Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) In eagrán 2025 de YEYS tugadh le chéile thart ar 90 dalta ón Aontas Eorpach, ó thíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe. Tháinig Valeriia Makarenko an bealach ar fad ó limistéar cogaíochta Kharkiv san Úcráin chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann a tíre ag an ócáid. Labhair sí faoina thábhachtaí atá YEYS d’aos óg na hÚcráine agus d’inis sí faoin dóchas atá aici go mbeidh todhchaí níos gile i ndán don Úcráin mar thoradh ar an nglúin óg a fuair taithí ar an teacht aniar agus ar an aontacht le linn an chogaidh. 

Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) In eagrán 2025 de YEYS tugadh le chéile thart ar 90 dalta ón Aontas Eorpach, ó thíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe. Tháinig Valeriia Makarenko an bealach ar fad ó limistéar cogaíochta Kharkiv san Úcráin chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann a tíre ag an ócáid. Labhair sí faoina thábhachtaí atá YEYS d’aos óg na hÚcráine agus d’inis sí faoin dóchas atá aici go mbeidh todhchaí níos gile i ndán don Úcráin mar thoradh ar an nglúin óg a fuair taithí ar an teacht aniar agus ar an aontacht le linn an chogaidh.

1) Cén fáth a gceapann tú go bhfuil sé tábhachtach go bhfreastalódh daoine óga ar imeachtaí Eorpacha ar nós Leatsa an Eoraip, Abair Leat?

Creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfreastalódh daoine óga ar imeachtaí Eorpacha ar nós Leatsa an Eoraip, Abair Leat! toisc go dtugann siad ardán dóibh a dtuairimí a roinnt, páirt a ghlacadh i bplé fiúntach agus todhchaí na hEorpa a mhúnlú. Cuireann na himeachtaí sin deiseanna fíorluachmhara ar fáil ónar féidir foghlaim faoi phróisis chinnteoireachta, scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus nasc a dhéanamh lenár gcomhaoisigh i dtíortha eile. Tá an rannpháirtíocht sin níos tábhachtaí fós d’aos óg na hÚcráine toisc go dtugtar deis dúinn ár dtaithí féin a roinnt, tacú le lánpháirtiú na hÚcráine san Eoraip agus an dlúthpháirtíocht a chothú i measc aos óg na hEorpa.

2) Cén tionchar a bhí ag an gcogadh ar aos óg na hÚcráine?
Gan amhras ar bith, tá saol aos óg na hÚcráine athraithe go mór mar gheall ar an gcogadh, mar atá, i réimsí an oideachais, na meabhairshláinte agus na slándála i gcoitinne. Mar shampla, b’éigean do lear mór daoine óga dul in oiriúint don fhoghlaim ar líne nó lonnú go háiteanna eile, faoi dhálaí dheacra éagobhsaí go minic. Mar sin féin, chothaigh an cogadh an teacht aniar sin atá ionainn – ní hamháin gur siombailí den chumhacht agus den neart iad aos óg na hÚcráine anois, ach tá páirt níos gníomhaí acu freisin san obair dheonach, sa ghníomhaíochas agus in iarrachtaí atógála, ar nós tionscadail pleanála uirbí. In ainneoin na ndeacrachtaí atá ann, tá rún daingean againn ár bhféiniúlacht a chosaint agus todhchaí ár dtíre a thabhairt slán.

3) Cén dóchas atá agat do thodhchaí aos óg na hÚcráine?
Is cinnte gur ceist chasta í ceist na todhchaí do gach ógánach san Úcráin. Tá súil agamsa agus ag mo phobal go mbeidh gach duine óg san Úcráin in ann teacht ar oideachas den chéad scoth, ar dheiseanna chun dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm agus ar thodhchaí shlán in Úcráin láidir neamhspleách. Tá súil agam freisin go leanfaidh an pobal idirnáisiúnta de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus í i mbun atógála ionas go mbeidh daoine óga ag déanamh go maith agus nach díreach ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal a bheidh siad. Tá an-acmhainn in aos óg na hÚcráine, agus is ábhar misnigh é níos mó daoine óga a fheiceáil ag glacadh páirt i dtionscadail éagsúla san oideachas, san eolaíocht, in athchóiriú an bhonneagair agus i réimsí eile. Thar aon ní eile, tá súil agam go mbeidh todhchaí níos gile, níos nuálaí agus níos daonlathaí i ndán don Úcráin mar thoradh ar an nglúin óg a fuair taithí ar an teacht aniar agus ar an aontacht le linn an chogaidh.

