Ghlac an Fhrainc le hUachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag tús na bliana úire. Uachtaránacht lán uaillmhéine a bhí ann ón gcéad lá riamh agus é ina bhunaidhm léi múnla nua fáis don Aontas a chíoradh. Tá géarrghá lena leithéid a dhéanamh i ré seo an athraithe ó bhonn.

Beidh gá i gcónaí le gnáthbhunchlocha an fháis, mar atá oideachas agus scileanna, fiontraíocht agus airgead, agus stát dea‑fheidhmiúil a bhfuil institiúidí láidre aige. Má tá fás fiúntach marthanach le baint amach, áfach, beidh athrú faoi thrí ag teastáil.

Ó thaobh beartais de, is fearr an comhar ná an iomaíocht má táthar le dea‑thorthaí a bhaint amach. Is iad coincheapa na hiomaíochta agus chothrom na Féinne is bunús leis an gcuid is mó de na rialacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta atá i bhfeidhm. Tá sé rídheacair, áfach, na cúinsí lenar féidir an iomaíocht chóir a áirithiú do chách a choinneáil ar bun ó tháinig na n‑ollchuideachtaí domhanda teicneolaíochta ar an bhfód agus ó tháinig an tSín isteach sna margaí domhanda. Oibríonn coincheap na cothroime Féinne ar an mbunús gur mar a chéile a chaitear le cách. Cé gur bocht an scéal é, is é lomchlár na fírinne nach amhlaidh atá. Agus an chothroime iomaíochta ina sprioc ag an Aontas, níl á dhéanamh aige ach an fhírinne a shéanadh. Os a choinne sin, is féidir torthaí a bheadh sásúil do chách a bhaint amach leis an gcomhar agus an comhordú. Ní mór béim a leagan anois ar an gcur chun cinn, mar chuid den phróiseas cinnteoireachta.

Cuir i gcás, is mó dul chun cinn a dhéanfaidh an tAontas más féidir leis a chuid gníomhaíochtaí a chomhordú go hinmheánach agus labhairt d’aon ghuth go seachtrach. Is léir ó na bearta géarchúiseacha gasta a rinne an tAontas le dul i ngleic leis an bpaindéim, go háirithe i gcomparáid lena ndearna sé aimsir na géarchéime airgeadais, a éifeachtaí atá an comhar ó thaobh dea‑thorthaí a bhaint amach.

An glasú in áit an tsnasa ghlais Leag an tAontas spriocanna fíor‑uaillmhianacha síos, agus údar maith leis sin, maidir lena bheartas aeráide.  Ní mór dó aghaidh a thabhairt ar roinnt dúshláin mhóra, áfach. Ina measc sin, tá a thiomantas féin maidir le beart a dhéanamh de réir a bhriathair. Uirlis an‑tábhachtach is ea an tacsanomaíocht a roinneadh le déanaí maidir le céard is infheistíocht ghlas ann, ach is uirlis í ar féidir amhras a chaitheamh uirthi sa chomhthéacs sin. Ar an gcaoi chéanna, chuir an Banc Ceannais Eorpach, ar gníomhaí tábhachtach é, glasú na mbeartas airgeadaíochta i measc na bpríomhchuspóirí atá aige. Níl na huirlisí a theastaíonn chun na críche sin ag an mBanc, áfach. De bhreis air sin, dá dteipfeadh air a chuid cuspóirí aeráide a bhaint amach, ní bheadh sé in acmhainn costas na teipe sin a láimhseáil gan dochar a dhéanamh dá gcuspóirí eile airgeadais. Ar an mbealach céanna, cé go bhfuil ag éirí go maith leis an Aontas ó thaobh an tairgeadh a ghlasú, níl ag éirí leis déanamh amhlaidh i gcás an tomhaltais. Iarracht mhaith sa treo sin is ea an iarracht atá ar na bacáin cáin a ghearradh ar allmhairí truaillitheacha. Ní mór a chinntiú, mar sin féin, nach gcuirfidh sé sin isteach ar roctain na dtíortha bochta ar mhargadh an Aontais. Is fíordheacair an dúshlán a bhfuil ar an Aontas dul i ngleic leis ós rud é gur tarraingteach i gcónaí rogha éasca an snasa ghlais.

Teacht le chéile gan a bheith ag teacht le chéile Is rómhinic a chloistear gurb é a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar mhórfhadhbanna an domhain ná comhaontuithe straitéiseacha díobh siúd a bhíonn den tuairim chéanna go minic. Is é an rud a chreidtear, ní nach ionadh, gur gá don Eoraip dul i gcomhar leo siúd a bhfuil ar aon fhocal agus intinn leo, má tá dul chun cinn le déanamh. Creidtear go gcuirfeadh sé sin le tionchar an Aontais agus, dá réir sin, lena chumas margadh níos fearr a dhéanamh leo siúd nach mbíonn an dearcadh céanna acu ar chúrsaí. Chomh fada agus a bhaineann sé le fadhbanna domhanda a réiteach, ní mór do na comhghuaillíochtaí straitéiseacha sin a n‑éiríonn leo comhaontuithe a bhaint amach na comhaontuithe sin a chur in iúl don ‘taobh eile’. Is beag a thaitníonn sé leis an taobh eile sin nuair a chuirtear margadh aon rogha amháin faoina bhráid. Maidir le hearraí poiblí domhanda, amhail an aeráid féin, tá gach aon duine ina dtairbhí agus ní mór do chách íobairt a dhéanamh de réir a acmhainne féin. Tá sé fíorthábhachtach go rachaidh pairtithe nach bhfuil an dearcadh céanna acu ar chúrsaí i gcomhar le chéile, má tá dul chun cinn inmharthana le déanamh.

Is gá athrú poirt a dhéanamh rud beag ó thaobh fadhbanna domhanda agus fadhbanna náisiúnta a réiteach. Ní fhéadtar glacadh a thuilleadh leis an ‘iomaíocht fhoirfe’ ná an dea‑rún. Níl sé maith go leor gan comhar a dhéanamh ach amháin leo siúd atá den tuairim chéanna leis an Aontas. Is sa bhliain 2022, le cúnamh Dé, a dhéanfar iarracht thar na bearta agus an beart is gá.

Maria Demertzis, Leas‑Stiúrthóir Bruegel