Fágann an síorathrú ar thosaíochtaí polaitiúla náisiúnta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh go gcuirtear bac ar chur i bhfeidhm thionscadail an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) agus go bhfuil amhras ann dá bharr an bhféadfar an croíghréasán a chríochnú faoi 2030. Tugtar an rabhadh sin sa tuarascáil faisnéise ó Alberto Mazzola dar teideal Evaluation of the Trans-European Network – Transport (TEN-T) guidelines 2013-2020, tuarascáil a glacadh sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Iúil.

I measc na rudaí a chuireann bac ar chur i gcrích thionscadail TEN-T tá athruithe ar na tosaíochtaí polaitiúla náisiúnta, dar ndóigh, rud a dhéanann dochar do thionscadail a bhfuil tábhacht ar leith trasteorann leo, ach cuireann saoránaigh agus páirtithe leasmhara eile bac orthu freisin. Léiríonn an méid sin go bhfuil saincheisteanna tábhachtacha sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le beartas TEN-T ann a gcaithfear déileáil le riachtanais na sochaí sibhialta chun réiteach a fháil orthu. Ní fhéadfar an obair chuí a dhéanamh ar an mbeartas agus na bacainní ar chur i bhfeidhm an tionscadail a bhaint mura mbeidh lámh ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ann agus mura rachfar i gcomhairle leo ag céim luath sa phróiseas.

Seo mar a labhair Alberto Mazzola sa seisiún iomlánach: “Táimid ar aon intinn leis na páirtithe leasmhara go bhfuil amhras ann faoinar féidir an croíghréasán a chríochnú faoi 2030, ach measaimid go bhfuil an sprioc sin tábhachtach chun brú a chur ar na Ballstáit níos mó dul chun cinn a dhéanamh agus creidimid go bhféadfaí roinnt mórthionscadal trasteorann a chríochnú faoin dáta sin. Tá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus faireachán ar fhorbairt na gconairí agus na dtionscadal thar a bheith tábhachtach chun na tionscadail a chur i bhfeidhm ar an mbealach is fearr. Nuair a rinneadh sin ag céim luath sa phróiseas trí fheachtais ghinearálta faisnéise, rinne na tionscadail dul chun cinn maith, ach sna cásanna nach ndearnadh sin tá codanna den phobal ag cur ina n-aghaidh go fíochmhar.” (mp)