Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

Mí Eanáir 2021 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Go mbeire an bhliain seo romhainn tuilleadh intuarthachta, tuilleadh síochána agus tuilleadh áthais

Go mbeire an bhliain seo romhainn tuilleadh intuarthachta, tuilleadh síochána agus tuilleadh áthais

A léitheoirí dile,

Cuireadh tús le 2021 agus muid fós i ngreim ag COVID-19, ag bearta dianghlasála agus an tóin tite as an margadh fostaíochta. Ach ba le dóchas a chuireamar tús leis an mbliain, dóchas go mbeidh todhchaí níos fearr ann a bhuí leis an vacsaín. I mbliana, díreofar ar dháileoga den vacsaín a thabhairt don uile dhuine agus ar an instealladh a áitiú ar dhaoine. De réir mar a dhéanfar dul chun cinn ina leith sin, díreofar níos mó ar théarnamh agus ar Eoraip iar-COVID-19 a thógáil.

Chuaigh an Phortaingéil i mbun na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 1 Eanáir agus cur chuige níos leithne agus réamhbhreathnaitheach glactha aici, is léir. Féachfaidh Liospóin le téarnamh cothrom, glas agus digiteach a chur ar bun d’fhonn a cuid tosaíochtaí a bhaint amach, is iad sin an ghéarchéim eacnamaíoch a chomhrac agus impleachtaí na géarchéime a mhaolú do na saoránaigh.

Read more in all languages

Go mbeire an bhliain seo romhainn tuilleadh intuarthachta, tuilleadh síochána agus tuilleadh áthais

A léitheoirí dile,

Cuireadh tús le 2021 agus muid fós i ngreim ag COVID-19, ag bearta dianghlasála agus an tóin tite as an margadh fostaíochta. Ach ba le dóchas a chuireamar tús leis an mbliain, dóchas go mbeidh todhchaí níos fearr ann a bhuí leis an vacsaín. I mbliana, díreofar ar dháileoga den vacsaín a thabhairt don uile dhuine agus ar an instealladh a áitiú ar dhaoine. De réir mar a dhéanfar dul chun cinn ina leith sin, díreofar níos mó ar théarnamh agus ar Eoraip iar-COVID-19 a thógáil.

Chuaigh an Phortaingéil i mbun na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 1 Eanáir agus cur chuige níos leithne agus réamhbhreathnaitheach glactha aici, is léir. Féachfaidh Liospóin le téarnamh cothrom, glas agus digiteach a chur ar bun d’fhonn a cuid tosaíochtaí a bhaint amach, is iad sin an ghéarchéim eacnamaíoch a chomhrac agus impleachtaí na géarchéime a mhaolú do na saoránaigh.

Is díol sásaimh do CESE na tosaíochtaí sin agus tá sé i gceist againn cabhrú leis an bPortaingéil beart a dhéanamh de réir briathair trí thústuairimí arna n-iarraidh ag Uachtaránacht na Portaingéile a dhréachtú. Tabharfaimid aghaidh ar ábhar na teilea-oibre agus féachfaimid ar an ábhar sin ó thaobh comhionannas inscne de chomh maith. Oibreoidh ár gcomhaltaí ar thuairimí maidir leis an ngairmoiliúint agus maidir leis na dúshláin atá roimh an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid.

Ábhar tuairime eile arna hiarraidh is ea ról an gheilleagair shóisialta i gcruthú post agus i gcur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ar ábhar na ngnóthaí sóisialta, táim an-dóchasach faoi Chruinniú Mullaigh neamhfhoirmiúil an Aontais Eorpaigh atá le reáchtáil in Porto i mí na Bealtaine 2021. Tá CESE toilteanach leanúint de bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Go deimhin, ós mórthreochtaí ríthábhachtacha iad an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú, leanfaimid leis an obair atá idir láimhe againn sna réimsí sin. Mar a tugadh le fios i dtosaíochtaí na huachtaránachta seo, ní mór dúinn a chinntiú go mbainfidh an tAontas trí chéile tairbhe as an aistriú sin, agus saoránaigh an Aontais go háirithe.

Is é 2021 an chéad bhliain de bhuiséad nua fadtéarmach an Aontais agus, chomh maith leis sin, is í an bhliain í ina gcuirfear ar fáil na cistí eisceachtúla atá ar feitheamh faoin gCiste Téarnaimh “Next Generation EU”. Is mian le CESE faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcistí sin ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh saineolas ár gcomhaltaí cabhrú le baic a aithint maidir le scaoileadh na gcistí agus cabhrú le measúnú a dhéanamh ar thionchar na gcistí eisceachtúla sin ar an téarnamh. Baineann an-tábhacht go fóill le rochtain thapa ar mhaoiniú.

Ar an drochuair, is cosúil nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá súil agam go dtabharfar an díospóireacht idirinstitiúideach maidir leis sin i gcrích go luath ionas gur féidir linn tuairim na sochaí sibhialta ina leith a lorg agus a chur leis an bplé.

Agus an meall mór ar deireadh, leanfaimid orainn le híomhá ár n-institiúide a athmhúnlú. Mar a gealladh ag tús mo thréimhse mar Uachtarán, táimid ag obair chun caighdeáin eitice agus trédhearcacht a neartú trí Chód Iompair níos fearr.

Tá súil agam go mbainfidh sibh go léir taitneamh as an nuachtlitir seo a léamh agus guím gach rath oraibh le haghaidh 2021! Go mbeire an bhliain seo romhainn tuilleadh intuarthachta, tuilleadh síochána agus tuilleadh áthais chugainn uile.

Christa Schweng

Uachtarán CESE

Diary Dates


24 - 25 Feabhra 2021, an Bhruiséil
Seisiún iomlánach CESE


18 - 19 Márta 2021, an Bhruiséil
Leatsa an Eoraip, Abair leat! 2021

“Ceist amháin do...”

Ceist amháin do...

Inár roinn “Ceist amháin do...” iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.
 

Read more in all languages

Inár roinn “Ceist amháin do...” iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.

Tá sé iarrtha againn ar Dimitris Dimitriadis, cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach, a chuid tuairimí maidir le toghcháin na Stát Aontaithe a roinnt le léitheoirí CESE Info.
 

Ar son comhpháirtíocht láidir idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe

Le Dimitris Dimitriadis, cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach

Tá an Clár Oibre Nua Trasatlantach i gcroílár chlár oibre polaitiúil na n-institiúidí Eorpacha uile faoi láthair. Tá ár gCoiste, go háirithe an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach, go hiomlán i gcomhréir leis sin, rud a bhí le feiceáil ag cruinniú a bhí ag an gCoiste Leantach um Chaidreamh Trasatlantach le déanaí, mar a raibh aíonna mór le rá i láthair le cur in iúl cé chomh tábhachtach is atá comhphlé stuama láidir leis an tSochaí Shibhialta. Ba léir sin freisin ón dearbhú a rinne Uachtarán CESE agus ó mo ráiteas ar thoghchán na Stát Aontaithe in 2020 inar chuir mé in iúl an dóchas atá agam go mbeidh comhpháirtíocht láidir ann feasta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda.

Read more in all languages

Le Dimitris Dimitriadis, cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach

Tá an Clár Oibre Nua Trasatlantach i gcroílár chlár oibre polaitiúil na n-institiúidí Eorpacha uile faoi láthair. Tá ár gCoiste, go háirithe an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach, go hiomlán i gcomhréir leis sin, rud a bhí le feiceáil ag cruinniú a bhí ag an gCoiste Leantach um Chaidreamh Trasatlantach le déanaí, mar a raibh aíonna mór le rá i láthair le cur in iúl cé chomh tábhachtach is atá comhphlé stuama láidir leis an tSochaí Shibhialta. Ba léir sin freisin ón dearbhú a rinne Uachtarán CESE agus ó mo ráiteas ar thoghchán na Stát Aontaithe in 2020 inar chuir mé in iúl an dóchas atá agam go mbeidh comhpháirtíocht láidir ann feasta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda.

Seasann an tAontas Eorpach go láidir leis na Stáit Aontaithe mar chomhpháirtí agus mar chomhghuaillí, agus seasfaidh go deo, agus beimid sásta dul i mbun idirphlé tairbheach oscailte maidir leis na saincheisteanna ar cuireadh bac orthu agus an riarachán deireanach i gcumhacht.

Dá bhrí sin, tacaím leis na réimsí a sainaithníodh mar réimsí ar féidir tuilleadh comhair a dhéanamh ina leith (ag obair le chéile ar mhaithe le domhan níos sláintiúla – le linn phaindéim COVID-19 agus ina diaidh, ag obair le chéile ar mhaithe lenár bpláinéad agus an rathúnas a chosaint; ag obair le chéile i réimsí amhail teicneolaíocht, trádáil agus caighdeáin; agus ar deireadh, ag obair le chéile chun domhan níos sábháilte, níos rathúla agus níos daonlathaí a bhaint amach) agus creidim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an idirphlé láidir leis an tsochaí shibhialta agus ag an gcaidreamh idirphearsanta chun na spriocanna sin a bhaint amach. Ar ndóigh, áirítear leis na cuspóirí thuasluaite prionsabail an iltaobhachais agus na struchtúir idirnáisiúnta, prionsabail a chothaíomar le chéile.

Tá ár gCoiste, mar ionadaithe ar eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa, agus go háirithe uachtarán an Choiste Leantaigh um Chaidreamh Trasatlantach, an tUasal Christian Moos, agus mé féin i mo cháil mar chathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach, fós díograiseach agus tiomanta chun droichid a neartú ar fud an Atlantaigh.

Tugaigí buille faoi thuairim cén t-aoi atá againn...

An t-aoi gan choinne

Gach mí, cuirfimid aoi gan choinne in aithne dár gcuid léitheoirí. Eorpach aitheanta a bheidh i gceist, duine a bheidh go mór i mbéal an phobail agus a roinnfidh a dhearcadh nó a dearcadh ar an domhan linn: duine ag a bhfuil smaointe nua agus a thabharfaidh léargas níos leithne dúinn ar an saol, a spreagfaidh ár samhlaíocht agus a thabharfaidh ár gcuid eolais cothrom le dáta.

Read more in all languages

Gach mí, cuirfimid aoi gan choinne in aithne dár gcuid léitheoirí. Eorpach aitheanta a bheidh i gceist, duine a bheidh go mór i mbéal an phobail agus a roinnfidh a dhearcadh nó a dearcadh ar an domhan linn: duine ag a bhfuil smaointe nua agus a thabharfaidh léargas níos leithne dúinn ar an saol, a spreagfaidh ár samhlaíocht agus a thabharfaidh ár gcuid eolais cothrom le dáta.

Is í an tOllamh Danuta Hübner, feisire de Pharlaimint na hEorpa, ár n-aoi gan choinne. Maidir lena saol gairmiúil an-suntasach, is léir go bhfuil téamaí idirnáisiúnta agus Eorpacha de dhlúth agus d'inneach ann.

