le Andrey Gnyot

Is leor do dhuine an ghairm mhícheart a roghnú sa Bhealarúis le go bhféadfaí é a ghabháil agus a choinneáil. Leis an bhfírinne a dhéanamh, de bharr bhotún marfach den sórt sin is féidir tú a ghabháil fiú i lár na hEorpa, mar shampla sa tSeirbia. Agus tharlódh lámh ag Interpol san obair, eagraíocht idirnáisiúnta mór le rá. Bíonn an fhírinne searbh, agus tá blas an tsearúis ar mo chuid cainte, ach ní bréag ar bith an méid atá mé a rá. Andrey Gnyot is ainm dom. Is scannánóir, iriseoir agus iarphríosúnach polaitiúil sa Bhealarúis atá ionam. Seo é mo scéal.

I 1999, dúirt mé liom féin gur mhaith liom a bheith i m’iriseoir. An teilifís agus an raidió: is iad ba phaisean dom, is iad ba bhrionglóid dom, agus is iad ba chaitheamh aimsire dom. An bhféadfadh duine 17 mbliana d'aois a shamhlú go ndéanfaí an t-antoisceachas a lipéadú ar iriseoireacht neamhspleách ina thír féin agus go gcuirfí srian agus laincis ar na meáin eile ar fad ionas nach mbeadh iontu ach trumpa bolscaireachta? Níl, ní raibh súil ag aon duine againn go dtarlódh sé seo san Eoraip sa 21ú haois. Ach sin mar atá an scéal faoi dheachtóireacht na Bealarúise i láthair na huaire: níl aon eagraíocht neamhspleách sa tír i saol na meán. Is faoi úinéireacht an stáit atá gach struchtúr in earnáil na meán. Tá smacht docht daingean ag an stát ar na polasaithe eagarthóireachta atá á gcleachtadh: moltar cumhacht fhéinfhógartha Lukashenko agus tugtar ‘namhaid na ndaoine’ ar aon duine a bhfuil sé de mhisneach aige é a cháineadh, fiú ar bhealach fónta - lipéad ó thréimhse na gcumannach.

Mar sin, i lár na 2000idí, rinne céimí iriseoireachta óg agus naive iarracht a áit sa ghairm a aimsiú. Le linn dom a bheith ag déanamh léinn, agus go ceann tamaill i ndiaidh an ama sin, fuair mé a lán taithí phraiticiúil ar an teilifís agus ar an raidió, agus bhí a fhios agam go díreach céard ab áil liom a dhéanamh sa saol. Ach bhí i ndán gur ghearr a mhairfeadh an deis: bhí stáisiúin raidió phríobháideacha ag dúnadh síos nó á nglacadh ar láimh ag an stát, agus ní raibh stáisiúin teilifíse neamhspleácha in ann minicíocht craolacháin a dhaingniú fiú. Is beag rogha a bhí ag duine: géilleadh don bholscaireacht, na scéalta conspóide a sheachaint, agus glacadh leis nach mbeadh a mhalairt ann ach siamsaíocht gan téagar. Níor tháinig an iriseoireacht slán sa Bhealarúis ach a bhuíochas le nuachtán nó dhó agus tairseach idirlín neamhspleách. Thug iriseoirí go leor cúl dá ngairm, agus cuireadh go leor acu faoi chois. D’eisigh Aireacht Faisnéise na Bealarúise rabhaidh do na meáin go rialta ach níor leor ach trí rabhadh chun a gceadúnais a chúlghairm. De réir Chomhlachas Iriseoirí na Bealarúise, tháinig laghdú 21 % ar líon na nuachtán in 2020-2024. Níor fágadh ar an margadh ach foilseacháin gan faobhar, rud a léifeadh na daoine cois coille sa dacha, míreanna beaga grinn, crosfhocail agus a leithéid. Dhún na húdaráis gach foilseachán sochpholaitiúil neamhspleách nó roghnaigh siad gan dul i gcló toisc go raibh sé dodhéanta dóibh oibriú.

