Le Peter Schmidt, Diandra Ní Bhuachalla agus Arnaud Schwartz
Agus ionadaíocht á déanamh aige ar shochaí shibhialta an Aontais ag COP29 i bpríomhchathair Baku san Asarbaiseáin, mhol CESE go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach inláimhsithe ar son na haeráide agus go dtabharfaí tús áite don cheartas sóisialta agus comhshaoil sa chaibidlíocht maidir leis an aeráid.
Labhair Peter Schmidt, cathaoirleach an Ghrúpa Ad Hoc um COP, linn faoi phríomhtheachtaireachtaí CESE maidir le príomhthéama COP29 – maoiniú don aeráid.
Peter Schmidt: is meabhrúchán cumhachtach é an borradh atá tagtha ar theagmhais adhaimsire ar fud an domhain chun dlús a chur leis an uaillmhian aeráide. Is cosúil gurb í seo an bhliain ba theo riamh. Is minice feasta a bhíonn tubaistí aeráide ann, agus is chun déine atá siad ag dul. Ina measc na dtubaistí sin, tá tuilte, falscaithe agus triomaigh, rudaí arb é an duine is cúis leo. Cuireann seo leis an neamhionannas sóisialta. Is mó ar fad costas na neamhghníomhaíochta aeráide ná costas na gníomhaíochta.
Is mór atá idir dhá cheann na meá ag COP29. Ba ríthábhachtach teacht ar chomhaontú maidir le réitigh dhomhanda i ndáil le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide chun go mbeidh tíortha i mbéal forbartha in ann leas a bhaint as na hacmhainní le haghaidh gníomhú domhanda ar son na haeráide. Le rannpháirtíocht CESE ag COP29 in Baku, tugadh moltaí chun cinn bunaithe ar ár dtuairim maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, lena ndíreofar ar athmhúnlú an ollstruchtúir airgeadais idirnáisiúnta chun maoiniú éifeachtach inrochtana don troid i gcoinne an athraithe aeráide a chur ar fáil agus a éascú.
Leagaimid béim ar an ngá atá leis an Sprioc Nua Chainníochtaithe Chomhchoiteann a bhunú chun bearnaí sa mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a dhúnadh, ar cheart di maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a dhéanamh níos oiriúnaí don fheidhm, níos neamhdhíobhálaí don bhithéagsúlacht, níos láidre ó thaobh tionchair de agus dírithe go cruinn ar na tíortha agus ar na pobail is leochailí. Ba cheart do shreafaí maoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide a bheith á dtreorú ag prionsabail an Aistrithe Chóir, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe atá ina gcroílár. Tá gealltanais fhadtéarmacha ó ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon ríthábhachtach, agus beidh ról ríthábhachtach ag an airgeadas poiblí maidir le hinfheistíochtaí príobháideacha a shlógadh agus a laghdú le haghaidh tionscnaimh aeráide.
Cé gur cheart rochtain ar mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a chumasú do thionscnaimh áitiúla agus do ghluaiseachtaí pobail, tá CESE ag iarraidh freisin go mbeadh cur chuige cuimsitheach ann chun deireadh a chur le timthriall an fhéichiúnais agus na tearcinfheistíochta san oiriúnú. Iarraimid go ndéanfaí cistí aeráide a dháileadh go cothrom chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí. Ina theannta sin, tá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ríthábhachtach chun cur chuige cuimsitheach daonlathach a chruthú lena n-áiritheofar go mbeidh infheistíochtaí aeráide éifeachtach agus inbhuanaithe.
Ba í Diandra Ní Bhuachalla an toscaire óige a chuir CESE ar COP (2023-2025). Rinne sise cur síos ar an méid a raibh sí ag súil leis ó COP29. Ó thaobh an duine óig de, cad iad na saincheisteanna aeráide is práinní nach mór a réiteach ar dtús?