Bhí sí páirteach chomh mór sin in aontachas na Polainne leis an Aontas Eorpach gur baisteadh "Bean Uasal na hEorpa" mar leasainm uirthi sa Pholainn. Ó 2001 go dtí 2004, bhí sí ina hAire Gnóthaí Eorpacha. In 2004, ba í an chéad chomhalta Polannach den Choimisiún Eorpach í agus bhí sí freagrach ar dtús as cúram na trádála idirnáisiúnta agus ina dhiaidh sin as an mbeartas réigiúnach sa chéad Choimisiún sin faoi cheannas Romana Prodi i dtosach báire agus ansin faoi stiúir José Manuel Barroso (2004-2009).

Bhuaigh sí suíochán i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2009, ina dhiaidh sin rinneadh comhalta de Ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE) di, agus bhí sí ina cathaoirleach ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach. Atoghadh í chun Pharlaimint na hEorpa don tréimhse 2014-2019 agus bhí sí ina cathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla.

Toghadh Hübner den tríú huair in 2019 agus tá sí ina comhalta den Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus den Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Tá sí ag obair mar chomhordaitheoir PPE sa Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla freisin. Bhí sí ina comhalta de Ghrúpa Stiúrtha Brexit na Parlaiminte agus faoi láthair tá sí ina cathaoirleach ar an nGrúpa Faireacháin ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.
 

Roinn an t-aoi gan choinne, Danuta Hübner, a tuairim faoi Brexit lenár gcuid léitheoirí

Reáchtáladh reifreann comhairliúcháin an 23 Meitheamh 2016 inar fiafraíodh do shaoránaigh na Ríochta Aontaithe ar cheart dá dtír imeacht as an Aontas Eorpach. Trí thromlach an-bheag, thacaigh muintir na Breataine leis an smaoineamh go bhfágfaí an tAontas Eorpach. Bhí an toradh éagsúil ó cheann ceann na Ríochta Aontaithe: in Albain, i dTuaisceart Éireann agus i Londain, ba é toil mhuintir na n-áiteanna seo gan an tAontas Eorpach a fhágáil. Mar sin féin, tar éis an reifrinn, gheall rialtas na Ríochta Aontaithe go gcomhlíonfaí gealltanais Brexit. Ar an gcéad dul síos, tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020, lenar ceadaíodh idirthréimhse 11 mhí. Thug an idirthréimhse sin deimhneacht dhlíthiúil dóibh siúd uile a ndéanann Brexit difear dóibh. Ansin, ó bhí 1 Eanáir 2021 ann, nuair a tháinig an comhaontú maidir leis an gcaidreamh amach anseo i bhfeidhm, rinneadh tríú tír den Ríocht Aontaithe go hoifigiúil. 

Read more in all languages

Reáchtáladh reifreann comhairliúcháin an 23 Meitheamh 2016 inar fiafraíodh do shaoránaigh na Ríochta Aontaithe ar cheart dá dtír imeacht as an Aontas Eorpach. Trí thromlach an-bheag, thacaigh muintir na Breataine leis an smaoineamh go bhfágfaí an tAontas Eorpach. Bhí an toradh éagsúil ó cheann ceann na Ríochta Aontaithe: in Albain, i dTuaisceart Éireann agus i Londain, ba é toil mhuintir na n-áiteanna seo gan an tAontas Eorpach a fhágáil. Mar sin féin, tar éis an reifrinn, gheall rialtas na Ríochta Aontaithe go gcomhlíonfaí gealltanais Brexit. Ar an gcéad dul síos, tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020, lenar ceadaíodh idirthréimhse 11 mhí. Thug an tréimse seo sin deimhneacht dhlíthiúil dóibh siúd uile a ndéanann Brexit difear dóibh. Ansin, ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann, nuair a tháinig an comhaontú maidir leis an gcaidreamh amach anseo i bhfeidhm, rinneadh tríú tír den Ríocht Aontaithe go hoifigiúil. 

Ar go leor bealaí, comhaontú nach bhfacthas a leithéid cheana atá sa chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le trádáil agus comhar. Is í an ghné is tábhachtaí de ná go bhfuil an caidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, caidreamh a d’fhorbair siad le breis agus 45 bliana, i bhfad níos teoranta anois. 

As a stuaim féin, tá mórgheilleagar tar éis limistéar fabhrach trádála a fhágáil, limistéar lena ngabhann margadh aonair gan teorainneacha ina bhfuil 450 milliún duine agus arb é an chumhacht is mó agus is tábhachtaí ar domhan é maidir le caighdeáin a leagan síos agus maidir le rialáil. 

Rinne sé amhlaidh tráth a bheidh an domhan á mhúnlú feasta ag trí mhórchumhacht dhomhanda – na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach agus an tSín, agus tráth atá dlúthpháirtíocht agus comhoibriú ag teastáil mar gheall ar an bpaindéim dhomhanda atá buailte linn. Ba é ba chúis leis an tarraingt siar ón Aontas ná mian polaitiúil rialú a dtíre a chur faoina stiúir arís agus tuiscint sách traidisiúnta a bhí acu ar an téarma “ceannas”.

Ba phróiseas deacair diachrach é an comhaontú seo a shocrú, próiseas a raibh go leor éiginnteachta ag baint leis, rud a d’fhág go raibh baol ann nach mbeadh aon chomhaontú ar chor ar bith againn go dtí an nóiméad deireanach den idirthréimhse. Mar sin féin, d’éirigh leis an gCoimisiún Eorpach an idirbheartaíocht a choinneáil ar siúl fada go leor chun go bhféadfaí teacht ar chomhaontú. Ar an dea-uair, níor bhain rialtas na Breataine úsáid as argóint na ceannasachta mar "iarraim cúis” chun imeacht ón Aontas gan mhargadh óir ba thubaiste a bheadh ansin. 

Níor theastaigh ón Aontas riamh nach mbeadh aon socrú ann. Thuigeamar freisin gurbh fhearr comhaontú teoranta, dá thanaíocht féin é, ná comhaontú gan mhargadh. Ar aon chuma, pé acu comhaontú le margadh nó gan mhargadh é, beidh saobhadh ann agus costais le híoc ag an bpobal i gcoitinne agus ag an bpobal gnó ar an dá thaobh de Mhuir nIocht. 

Agus an Ríocht Aontaithe ina tríú tír anois, dá mbeadh na bearta ullmhachta is éifeachtaí i bhfeidhm againn fiú amháin, ní chosnóidís sinn go hiomlán ó iarmhairtí Brexit. Is é an dea-scéal go bhfuil gach beart atá beartaithe sa Chomhaontú um Tharraingt Siar maidir leis an teorainn in Éirinn agus le cearta na saoránach curtha i bhfeidhm agus gur thosaigh siad ag feidhmiú in am. 

Is fiú a lua gur léirigh Parlaimint na hEorpa solúbthacht ollmhór maidir lena ceart daonlathach chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcomhaontú a bhí beartaithe agus d'aontaigh sí in imthosca eisceachtúla toiliú chun an comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach. 

Bheartaigh an Pharlaimint an praghas seo a íoc toisc go gcreidimid go mbeimid in ann an comhrá a choinneáil ar siúl san fhadtéarma trí chomhaontú a bhaint amach maidir leis an gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo. Agus is fiú an praghas seo a íoc. 

Cá bhfios cén toradh a bheadh ar reifreann dá ndéanfaí é a reáchtáil inniu, nuair atá pobal na Breataine i gcoitinne i bhfad níos eolaí ná mar a bhí in 2016, maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le gan bheith ina saoránaigh den Aontas Eorpach a thuilleadh agus nuair atá athrú as cuimse tagtha ar an saol ar fud na Ríochta Aontaithe. An bhfuil an meon céanna maidir le Brexit in uachtar fós sa Ríocht Aontaithe? Ní bheidh a fhios againn riamh. Ach guím gach rath ar ár gcairde Briotanacha. 

Feicfimid linn cé chomh hullmhaithe agus atá gach duine don saol nua atá rompu. Cuirfidh sé an comhaontú ar thángthas air chun féachana. Cuirfidh sé luach cheannasacht na Breataine chun féachana freisin. 

Creideann an dá thaobh go bhfuil margadh maith againn. Ach beidh suaitheadh dosheachanta ann agus beidh costais le híoc dá réir. Íocfaidh tomhaltóirí agus gnólachtaí sa Ríocht Aontaithe costais ós rud é nach cuid den mhargadh aonair ná den aontas custaim iad a thuilleadh. Ní bheidh an stádas céanna ag mic léinn ón Aontas Eorpach ar mian leo staidéar a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe a thuilleadh is atá ag a bpiaraí Briotanacha. Ní raibh aon spéis ag rialtas na Breataine an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach in Erasmus, an clár um malartú oideachais. 

Tá deireadh tagtha le saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Beidh bacainní ar shoghluaisteacht agus ar thrádáil. 

Beidh Cathair Londan fós ina mol airgeadais domhanda tábhachtach agus tá súil agam go mbeimid in ann cur chuige comhoibritheach a fhorbairt le chéile. 

Tá Comhaontú Aoine an Chéasta slán sábháilte. D’éirigh leis an Aontas sláine an mhargaidh inmheánaigh, ina bhfuil 450 milliún rannpháirtí, a chaomhnú. Choinnigh sé a aontacht slán ón gcéad lá, agus d’éirigh leis a chroíluachanna agus a phrionsabail a chosaint ag an am céanna. 

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ag deireadh na hidirbheartaíochta go raibh sí sásta agus go raibh faoiseamh uirthi. Is fíor gur chaitheamar go leor ama agus fuinnimh ar Brexit. Tá sé thart anois. Leanfaidh an Ríocht Aontaithe ar a conair féin ina haonar. Caithfidh an tAontas Eorpach díriú anois ar a thodhchaí agus ar an misean domhanda atá aige. 

Is comhaontú casta é an comhaontú maidir leis an gcaidreamh a bheidh againn le chéile sa todhchaí. Is iomaí baol agus dúshlán a bhaineann lena chur chun feidhme agus lena fhorfheidhmiú. Is iomaí uair dheacair a bheidh romhainn. Cé gur comhaontú nach bhfacthas a leithéid cheana é, tá fadhbanna fós le réiteach. Leanfar ar aghaidh leis na cainteanna agus beidh an t-idirphlé maidir le ceisteanna rialála ríthábhachtach. Agus i gcás ár gcairde Briotanacha, caithfidh siad tuiscint cheart a fháil fós ar a bhfuil i gceist le bheith ina tríú tír. Is é an rud is fearr ná gur féidir linn an t-idirphlé a choinneáil ar siúl ós rud é go bhfuil margadh déanta againn le chéile. 

An tOllamh Danuta Hübner,

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

EESC News

Cuspóirí Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach: An Creat Airgeadais Ilbhliantúil, Brexit agus an vacsaín

Chuaigh an Phortaingéil i mbun na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 1 Eanáir 2021 agus is é an mana atá aici: “Déanaimis beart de réir briathair: téarnamh cothrom, glas agus digiteach”.

Tá dúshlán roimh Uachtaránacht na Portaingéile, ní hamháin beart a dhéanamh de réir na gcomhaontuithe ar thángthas orthu sna laethanta deireanacha d’Uachtaránacht na Gearmáine – Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) an Aontais agus an ciste téarnaimh –, ach freisin an comhaontú tar éis Brexit leis an Ríocht Aontaithe a chur chun feidhme agus maoirseacht a dhéanamh ar an vacsaíniú in aghaidh COVID-19 ar fud na hEorpa.

