Ag a sheisiún iomlánach i mí an Mhárta, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim ina moltar tacú leis an infheistíocht i dtaiscéaladh agus eastóscadh amhábhar criticiúil agus in úsáid ábhar tánaisteach a bhaintear as dramhaíl, ós rud é go bhfuil an méid sin ríthábhachtach don aistriú glas san Aontas Eorpach.

I Meán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach a Phlean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla agus é mar aidhm aige spleáchas ar amhábhair chriticiúla phríomhúla a laghdú agus foinsiú amhábhar laistigh den Aontas a neartú. Sa tuairim arna glacadh ag CESE, fáiltítear roimh an gcur chuige sin ós rud é go "[d]tacaíonn CESE go hiomlán le haistriú glas na hearnála fuinnimh agus [go] measann sé gur céim bhunúsach é eastóscadh na n-amhábhar atá riachtanach chun teicneolaíochtaí glasa a chur ar fáil".

Mar sin féin, ós rud é gur gníomhaíochtaí ardriosca iad an taiscéaladh agus an t-eastóscadh, tá sé iarrtha ag CESE ina thuairim go mbeadh bearta sa bhreis sa Phlean le go mbeifí in ann an cur chuige sin a chur i gcrích. Leag Dumitru Fornea, rapóirtéir na tuairime, béim ar an dearcadh sin: "Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an foinsiú príomhúil agus an foinsiú tánaisteach araon a dhreasú agus ní mór dúinn, dá bhrí sin, tacú leis an infheistíocht san earnáil eastósctha agus dlús a chur leis an anailís ar an dramhaíl a bhféadfadh ábhair luachmhara a bheith inti."

Mhínigh Michal Pintér, an comhrapóirtéir, go bhfuil foirmeacha éagsúla ann trína bhféadfaí tacú leis an infheistíocht: "Ní mór dúinn tacú leis an infheistíocht trí ráthaíochtaí iasachta, córais dímheasa agus státchabhair, ach freisin trí phróiseas údarúcháin cuíchóirithe le haghaidh gníomhaíochtaí mianadóireachta".

Cuirtear i bhfáth sa tuairim freisin a thábhachtaí atá sé an sainmhíniú ar amhábhair chriticiúla a leathnú, ar ábhair iad sin a gcreidtear ina leith go traidisiúnta gur as earnáil na mianadóireachta a bhaintear iad. I bhfianaise an iliomad bealaí atá ann inniu ina bhféadfaí ábhair adhmadbhunaithe a úsáid, bealaí nach raibh ann roimhe seo, tá CESE den tuairim go bhfuil an sainmhíniú sin ró-chúng agus go gcuirtear srian ar fhás na bhfuinneamh glas dá dheasca.

Tá acmhainneacht eacnamaíoch ollmhór ag earnáil na n-amhábhar. Tá thart ar 350 000 duine fostaithe in earnáil na n-amhábhar laistigh den Aontas agus níos mó ná 30 milliún duine eile fostaithe i dtionscail mhonaraíochta iartheachtacha atá ag brath ar rochtain iontaofa gan bhac ar amhábhair mhianracha. Tá sé tuartha ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar úsáid dhomhanda ábhar faoi 2060, agus fás 150% ar úsáid miotail, go háirithe. I bhfianaise an méid sin, is rídhócha go méadóidh an brú ar acmhainní an domhain agus go gcuirfear an méid atá bainte amach maidir le folláine ar an leibhéal domhanda i mbaol.

Agus an méid sin á chur san áireamh, leagtar béim sa tuairim ar a thábhachtaí atá sé gnéithe nua a chomhtháthú sa mhodheolaíocht a úsáidtear chun liosta de mhianraí criticiúla a chur i dtoll a chéile. Measann CESE gur cheart don Choimisiún Eorpach a chur san áireamh "riachtanais agus leasanna na ndaoine agus na ngeilleagar sna tíortha as a dtagann na hamhábhair atá le honnmhairiú go dtí an Eoraip". Mar sin, ba cheart critéir iomchuí a shainiú lena sheiceáil an bhfuil prionsabail eiticiúla á gcomhlíonadh le slabhraí soláthair domhanda na gcineálacha amhábhar seo. (ks)