Diandra Ní Bhuachalla: Ba chúis díomá torthaí COP28, agus d’fhéach mé leis an méid a raibh mé ag súil leis ó COP29 a bhainistiú a mhéid is féidir. Ós fíor go mbeadh torthaí comhdhála bliantúla eile teoranta mar gheall ar rogha na hUachtaránachta – ach stát eile atá ag brath go mór ar bhrabúis ó bhreoslaí iontaise – bhí sé thar a bheith deacair dóchas a choinneáil.
Mar sin féin, tar éis dul i gcomhairle le heagraíochtaí óige éagsúla ar fud na hEorpa trí chruinnithe struchtúrtha an Tascfhórsa Óige mar chuid de chlár COP Thoscaire Óige CESE, chinn mé gurbh fhearr díriú ar Cheartas Aeráide agus ar an Aistriú Cóir, ar Mhaoiniú Aeráide agus ar Sprioc Nua Chainníochtaithe Chomhchoiteann, agus rannpháirtíocht fhóinteach na hóige i bpróisis chinnteoireachta idirnáisiúnta a mhéadú.
Ós eol dom cé mhéad caibidlíocht nár éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh sa chéad seachtain mar gheall ar easpa iomlán comhaontaithe agus comhair – lena n-áirítear maidir le hinscne, maoiniú don aeráid, agus an t-aistriú cóir – tuigim go raibh m’ionchais ró-ard arís agus go ndearna mé m’iarrachtaí abhcóideachta i bhfo-imeachtaí agus i gcruinnithe déthaobhacha mar thoradh air sin. Is é an dá ní is mó is údar misnigh dom go bhfuil an teanga atá ann cheana, go háirithe maidir le cearta an duine, fós ann, agus go mbainimid dul chun cinn beag amach chun rudaí a ailíniú go foirfe do COP30, arb é an ciseán é ar cosúil go bhfuil gach duine ag cur a n-uibheacha dóchais go léir ann.
Mar gheall ar nádúr trasnach an athraithe aeráide agus a éifeachtaí, ní fhéadfainn iarracht a dhéanamh saincheisteanna a rangú in ord tábhachta nó práinne. Tá imní ar na daoine óga faoina bhfuil i ndán dóibh. Ní léir cén chinnteacht fostaíochta atá ann dóibh agus is ceist dá réir an mbeidh orthu malairt oiliúna a chur orthu féin; Ó thaobh a gduic a tithe de agus a dteaghlach, agus ó thaobh sábháilteachta ó stoirmeacha, ó thuilte agus ó chreimeadh an chósta, ó thaobh na sláinte de agus an cháilíocht saoil a bheidh ag a gclann lá is faide anonn, agus maidir leis an gcaoi a gcuirfear de chúram ar ár nglúin caibidlíocht i bhfad níos deacra a dhéanamh maidir leis an aeráid nuair a bheidh muid inár gcinnteoirí, toisc nach bhfuil dóthain gníomhaíochta á déanamh inniu ós rud é go mbeidh tionchar na caibidlíochta sin le brath ar feadh na mblianta.
Tá ceartas aeráide de dhíth orainn anois. Tá maoiniú réalaíoch don troid i gcoinne an athraithe aeráide de dhíth orainn anois. Teastaíonn aistriú fostaíochta agus fuinnimh atá cothrom, cóir agus cothrom uainn anois. Tá uaillmhian de dhíth orainn anois. Ní mór dúinn é a chur i bhfeidhm anois.
Tá gá againn go léir leat anois.
Cuireadh deireadh le COP16 maidir leis an mbithéagsúlacht, a bhí ar siúl in Cali na Colóime i mí Dheireadh Fómhair, agus ní raibh aon chomhaontú ann maidir le cistiú don dúlra. D’iarramar ar Arnaud Schwartz, ionadaí CESE ag COP16, a bheith dóchasach i gcónaí in ainneoin na gcéimeanna ar gcúl sin. Cad iad na bearta ba cheart a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint?