Bhí an t-ádh liom féin. Fuair mé réiteach ar an bhfadhb nach géilleadh iomlán a bhí ann. Chuaigh mé leis an stiúrthóireacht phoiblí agus leis an obair chruthaitheach, agus is fíor a rá gur rímhaith a d’éirigh sin liom. San am céanna, lean mé ar aghaidh le mo chuid oibre iriseoireachta mar oibrí deonach, gan m’ainm a nochtadh, ionas nach nochtfaí mé. Ba léir gur beart éifeachtach a bhí ann. Trí úsáid a bhaint as mo chuid taithí agus mo chuid teagmhálacha gairmiúla go léir, bhí mé in ann fís-sleachta úra a chur ar fáil do na meáin neamhspleácha ó 2020, agus bhí mé in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochas sibhialta agus polaitiúil freisin - bhí mé i mo chomhbhunaitheoir ar an ngluaiseacht shibhialta um chearta an duine darb ainm ‘Free Association of Athletes of Belarus SOS.BY’. Ní dóigh liom gur féidir claontacht agus rannpháirtíocht a chur ina leith, toisc gur roghnaigh mé taobh mhuintir mo thíre – níl aon bhaint ag deachtóireacht leis an oibiachtúlacht, díreach mar nach bhfuil aon bhaint ag bolscaireacht leis an iriseoireacht.

In 2021, bhí an Bhealarúis sa 158ú háit as 180 i rátáil shaoirse an phreasa. I gcomparáid le 2020, thit sé cúig áit. ‘Is í an Bhealarúis an tír is contúirtí san Eoraip d'oibrithe na meán,’ a thugann rabhadh don eagraíocht idirnáisiúnta um chearta an duine Tuairisceoirí gan Teorainneacha.

Tabhair faoi deara roghanna na Bealarúise sa bhliain agóide 2020: Ba iad an t-idirlíon agus na meáin shóisialta na príomhfhoinsí nuachta do 60% de na freagróirí. Teilifís - 11% de na freagróirí. Na meáin chlóite - 7%, agus raidió - 5%. Tar éis an méid sin a bhaint amach, thosaigh an réimeas deachtóireachta ag gníomhú go géar agus go neamhghéilliúil. Ba é an príomh-aireagán an troid i gcoinne "antoisceachas" mar bhunús le cinsireacht agus géarleanúint. Cuireann na húdaráis bac ar rochtain ar ábhar na n-eagraíochtaí meán a leanann dá ngníomhaíochtaí ón gcoigríoch, agus meastar gur léiriú ar antoisceachas é aon chomhar leo.

I ndeireadh 2023, bhí 32 iriseoir i bpríosún sa Bhealarúis. In ionaid choinneála, tugadh íde mhídhaonna do na hiriseoirí. De réir gníomhaithe cearta daonna, chuaigh an blagálaí agus an t-iriseoir Igor Losik as ‘Radio Liberty’ ar stailc ocrais ar feadh i bhfad i gcoilíneacht an phríosúin, agus ansin ghearr sé a lámha agus a mhuineál. Gearradh téarma príosúnachta 15 bliana air. Tá dlús curtha le hionchúiseamh coiriúil maidir le haon chineál comhair leis na meáin neamhspleácha ar a dtugtar ‘foirmíochtaí antoisceacha’. Dul nua ar an scéal is ea an ghéarleanúint ní hamháin ar ionadaithe na sochaí sibhialta, ach freisin ar ghnáthshaoránaigh a dhéanann trácht ar aon imeachtaí sóisialta agus polaitiúla d’iriseoirí.

