European Economic
and Social Committee
DUAIS NA SOCHAÍ SIBHIALTA CESE I mBEAGÁN FOCAL
15 uaire a bronnadh duais shuaitheanta CESE, Duais na Sochaí Sibhialta go dtí seo. Bronntar í ar thionscadail a chleachtann cur chuige fíorchruthaitheach agus nuálaíoch i leith saincheisteanna atá an-ábhartha don Aontas.
Féadfaidh gach eagraíocht sochaí sibhialta atá cláraithe san Aontas Eorpach agus atá ag obair ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach nó Eorpach iarratas a chur isteach. Féadfaidh daoine aonair cur isteach ar an duais freisin ach cónaí a bheith orthu san Aontas Eorpach, chomh maith le cuideachtaí atá cláraithe san Aontas nó atá ag feidhmiú ann, ar an gcoinníoll gur tionscadail neamhbhrabúis atá ina dtionscadail.
Ionas go mbeidh siad incháilithe, ní mór na tionscnaimh agus na tionscadail a dhéanamh san Aontas. Ní mór iad a bheith curtha i gcrích nó iad a bheith ar bun roimh an dáta deiridh le haghaidh na n-iarratas.
Is é is aidhm don duais feasacht a mhúscailt faoin obair mhór a dhéanann an tsochaí shibhialta chun an fhéiniúlacht agus an tsaoránacht Eorpach a chruthú agus chun na luachanna coiteanna a chur chun cinn a threisíonn an lánpháirtiú san Eoraip.
Roghnaítear ábhar eile gach bliain. In 2023, is tionscadail a bhí dírithe ar an meabhairshláinte a roghnaíodh. In 2022, bhronn CESE duais ar dhá ábhar: an óige agus an Úcráin, ach is éisteacht a bhí ansin. In 2021, is ar tionscadail aeráide a chuireann an t-aistriú cóir chun cinn a bronnadh an duais. In 2020, in ionad Dhuais na Sochaí Sibhialta, sheol CESE Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta, duais aonuaire a bhí tiomnaithe don chomhrac i gcoinne COVID-19. I measc na n-ábhar eile a bhí ann roimhe seo, tá an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban, féiniúlachtaí Eorpacha agus an oidhreacht chultúrtha, mar aon leis an imirce.
I mí Dheireadh Fómhair, sheol CESE an 15ú duais don tsochaí shibhialta. Is éard ba théama dó i mbliana an deighilt dhíobhálach i sochaí na hEorpa a chomhrac.
Is práinní ná riamh téama na deighilte. Agus géarchéimeanna iomadúla forluiteacha ann – lena n-áirítear paindéim COVID-19, cogadh na Rúise san Úcráin agus an éagobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch atá ann go forleathan – tá méadú tagtha ar an mímhuinín sna hinstitiúidí agus sna húdaráis phoiblí. Is as sin a eascraíonn an deighilt dhíobhálach.
Tá ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta leis an mínhuinín sin a chomhrac agus faireachán a dhéanamh ar chearta deighilte ar líne agus as líne, an comhtháthú sóisialta a fheabhsú agus idéil dhaonlathacha a chaomhnú. I bpáirtíocht leis na húdaráis phoiblí agus leis an tsochaí shibhialta, d’fhéadfaí cuidiú lecosaint an daonlathais liobrálaigh ar threochtaí forlámhacha.
Ar an gcúis sin, chinn CESE Duais na Sochaí Sibhialta sa chomórtas is déanaí a bhronnadh ar thionscnaimh neamhbhrabúsacha a dhéanann idirghabháil éifeachtach. Déanann siad sin trí bhearta coisctheacha, luathrabhaidh agus (nuair is gá) cúldréim a chur chun feidhme, rud lena gcinntítear go gcloítear le luachanna daonlathacha, nach mbíonn díobháil ann de dheasca na deighilte, agus nach n-eascraíonn gníomhartha foréigin as insintí aontaobhacha.