Read more in all languages

Chuaigh an Phortaingéil i mbun na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 1 Eanáir 2021 agus is é an mana atá aici: “Déanaimis beart de réir briathair: téarnamh cothrom, glas agus digiteach”.

Tá dúshlán roimh Uachtaránacht na Portaingéile, ní hamháin beart a dhéanamh de réir na gcomhaontuithe ar thángthas orthu sna laethanta deireanacha d’Uachtaránacht na Gearmáine – Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) an Aontais agus an ciste téarnaimh –, ach freisin an comhaontú tar éis Brexit leis an Ríocht Aontaithe a chur chun feidhme agus maoirseacht a dhéanamh ar an vacsaíniú in aghaidh COVID-19 ar fud na hEorpa.

Tá cúig chuspóir shoiléire ag Uachtaránacht na Portaingéile le haghaidh na chéad sé mhí romhainn:

  • CAI a chur faoi lánseol, na rialacháin is gá ina leith a ghlacadh agus na cláir a bhaineann leis a chur ar siúl.
  • An Ciste Téarnaimh agus Athléimneachta a chur ar fáil sna Ballstáit chomh tapa agus is féidir d’fhonn dlús a chur leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.
  • An plean vacsaínithe a chur chun feidhme go rathúil san Eoraip agus cabhrú leis an vacsaín a thabhairt chuig an gcuid eile den domhan chomh maith.
  • Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus borradh ríthábhachtach a chur faoi le linn an Chruinnithe Mullaigh Shóisialta atá le reáchtáil an 7-8 mí na Bealtaine in Porto na Portaingéile.
  • Caidreamh an Aontais le príomh-chomhpháirtithe straitéiseacha, amhail an India agus an Afraic, a neartú, mar aon leis an gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe a dheisiú. 

Cuirfidh CESE ionchur ar fáil d’obair Uachtaránacht na Portaingéile chun a chinntiú go n-éistfear le glór shochaí shibhialta na hEorpa. Go háirithe, tabharfaidh CESE dearcadh na sochaí sibhialta le fios ar na hábhair seo a leanas trí na tuairimí atá á n-ullmhú aige faoi mar atá iarrtha ag an Uachtaránacht:

  • Dúshláin na teilea-oibre: an t-am oibre a shocrú, cothromaíocht oibre is saol a aimsiú agus an ceart chun dícheangail.
  • An ghairmoiliúint: cé chomh héifeachtach agus atá córais in ann riachtanais a bheidh sa mhargadh saothair amach anseo a thuar agus na scileanna cuí a chur ar fáil chun go mbeifear in ann na riachtanais sin a shásamh. An ról atá ag comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí éagsúla chuige sin.
  • Ról an gheilleagair shóisialta i gcruthú post agus i gcur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
  • An teilea-obair agus an comhionannas inscne: dálaí a chur ar bun nach gcuirfidh le dáileadh éagothrom na bhfreagrachtaí cúraim agus na hoibre tí gan phá idir fir agus mná, ar dálaí iad a fheidhmíonn mar uirlis chun an comhionannas inscne a chur chun cinn.
  • An Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid.
  • Conas na scileanna is gá a chur chun cinn ionas go mbeidh an Eoraip in ann sochaí níos córa, níos comhtháite, níos inbhuanaithe, níos digití agus níos athléimní a bhunú tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus an oiliúint.

Beidh Uachtaránacht Rothlach 6 mhí Chomhairle an Aontais ag an bPortaingéil idir an 1 Eanáir agus an 30 Meitheamh. Tiocfaidh an tSlóivéin i gcomharbas ar an bPortaingéil sa dara cuid de 2021 agus í ar an Uachtaránacht dheireanach den fhoireann 3 Uachtaránacht a tosaíodh faoi stiúir na Gearmáine.

Seo ceathrú hUachtaránacht na Portaingéile ón uair a d’aontaigh sí leis an Aontas in 1986. (mr)

Fáilte curtha ag CESE roimh Shinéad Burke, Éireannach atá ina hurlabhraí ar son cearta daoine faoi mhíchumas

An 2 Nollaig, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) díospóireacht leis an scríbhneoir Éireannach, Sinéad Burke, atá ina hurlabhraí ar son cearta daoine faoi mhíchumas. Tionóladh an díospóireacht sin mar chuid de sheisiún iomlánach a bhí tiomanta do chumhachtú daoine faoi mhíchumas agus dá gcuimsiú i ngach réimse den saol eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil san Aontas agus níos faide i gcéin.

Read more in all languages

An 2 Nollaig, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) díospóireacht leis an scríbhneoir Éireannach, Sinéad Burke, atá ina hurlabhraí ar son cearta daoine faoi mhíchumas. Tionóladh an díospóireacht sin mar chuid de sheisiún iomlánach a bhí tiomanta do chumhachtú daoine faoi mhíchumas agus dá gcuimsiú i ngach réimse den saol eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil san Aontas agus níos faide i gcéin.

Reáchtáladh an díospóireacht an lá roimh Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas agus ba shuntasach an óráid spreagúil, fhíor-phearsanta a thug Sinéad Burke.

“Iarraim oraibh gan obair a dhéanamh ar son daoine faoi mhíchumas ach comhoibriú leo chun go n-athrófar an tírdhreach ó bhonn. Táim fíorbhuíoch díbh go bhfuil an plé seo á éascú agaibh agus go bhfuil tús curtha leis. Is é seo comhrá na huaire ach ní leor sin. Gluaiseacht atá ann agus iarraim oraibh páirt a ghlacadh inti,” a dúirt Burke ag seisiún iomlánach CESE, áit ar labhair sí le hinstitiúidí an Aontais den chéad uair.

Tá dámhachtain liteartha díreach bronnta uirthi don chéad leabhar uaithi Break the Mould, leabhar a spreagann páistí a gcuid éagsúlachtaí a aithint agus a bheith bródúil astu féin, díreach mar atá siad. Chomh maith leis sin, ise an chéad duine beag riamh a bhí ar chlúdach Vogue agus a d’fhreastail ar an Met Gala. Lena gnó féin, Tilting the Lens, bíonn sí ag obair chun an córas a athrú ó bhonn i dtaca leis an dearcadh atá ann i leith daoine faoi mhíchumas agus an chaoi a gcaitear leo i réimsí an oideachais agus an dearaidh.

Chuir Uachtarán CESE, Christa Schweng, fáilte roimh Shinéad Burke agus labhair an tUachtarán faoin tábhacht a bhaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), ar conradh ceannródaíoch idirnáisiúnta é a d’athraigh an dearcadh atá againn ar an míchumas.

“Ar an drochuair, tá rudaí deacair go fóill agus tá gá le bearta breise,” a dúirt sí.

Chuir cainteoirí na díospóireachta i dtreis a thábhachtaí atá na rudaí seo a leanas: an t-oideachas agus an fhostaíocht chuimsitheach, ionaid oibre inrochtana agus an úsáid a bhaintear as teanga chuimsitheach chun go mbraithfidh daoine faoi mhíchumas sábháilte agus go gcuirfear ar a gcompord iad. Tá sé ríthábhachtach freisin go rachfaí i gcomhairle leis na daoine sin maidir leis na cinntí ar fad a dhéanann difear dóibh.

Leis an díospóireacht sin, díríodh aird ar leith ar a thubaistí a bhí iarmhairtí na paindéime do dhaoine faoi mhíchumas.

“Ní bheidh éifeacht ar bith leis an Straitéis Eorpach um Míchumas sna deich mbliana atá romhainn mura ndéantar iarmhairtí na paindéime a mheasúnú agus mura mbeidh tionchar ag an straitéis sin ar bheartais agus ar chaiteachas na mBallstát.” Sin an rabhadh a thug Pietro Vittorio Barbieri, an Ceannaire ar Ghrúpa Téamach CESE um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

Dúirt Ioannis Vardakastanis, comhalta de CESE agus Uachtarán ar an bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas, go ndearna na cinnteoirí faillí i ndaoine faoi mhíchumas seachas tús áite a thabhairt dóibh agus cosaint a chur ar fáil dóibh.

Chuir sé i bhfios go láidir gur tábhachtach freisin sláinte agus saol daoine faoi mhíchumas. (ll)

 

Cearta aontachta daoine faoi mhíchumas

Tugaimid cuireadh duit féachaint arís ar bhuaicphointí an phreasagallaimh fhíorúil ar Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas, a reáchtáil an tAonad Preasa an 2 Nollaig 2020.

Read more in all languages

Tugaimid cuireadh duit féachaint arís ar bhuaicphointí an phreasagallaimh fhíorúil ar Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas, a reáchtáil an tAonad Preasa an 2 Nollaig 2020.

I gcás daoine faoi mhíchumas, cad iad na ceachtanna atá le foghlaim ón bpaindéim, a mhair beagnach bliain?

Níl ansin ach ceist amháin as roinnt mhaith ceisteanna. Molaimid duit barúlacha ár n-aíonna a léamh.

An cur i láthair i mbeagán focal

Sinéad Burke – Éireannach atá ina cosantóir chearta na ndaoine faoi mhíchumas agus atá ina stiúrthóir ar "Tilting the Lens": “Is bean faoi mhíchumas mé agus is oideachasóir, scríbhneoir agus cosantóir daoine faoi mhíchumas mé”.

Ioannis Vardakastanis – Comhalta CESE agus gníomhaí ar son cearta daoine faoi mhíchumas, Uachtarán ar an bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas: “Tá mo shaol tugtha agam don fheachtasaíocht agus don troid ar son cearta daoine faoi mhíchumas, ar dtús i mo shráidbhaile féin agus ansin ar an leibhéal domhanda”.

Krzysztof Pater – Comhalta CESE agus údar na tuarascála ar chearta daoine faoi mhíchumas vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa: “Le fiche bliain anuas táim ag féachaint le cuidiú le daoine faoi mhíchumas, le réitigh níos fearr a aimsiú, le timpeallacht dhlíthiúil níos fearr a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas”.

Pietro Vittorio Barbieri – Uachtarán ar Ghrúpa Téamach CESE um Chearta Daoine faoi Mhíchumas: “Lá as an ngnáth atá sa lá seo, táimid ag gabháil trí thréimhse anois a fhágann go bhfuilimid ag dul ón gcuimsiú go dtí an t-eisiamh. Is í an phríomhcheist scoiteacht daoine le linn na paindéime”.

Ábhar suimiúil...

An bhfuil dóchas agat go n-éireoidh le do chuid iarrachtaí féin leanaí a spreagadh chun glacadh le difríochtaí agus a bheith bródúil astu féin mar dhaoine? Cén fhreagairt a thugann siad?

Sinéad Burke: “Tá mé lán dóchais go mbeidh an todhchaí níos fearr. Is minic a deirtear nach gcuireann leanaí suntas i ndifríocht, ní dóigh liom go bhfuil sin fíor. Cuireann leanaí suntas i ndifríocht, tuigeann siad cad is féiniúlacht ann. Ach ní hionann iad agus daoine fásta sa mhéid is go bhfreagraíonn siad le fiosracht. Ba mhaith liom a iarraidh ar dhaoine fásta aird a thabhairt ar an gcaoi a bhfreagraíonn leanaí. Tá glacadh agus fiosracht ríthábhachtach. Measaim nach mór inspioráid a thabhairt do dhaoine fásta agus nach mór dóibh treoir a fháil ó leanaí maidir leis an gcaoi a bhfreagraíonn siad do mhíchumas”.

