Dar leis an gCoimisinéir Elisa Ferreira agus le hUachtarán CESE, Christa Schweng, is gá an comhtháthú a bheith i gcroílár na hEorpa tar éis na paindéime

Tá an beartas comhtháthaithe ríthábhachtach chun fís nua a fhorbairt don Aontas Eorpach sa ré iar‑COVID‑19, fís a bheidh bunaithe ar rathúnas, ar chuimsiú agus ar an inbhuanaitheacht comhshaoil agus lena gcuirfear an tsochaí shibhialta eagraithe san áireamh go hiomlán. Ba é sin teachtaireacht Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Elisa Ferreira, an Coimisinéir Eorpach um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin, ag seisiún iomlánaíoch CESE i mí Mheán Fómhair.

Ó thús ghéarchéim COVID-19, tá ról tábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le teacht ar réitigh le linn na tréimhse éigeandála. Ba cheart leanúint d’úsáid a bhaint as sa chlárthréimhse 2021-2027 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na héagothromaíochtaí laistigh de na Ballstáit, na réigiúin, na cathracha agus eatarthu, chomh maith le hidir daoine, ar measa a staid le linn na paindéime.

‘Tá ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le téarnamh cothrom a áirithiú, téarnamh nach bhfágfar aon duine ar lár. Is cuid de dhlúth agus d’inneach an bheartais comhtháthaithe é prionsabal na comhpháirtíochta. Ba mhaith linn go gcuirfí an prionsabal sin i bhfeidhm maidir leis an ionstraim téarnaimh Next Generation EU agus maidir le cur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba cheart níos lú maorlathais a bheith i gceist leis an mbeartas comhtháthaithe agus ba cheart é a dhéanamh níos digitithe agus níos éifeachtaí’, arsa Christa Schweng.

Luaigh Elisa Ferreira go ndeachaigh na héagothromaíochtaí a bhí ann cheana in olcas agus gur cruthaíodh éagothromaíochtaí nua de dheasca ghéarchéim COVID-19. Dúirt sí go raibh tionchar aige sin go háirithe ar oibrithe ar an túslíne agus ar dhaoine leochaileacha, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine ar lú an rochtain atá acu ar sheirbhísí, agus na daoine ba mhó a bhí thíos le tionchair na dianghlasála, amhail mná agus daoine óga: ‘Ní bheidh an tAontas ach chomh láidir lena nasc is laige’. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an méid sin agus éagothromaíochtaí a laghdú d’fhonn Aontas láidir agus rathúil a bhaint amach. Ní mór an chothroime shóisialta agus an chuimsitheacht a bheith i gcroílár an téarnaimh. Ní féidir linn saincheisteanna sóisialta a réiteach gan éagothromaíochtaí spásúla agus réigiúnacha a réiteach. ‘Ní mór dúinn na háiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine a chur san áireamh’, a dúirt sí. (mp)