Arnaud Schwartz: 200 billiún dollar in aghaidh na bliana. De réir na Náisiún Aontaithe, is é sin an méid airgid a bheadh ag teastáil (lena n-áirítear gach cineál cistiúcháin – poiblí, príobháideach, náisiúnta agus idirnáisiúnta) chun ár spriocanna bithéagsúlachta a bhaint amach. Mar sin, cad atá i gceist leis seo? Níl i gceist leis ach deireadh a chur le cliseadh shaol na n-orgánach beo, atá ag imeacht i léig de shíor, agus baineann sé leis an dúlra a athbhunú agus deis a thabhairt dó maireachtáil i ndomhan ‘beo’, seachas ligean dó a bheith scriosta ag saint agus ag amadántacht.
Cad é an todhchaí tar éis teip COP16?
Ba chóir do gach duine againn an cheist seo a chur orainn féin agus í a ardú leo siúd atá thart timpeall orainn, go háirithe ós rud é go bhfuil a fhios againn, sa Fhrainc amháin, gach bliain, go bhfuil níos mó ná an ceathrú cuid den tsuim seo á úsáid chun ullmhú do chogadh nó pá. Go deimhin, ar fud an domhain, ba dheis chaillte é cruinniú Cali, mar gheall ar easpa toil pholaitiúil agus easpa dlúthpháirtíochta eacnamaíche.
Mar sin féin, ní luí gan éirí é.
Tá solas faon ag ceann an tolláin: thug COP seo aitheantas do phobail dhúchasacha agus do phobail áitiúla as a ról mar chaomhnóirí na bithéagsúlachta – tar éis thart ar 30 bliain d’athraitheacht – chomh maith leo siúd de bhunadh na hAfraice, cruthaíodh ciste nua de chuid na Náisiún Aontaithe freisin, ar a dtugtar Ciste Cali. Go fadtéarmach, úsáidfear an ciste seo chun ranníocaíochtaí deonacha a bhailiú ó chuideachtaí príobháideacha, agus rachaidh leath díobh sin chuig na grúpaí daoine thuasluaite. Anois céard a déarfá!
Is éard é féin...
Is mar a chéile sinn. Agus d'fhonn leanúint orainn ar ár gconair choiteann, b'fhéidir go mbeadh sé ciallmhar tosú trínár ngeilleagar a chur ar ais ar an mbóthar ceart chun leasa an leasa choitinn. Mar sin in áit ár n-aimhleas féin a dhéanamh, féachaimis arís na rialacha airgeadais agus trádála idirnáisiúnta.
Peter Schmidt agus Diandra Ní Bhuachalla an bheirt toscairí a chuir CESE go COP29. An aeráid agus cúrsaí airgeadais, sin é an fócas a bhí acu ann thar aon ní eile. Tuairim a d’fhoilsigh CESE ar na mallaibh ba threoir dóibh Maoiniú don aeráid: treochlár nua chun torthaí a sheachadadh maidir le huaillmhiantaí arda i leith na haeráide agus na SDGanna. Ar cheann de na príomhimeachtaí faoi stiúir CESE in Baku bhí ‘Peirspictíocht dhomhanda i dtreo aistriú cóir a chothú san earnáil agraibhia’ an 18 Samhain. Rinneadh iniúchadh ag an imeacht ar chórais bhia inbhuanaithe ísealcharbóin a thógáil atá cothrom d’fheirmeoirí, d’oibrithe sa bhiashlabhra agus do na glúine atá le teacht. Ba é an aidhm a bhí leis feabhas a chur ar an gcomhar idir lucht ceaptha beartas agus an tsochaí shibhialta, guthanna ón deisceart domhanda a mhéadú agus réitigh chuimsitheacha aeráide a chur chun cinn do chách.
Ina chomhalta de thoscaireacht an Aontais dó, ghlac Arnaud Schwartz páirt i gcruinnithe inar iarradh go mbeadh sineirgí níos fearr ann idir próisis na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD) agus an tAthrú Aeráide (UNFCCC), deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol mar bhealach chun níos mó acmhainní airgeadais a shaoradh, agus ról níos gníomhaí a bheith ag an tsochaí shibhialta eagraithe i gcur chun feidhme Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal. Tá tuilleadh eolais faoi rannchuidiú CESE le COP16 le fáil anseo.
Mr Schwartz is the rapporteur of the EESC opinion A comprehensive strategy for biodiversity at COP16: bringing all sectors together of a common goal.