Cad is féidir linn a dhéanamh ionas nach mbeidh daoine faoi mhíchumas i dTuaisceart Éireann scartha ó Phoblacht na hÉireann i dtaca le cearta daonna agus dálaí oibre, go háirithe i gcás oibrithe faoi mhíchumas a bhíonn ag obair go cianda?

Ioannis Vardakastanis: “Leanfar den chomhar le heagraíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas agus beidh saincheisteanna a bhaineann le daoine faoi mhíchumas mar thosaíocht ar an gclár oibre. Tá an teachtaireacht soiléir. Ní mór do na rialtais uile urraim a thabhairt d’aontacht agus do chearta daoine faoi mhíchumas. Ní féidir iad a leithlisiú de bharr Brexit ná cinntí polaitiúla eile”.

Pietro Vittorio Barbieri: “Déanfaidh an comhaontú maidir le Brexit, a bhfuil súil leis faoi dheireadh 2020, an clár oibre polaitiúil a shainiú”.

Sinéad Burke: “Agus muid ag bogadh i dtreo Brexit, níor cheart dúinn leanúint de bheith ag díriú ar bhrabús agus ar thrádáil ach ba cheart an fócas a chur ar dhaoine. Tá sé tábhachtach beartais atá dírithe ar dhaoine a chruthú, go háirithe le linn na paindéime. Tá súil agam go leanfaimid de bheith ag obair as lámha a chéile agus go dtacóimid leo siúd atá imeallaithe, ar minic daoine faoi mhíchumas iad”.

Krzysztof Pater: “Is ardán den scoth é an Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas. Tráth a dréachtaíodh an tuarascáil agus roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, ní raibh coinne ag aon duine go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, ach tá roinnt réitigh reachtacha ag an Ríocht Aontaithe ar ceart don iliomad eagraíochtaí AE a chur san áireamh”.

Cad é an tionchar is mó, dar leat, a d’imir an phaindéim ar dhaoine faoi mhíchumas agus cad iad na gnéithe den saol laethúil is mó atá thíos léi?

Krzysztof Pater: “Ba mhian liom aird a dhíriú ar an easpa teagmhála le daoine eile, rud a dhéanann difear ní hamháin do shláinte mheabhrach daoine ach don ghnáthshaol laethúil freisin (ó thaobh cúnaimh, siopadóireachta, athshlánaithe). Tugadh neamhaird ar dhaoine atá ina gcónaí in institiúidí cúraim fhadtéarmaigh sna pleananna gníomhaíochta a d’fhorchuir rialtais le linn na paindéime”.

Pietro Vittorio Barbieri: “Is é an réimse is mó atá thíos leis an bpaindéim ná na daoine atá ina gcónaí i dtithe altranais, áit a mbraitheann siad scoite amach ón bpobal. Tréigeadh na seandaoine”.

Sinéad Burke: “Le linn na paindéime, bhíothas ag tomhas do chumais teacht slán as an gcóireáil leighis. Más rud é go raibh tú scothaosta nó faoi mhíchumas, ba lú seans go bhfaighfeá cóireáil. An amhlaidh go bhfuil beatha daoine áirithe níos tábhachtaí ná a chéile? Anois go bhfuil áiteanna á ndearadh againn le haghaidh scaradh sóisialta, sílim go bhfuil deis againn bunchloch nua a leagan agus ár machnamh a dhéanamh ar an gcuma ba cheart a bheith ar an domhan, agus daoine faoi mhíchumas á gcur i gcroílár na forbartha seo”.

Ioannis Vardakastanis: “Mar athleagan ar mhana ó na Stáit Aontaithe, tá tábhacht le saol an duine faoi mhíchumas freisin. Le linn na paindéime, chonaiceamar eisiamh, bochtaineacht sláinte, idirdhealú agus neamhionannais sa chóras sláinte. Má tá saol daoine faoi mhíchumas le bheith mar thosaíocht, caithfidh an t-athrú ar bheartais agus ar chórais a bheith bunaithe ar an mana ‘Ná déan tada dúinn gan muid a rannpháirtiú’”.(at)

Athrú á éileamh ag CESE ar dhlí toghcháin an Aontais Eorpaigh

Tá iarrtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar Pharlaimint na hEorpa, ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit go ndéanfaidís leasú ar an Ionstraim Toghcháin 1976 mar ábhar práinne chun fíorcheart vótála a ráthú do gach saoránach den Aontas atá faoi mhíchumas i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024.

Read more in all languages

Tá iarrtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar Pharlaimint na hEorpa, ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit go ndéanfaidís leasú ar an Ionstraim Toghcháin 1976 mar ábhar práinne chun fíorcheart vótála a ráthú do gach saoránach den Aontas atá faoi mhíchumas i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024.

Sa tuairim dá chuid a glacadh an 2 Nollaig, An gá le fíorchearta vótála a ráthú do dhaoine atá faoi mhíchumas i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa , chuir CESE in iúl go raibh sé á iarraidh aige go ndéanfaí prionsabail na huilíochta, na rúndachta agus na neamhbhailbhe a shoiléiriú i dtéacs na hIonstraime.

Chuirfeadh sin deireadh leis an leithcheal a dhéantar ar vótálaithe atá faoi mhíchumas mar gheall ar rialacha reatha nó ar shocruithe áirithe a bhfuil difríochtaí móra le sonrú eatarthu ó Bhallstát go Ballstát. D’fhéadfadh sé freisin go mbainfí na constaicí dlíthiúla nó teicniúla atá i bhfeidhm ar fud na hEorpa agus a chuireann cosc ar na milliúin daoine vóta a chaitheamh.

Dréachtaíodh an tuairim sin mar fhreagairt ar thuarascáil faisnéise de chuid CESE inar cuireadh in iúl nach bhfuil sé d’acmhainn ag tír ar bith san Aontas, mar gheall ar na constaicí dlíthiúla nó teicniúla thuasluaite, toghcháin a chinntiú atá céad faoin gcéad inrochtana don uile dhuine.

Foilsíodh torthaí na tuarascála faisnéise sin dhá mhí roimh thoghcháin na Parlaiminte in 2019. Rinneadh iad a dheimhniú níos déanaí sna tuarascálacha maidir leis an toghchán ó na meáin agus ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta.

“Tá CESE den tuairim nach bhfuil an leithcheal den saghas sin inghlactha agus nach bhfuil sé ag teacht le bunluachanna an Aontais, leis na Conarthaí ná le hionstraimí dlí agus polaitíochta idirnáisiúnta ríthábhachtacha,” arsa Krzysztof Pater, údar na tuarascála agus na tuairime araon.

“Baineann an méid atá á iarraidh againn le prionsabal na gceart comhionann do chách. Cén chaoi ar tharla sé go bhfuil na milliúin saoránach den Aontas ann san 21ú haois nach féidir leo leas iomlán a bhaint as a gceart vótála toisc iad a bheith faoi mhíchumas agus nach bhfuil rud ar bith á dhéanamh, beag ná mór, ag an lucht cinnteoireachta chun an scéal sin a leigheas? Saincheist is ea í atá lárnach i ndaonlathas an Aontais Eorpaigh,” a dúirt Pater agus é á chur i bhfáth aige gur ceist í seo a bhaineann le dínit an duine, thar aon ní eile.

Tá CESE den tuairim gur féidir deireadh tapa a chur leis na cleachtais sin lena ndéantar leithcheal ar shaoránaigh atá faoi mhíchumas, is é sin tríd an Ionstraim Toghcháin a leasú chun go mbeadh sé riachtanach caighdeáin a leagan síos i ngach tír san Aontas lena ndéanfaí fíorcheart vótála a ráthú do na daoine sin.

Ba cheart ráiteas a bheith mar chuid de na caighdeáin sin ina sonrófaí nach féidir cearta vótálá i dtoghcháin na Parlaiminte a bhaint d’aon saoránach den Aontas, ar bhonn an dlí náisiúnta, toisc an saoránach sin a bheith faoi mhíchumas nó mar gheall ar a riocht sláinte.

Ní mór go ndéanfaí prionsabail na neamhbhailbhe agus na rúndachta a shoiléiriú sna caighdeáin sin agus ní mór go gcinnteoidís go mbeadh gach duine faoi mhíchumas, beag beann ar an míchumas ar leith, in ann vóta a chaitheamh go rúnda agus go neamhspleách, i.e. gan cabhair a lorg ó aon duine nó ó aon rud. (ll)

Comhghairdeas as comhpháirtíocht chuimsitheach a bhunú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Dearbhú Comhpháirteach ó Christa Schweng, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), agus ó Jack O’Connor, Cathaoirleach ar Ghrúpa Faireacháin Brexit in CESE

Comhghairdeas le hidirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe ar éirigh leo caibidlíocht an-chasta agus an-deacair a thabhairt i gcrích d’fhonn comhaontú trádála a shroicheadh eatarthu. Is ríthábhachtach é an comhaontú sin do mhuintir na Ríochta Aontaithe agus do mhuintir uile na hEorpa araon.

Read more in all languages

Dearbhú Comhpháirteach ó Christa Schweng, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), agus ó Jack O’Connor, Cathaoirleach ar Ghrúpa Faireacháin Brexit in CESE

Comhghairdeas le hidirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe ar éirigh leo caibidlíocht an-chasta agus an-deacair a thabhairt i gcrích d’fhonn comhaontú trádála a shroicheadh eatarthu. Is ríthábhachtach é an comhaontú sin do mhuintir na Ríochta Aontaithe agus do mhuintir uile na hEorpa araon.

Anois, tá CESE réidh le gach nasc is féidir a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe a thógáil.

Ar an gcéad dul síos, ba mhór an faoiseamh dúinn uile é a fheiceáil gur éirigh leis an Aontas agus rialtas na Ríochta Aontaithe, tar éis caibidlíocht an-fhadálach agus an-chasta, teacht ar chomhaontú comhpháirtíochta ag an nóiméad deireanach.

Tar éis chinneadh na Ríochta Aontaithe chun an tAontas a fhágáil an 31 Eanáir 2020, i ndiaidh na 47 mbliana atá caite aici ina Ballstát, bhí sé thar a bheith tábhachtach go leagfaí síos cén chaoi a ndéanfaí an caidreamh idir an dá chomhpháirtí a rialú amach anseo.

Is é an comhaontú comhpháirtíochta seo an bhunchloch ar a mbeidh caidreamh an Aontais leis an Ríocht Aontaithe amach anseo bunaithe.

Ba mhaith linn, thar ceann CESE, comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis an Uas. Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí an Aontais, agus lena fhoireann as an ngairmiúlacht, an miotal agus an taithí a léirigh siad, tríd is tríd, agus iad ag obair gan stad gan staonadh d’fhonn réiteach uile-Eorpach a aimsiú.

Agus, dar ndóigh, ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh le toscaireacht na Ríochta Aontaithe a rinne an-obair chun go mbainfidís an comhaontú sin amach. Tá a fhios againn go maith nárbh éacht gan dua é sin.

