Tá cáil amhrais ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) faoin togra a d’fhoilsigh an Coimisiún le déanaí maidir le tabhairt isteach na foghlama cumaisc – arb é sin meascán d’fhoghlaim thraidisiúnta faoi stiúir an mhúinteora agus obair neamhspleách ar líne nó obair neamhspleách eile – sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas. Tá ceisteanna á n-ardú aige faoina thráthúla atá an togra sin i bhfianaise an tionchair mhóir a bhí ag paindéim COVID-19 ar chórais oideachais san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Sa tuairim uaidh maidir leis an bhfoghlaim chumaisc a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Dheireadh Fómhair, chuir CESE in iúl go bhfuil imní air faoina oiriúnaí atá an modh foghlama seo do dhaltaí bunscoile agus do dhaltaí sna luathbhlianta meánscoile. Áitíonn sé gur cheart í a thabhairt isteach sna blianta deireanacha den scoil toisc nach bhfuil leanaí óga, go háirithe iad siúd sna luathbhlianta bunscoile, aibí go leor chun tabhairt faoin bhfoghlaim neamhspleách.

Dar linne, ní hé seo an t-am ceart chun an fhoghlaim chumaisc a thabhairt isteach i scoileanna ná í a chur chun cinn iontu. Bhí tionchar as cuimse ag paindéim COVID-19 ar chórais oideachais agus ar leanaí, go háirithe leanaí óga a bhí díreach tar éis tosú ar scoil. Tá an fhoghlaim neamhspleách mar chuid den fhoghlaim chumaisc agus tá scileanna áirithe ag teastáil chuige sin,’ a dúirt rapóirtéir na tuairime, Tatjana Babrauskienė.

Chuir CESE in iúl gur feasach dó gur féidir an rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar scileanna digiteacha a fheabhsú a bhuí leis an bhfoghlaim chumaisc, mar a chonacthas le linn ghéarchéim COVID-19.

Mar sin féin, léiríodh le linn na paindéime nach bhfuil na hacmhainní is gá, idir acmhainní praiticiúla agus acmhainní pearsanta, ag daltaí áirithe chun foghlaim ar an dóigh sin. D’fhéadfaidís, sa chás ba mheasa, an scoil a fhágáil go luath dá dhroim sin. Ar a mhuin sin, léiríodh go bhfuil buntábhacht leis an oideachas ina mbíonn dlúthchaidreamh idir daltaí le haghaidh saol sóisialta agus meabhairshláinte na leanaí.

Ní mór dúinn a thuiscint cé chomh tábhachtach agus atá ról sóisialta an oideachais. Ní eolaíocht, fisic ná matamaitic amháin atá i gceist; is é is tábhachtaí go dtabharfaí an deis do leanaí dul ar scoil le chéile agus a bheith ag meascadh lena gcuid piaraí agus ag cur aithne orthu. Is iad an corpoideachas agus an mheabhairshláinte na nithe is tábhachtaí,’ arsa an comhrapóirtéir, Michael McLoughlin.

Tá 21 mholadh déanta ag CESE faoin gcaoi lena chinntiú go mbeidh ról dearfach ag an bhfoghlaim chumaisc san oideachas. Pointe suntasach amháin is ea gur cheart í a chur chun feidhme agus a chistiú ar bhealach lena gcuirtear leis an oideachas agus an oiliúint do na daltaí ar fad agus béim faoi leith orthu siúd ó theaghlaigh ar ioncam íseal, ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine i gceantair thuaithe.

Le linn ghéarchéim COVID-19, tugadh chun léire go mbíonn am agus cruthaitheacht nach beag ag teastáil ó mhúinteoirí a bhfuil brú rómhór orthu cheana agus a bhfuil ról lárnach acu maidir le dearadh rathúil na foghlama neamhspleáiche agus maidir leis an bhfaireachán uirthi.  

Tá easpa múinteoirí san Eoraip i láthair na huaire, easpa arb é is cúis léi, go pointe áirithe, coinníollacha pá agus dálaí oibre deacra. Is den tábhacht, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar thionchair na foghlama cumaisc ar dálaí oibre agus ar ualach oibre chun cásanna traochta a sheachaint. D’fhonn brú a mhaolú, iarrann CESE ar na húdaráis náisiúnta tacú le múinteoirí agus iad ag dul faoi oiliúint ar an modh foghlama nua seo. (ll)