imeachta teorann i stáit túslíne. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag féachaint le dul i ngleic leis an bpráinn sin agus spás a fhágáil san am céanna do mhoil phíolótacha um fhilleadh. I dtaca leis sin, tá súil sa Mharta le tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Fhilleadh. Ó tharla brú ama ann, tá an baol ann nach ndéanfaidh muintir na hEorpa a machnamh go hiomlán ar na ceachtanna a foghlaimíodh ar láthair na háite, ainneoin an dul chun cinn atá déanta le deich mbliana anuas i réimsí éagsúla, an fhor-rochtain, an chomhairleoireacht, an tacaíocht don ath-lánpháirtiú, agus an fhoghlaim fhrithpháirteach ar leibhéal an Aontais. Ar a mhuin sin, ní mór don Eoraip a bheith san airdeall nach dochar don chaidreamh le tíortha tionscnaimh a dhéanfaidh tástáil na samhlacha seachtraithe, agus ní mór di a bheith san airdeall dá reir nach lagóidh sé an seasamh atá ag an Eoraip ar bhonn níos leithne.
Ní bréag a rá gurb é an siúl ar an tanaí é i dtimpeallacht atá thar a bheith éiginnte. Fágann sin gur tástáil atá i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe ní hamháin do bhainistiú na himirce ach do thionscadal an Aontais freisin sa chiall is leithne den fhocal. Is maith an léargas gach ata ag tarlú ag teorainn na Polainne faoi láthair, thar áit ar bith eile, ar na dúshláin shonracha atá le sárú má tá i ndán go n-urramófar na rialacha ceangailteacha bhrú ó thír chomharsanach eascairdiúil. Is léir ach féachaint ar chás na Siria agus na hÚcráine nach mór do phríomhchathracha na hEorpa a ullmhú i gcoinne teagmhais den chineál a thiocfaidh aniar aduaidh orthu. Sa bhliain atá romhainn, is ríthábhachtach ceannaireacht láidir a chothú ar leibhéal an Aontais chun rialacha nua a chur chun feidhme agus leanúint orainn ag féachaint nuálaíochtaí atá i gcomhréir le cur chuige comhpháirteach agus a neartaíonn an cur chuige sin. Is éard atá i gceist leis sin díriú ar thógáil na gcomhpháirtíochtaí athléimneacha le tíortha tosaíochta, sin agus deimhin a dhéanamh de nach ar an gcleasaíocht pholaitiúil a chaithfear na hacmhainní.
Tá Camille Le Coz ina Stiúrthóir Comhlach leis an Migration Policy Institute Europe, institiúid taighde sa Bhruiséil atá ag iarraidh bainistíocht níos éifeachtaí a dhéanamh ar an inimirce, ar lánpháirtiú na n-inimirceach agus ar chórais tearmainn chomh maith le torthaí rathúla do dhaoine nua, do theaghlaigh de chúlra inimirce, agus do na pobail a bhíonn ag glacadh na n-imirceach.