Ón 1 Eanáir 2021, beidh lucht gnó, oibrithe agus saoránaigh ar an dá thaobh de Mhuir nlocht in ann iad féin a eagrú a bhuí leis an gcomhaontú sin. Tagann deimhneacht leis an gcomhaontú sin chomh maith, deimhneacht atá ríthábhachtach chun go mbeidh cuideachtaí in ann a gcuid infheistíochtaí a phleanáil, oibrithe in ann a shocrú cá háit dul ag obair agus saoránaigh in ann cinneadh a dhéanamh maidir le cá háit ar mhaith leo socrú síos.

Laistigh de CESE, leanamar an chaibidlíocht maidir le Brexit go han-dlúth agus chuamar chomh fada le meitheal ad hoc a chur ar bun chun súil a choinneáil ar chúrsaí.

Féachfaidh CESE anois le barrfheabhas a chur ar an gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha eile agus leis na príomhpháirtithe leasmhara agus féachfaimid freisin le gach nasc is féidir a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe a thógáil. Is é a chreidimid, níos mó anois ná riamh, gurb é sin misean CESE sna blianta amach romhainn agus gur air sin nach mór dúinn díriú.

Christa Schweng

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

Jack O'Connor

Cathaoirleach ar Ghrúpa Faireacháin Brexit in CESE

 

Buiséad an Aontais do 2021-2027 – cúis áthais do CESE an dea-thionchar a bhíonn ag tuairimí na sochaí sibhialta

Is díol sásaimh do CESE gur ghlac Ceannairí Stáit agus Rialtais an Aontais Eorpaigh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 an 10 Nollaig 2020. Leis an gcomhréiteach ar an mbuiséad Eorpach agus an ciste téarnaimh, agus ar shásra an smachta reachta, cuirtear san áireamh ionchur réamhghníomhach agus cuimsitheach CESE ar son CAI níos uaillmhianaí don Aontas Eorpach.

Read more in all languages

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur ghlac Ceannairí Stáit agus Rialtais an Aontais Eorpaigh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 an 10 Nollaig 2020. Leis an gcomhréiteach ar an mbuiséad Eorpach agus an ciste téarnaimh, agus ar shásra an smachta reachta, cuirtear san áireamh ionchur réamhghníomhach agus cuimsitheach CESE ar son CAI níos uaillmhianaí don Aontas Eorpach.

Trí thacú leis an téarnamh Eorpach agus trí chabhrú le hAontas Eorpach níos láidre, níos glaise agus níos digití a chothú, tá ról uathúil fós ag an gCoiste i gceapadh bheartais AE. Tá sé léirithe arís eile gur tábhachtach ionchur CESE thar ceann eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar is léir ón iliomad tuairimí a d’fhoilsigh CESE maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais, tuairimí a chuir institiúidí eile an Aontais Eorpaigh san áireamh.

“Tá sé de dhualgas orainn na tairbhí atá ann don tsochaí shibhialta de bharr an mhéadaithe ar Bhuiséad 2021-2027 a chur in iúl. Is cúis áthais dom a fheiceáil go raibh dea-thionchar ag ionchur CESE. Is tráthúil an comhaontú maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nua. Tá súil againn go mbeidh sé mar thúsphointe do théarnamh tapa na hEorpa, é ina bhunchloch d’Aontas a bheidh níos láidre agus níos glaise agus go mbeidh an toradh deiridh i gcomhréir le huaillmhianta agus riachtanais an Aontais Eorpaigh,” a dúirt Cillian Lohan, Leas-Uachtarán CESE atá freagrach as an gcumarsáid.

An Ráiteas ó Uachtarán CESE, Christa Schweng, maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-27 agus an Ciste Téarnaimh.

Chun eolas a fháil ar na tuairimí de chuid CESE a raibh tionchar acu ar CAI, féach le do thoil ar an bhfoscríbhinn seo.(mp)

#DigitalServicesAct agus #DigitalMarketsAct: Is mithid ár ndaonlathas a thabhairt cothrom le dáta leis an teicneolaíocht

Leis na tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún Eorpach chun seirbhísí agus margaí digiteacha a rialú, cinnteofar go nglacann soláthraithe freagracht as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus cinnteofar nach bhforchuireann ollchuideachtaí digiteacha a rialacha féin ar mhargaí na hEorpa, arsa Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, ag seisiún iomlánach CESE i mí na Nollag.

Read more in all languages

Leis na tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún Eorpach chun seirbhísí agus margaí digiteacha a rialú, cinnteofar go nglacann soláthraithe freagracht as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus cinnteofar nach bhforchuireann ollchuideachtaí digiteacha a rialacha féin ar mhargaí na hEorpa, arsa Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, ag seisiún iomlánach CESE i mí na Nollag.

Leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha a d’eisíodh an 15 Nollaig, sainítear cén chaoi ar chóir seirbhísí digiteacha a chur ar fail agus cén chaoi ar chóir do mhargaí digiteacha feidhmiú, rud a chabhraíonn le daonlathas na hEorpa a thabhairt cothrom le dáta leis an bhforbairt dhigiteach a chonacthas le fiche bliain anuas, a dúirt Margrethe Vestager sa díospóireacht arEoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach le linn sheisiún iomlánach CESE.

Agus é anois ar cheann den dá bhunchloch, i dteannta leis an aistriú glas, ar a bhfuil téarnamh na hEorpa ó ghéarchéim COVID-19 ag brath, chuir Christa Schweng, Uachtarán CESE, i bhfáth gur tábhachtaí ná riamh an t-aistriú digiteach.

Rinne Uachtarán CESE tagairt do staidéar a rinneadh le déanaí inar measadh gurbh fhéidir leis an teicneolaíocht nua ranníocaíocht charnach arb ionann í agus EUR 2.2 trilliún sa bhreis a chur le hOlltairgeacht Intíre (OTI) an Aontais faoi 2030, ranníocaíocht arbh ionann í agus OTI na Spáinne curtha le OTI na hÍsiltíre don bhliain 2019.

Seo mar a labhair Christa Schweng: “Tá cur chuige Eorpach uainn atá dírithe ar an duine maidir leis an gclaochlú digiteach. Mura bhfuil muinín ag na saoránaigh agus ag na gnólachtaí ionann, ní bheimid in ann na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gclaochlú digiteach a thapú. Chuige sin, tá sé tábhachtach fíorspás Eorpach sonraí a thógáil lena gcosnófar ár gcuid sonraí agus lena gcinnteofar an phríobháideacht agus an féinchinntiúchán. Ní mór dúinn ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a neartú freisin ar bhealach lena ndéanfar an trádáil dhigiteach dhomhanda a choinneáil ar bun chomh maith.”

Thug an tUasal Vestager cuntas de phríomhghnéithe straitéis dhigiteach an Chomisiúin agus thug sí aird ar leith don bhéim a chuirtear sa straitéis ar infheistíocht phríobháideach a ghiaráil, ar spleáchas na straitéise ar thionscnaimh shuaitheanta (maidir le scileanna digiteacha, seirbhísí poiblí digiteacha agus cibearshlándáil) agus ar thógáil agus ar chur in úsáid acmhainneachtaí digiteacha.

Leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha “cinnteofar go nglacann soláthraithe seirbhísí digiteacha freagracht as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus go mbíonn siad cuntasach fúthu, agus cinnteofar gur féidir muinín a chothú athuair,” a dúirt an tUasal Vestager. “Is í an fhadhb atá romhainn ábhar agus táirgí neamhdhleathacha a bheith ar líne nach gcomhlíonann na rialacha atá againn maidir le táirgí fisiceacha. Ní mór an fhadhb sin a réiteach ó cheann ceann na hEorpa.”

Dúirt an tUasal Vestager freisin "go gcuirfidh an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha in iúl d’ollchuideachtaí go bhfuil fáilte rompu gnó a dhéanamh san Eoraip agus a bheith rathúil anseo ach eolas a bheith acu maidir leis an liosta rialacha nach mór dóibh cloí leo a luaithe is a bheidh siad ina maoir gheata ionas go ndéanfaí an iomaíocht chóir a chinntiú agus an tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil do chustaiméirí. “I ndeireadh na dála, ba cheart don mhargadh freastal orainnse mar thomhaltóirí. Tá teicneolaíocht uainn a bhfuilimid in ann muinín a chur inti”, a dúirt sí. (dm)

 

Tá seirbhísí poiblí náisiúnta bunriachtanach chun a chinntiú go n-urramófar an daonlathas agus an smacht reachta san Aontas

Molann CESE sraith prionsabal coiteann do sheirbhísí poiblí chun cuidiú leis na Ballstáit cloí go hiomlán leis an daonlathas agus an smacht reachta.

Read more in all languages

Molann CESE sraith prionsabal coiteann do sheirbhísí poiblí chun cuidiú leis na Ballstáit cloí go hiomlán leis an daonlathas agus an smacht reachta.

Tugann CESE dá aire i dtuairim uaidh a glacadh ag an tionól iomlánach an 2 Nollaig go gcuireann seirbhísí poiblí leis an bhforbairt shóisialta agus le sochaí bhríomhar a chothú trí rochtain chomhionann uilíoch ar sheirbhísí a chinntiú do chách, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha atá faoi mhíbhuntáiste. Bíonn tábhacht leis na seirbhísí sin le linn géarchéimeanna toisc go gcabhraíonn siad leis an mbuanseasmhacht a chinntiú, go mór mór agus méadú tagtha ar ghéarchéimeanna le blianta beaga anuas i réimsí amhail an tslándáil, an geilleagar, an tearmann, an comhshaol, an aeráid agus an tsláinte.

Dúirt Christian Moos, rapóirtéir CESE, an méid seo a leanas: “Is iad an riarachán poiblí agus na seirbhísí poiblí an nasc is tábhachtaí atá ann idir na rialtais agus an tsochaí shibhialta. Is gné lárnach iad de sheasmhacht an daonlathais áitiúil san Eoraip. Tá sásraí éifeachtacha ag teastáil ón Aontas chun a chinntiú go dtabharfar lánurraim don smacht reachta agus do neamhchlaontacht an riaracháin phoiblí sna Ballstáit go léir.”

Sraith prionsabal coiteann

Seo thíos sraith prionsabal coiteann atá sainaitheanta ag CESE do sheirbhísí poiblí agus do riaracháin phoiblí:

  • Treisíonn an ceart chun dea-rialacháin an mhuinín i measc na sochaí. A bhuí le trédhearcacht i seirbhísí poiblí, cinntítear go bhfuil maoirseacht neamhspleách ann agus cuirtear leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe.
  • Tá feidhm chosanta ag seirbhísí poiblí i ndáil leis an smacht reachta. Is gá baill foirne atá ag obair i seirbhísí poiblí a chosaint sa chaoi is gur féidir leo diúltú do threoracha seirbhíse neamhdhlisteanacha a chomhlíonadh. 
  • Ní mór do sheirbhísí poiblí rochtain saor in aisce ar fhaisnéis a chur ar fáil agus a chinntiú go bhfuil na seirbhísí sin ar fáil do chách i gcónaí in ainneoin an digitithe.

