Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tuairim dar teideal Pá Íosta Cuibhiúil ar fud na hEorpa inar thug sé a ionchur don díospóireacht leanúnach uile-Aontais ar an ábhar.

D’iarr Parlaimint na hEorpa an tústuairim sin, tar éis don Choimisiún a fhógairt go raibh breithniú á dhéanamh aige i dtaobh ionstraim dhlíthiúil a mholadh chun a chinntiú go mbeadh gach oibrí AE i dteideal pá íosta lena gcinnteofaí caighdeán sásúil maireachtála.

Sa tuairim uaidh, d’áitigh CESE go gcuideodh pá íosta cothrom leis an mbochtaineacht a laghdú i measc daoine bochta, ach beartais um chuimsiú a bheadh daonlárnach, comhtháthaithe agus gníomhach a bheith in éineacht leis.

Mar sin féin, chuir sé i bhfáth nach mór aon tionscnamh AE dá leithéid a mhúnlú ar bhonn anailís bheacht ar an staid sna Ballstáit, agus nach mór ról agus neamhspleáchas na bpáirtithe sóisialta a urramú go hiomlán, chomh maith leis na samhlacha éagsúla caidrimh thionsclaíoch.

Maidir leis an mbealach chun cinn, tá barúlacha éagsúla curtha in iúl ag na trí ghrúpa laistigh de CESE, a dhéanann ionadaíocht d’fhostóirí, do cheardchumainn agus d’eagraíochtaí sochaí sibhialta an Aontais Eorpaigh.

Dúirt an rapóirtéir Stefano Mallia, thar ceann Ghrúpa na bhFostóirí in CESE: “Creideann Grúpa na bhfostóirí nach bhfuil aon inniúlacht ag an Aontas maidir le pá, agus leibhéil phá go háirithe, agus gur ceist náisiúnta é pá íosta a shocrú, le déanamh i gcomhréir le gnéithe sonracha na gcóras náisiúnta faoi seach. Ní mór aon ghníomhaíocht iomrallach ó thaobh an Aontais de a sheachaint, go háirithe ag an tráth áirithe seo. I gcás ina bhfuil tacaíocht de dhíth ar na páirtithe sóisialta, ba cheart dúinn díriú ar riachtanais shonracha a shásamh trí mhalartú dea-chleachtais agus fothú acmhainneachta a chur chun cinn agus gan géilleadh don mheon gur leor an t-aon chur chuige amháin do chách, rud a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha a bheith aige.”

Dúirt an rapóirtéir Oliver Röpke, a bhí ag déanamh ionadaíocht do Ghrúpa na nOibrithe in CESE: “Ní mór é a bheith ina chuid bhunriachtanach de straitéis téarmaimh an Aontais, a chinntiú go dtairbheoidh oibrithe ar fud an Aontais de phá íosta cuibhiúil. Maidir le Grúpa na nOibrithe, níl aon amhras ann gur cheart go gcosnófaí gach oibrí le pá íosta cothrom lena gcinnteofar caighdeán sásúil maireachtála pé áit ina n-oibríonn siad. Is í an chómhargáil fós an bealach is éifeachtaí chun pá cothrom a ráthú agus ní mór í a neartú agus a chur chun cinn sna Ballstáit uile. Is díol sásaimh dúinn, dá bhrí sin, go n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil deis ann don Aontas ghníomhaíocht a dhéanamh chun ról na cómhargála a chur chun cinn maidir le tacaíocht a thabhairt do leordhóthanacht pá íostaagus do chumhdach pá íosta." (ll)