D’fhéadfadh sé go ngearrfaí an líon daoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht faoi 50 % sna deich mbliana amach romhainn: b’in a dúirt Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhfíorbhochtaineacht agus cearta an duine agus torthaí a mhisin á gcur in iúl aige do na hinstitiúidí Eorpacha ag seisiún iomlánach CESE i mí Eanáir.
Ní mór an laghdú bochtaineachta a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí phlean gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh atá ar na bacáin maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arsa Oliver De Schutter, Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhfíorbhochtaineacht agus cearta an duine.
Thug an tUas. De Schutter le fios go bhfuil méadú tagtha ar líon na mban agus na dteaghlach aontuismitheora atá thíos leis an mbochtaineacht.
Thug De Schutter foláireamh freisin faoi Chomhaontú Glas an Choimisiúin, ag rá nach féidir é a chur in áit straitéis le haghaidh an bhochtaineacht a laghdú, d’ainneoin na gné sóisialta láidre atá ann. Chuir sé i dtreis freisin nach bhfuil sé de chuspóir ag an gComhaontú Glas an bhochtaineacht a laghdú.
Mhínigh sé gur sainaithníodh trí shrian struchtúrtha sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta san Aontas:
- An dumpáil fhioscach ar fud thíortha an Aontais: le 20 bliain anuas, d’aistrigh an t-ualach cánach ó na corparáidí agus ó na daoine is saibhre de réir a chéile go dtí na hoibrithe, na tomhaltóirí agus na teaghlaigh ar bheagán ioncaim.
- Dálaí sóisialta agus costais saothair: beartais a bhfuil sé mar aidhm acu an t-iomaíochas costais a fheabhsú trí laghdú a dhéanamh ar thuarastail agus ar ranníocaíochtaí sóisialta a íocann fostaithe.
- An creat maicreacnamaíoch laistigh den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta: ní mór an creat maicreacnamaíoch a athbhreithniú mar ábhar práinne, go háirithe an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ionas nach gcuirfear san áireamh sna beartais maidir le smacht fioscach an infheistíocht shóisialta sa tsláinte agus san oideachas.
Dúirt an tUas. De Schutter go mba cheart trí chuspóir uaillmhianacha a bheith curtha san áireamh i bplean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta:
- Straitéis le haghaidh an bhochtaineacht a laghdú faoi 2030 lena leagtar sprioc uaillmhianach síos chun an líon daoine atá i mbaol bochtaineachta a laghdú faoi 50 %.
- Ráthaíocht i dtaobh leanaí ina gclúdaítear na cúig réimse riachtanacha a leanas: rochtain ar oideachas, cúram na luathóige, cothú, tithíocht agus cúram sláinte. Bheadh i gceist leis sin tacú le teaghlaigh trí ioncam cóir, trí obair agus trí rochtain ar shochair a sholáthar.
- Ionstraim nua a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le scéimeanna ioncaim íosta lena gcinnteofar gur leordhóthanach iad scéimeanna den sórt sin ar fud an Aontais agus go bhfuil modheolaíocht choiteann á leanúint ag na Ballstáit.
Dúirt Christa Schweng, Uachtarán CESE, go raibh duine as gach cúigear san Aontas, fiú roimh COVID-19, i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta agus gur cliseadh i sochaithe forbartha na hEorpa é sin. “Is é ceann de na bealaí is fearr chun daoine a tharrtháil ón mbochtaineacht ná cur leis an athléimneacht shochaíoch agus aonair,” arsa an tUachtarán.
Anuas ar mhaoiniú, chuir sí i bhfios go bhfuil gá cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a ghlacadh, lena mbraithfear ar dhaoine atá thíos leis an mbochtaineacht mar ghníomhaithe don athrú agus ní hamháin mar shealbhóirí ceart. Maidir leis an tiomantas gan duine ar bith a fhágáil ar gcúl, chuir sí in iúl go bhfuil sé i gceist leis sin daoine a chumachtú, nó a athchumhachtú, chun ról dearfach a bheith acu sa tsochaí. (at/mp)