Sa bhreis air sin, molann CESE gur cheart seirbhísí poiblí a bheith idir-inoibritheach ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart go bhféadfaí malartuithe agus rothlú post idir seirbhísí poiblí na mBallstát a chinntiú. Ní mór do na seirbhísí poiblí uile a bhfuil baint acu le leithdháileadh chistí an Aontais prionsabail na seirbhíse poiblí a urramú agus a chur chun feidhme. (na)

Comhaontú nua AE maidir le hImirce agus Tearmann: deis nár tapaíodh le haghaidh tús úr a bhfuil géarghá leis

Cáineadh go láidir Comhaontú nua an AE maidir le hImirce agus Tearmann le linn comhdháil ardleibhéil a reáchtáil CESE. Chinn ionadaithe ón tsochaí shibhialta, ó mheithleacha machnaimh agus ó Pharlaimint na hEorpa nach féidir leis an gcomhaontú nua na hathruithe is gá a chur i gcrích chun comhchóras Eorpach ceart um imirce agus tearmann a chruthú.

Read more in all languages

Cáineadh go láidir Comhaontú nua an AE maidir le hImirce agus Tearmann le linn comhdháil ardleibhéil a reáchtáil CESE. Chinn ionadaithe ón tsochaí shibhialta, ó mheithleacha machnaimh agus ó Pharlaimint na hEorpa nach féidir leis an gcomhaontú nua na hathruithe is gá a chur i gcrích chun comhchóras Eorpach ceart um imirce agus tearmann a chruthú.

Ar an 26 Samhain, bhí geallsealbhóirí lena n-áirítear an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, meithleacha machnaimh, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirteach in éisteacht fhíorúil faoin gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Ag an gcomhdháil, a d'eagraigh an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) in CESE, fiosraíodh cibé a dtugann an comhaontú nua an t-athrú sistéamach is gá chun an dúsháin atá ann faoi láthair a shárú agus chun beartas tearmainn agus imirce AE atá inbhuanaithe, réasúnach agus bunaithe ar chearta a fhorbairt.

Aon cháineadh a rinne painéalaithe éagsúla, bhí sé dírithe ar thrí phríomhghné: an bealach reachtach a roghnaíodh, agus idir-rialtasachas mar bhonn taca leis, agus lena bhféadtar tús a chur leis an gcaibidlíocht sula ndéanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh; an tuiscint dhéach ar imircigh mar dhídeanaithe réadacha nó mar dhaoine neamhdhleathacha ar féidir iad a dhíbirt; agus an sásra nua maidir le hurraíocht um fhilleadh a tugadh isteach, lenar féidir leis na Ballstáit cur leis an dlúthpháirtíocht trí nósanna imeachta díbeartha tíortha eile a chur i gcrích.

Is cúis aiféala do chomhaltaí an Ghrúpa staidéir in CESE a bhí ag obair ar an togra seo go bhfuil an chuid is mó de thograí an Chomhaontaithe nua maidir le hImirce agus Tearmann dírithe ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus nach dtugtar aird chuí ar chonairí rialta inimirce, ar bhealaí sábháilte tearmainn nó ar chuimsiú agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tír san Aontas. “Is ábhar díomá dúinn ábhar an chomhaontaithe seo,” arsa José Antonio Moreno Díaz, rapóirtéir CESE don tuairim maidir leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. “Tá súil againn go mbeidh comhaontú níos uaillmhianaí agus níos tairbhí ann amach anseo a bheidh níos réadúla maidir le cearta an duine.” (na)

Aerspás Eorpach Aonair – tá seans ann nach leor an togra nua ón gCoimisiún

I dtuairim dá chuid a ghlac sé le déanaí, d'áitigh CESE ar an gCoimisiún Eorpach agus ar gheallsealbhóirí in earnáil na heitlíochta an Rialachán nua maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair a chur faoi chaibidil athuair ar mhaithe le spriocanna uaillmhianacha an Rialacháin a shoiléiriú.

Read more in all languages

I dtuairim dá chuid a ghlac sé le déanaí, d'áitigh CESE ar an gCoimisiún Eorpach agus ar gheallsealbhóirí in earnáil na heitlíochta an Rialachán nua maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair a chur faoi chaibidil athuair ar mhaithe le spriocanna uaillmhianacha an Rialacháin a shoiléiriú.

Is deacair a rá fós an leor an dréacht-togra ón gCoimisiún chun spriocanna bunaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí CO2 a laghdú agus feabhas a chur éifeachtúlacht na bainistíochta aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta.

Tá béim leagtha ag CESE ar an tsaincheist seo sa tuairim a dhréachtaigh Dumitru Fornea agus a glacadh ag an seisiún iomlánach.

Agus é ag labhairt ar an ábhar le linn na díospóireachta, seo mar a labhair Dumitru Fornea: “Ní mór feidhm an bhainisteora líonra a shoiléiriú, go háirithe raon feidhme foriomlán an bhainisteora agus tionchar an raoin feidhme sin ar phleanáil na n-aerlínte, ar bhainistíocht toillte, ar leagan amach an aerspáis, ar an gcomhshaol agus ar ord tosaíochtaí na n-éileamh. Ba cheart do gach geallsealbhóir in earnáil na heitlíochta a bheith rannpháirteach i gceapadh na gcinntí móra. Ní mór prionsabal an chomhairliúcháin fhónta a bheith mar chuid den chreat-togra”.

Níl tagairt ar bith sa togra ón gCoimisiún d’iarmhairtí tromchúiseacha ghéarchéim COVID-19 ar an tionscal ach oiread. Ar an ábhar sin, molann CESE go ndéanfaí staidéar tionchair d’fhonn aird chuí a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha phaindéim an choróinvíris ar oibrithe agus ar úsáideoirí seirbhísí araon. (mp)

 

Blockchain

Is todhchaí chomhroinnte atá i ndán do na teicneolaíochtaí blocshlabhra agus don tionscal mianadóireachta

D’fhéadfadh teicneolaíochtaí blocshlabhra a bheith ina réitigh áisiúla ar thodhchaí an tionscail mianadóireachta, ach ba cheart na hiarmhairtí sóisialta a chur san áireamh san aistriú digiteach. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht ón gcruinniú comhchéime ar líne a reáchtáil an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) in CESE an 14 Nollaig 2020.

Read more in all languages

D’fhéadfadh teicneolaíochtaí blocshlabhra a bheith ina réitigh áisiúla ar thodhchaí an tionscail mianadóireachta, ach ba cheart na hiarmhairtí sóisialta a chur san áireamh san aistriú digiteach. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht ón gcruinniú comhchéime ar líne a reáchtáil an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) in CESE an 14 Nollaig 2020.

“Tá feabhas tagtha ar shábháilteacht, ar inbhuanaitheacht, ar tháirgiúlacht agus ar bhrabúis na gcuideachtaí mianadóireachta sin a bhfuil an t-aistriú digiteach á chur chun feidhme acu. Todhchaí an tionscail is ea an blocshlabhra, ach ní mór plé a dhéanamh ar an rialú a dhéantar air. Ní mór dúinn na míchothromaíochtaí sóisialta agus críochacha a laghdú a mhéid is féidir, ar míchothromaíochtaí iad atá ann mar gheall ar an aistriú gníomhaíochtaí mar chuid den Chomhaontú Glas nua agus den gheilleagar ciorclach,” a dúirt Pietro De Lotto, Cathaoirleach CCMI.

Ba den tuairim chéanna a bhí Hilde Van Laere, comhalta de chuid CCMI: “Tá an blocshlabhra i gcroílár an aistrithe dhigitigh agus, a bhuí leis, ní hamháin go mbeidh an tionscal mianadóireachta in ann an t-aistriú a chur chun feidhme, ach tá gach seans go mbeidh gnólachtaí agus an tsochaí fhoriomlán in ann déanamh amhlaidh chomh maith. Tá athruithe tagtha ar gach fiontar i ngach earnáil a bhuí leis an mblocshlabhra agus tá athrú tagtha ar chomhthéacs foriomlán na mianadóireachta. Is iomaí feidhm atá ag an mblocshabhra a bheidh fíor-úsáideach sa mhianadóireacht, idir a acmhainneacht chun an tslándáil agus an trédhearcacht a sholáthar i gcúrsaí gnó agus a acmhainneacht chun taifead a dhéanamh ar athruithe i gcomhaontuithe gnó agus i gcáipéisí.”

Bhí réimse leathan geallsealbhóirí oibríochtúla agus institiúideacha rannpháirteach sa díospóireacht: Eagraíocht Mhianadóireachta na Sualainne, Minespider, Kamni Chain, IndustriALL Norway, an Fhaireachlann Idirnáisiúnta um Amhábhair, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).

Bhí an seimineár gréasáin mar chuid den obair a lean as an tuairim CCMI/176 An Mhianadóireacht Dhigiteach san Eoraip: Réitigh nua do tháirgeadh inbhuanaithe amhábhar, a dhréachtaigh na rapóirtéirí Marian Krzaklewski agus Hilde Van Laere agus a ghlac CESE ag a sheisiún iomlánach i mí Mheán Fómhair. (mp)

 

EU Climate Pact

An cumhachtú an ghné is tábhachtaí de Chomhshocrú Aeráide Eorpach rathúil

Cúis áthais do CESE an tionchar atá ag a chuid moltaí ar thograí an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca le Comhshocrú Aeráide Eorpach. Tacaíonn an Comhshocrú sin leis na ngníomhú ar son na haeráide – gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana agus cinn nua – tríd an bpiarfhoghlaim, an t-oideachas, an fothú acmhainneachta, trí bhacainní a bhaint agus trí rochtain níos fusa ar mhaoiniú.

Read more in all languages

Cúis áthais do CESE an tionchar atá ag a chuid moltaí ar thograí an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca le Comhshocrú Aeráide Eorpach. Tacaíonn an Comhshocrú sin leis na ngníomhú ar son na haeráide – gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana agus cinn nua – tríd an bpiarfhoghlaim, an t-oideachas, an fothú acmhainneachta, trí bhacainní a bhaint agus trí rochtain níos fusa ar mhaoiniú.

Tar éis don choincheap “neodracht ó thaobh carbóin de ar an leibhéal domhanda” a bheith tugtha isteach le Comhaontú Pháras, athraíodh an dioscúrsa polaitiúil agus cuireadh na rialtais agus na geallsealbhóirí ar bhóthar a bhí dírithe ar an ngníomhaíocht. Ní fhéadfaí an toradh sin a bhaint amach gan páirt a bheith ag geallsealbhóirí uile na sochaí sibhialta ann, rud nach bhfacthas riamh roimhe seo. Ní mór do gach cuid den tsochaí a bheith rannpháirteach go gníomhach chun go mbeidh rath ar an mbeartas aeráide laistigh den Aontas Eorpach.

Dúirt Peter Schmidt, comhalta de CESE, an méid seo a leanas: “Is deis thábhachtach é an Comhshocrú Aeráide cur chuige nuálach rannpháirtíochta a mhúnlú lena ndéanfar na bearta atá ar bun cheana féin sa tsochaí shibhialta, sna pobail, sna cathracha agus sna réigiúin a léiriú agus a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh.”

