Ar an gcéad dul síos, is mór is cathú liom gur imigh David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, uainn ar shlí na fírinne gan choinne. I mí na Bealtaine 2020, rinne an tUachtarán Sassoli tagairt don chaoi ar léirigh an phaindéim dúinn an ‘acmhainn mhórthábhachtach’ atá ar fáil againn san Aontas Eorpach, mar atá sochaí shibhialta na hEorpa. Braithfimid uainn go mór é.

Tá dhá bhliain ann anois ó chualamar trácht ar COVID-19 den chéad uair. Cé gur maíodh i gcuid de na tuairiscí luatha faoin víreas go bhféadfadh sé tús a chur le paindéim dhomhanda, is lag a shíl aon duine againn go mbeadh sé fós i réim in 2022.

Fáiltímid roimh an Athbhliain agus déanaimid ár ndícheall athuair an fuinneamh a aimsiú is gá le sinn a sheoladh ar chonair an tsoirbhíochais agus an dóchais.

Samhlaítear dom go bhfuil mana Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh thar a bheith oiriúnach: téarnamh, neart agus muintearas. Agus trí ais na hUachtaránachta á leagan amach aige, chuir an tUachtarán Macron a chuid smaointe i láthair maidir le hEoraip níos ceannasaí, le samhail Eorpach don fhás agus le hEoraip dhaonnachach.

Cé gur féidir linn féachaint romhainn go dtí tráth nach í an phaindéim is cás linn a thuilleadh, beidh dúshláin mhóra romhainn, ar a shon sin, agus beidh orainn dul i ngleic leo, beag beann ar éabhlóid na paindéime.

Díreofar athuair ar acmhainní cosanta na hEorpa de réir mar a fhágfaidh na teannais atá ag brúchtadh ar fud an domhain, sa bhaile agus i gcéin, gur gá aird a thabhairt ar na saincheisteanna sin.

Beidh an comhar agus an comhoibriú riachtanach, mar a léireofar sa Chomhdháil um na Balcáin Thiar a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh.

An mhí seo chugainn, in éineacht leis na hUachtaráin Charles Michel agus Ursula von der Leyen, eagróidh an Fhrainc cruinniú mullaigh a thabharfaidh le chéile ceannairí an Aontais Eorpaigh agus an Aontais Afracaigh. Is éard is cuspóir don chruinniú mullaigh sin margadh nua eacnamaíoch agus airgeadais a athbhunú leis an Afraic. Is mian le hUachtaránacht na Fraince clár oibre a chur ar bun i réimsí an oideachais, na sláinte agus na haeráide, clár a bheidh inchurtha leis na dúshláin atá le sárú ag an Afraic.

Fógraíodh cheana féin gurbh é 2022 Bliain Eorpach na hÓige agus tá léirithe ag an aos óg gur ábhar ceannairí iad a fhad a bhaineann le saincheisteanna aeráide; léirigh siad freisin ar féidir le grúpa gníomhach comhchoiteann den tsochaí a chur i gcrích i gcomhar le chéile. De thoradh a bhfuil déanta ag gluaiseacht na hóige is mó de thosaíocht polaitiúil anois é an clár oibre glas ná riamh. Leagfar amach i raon tograí reachtacha i mbliana an chonair achrannach atá le siúl againn d’fhonn neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050. Tabharfaidh sé ár ndúshlán agus cuirfidh sé cor mór sa saol, ach is í an t-aon rogha í atá romhainn tar éis dúinn blianta a chaitheamh agus gníomhaíocht maidir leis an aeráid agus le hastaíochtaí á cur ar an méar fhada againn. Is gá dúinn cur chun gnímh go práinneach. Ní mór glacadh leis an gcur isteach a leanfaidh agus é a bhainistiú freisin, chun a chinntiú go rachaidh sé i bhfeidhm ar gach cuid den tsochaí go cothrom agus go gcuirfear na tacaíochtaí cearta i bhfeidhm d’fhonn na daoine is leochailí sa tsochaí a chosaint. De dhlúth agus d’inneach na sícé coitinne í an meon sin anois i bhfianaise a bhfuil foghlamtha againn ó bheith ag broic le paindéim dhomhanda ar mó an bhagairt í ar ghrúpaí leochaileacha áirithe ná a chéile. 

Ar ndóigh, beidh againn freisin conclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Anseo i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), ghabhamar i bpáirt leis an tsochaí, d’eagraíomar imeachtaí agus comhairliúcháin, agus rinneamar ár seacht ndícheall chun a chinntiú go mbímid mar a bheadh cainéal ann trína gcloistear guth na saoránach agus na bpobal ar fud na hEorpa. Is den mhórthábhacht é go n-aimseoidh an tAontas Eorpach a chur chuige féin, rud a ligfidh dó éisteacht a thabhairt do na guthanna sin ar fad. Feicfimid linn an éireoidh leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa bearta a mholadh ina leith sin, ach leanfaidh CESE de bheith ina shnáth ceangail do shaoránaigh, á áirithiú go n-éistfear le gach dearcadh sna díospóireachtaí faoi conas an todhchaí a mhúnlú i gcomhar le chéile.

Cillian Lohan, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE