European Economic
and Social Committee
Fáilte curtha ag CESE roimh Shinéad Burke, Éireannach atá ina hurlabhraí ar son cearta daoine faoi mhíchumas
An 2 Nollaig, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) díospóireacht leis an scríbhneoir Éireannach, Sinéad Burke, atá ina hurlabhraí ar son cearta daoine faoi mhíchumas. Tionóladh an díospóireacht sin mar chuid de sheisiún iomlánach a bhí tiomanta do chumhachtú daoine faoi mhíchumas agus dá gcuimsiú i ngach réimse den saol eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil san Aontas agus níos faide i gcéin.
Reáchtáladh an díospóireacht an lá roimh Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas agus ba shuntasach an óráid spreagúil, fhíor-phearsanta a thug Sinéad Burke.
“Iarraim oraibh gan obair a dhéanamh ar son daoine faoi mhíchumas ach comhoibriú leo chun go n-athrófar an tírdhreach ó bhonn. Táim fíorbhuíoch díbh go bhfuil an plé seo á éascú agaibh agus go bhfuil tús curtha leis. Is é seo comhrá na huaire ach ní leor sin. Gluaiseacht atá ann agus iarraim oraibh páirt a ghlacadh inti,” a dúirt Burke ag seisiún iomlánach CESE, áit ar labhair sí le hinstitiúidí an Aontais den chéad uair.
Tá dámhachtain liteartha díreach bronnta uirthi don chéad leabhar uaithi Break the Mould, leabhar a spreagann páistí a gcuid éagsúlachtaí a aithint agus a bheith bródúil astu féin, díreach mar atá siad. Chomh maith leis sin, ise an chéad duine beag riamh a bhí ar chlúdach Vogue agus a d’fhreastail ar an Met Gala. Lena gnó féin, Tilting the Lens, bíonn sí ag obair chun an córas a athrú ó bhonn i dtaca leis an dearcadh atá ann i leith daoine faoi mhíchumas agus an chaoi a gcaitear leo i réimsí an oideachais agus an dearaidh.
Chuir Uachtarán CESE, Christa Schweng, fáilte roimh Shinéad Burke agus labhair an tUachtarán faoin tábhacht a bhaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), ar conradh ceannródaíoch idirnáisiúnta é a d’athraigh an dearcadh atá againn ar an míchumas.
“Ar an drochuair, tá rudaí deacair go fóill agus tá gá le bearta breise,” a dúirt sí.
Chuir cainteoirí na díospóireachta i dtreis a thábhachtaí atá na rudaí seo a leanas: an t-oideachas agus an fhostaíocht chuimsitheach, ionaid oibre inrochtana agus an úsáid a bhaintear as teanga chuimsitheach chun go mbraithfidh daoine faoi mhíchumas sábháilte agus go gcuirfear ar a gcompord iad. Tá sé ríthábhachtach freisin go rachfaí i gcomhairle leis na daoine sin maidir leis na cinntí ar fad a dhéanann difear dóibh.
Leis an díospóireacht sin, díríodh aird ar leith ar a thubaistí a bhí iarmhairtí na paindéime do dhaoine faoi mhíchumas.
“Ní bheidh éifeacht ar bith leis an Straitéis Eorpach um Míchumas sna deich mbliana atá romhainn mura ndéantar iarmhairtí na paindéime a mheasúnú agus mura mbeidh tionchar ag an straitéis sin ar bheartais agus ar chaiteachas na mBallstát.” Sin an rabhadh a thug Pietro Vittorio Barbieri, an Ceannaire ar Ghrúpa Téamach CESE um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.
Dúirt Ioannis Vardakastanis, comhalta de CESE agus Uachtarán ar an bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas, go ndearna na cinnteoirí faillí i ndaoine faoi mhíchumas seachas tús áite a thabhairt dóibh agus cosaint a chur ar fáil dóibh.
Chuir sé i bhfios go láidir gur tábhachtach freisin sláinte agus saol daoine faoi mhíchumas. (ll)