Ar 31 Deireadh Fómhair, 2024, dhearbhaigh réimeas na Bealarúise mo chuntas pearsanta Instagram mar ‘ábhar antoisceach’. Ciallaíonn sé sin go ndéanfar mé féin, ach mo lucht leanúna uile sa Bhealarúis freisin, a ionchúiseamh as liostáil le mo chuntas. Tá níos mó ná 5000 acmhainn Idirlín sa Bhealarúis dearbhaithe "antoisceach" ag an deachtóireacht. B'fhéidir nach féidir le haon tír Eorpach eile staitisticí breátha den sórt sin a chothú! An dóigh linne, muintir na Bealarúise, go dtugtar dóthain airde ar fhadhb iriseoireacht na Bealarúise? Inseoidh mé duit go macánta - níl, tá easpa aird ar an bhfadhb seo. Ní hamháin go bhfuil institiúid na hiriseoireachta á díchóimeáil sa Bhealarúis, ach tá gairmithe iriseoireachta á scriosadh go fisiciúil freisin.

Déanann an deachtóireacht iarracht freisin géarleanúint a dhéanamh ar iriseoirí agus ar ghníomhaithe lasmuigh den Bhealarúis. Is léiriú maith é mo shampla ar ghéarleanúint den sórt sin. D'fhoghlaim an réimeas institiúidí daonlathacha a úsáid chun a spriocanna uafásacha a bhaint amach. Ionchúisíodh iriseoirí, gníomhaithe, blagálaithe agus saoránaigh atá gníomhach go polaitiúil as coireanna cánach, go príomha as gan cánacha a íoc san am a chuaigh thart. Tá sé cruthaithe gur scáileán deataigh foirfe é seo chun na cúiseanna polaitiúla atá taobh thiar den ghéarleanúint a cheilt. Tá Ales Bialiatski, gníomhaí ar son chearta an duine agus buaiteoir Dhuais Nobel, sa phríosún ar chúiseanna airgeadais. Príomheagarthóir ar an eagraíocht meán neamhspleách ‘TUT.BY’ (a scrios an réimeas in 2020) agus a comhghleacaithe, tá siad taobh thiar de bharraí faoin alt airgeadais céanna. Ghlac Interpol leis an alt coireachta airgeadais céanna le haghaidh mo chuardaigh. Thóg sé beagnach ocht mí ar Interpol imscrúdú inmheánach a dhéanamh agus a fháil amach gur sháraigh an cuardach dom airteagail 2 agus 3 dá mbunreacht. Mar sin féin, gabhadh mé agus cuireadh i bpríosún mé sa Phríosún Lárnach i mBéalgrád ar feadh seacht mí agus sé lá. Chaith mé cúig mhí faoi bhraighdeanas baile agus is dian na srianta a bhí orm. Cinneadh faoi dhó le Cúirt Uachtarach na Seirbia mé a eiseachadadh chuig deachtóireach na Bealarúise. D'éirigh le mo dhlíodóir agus liom féin achomharc a dhéanamh faoi dhó i gcoinne an chinnidh seo. Bliain amháin de mo shaol ina hiomláine, creachadh mo shláinte fhisiciúil agus mheabhrach orm. Sin toisc gur roghnaigh mé an ghairm mhícheart sa tír mhícheart. Toisc go raibh tuairim agam agus chuir mé in iúl é trí shaoránacht ghníomhach.

Ar ámharaí an tsaoil, is liom a bhí an lá i ndeireadh na dála - murach sin ní bheifeá ag léamh na bhfocal seo. A bhuíochas le dlúthpháirtíocht dhochreidte iriseoirí, polaiteoirí, na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí, d’fhág mé an tSeirbia agus bhain mé sábháilteacht amach i mBeirlín. Ach níl deireadh le mo scéal fós. Tá próiseas fada téarnaimh romham fós agus bím ag streachailt leis faraor. Tá a fhios agam féin gur roghnaigh mé mo ghairm go dílis agus go cóir, fiú má tá daoine ann a mheasann gur rud an-antoisceach é. Tá a fhios agam gur cuid lárnach de shochaí dhaonlathach í an iriseoireacht neamhspleách. An cineál sochaí atá muintir na Bealarúise ag iarraidh a thógáil. Agus tá súil againn nach inár n-aonar a bheimid ar an gcosán cinniúnach seo.