European Economic
and Social Committee
Stefan Back: dúshláin agus deiseanna a bhaineann leis an athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais
Measann CESE go bhfuil an togra maidir leis an gCóras Trádála Astaíochtaí (ETS) ar cheann de phríomhthograí an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus é mar aidhm uileghabhálach aige astaíochtaí CO2 a laghdú 55 % faoi 2030. Chun é sin a bhaint amach, tá spriocanna níos uaillmhianaí ag ETS anois agus laghdaíodh líon na lamháltas atá ar fáil. Leagtar béim sa togra maidir le ETS ar an gcaoi ar gá do gach earnáil a cion féin a dhéanamh d’fhonn cuspóirí an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a bhaint amach. Níor tháinig laghdú ar bith ar astaíochtaí iompair ó bhí 1990 ann agus, dá bhrí sin, is tosaíocht anois iad.
Leis an togra, leathnaítear ETS d’fhonn iompar muirí a áireamh ann, lena n-áirítear turais chuig an Aontas Eorpach agus uaidh, faoi mar a leathnaíodh é cheana d’fhonn an eitlíocht a chur san áireamh. Is éard atá á mholadh ann córas comhthreomhar ar leith don iompar de bhóthar agus d’fhoirgnimh i gcás nach oibreoirí iad na trádálaithe ach gnólachtaí a dháileann breoslaí iontaise. I gcás oibreoirí, tugtar isteach leis sin comhartha praghais atá cosúil le cáin bhreosla.
Táthar ag súil leis go laghdófar astaíochtaí CO2 de bharr an athbhreithnithe ar ETS, gur dreasacht a bheidh ann chun réitigh atá neodrach ó thaobh carbóin de a fhorbairt agus go gcuirfear dlús leis an nuálaíocht dá thairbhe.
Mar sin féin, fágfaidh sin costais mhéadaithe freisin ar na hearnálacha sin ar cuid de ETS iad. Beidh tionchar ag an méid sin ar an leibhéal costais ginearálta.
D’fhéadfadh sé sin baint d’iomaíochas thionscal na hEorpa freisin, mura leanann tíortha eile sampla an Aontais Eorpaigh.
Leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM), féachtar lena áirithiú nach féidir le táirgí saora a tháirgtear faoi dhálaí nach bhfuil chomh dian sin dul san iomaíocht i margadh an Aontais. Mar sin féin, ní chumhdaítear gach earnáil leis, cuir i gcás níl seirbhísí, amhail iompar, san áireamh ná ní chuirtear onnmhairí earraí agus seirbhísí chun cinn dá bharr.
Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éireoidh le taidhleoireacht aeráide an Aontais a áitiú ar thíortha eile sampla an Aontais a leanúint.
Tá baol ann freisin go dtiocfaidh ann don bhochtaineacht fuinnimh agus don bhochtaineacht soghluaisteachta má mhéadaítear costais.
Leis an aistriú i dtreo sochaí atá saor ó charbón, beidh gá leis an lucht saothair a chur in oiriúint do cheanglais nua inniúlachta trí bhíthin uas-sciliú agus athoiliúna.
Is éard is aidhm don phacáiste fadhbanna maidir le haistriú a réiteach trí bhíthin cistí éagsúla, mar atá an Ciste don Nuachóiriú, an Ciste don Nuálaíocht agus an Ciste Sóisialta, a mhaoineofar den chuid is mó le hioncam ó ETS agus ó CBAM. Mar sin féin, má ghlactar na tograí, ní leor na cistí sin le haghaidh na n-infheistíochtaí ollmhóra a theastóidh don aistriú.
Tá iompar de bhóthar agus foirgnimh chomh maith le loingseoireacht intíre AE faoi réir an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill, rud a chiallaíonn go gcuirfear a laghduithe CO2 siúd faoi chuimsiú ETS san áireamh maidir le cuótaí laghdaithe na mBallstát.
Ach tá an baol ann freisin go gcuirfear srianta breise i bhfeidhm má theastaíonn ó Bhallstát tuilleadh laghduithe ar CO2 a bhaint amach.
Seans go mbuailfí iompar earraí de bhóthar agus iompar muirí go trom faoi chóras ETS ós rud é nach bhfuil aon réitigh charbóin ar phraghas réasúnta ann do na hearnálacha sin.
Mar fhocal scoir, is iad seo a leanas na príomhdhúshláin a sainaithníodh sa tuairim ó CESE:
- Costais níos airde a bheith ann a dhéanfaidh difear d’earnáil tionsclaíochta agus sholáthraithe seirbhíse an Aontais Eorpaigh, agus baol a bheith ann go laghdófar a iomaíche atá siad ar an margadh domhanda.
- Riosca na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta soghluaisteachta
- An gá atá ann don earnáil tionsclaíochta agus do sholáthraithe seirbhíse iad féin a chur in oiriúint
- Athoiliúint agus uas-sciliú a chur ar an lucht saothair
- Na hinfheistíochtaí is gá a mhealladh d’fhonn an t-aistriú a chur i gcrích Is cabhair iad na cistí ón Aontas ach ní leor iad ná baol air
- A chur ina luí ar thíortha eile a leithéid chéanna a dhéanamh, rud is dúshlán mór do lucht taidhleoireachta aeráide an Aontais.
Tacaíonn an tsochaí shibhialta eagraithe go mór le rúin an phacáiste. Chun go mbeidh rath ar an bpacáiste, áfach, is den tábhacht aird a tharraingt roimh ré ar aon fhadhbanna atá ann agus teacht ar réitigh chuí.
Ar ndóigh, is fíor go bhfuil dúshláin nach beag romhainn, ach má éiríonn linn iad a shárú, is mó fós na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann dúinn ach an tAontas a bheith chun tosaigh ar an gconair i dtreo domhan atá neodrach ó thaobh carbóin de. Má ritheann linn déileáil leis na saincheisteanna sóisialta agus na hinfheistíochtaí is gá a chruthú, is féidir linn a bheith ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí atá ar siúl chun domhan atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach.
Stefan Back, Comhalta de CESE