Is mian le CESE teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach agus le comhlachtaí eile an Aontais chun Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Chomhshocraithe Aeráide a chomhchruthú bunaithe ar phrionsabail na cuimsitheachta, na trédhearcachta agus na rannpháirtíochta fíre, chomh maith le glacadh úinéireachta ag gníomhaithe aeráide ar gach leibhéal.

Ina theannta sin, dá gcuirfí Fóram AE um Maoiniú na hAeráide ar bun mar chuid den Chomhshocrú, spreagfaí próisis foghlama fhíor-fhrithpháirteacha, d’éascófaí rochtain ar mhaoiniú agus bhainfí bacainní. Ba cheart sásra rannpháirtíochta don aos óg i réimse na haeráide agus na hinbhuanaitheachta a bheith ina dhlúthchuid den Chomhshocrú seo, mar shampla na Cruinnithe Comhchéime leis an Aos Óg i réimse na hAeráide agus i réimse na hInbhuanaitheachta a mhol CESE. (mr)

Páirt glactha ag CESE in iarracht an Aontais naisc leis na Stáit Aontaithe a athnuachan

Tar éis thoghchán SAM, tháinig Coiste Leantach CESE um Chaidreamh Trasatlantach le chéile an 15 Nollaig agus súil aige le comhpháirtíocht láidir a athbhunú le sochaí shibhialta na Stát Aontaithe.

Read more in all languages

Tar éis thoghchán SAM, tháinig Coiste Leantach CESE um Chaidreamh Trasatlantach le chéile an 15 Nollaig agus súil aige le comhpháirtíocht láidir a athbhunú le sochaí shibhialta na Stát Aontaithe.

Agus téarma uachtaránachta nua ar tí tosú sna Stáit Aontaithe, tá deis uathúil anois ag an Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, tar éis na gcéimeanna ar gcúl go léir le blianta beaga anuas, an chomhpháirtíocht agus an cairdeas eatarthu atá bunaithe ar luachanna coiteanna daonlathacha, stair choiteann agus leasanna coiteanna a athnuachan.

Mar iarracht chun an comhphlé leis an tsochaí shibhialta a atosú, tháinig Coiste Leantach CESE um Chaidreamh Trasatlantach le chéile go fíorúil an 15 Nollaig i gcuideachta an Fheisire Eorpaigh, Radosław Sikorski, agus an Fheisire Mheiriceánaigh, William Hurd.

Chuir Radosław Sikorski i bhfios go láidir gur ríthábhachtach an ról atá ag teagmhálacha idirphearsanta agus ag comhar níos feidhmiúla leis an tsochaí shibhialta i gcomhréir leis an gClár Oibre Nua Trasatlantach. “Is ann fós d’éagsúlachtaí beartas idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ach is túsphointe maith iad an dea-thoil, an chomhchéim agus an iontaoibhe”, a dúirt sé.

Thacaigh William Hurd go croíúil leis an idirphlé trasatlantach: “Tá Meiriceá ar thosach an tslua ach tá Meiriceá ag brath ar an slua céanna. Ní mór dúinn a thaispeáint go bhfuil sé d’acmhainn againn comhghuaillíochtaí a chothú”. Chuir sé i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go n-oibreodh an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i gcomhar le chéile agus teanntás idirnáisiúnta na Síne ag teacht chun cinn.

Chuir Peter Chase, comhalta sinsearach de Chiste GMF na Stát Aontaithe, in iúl go bhfuil ríthábhacht le straitéis uaillmhianach don chaidreamh eacnamaíoch trasatlantach: “cothóidh geilleagar cumhachtach an tsochaí shibhialta, meithleacha machnaimh, gnólachataí and infheistíochtaí”.

Chuir Matthias Jørgensen ó Ard-Stiúrthóireacht na Trádála sa Choimisiún Eorpach Clár Oibre Nua Trasatlantach an Choimisiúin i láthair, á iarraidh ar na Stáit Aontaithe a bheith páirteach san iarracht domhan níos sláintiúla, níos sábháilte, níos daonlathaí agus rathúil a chothú tar éis Covid-19 agus comhoibriú le chéile chun an pláinéad, an teicneolaíocht, an trádáil agus na caighdeáin a chosaint.

Dúirt Garrett Workman, stiúrthóir sinsearach gnothaí Eorpacha i gComhlachas Tráchtála na Stát Aontaithe gur “ar bhonn trádála is fearr is féidir an méid atá déanta ag beartas SAM le blianta beaga anuas a chur ina cheart”.

Chuir CESE an tionscadal “Building bridges across the Atlantic” (“An tAthmhuintearas a chothú trasna an Atlantaigh”) i láthair freisin, ar tionscadal uaillmhianach é a léiríonn a thábhachtaí atá ról na sochaí sibhialta agus an tionchar atá aici ar an gcomhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite. Tá sé d’aidhm ag an tionscadal an pobal agus a ngníomhaíochtaí a nascadh le chéile agus guthanna liobrálacha a chur in iúl ar dhá thaobh an Atlantaigh tráth ar thábhachtaí ná riamh go dtiocfar ar chomhthuiscint agus go n-aimseofar réitigh. (at)

News from the Groups

Cuideachtaí an Aontais Eorpaigh réidh tabhairt faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteach araon

Le Stefano Mallia, Uachtarán Grúpa na bhFostóirí in CESE

Ní gan dua a bhainfidh an Eoraip an aeráidneodracht agus an ceannaireacht dhigiteach amach. Tá clár oibre claochlaitheach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chomh crua céanna agus atá sé tarraingteach. Féachann roinnt Príomhoifigigh Fheidhmiúcháin air mar dhúshlán ollmhór ar fad. Ach tá fostóirí an Aontais réidh dlús a chur lena gcuid iarrachtaí chun an dá aistriú sin a chur i bhfeidhm.

Read more in all languages

Le Stefano Mallia, Uachtarán Grúpa na bhFostóirí in CESE

Ní gan dua a bhainfidh an Eoraip an aeráidneodracht agus an ceannaireacht dhigiteach amach. Tá clár oibre claochlaitheach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chomh crua céanna agus atá sé tarraingteach. Féachann roinnt Príomhoifigigh Fheidhmiúcháin air mar dhúshlán ollmhór ar fad. Ach tá fostóirí an Aontais réidh dlús a chur lena gcuid iarrachtaí chun an dá aistriú sin a chur i bhfeidhm.

Is léir, mar gheall ar dhícharbhónú na tionsclaíochta, go ngearrfar ardchostais fuinnimh ar chuideachtaí atá dian ar fhuinneamh agus, ag an am céanna, go dtiocfaidh athrú struchtúrach ollmhór ar earnáil na tionsclaíochta, ar earnáil an iompair agus ar earnáil an fhuinnimh, rud a fhágann go mbeidh na tionscail sin i mbaol a bheith faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch sa mhargadh domhanda iomaíoch.

Is féidir dícharbónú na tionsclaíochta a bhaint amach, áfach, ach cuspóir uileghabhálach bheartas aeráide an Aontais a chothromú le straitéis tionsclaíochta uaillmhianach lena gcuirfear borradh faoin iomaíochas – agus freisin le beartas fuinnimh uaillmhianach lena gcinntítear an tslándáil agus an inacmhainneacht fuinnimh fhad-téarmach. Níl aon cheist faoi ach go bhfuil gá le príomhréimsí na polaitíochta fuinnimh a ailíniú leis an iomaíochas tionsclaíoch sa straitéis nuashonraithe maidir le tionsclaíocht, straitéis a bhfuiltear ag súil go n-eiseoidh an Coimisiún í go luath sa bhliain úr.

Ag an am céanna, ní féidir dul chun cinn a dhéanamh ar spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais mura bhfuil réitigh dhigiteacha ann. Ós rud é go bhfuil an Eoraip ag titim chun deiridh i ndáil leis an bhforbairt dhigiteach agus leis an nascacht ardluais, tá gá le “Clár Oibre Digiteach” don Eoraip.

Táimid go láidir den tuairim go bhfuil an acmhainneacht taighde agus na réitigh theicneolaíocha ag cuideachtaí na hEorpa chun ár mór-roinn a bhunú mar ghníomhaí ceannróideach neamhspleách san earnáil dhigiteach.

Ach tá gné riachtanach in easnamh: an infheistíocht. Le Pacáiste Téarnaimh an Aontais, cuirfear tacaíocht airgeadais phoiblí chuimsitheach ar fáil. Más mian linn go n-éireoidh le téarnamh na hEorpa, ní mór dúinn an tacaíocht airgeadais sin a ailíniú le maoiniú príobháideach.

Ní mór dúinn a thabhairt faoi deara go bhfuil tráth cinniúnach buailte linn. Mura gcuirfimid na bearta riachtanacha i bhfeidhm anois, beidh tionchar thromchúiseach fhadtéarmach aige sin ar ról na hEorpa i múnlú na todhchaí domhanda. Níl sé de rogha againn teipeadh sa réimse sin.

An 9 Nollaig, reáchtáil Grúpa na bhFostóirí in CESE seimineár gréasáin dar teideal “An Dí‑charbonú agus an t-Aistriú Digiteach i gComhthéacs an Domhandaithe”. Is féidir na moltaí ón seimineár do lucht cinnteoireachta an Aontais a léamh ag an nasc seo: https://europa.eu/!dN89jx

 

An chothromaíocht a theastaíonn idir saincheisteanna sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil san aistriú tionsclaíoch

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

De thoradh an aistrithe thionsclaíoch d’fhéadfaí poist níos fearr agus dálaí oibre níos fearr a chruthú, chomh maith le fás inbhuanaithe agus cuimsitheacht. Nó tá an baol ann gurb éard a thiocfaidh as ná neamhionannas rábach agus bochtaineacht fhorleathan, méadú thar cuimse ar an ráta dífhostaíochta i measc grúpaí áirithe, agus, ar deireadh, scoilt sa chomhtháthú sóisialta a chuirfidh an tAontas Eorpach agus an daonlathas féin i gcontúirt.

Read more in all languages

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

De thoradh an aistrithe thionsclaíoch d’fhéadfaí poist níos fearr agus dálaí oibre níos fearr a chruthú, chomh maith le fás inbhuanaithe agus cuimsitheacht. Nó tá an baol ann gurb éard a thiocfaidh as ná neamhionannas rábach agus bochtaineacht fhorleathan, méadú thar cuimse ar an ráta dífhostaíochta i measc grúpaí áirithe, agus, ar deireadh, scoilt sa chomhtháthú sóisialta a chuirfidh an tAontas Eorpach agus an daonlathas féin i gcontúirt.

Ní taisme ar bith é, mar is léir ón stair, go gcroitear bunchloch na sochaí ó bhonn a luaithe a thagann athruithe ar dhálaí ábhartha an táirgthe agus an chaidrimh saothair.

Ar a shon sin, braithfidh nádúr na n-athruithe sin go mór ar na roghanna polaitiúla a dhéanfar. Sa seisiún iomlánach deireanach i mí na Nollag 2020, ghlac CESE tuairim mhórthábhachtach maidir leis an aistriú tionsclaíoch, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, a bheidh mar threoirphlean agus freastal á dhéanamh ar an ngá atá le cothroime agus ceartas i bhforbairtí teicneolaíocha agus eacnamaíocha sa tionscal agus i saol na hoibre.

