Comhchoiste Comhairliúcháin AE-na Seirbia

Ardán na sochaí sibhialta é Comhchoiste Comhairleach AE-na Seirbia a bhunaigh CESE agus an tsochaí shibhialta sa tSeirbia (comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta). An sainordú atá ag an gComhchoiste Comhairliúcháin seo, sainítear é i gCinneadh Uimh. 1 ó Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-na Seirbia an 21 Deireadh Fómhair 2013, lena nglactar a rialacha nós imeachta (Airteagal 14). I ngeall ar dhearcadh na sochaí sibhialta atá aige, déanann Comhchoiste Comhairliúcháin na Sochaí Sibhialta comhlánú ar chreat institiúideach an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeirbia. Tá an Comhchoiste Comhairleach seo comhdhéanta de chomhaltaí ó gach taobh.

A bhuí leis an gComhchoiste Comhairleach is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an dá thaobh monatóireacht a dhéanamh ar an gconair atá an tSeirbia a ghabháil agus í ag iarraidh aontú don Aontas Eorpach, agus is féidir leo moltaí a ghlacadh le cur faoi bhráid rialtas na Seirbia agus institiúidí an Aontais.