Tá iarrtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar Pharlaimint na hEorpa, ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit go ndéanfaidís leasú ar an Ionstraim Toghcháin 1976 mar ábhar práinne chun fíorcheart vótála a ráthú do gach saoránach den Aontas atá faoi mhíchumas i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024.

Sa tuairim dá chuid a glacadh an 2 Nollaig, An gá le fíorchearta vótála a ráthú do dhaoine atá faoi mhíchumas i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa , chuir CESE in iúl go raibh sé á iarraidh aige go ndéanfaí prionsabail na huilíochta, na rúndachta agus na neamhbhailbhe a shoiléiriú i dtéacs na hIonstraime.

Chuirfeadh sin deireadh leis an leithcheal a dhéantar ar vótálaithe atá faoi mhíchumas mar gheall ar rialacha reatha nó ar shocruithe áirithe a bhfuil difríochtaí móra le sonrú eatarthu ó Bhallstát go Ballstát. D’fhéadfadh sé freisin go mbainfí na constaicí dlíthiúla nó teicniúla atá i bhfeidhm ar fud na hEorpa agus a chuireann cosc ar na milliúin daoine vóta a chaitheamh.

Dréachtaíodh an tuairim sin mar fhreagairt ar thuarascáil faisnéise de chuid CESE inar cuireadh in iúl nach bhfuil sé d’acmhainn ag tír ar bith san Aontas, mar gheall ar na constaicí dlíthiúla nó teicniúla thuasluaite, toghcháin a chinntiú atá céad faoin gcéad inrochtana don uile dhuine.

Foilsíodh torthaí na tuarascála faisnéise sin dhá mhí roimh thoghcháin na Parlaiminte in 2019. Rinneadh iad a dheimhniú níos déanaí sna tuarascálacha maidir leis an toghchán ó na meáin agus ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta.

“Tá CESE den tuairim nach bhfuil an leithcheal den saghas sin inghlactha agus nach bhfuil sé ag teacht le bunluachanna an Aontais, leis na Conarthaí ná le hionstraimí dlí agus polaitíochta idirnáisiúnta ríthábhachtacha,” arsa Krzysztof Pater, údar na tuarascála agus na tuairime araon.

“Baineann an méid atá á iarraidh againn le prionsabal na gceart comhionann do chách. Cén chaoi ar tharla sé go bhfuil na milliúin saoránach den Aontas ann san 21ú haois nach féidir leo leas iomlán a bhaint as a gceart vótála toisc iad a bheith faoi mhíchumas agus nach bhfuil rud ar bith á dhéanamh, beag ná mór, ag an lucht cinnteoireachta chun an scéal sin a leigheas? Saincheist is ea í atá lárnach i ndaonlathas an Aontais Eorpaigh,” a dúirt Pater agus é á chur i bhfáth aige gur ceist í seo a bhaineann le dínit an duine, thar aon ní eile.

Tá CESE den tuairim gur féidir deireadh tapa a chur leis na cleachtais sin lena ndéantar leithcheal ar shaoránaigh atá faoi mhíchumas, is é sin tríd an Ionstraim Toghcháin a leasú chun go mbeadh sé riachtanach caighdeáin a leagan síos i ngach tír san Aontas lena ndéanfaí fíorcheart vótála a ráthú do na daoine sin.

Ba cheart ráiteas a bheith mar chuid de na caighdeáin sin ina sonrófaí nach féidir cearta vótálá i dtoghcháin na Parlaiminte a bhaint d’aon saoránach den Aontas, ar bhonn an dlí náisiúnta, toisc an saoránach sin a bheith faoi mhíchumas nó mar gheall ar a riocht sláinte.

Ní mór go ndéanfaí prionsabail na neamhbhailbhe agus na rúndachta a shoiléiriú sna caighdeáin sin agus ní mór go gcinnteoidís go mbeadh gach duine faoi mhíchumas, beag beann ar an míchumas ar leith, in ann vóta a chaitheamh go rúnda agus go neamhspleách, i.e. gan cabhair a lorg ó aon duine nó ó aon rud. (ll)