Thar aon ní eile, beidh gné láidir shóisialta ag teastáil má táthar chun an ceann is fearr a fháil ar an gcor chun donais eacnamaíoch a thionscain an phaindéim agus chun geilleagar agus sochaí níos athléimní, níos nua-aimseartha, níos glaise, níos digití agus níos cuimsithí a bhunú. Ní mór Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a bheith i gcroílár an aistrithe, agus ní mór rannpháirtíocht shoiléir, leathan agus láidir na gcomhpháirtithe sóisialta chomh maith le creat rialála daingean soiléir a bheith ina gcuid de freisin.

Dá bhrí sin, leagtar amach sa tuairim seo an chothromaíocht a theastaíonn, ach ar minic neamhaird á tabhairt uirthi, ní hamháin ó thaobh an chomhshaoil agus ón taobh eacnamaíoch de, ach ó thaobh na sochaí freisin: ní bladhmann gan bhrí atá taobh thiar den phrionsabal gan aon duine a fhágáil ar leataobh. Is gá dúinn sin a dhéanamh má táimid chun cosc a chur le lucht an phobalachais bailchríoch a chur ar an méid a thosaigh siad tar éis ghéarchéim 2008 agus leis an déine a lean í. (prp)

Daoine féinfhostaithe ag maireachtáil faoi bhochtaineacht: grúpa a ndéantar dearmad air go minic

Ronny Lannoo, comhalta den Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE agus ionadaí ó eagraíocht FBManna na Beilge, UNIZO

Deirtear go minic nach dteastaíonn ó dhaoine féinfhostaithe ach “airgead bog” a shaothrú agus cáil a tharraingt orthu féin. Ach fágann an scigphictiúr sin nach dtugtar aird cheart ar an iliomad dúshlán a bhíonn roimh fhiontraithe. Tuigeann na daoine atá féinfhostaithe an chontúirt atá ann dóibh féin, go proifisiúnta agus go príobháideach.

Read more in all languages

Ronny Lannoo, comhalta den Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE agus ionadaí ó eagraíocht FBManna na Beilge, UNIZO

Deirtear go minic nach dteastaíonn ó dhaoine féinfhostaithe ach “airgead bog” a shaothrú agus cáil a tharraingt orthu féin. Ach fágann an scigphictiúr sin nach dtugtar aird cheart ar an iliomad dúshlán a bhíonn roimh fhiontraithe. Tuigeann na daoine atá féinfhostaithe an chontúirt atá ann dóibh féin, go proifisiúnta agus go príobháideach.

Nuair a théann cursaí chun donais, is minic nach fada gurb í an bhochtaineacht a bhíonn i ndán dóibh, fiú más bochtaineacht dhofheicthe í go minic. Bíonn daoine féinfhostaithe cleachta lena gcuid fadhbanna féin a réiteach cibé áit is féidir leo, agus is mar gheall air sin gurb annamh a thugtar suntas dá bhfadhbanna.

Má tá a fhios ag an saol mór go bhfuil deacrachtaí ag gnólacht, cé go bhfuil cuidiú de dhíth air, is minic a chuirtear ar an méar fhada an cuidiú sin a fháil, nó uaireanta eile ní théann na gnólachtaí sa tóir ar an tacaíocht chuí ar chor ar bith mar go meastar gur drochphoiblíocht agus cúis náire é fadbhanna a bheith acu.

Sa Bheilg, maireann thart ar 12.7 % de dhaoine féinfhostaithe faoi bhun thairseach na bochtaineachta. Ar na cúiseanna a mbíonn deacracht acu tá drochbhainistíocht, gur thosaigh siad amach gan plean láidir gnó a bheith acu, tinneas agus daoine a bhíonn mall ag íoc.

Ach tá fadhbanna ann freisin nach bhfuil neart ag daoine féinfhostaithe orthu. Is sampla suntasach de sin í géarchéim an choróinvíris, agus tá an Coimisiún Eorpach den tuairim go mbeidh rabharta féimheachtaí ann mar thoradh ar an ngéarchéim sin.

Ní mór dúinn an fhadhb a aithint agus a chur in iúl do dhaoine féinfhostaithe go bhfuil sé ceart go leor labhairt faoina gcuid fadhbanna; níos lú imní, níos mó bearta coisctheacha agus bealaí níos éasca le cuidiú a lorg an toradh air sin. Go háirithe, níor cheart do chomhlachais ghnó fanacht go dtagann fiontraithe i dteagmháil leo, ach ba cheart dóibh na fiontraithe sin atá san fhaopach a lorg agus an méid atá le tairiscint acu dóibh a phoibliú.

D’fhéadfadh seirbhísí amhail oiliúint, uasoiliúint agus cóitseáil i mbainistíocht ghnó, luathaithint fadhbanna agus bearta eile go leor féimheachtaí a sheachaint. Rinneadh líon áirithe de na bearta sin a mhéadú agus a neartú le linn na paindéime, ach is gá a lán oibre a dhéanamh fós chun an bhochtaineacht a laghdú i measc daoine féinfhostaithe fud fad na hEorpa.

 

Soon in the EESC/Cultural events

Déantar ceiliúradh i dtaispeántas de chuid CESE ar an ngné shóisialta atá i gcroílár Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach

Díreach agus an Phortaingéil ag teacht i gceannas ar an Aontas Eorpach agus ag cur a clár oibre sóisialta ar bharr a liosta tosaíochtaí, tá taispeántas fíorúil á óstáil ag CESE ina bhfuil obair an ealaíontóra Maria Reis Rocha as an bPortaingéil, obair a thugann ómós don cheangal daonna agus don dlúthpháirtíocht.

Read more in all languages

Díreach agus an Phortaingéil ag teacht i gceannas ar an Aontas Eorpach agus ag cur a clár oibre sóisialta ar bharr a liosta tosaíochtaí, tá taispeántas fíorúil á óstáil ag CESE ina bhfuil obair an ealaíontóra Maria Reis Rocha as an bPortaingéil, obair a thugann ómós don cheangal daonna agus don dlúthpháirtíocht.

Is é atá sa taispeántas Hand in Hand ná sraith learáidí agus físeáin ghearra ó Maria Reis Rocha (https://www.mariareisrocha.com/) maidir le saincheisteanna sóisialta tábhachtacha amhail an mheabhairshláinte, an claochlú sóisialta agus rannpháirtíocht shóisialta, oideachas atá ar ardchaighdeán, rochtain uilíoch ar chúram sláinte, an comhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an chiníochais agus cearta an linbh.

Tá baint nach beag ag na hábhair sin le tosaíochtaí Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach (Eoraip athléimneach, Eoraip shóisialta, Eoraip ghlas, Eoraip dhigiteach agus Eoraip dhomhanda), uachtaránacht a thosóidh ar an 1 Eanáir 2021.

Is ócáid chultúrtha í seo, an chéad cheann dá leithéid a chuirfear i láthair go digiteach de dheasca phaindéim COVID-19. Beidh an taispeántas le feiceáil idir an 15 Eanáir agus an 15 Feabhra ag: https://www.eesc.europa.eu/en/agenda/our-events/events/hand-hand(ck)

Tá CESE le daoine óga ó gach cearn den Eoraip a thabhairt le chéile chun réiteach ar an ngéarchéim aeráide a aimsiú

Déanfar imeacht de chuid CESE don aos óg, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS) 2021, a reáchtáil ar mhúnla chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP). Le linn an imeachta, beidh an deis ag na daltaí a dtuairimí féin a roinnt maidir le cén chaoi ar chóir dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus conas is fearr is féidir spriocanna aeráidneodracha 2050 a bhaint amach.

Read more in all languages

Déanfar imeacht de chuid CESE don aos óg, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS) 2021, a reáchtáil ar mhúnla chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP). Le linn an imeachta, beidh an deis ag na daltaí a dtuairimí féin a roinnt maidir le cén chaoi ar chóir dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus conas is fearr is féidir spriocanna aeráidneodracha 2050 a bhaint amach.

A bhuí le YEYS, tá deis tugtha do bhreis agus 100 dalta agus os cionn 30 múinteoir ó gach cearn den Eoraip, ó bhí 2010 ann, teacht ar cuairt chun na Bruiséile d'fhonn na hábhair is mó atá i mbéal an phobail a phlé. Beidh YEYS 2021 ar siúl an 18-19 Márta 2021 agus imeacht iomlán fíorúil a bheidh ann mar gheall ar COVID-19. Is é teideal imeacht 2021 ná: Ár nAeráid, Ár dTodhchaí!

Beidh trí scoil is tríocha rannpháirteach sa díospóireacht seo don aos óg, mar atá scoil amháin ó gach ceann de na 27 mBallstát san Aontas agus ó gach ceann de na chúig thír is iarrthóirí (an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc, Montainéagró agus an Albáin). Áirítear scoil amháin ón Ríocht Aontaithe ar na scoileanna sin freisin ar mhaithe le cruthúnas follasach a thabhairt go bhfuil CESE tiomanta dlúthchaidreamh le sochaí shibhialta na Breataine a choinneáil ar bun.

Is é is aidhm don 12ú himeacht seo de chuid YEYS tuairimí úrnua na ndaltaí a chloisteáil maidir leis an gcaoi ar féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide reatha agus conas is fearr is féidir spriocanna aeráidneodracha 2050 a bhaint amach.

Roinnfear torthaí YEYS 2021 le lucht ceaptha beartais comhshaoil an domhain agus déanfar iad a chur chun cinn i gcomhdhálacha ar fud na hEorpa, lena n-áirítear an Cruinniú Eorpach um an Óige (EYE) de chuid Pharlaimint na hEorpa a reáchtálfar ag deireadh mhí na Bealtaine 2021.

Fad a bheidh na daltaí gníomhach san imeacht COP, freastalóidh na múinteoirí ar sheisiúin eolais a reáchtálfar ar líne i gcomhar leis na trí phríomhinstitiúid de chuid an Aontais (Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh). Beidh sé d’aidhm ag na seisiúin seo tuilleadh eolais a thabhairt do na múinteoirí faoi obair an Aontais agus cur leis na hacmhainní atá ar fáil don aos óg agus don oideachas.

Chomh maith le YEYS, eagróidh CESE feachtas ar na meáin shóisialta, mar atá ar Instagram agus Facebook, chun cur leis an bhfeasacht ar an athrú aeráide agus chun spreagadh a thabhairt do dhaoine óga stíl mhaireachtála níos inbhuanaithe a chleachtadh. (cl)
 

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Daniela Marangoni (dm)
 

Contributors to this issue

Amalia Tsoumani (at)
Chloé Lahousse (cl)
Chrysanthi Kokkini (ck)
Daniela Marangoni (dm)
David Gippini Fournier (dgf)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Jasmin Kloetzing  (jk)
Katharina Radler (kr)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Margarita Gavanas (mg)
Nicola Accardo (na)
Pablo Ribera Paya (prp))

Coordination

Agata Berdys (ab)
Katerina Serifi (ks)

Technical support
Bernhard Knoblach (bk)

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 23 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

Mí Eanáir 2021
01/2021

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram