European Economic
and Social Committee
Na Balcáin Thiar: an “lúb ar lár” i meascán mearaí na hEorpa
Sa seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i mí Márta, ghlac an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú, Olivér Várhelyi, páirt i ndíospóireacht maidir le staid aontachais chomhpháirtithe na mBalcán Thiar. Chuir CESE in iúl go bhfuil sé suite de gur infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin agus san fhás eacnamaíoch é comhpháirtithe na mBalcán Thiar a chomhtháthú san Aontas.
Chuir Christa Schweng, Uachtarán CESE, tús leis an díospóireacht agus é á chur i bhfáth aici go bhfuil méadú an Aontais a fhad leis na Balcáin Thiar an-tábhachtach do CESE: “Creideann an Coiste gurb iad na Balcáin Thiar an lúb ar lár i meascán mearaí an Aontais maidir leis an uaillmhian atá aige Eoraip aontaithe agus inbhuanaithe a bhunú, Eoraip a bheidh réidh don todhchaí,” a dúirt sí.
Labhair Oliver Várhelyi faoi thionchar phaindéim COVID-19 ar na Balcáin Thiar agus chuir sé i bhfáth go bhfuil “an Coimisiún Eorpach tiomanta leanúint de bheith ag tacú a mhéid is féidir lena gcomharsana is cóngaraí sna laethanta deacra seo”. Chuir sé Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta de chuid an Aontais do na Balcáin Thiar i láthair chomh maith, tionscnamh ar fiú é agus EUR 9 mbilliún agus a bhfuil cuspóir déach aige: dlús a chur leis an téarnamh eacnamaíoch agus feabhas a chur ar chóineasú an réigiúin leis an Aontas Eorpach. “Is é is cuspóir don phlean dlús a chur ní hamháin le forbairt eacnamaíoch, athléimneacht agus iomaíochas an réigiúin, ach freisin lena chomhtháthú sóisialta. Ní mór dúinn oibriú as lámh a chéile chun é sin a bhaint amach”, a dúirt sé go diongbháilte.
Tar éis na díospóireachta, glacadh tuairim maidir leis an bPróiseas Aontachais a Fheabhsú – Peirspictíocht Eorpach Inchreidte do na Balcáin Thiar. Leag Andrej Zorko, rapóirtéir na tuairime, béim ar a thábhachtaí is atá an próiseas um méadú: “Is infheistíocht gheostraitéiseach é comhpháirtithe na mBalcán Thiar a chomhtháthú san Aontas ar mhaithe le síocháin, cobhsaíocht, slándáil agus fás eacnamaíoch na mór-roinne ina hiomláine,” arsa an tUas. Zorko. (dfg)