4) Cé na smaointe deiridh atá agat faoin imeacht seo?  

Fuair mé an-spreagadh agus mé anseo. Fiú trí chomhrá a dhéanamh nó a bheith ag éisteacht agus anailís a dhéanamh ar a raibh á rá ag rannpháirtithe eile, is féidir liom a rá gur fóram an-chumhachtach atá ann, agus gur leor teacht le chéile chun an rud is féidir linn a chur i gcrích le chéile a thaispeáint. Mar shampla, roinnt de na tionscadail a chuireamar i gcrích, ba chabhair mhór iad linn chun tuiscint ní b’fhearr a fháil ar thíortha eile. Chuir mé eolas ar an oiread sin rudaí spéisiúla nua faoi thíortha éagsúla. Táim an-sásta gur ghlac mé páirt san imeacht agus táim bródúil as go raibh mé anseo. 

Is dalta 16 bliana d’aois as Kharkiv na hÚcráine í Valeriia Makarenko. Tá sí i mbliain 10 ag Lyceum #99 in Kharkiv.

Tá a phríomh-mholtaí eisithe ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) maidir le Seimeastar Eorpach 2025 – Pacáiste an Fhómhair, mar atá infheistíochtaí straitéiseacha agus comhar níos láidre chun athléimneacht agus iomaíochas an Aontais a fheabhsú. 

Tá a phríomh-mholtaí eisithe ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) maidir le Seimeastar Eorpach 2025 – Pacáiste an Fhómhair, mar atá infheistíochtaí straitéiseacha agus comhar níos láidre chun athléimneacht agus iomaíochas an Aontais a fheabhsú.

Is i dtuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Feabhra a chuir CESE na moltaí sin chun cinn. Leag sé béim inti ar an inbhuanaitheacht, ar athchóirithe ar mhargadh an tsaothair agus ar ailíniú níos fearr idir beartais náisiúnta agus beartais an Aontais, mar aon le ról níos mó a thabhairtdon tsochaí shibhialta.

Chuir CESE in iúl gurb oth leis nár foilsíodh Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, ar doiciméad beartais ríthábhachtach é. Chuir sé chun suntais gur gá d’institiúidí an Aontais ullmhú do rioscaí geopholaitiúla a d'imreodh tionchar ar an trádáil, ar an mboilsciú agus ar an bhfás.

Léirigh CESE a thacaíocht do thionscnamh an Chompáis Iomaíochais agus d'éiligh sé go ndéanfaí infheistíochtaí in earnáil an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach, Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha san áireamh. D’éiligh sé freisin ról níos mó a thabhairt don tsochaí shibhialta, athbhreithniú pragmatach a dhéanamh ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), agus feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit chun gur fearr na beartais eacnamaíocha agus táirgiúlacht. (tk)

Is colún i lánpháirtiú na hEorpa an beartas comhtháthaithe le fada an lá, colún lena gcuirtear aontacht eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach chun cinn ar fud an Aontais. De réir mar a bheidh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) tar éis 2027 á mhúnlú, is ríthábhachtach an beartas comhtháthaithe a nuachóiriú chun éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht agus freagairt do na dúshláin nua a mhéadú.

Is colún i lánpháirtiú na hEorpa an beartas comhtháthaithe le fada an lá, colún lena gcuirtear aontacht eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach chun cinn ar fud an Aontais. De réir mar a bheidh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) tar éis 2027 á mhúnlú, is ríthábhachtach an beartas comhtháthaithe a nuachóiriú chun éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht agus freagairt do na dúshláin nua a mhéadú.

I dtuairim a glacadh le déanaí maidir le Treoshuíomh torthaí an bheartais comhtháthaithe tar éis 2027 a neartú, leag CESE béim ar an ngá atá le cur chuige atá dírithe ar thorthaí a ghlacadh chun a áirithiú go leanfaidh an beartas comhtháthaithe de thairbhí nithiúla a chur ar fáil agus neamhionannais á laghdú agus iomaíochas inbhuanaithe á chur chun cinn san am céanna.

‘Ní mór don bheartas comhtháthaithe a bheith ina phríomhionstraim ag an Aontas don fhorbairt réigiúnach fós. Cinntíonn cur chuige atá dírithe ar na torthaí go gcuireann gach euro a chaitear leis an bhfolláine eacnamaíoch agus shóisialta,’ arsa David Sventek, rapóirtéir na tuairime.

Beidh gá le hathchóiriú mór ar CAI 2028+ chun tacú leis an bhforbairt réigiúnach, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus leis an iomaíochas eacnamaíoch. Agus riachtanais infheistíochta os cionn EUR 750–800 billiún in aghaidh na bliana ann, tá cistiú láidir ón Aontas ríthábhachtach.

Tá CESE ag iarraidh go gcoinneofaí an acmhainneacht fhioscach ag 1.8 % de OTI an Aontais agus go méadófaí cistiú an bheartais comhtháthaithe. Áirítear ar na príomhthosaíochtaí rialachas comhroinnte, beartais réigiúnacha shaincheaptha, cistiú bunaithe ar thorthaí, agus próisis shimplithe.

Le cur chuige atá dírithe ar thorthaí, cuirtear feabhas ar an éifeachtúlacht ach tá gá le cur chun feidhme agus maoirseacht ní b’fhearr. Ach an t-iomaíochas a chur i gcothroime leis an infheistíocht shóisialta, sin agus an tacaíocht theicniúil a neartú, mar aon leis an trédhearcacht a áirithiú, is mó tionchar a bheidh ag an mbeartas comhtháthaithe, cothófar athléimneacht eacnamaíoch agus laghdófar éagothromaíochtaí ar fud na hEorpa. (tk)

Copyright: NATO

Agus méadú ag teacht ar líon na mbagairtí slándála, tá géarghá ag an Eoraip le straitéis aontaithe cistiúcháin cosanta. Mar fhreagairt ar iarraidh ó Uachtaránacht inteachta na Polainne ar an Aontas Eorpach, ghlac CESE tuairim ina n-éilítear gníomhaíocht mhisniúil: infheistíocht bhreise i gcórais nua-aimseartha, comhar níos doimhne le ECAT, agus cistiú níos mó laistigh de chreat airgeadais an Aontais.

Agus méadú ag teacht ar líon na mbagairtí slándála, tá géarghá ag an Eoraip le straitéis aontaithe cistiúcháin cosanta. Mar fhreagairt ar iarraidh ó Uachtaránacht inteachta na Polainne ar an Aontas Eorpach, ghlac CESE tuairim ina n-éilítear gníomhaíocht mhisniúil: infheistíocht bhreise i gcórais nua-aimseartha, comhar níos doimhne le ECAT, agus cistiú níos mó laistigh de chreat airgeadais an Aontais.

Na rioscaí slándála atá roimh an Eoraip, tá siad ag dul i méid, rud a léiríonn a spleáchas ar sholáthraithe seachtracha i réimse na cosanta. 78 % den EUR 75 bhilliún a chaith tíortha an Aontais ar sholáthar trealaimh cosanta thar thréimhse bliana amháin, cuir i gcás, chuaigh sé chuig soláthraithe nach soláthraithe de chuid an Aontais iad. Is mórthábhachtach bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí (BTTCE) a neartú chun an spleáchas sin a laghdú.

‘Ní mór athrú ó bhonn a dhéanamh ar shásraí cistiúcháin cosanta an Aontais chun dul i ngleic leis na dúshláin chomhaimseartha,’ a dúirt Marcin Nowacki, rapóirtéir don tuairim ó CESE Maoiniú na cosanta san Aontas Eorpach. Leis na rialacha buiséadacha atá ann cheana, cuirtear teorainn leis an gcaiteachas míleata, agus cé gur céim chun tosaigh iad tionscnaimh amhail an Ciste Eorpach Cosanta agus an tSaoráid Eorpach Síochána, ní leor iad fós chun aghaidh a thabhairt ar scála na mbagairtí atá ann faoi láthair.’

Is ríthábhachtach comhar ECAT le go mbeidh idir-inoibritheacht agus straitéis aontaithe ann. Leis an soláthar comhpháirteach, na comhpháirtíochtaí i réimsí na cibearshlándála agus na slándála spáis, agus tionscadal satailíte IRIS2, cuirfear feabhas ar an athléimneacht. Ní mór cistiú na cosanta a ailíniú le tosaíochtaí níos leithne de chuid an Aontais gan cur isteach ar spriocanna sóisialta ná comhshaoil. Is nithe ríthábhachtacha iad an infheistíocht straitéiseach, an nuálaíocht agus an phleanáil fhadtéarmach chun slándáil agus neamhspleáchas na hEorpa a chinntiú. (tk)

Is inneall cumhachta í an turasóireacht do gheilleagar an Aontais agus is acmhainn di iomaíochas na hEorpa a neartú. Is mithid athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn an turasóireacht agus dul thar an inbhuanaitheacht i dtreo na turasóireachta athghiniúnaí. Bíodh brí agus beocht san áit a mbíonn na turasóirí. 

Is inneall cumhachta atá sa turasóireacht do gheilleagar an Aontais agus is féidir léi iomaíochas na hEorpa a neartú. Is mithid athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn an turasóireacht agus dul thar an inbhuanaitheacht i dtreo na turasóireachta athghiniúnaí. Bíodh brí agus beocht san áit a mbíonn na turasóirí.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag tathant ar an Aontas Eorpach earnáil na turasóireachta a athrú ó bhonn, agus béim a leagan ar an inbhuanaitheacht agus ar an athghiniúint chun tairbhe fadtéarmach eacnamaíoch agus comhshaoil a áirithiú.

As tourism remains a vital pillar of the EU’s economy, particularly in regions heavily reliant on the industry, the EESC is advocating an accelerated transition to sustainable tourism and a shift towards regenerative tourism strategies, as outlined in its opinion on Tourism in the EU: sustainability as a driver for long-term competitiveness.

‘Ní mór dúinn a áirithiú go mbeidh ról ag an turasóireacht in athbheochan an iomaíochais san Eoraip. Sin rud atá ríthábhachtach ós rud é gur cuid chomh tábhachtach d’OTI na mBallstát agus na réigiún í an turasóireacht, chomh maith lena slabhraí luacha,’ arsa rapóirtéir na tuairime, Isabel Yglesias.

Ms Yglesias said that the opinion built on the Palma Declaration, adopted during the Spanish Presidency of the Council in the second half of 2023, which had generated broad consensus on how to ensure that sustainability is at the heart of the future of tourism.

Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha agus do na rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla tacú go gníomhach leis an earnáil agus í ag aistriú, rud lena n-áiritheofar idirphlé leanúnach leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus an t-idirphlé sóisialta a neartú.

Cé go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag iarrachtaí inbhuanaitheachta sa turasóireacht, tá an borradh taistil iar-phaindéimeach ag cur brú ar go leor áiteanna saoire a mbíonn na sluaite ag triall orthu. Mar gheall ar an mborradh sin, is deacra do na réigiúin cothromaíocht a bhaint amach idir an fás eacnamaíoch agus an fhorbairt inbhuanaithe, agus ag an am céanna dul i ngleic le ganntanas foirne agus mímheaitseáil idir na poist atá ar fáil agus scileanna na n-oibrithe.

Sin an fáth a bhfuil CESE ag iarraidh freisin go mbeadh gluaiseacht i dtreo na turasóireachta athghiniúnaí ann, agus go gcuirfí sin san áireamh sa Straitéis Eorpach um Thurasóireacht Inbhuanaithe, a chuirfidh an Coimisiún Eorpach i láthair sna míonna atá romhainn.

Ní hionann agus an turasóireacht inbhuanaithe thraidisiúnta, rud a dhíríonn ar dhochar don chomhshaol a laghdú, tá sé d’aidhm ag an turasóireacht athghiniúnach an caipiteal nádúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch a athbhunú agus a fheabhsú. Leis an gcur chuige réamhbhreathnaitheach sin, comhtháthaítear prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus féachtar le tionchar dearfach marthanach a fhágáil ar na háiteanna a mbíonn na turasóirí agus ar na pobail áitiúla araon. (ll)

Is measa ná a chéile na géarchéimeann atá le sárú ag feirmeoirí na hEorpa: an adhaimsir féin, an éagobhsaíocht sa mhargadh, sin agus an iomaíocht éagórach atá sa mhullach orthu. Dar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur mithid foláireamh a thabhairt don saol nó ní leor beartais reatha an Aontais leis na feirmeoirí a chosaint. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí athchóiriú go práinneach chun ioncam agus fáltas a chinntiú dóibh, chun cumhacht na margála a neartú, agus inbhuanaithe na talmhaíochta a áirithiú.

Is measa ná a chéile na géarchéimeann atá le sárú ag feirmeoirí na hEorpa: an adhaimsir féin, an éagobhsaíocht sa mhargadh, sin agus an iomaíocht éagórach atá sa mhullach orthu. Dar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur mithid foláireamh a thabhairt don saol nó ní leor beartais reatha an Aontais leis na feirmeoirí a chosaint. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí athchóiriú go práinneach chun ioncam agus fáltas a chinntiú dóibh, chun cumhacht na margála a neartú, agus inbhuanaithe na talmhaíochta a áirithiú.

I dtuairim a d’iarr Uachtaránacht na Polainne ar an Aontas Eorpach, d’iarr CESE go mbeadh córas talmhaíochta níos athléimní ann, agus na feirmeoirí a bheith ina chroílár.

Is uasal an ghairm bheatha í an fheirmeoireacht. Dhá ní is bunchuspóir di: bia sábháilte ar ardchaighdeán a tháirgeadh i gcomhair na ndaoine chun an comhshaol a chothabháil agus a fheabhsú. Níl uainn ach luach saothair ar lá oibre, meas a bheith ar an dícheall a dhéanaimid, sin agus praghas cóir ar an mbia a chuirimid ar fáil, "a dúirt Joe Healy, duine de thriúr rapóirtéirí na tuairime.

Na dúshláin atá ann lenár linn, dar le CESE nach bhfuil a ndiongabháil sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT). I measc na n-uirlisí airgeadais atá á moladh aige chun tacú le feirmeoirí, tá árachas poiblí do thubaistí nádúrtha, cabhair fhrith-thimthriallach agus íocaíochtaí díreacha. D’fhéadfadh cistí frithpháirteacha, rud atá in úsáid cheana féin i gcuid de Bhallstát an Aontais, eangach tharrthála bhreise a sholáthar, rud a bheadh á mhaoiniú ag feirmeoirí, tionscal, rialtais réigiúnacha agus an tAontas i dteannta a chéile.

Tá CBT le hathbhreithniú tar éis 2027, agus mhol CESE go n-athbhunófaí a bhuiséad go 0.5 % ar a laghad de OTI an Aontais. Tá gá le rialacháin trádála níos déine lena chinntiú go gcomhlíonann táirgí allmhairithe caighdeáin chomhshaoil agus saothair an Aontais.

Ábhar mór imní eile is ea an díol faoi bhun costais, cleachtas a chuireann feirmeoirí faoi bhrú mór airgeadais. Tá CESE ag tathant ar lucht ceaptha beartas an Aontais a dianmhachnamh a dhéanamh ar chosc a chur ar cheannacháin faoi bhun an chostais ionas nach ndéanfaidh na miondíoltóirí móra na feirmeoirí a bhá. D’fhéadfaí dlíthe bhiashlabhra na Spáinne a cheadú i gcomhair na hoibre seo.

Chun an trédhearcacht agus cumhacht mhargaidh na bhfeirmeoirí a fheabhsú, mhol CESE lárionad digiteach AE a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar phraghsanna, ar chostais agus ar bhrabúis. Rud eile atá molta aige caibidlíocht choiteann i ndáil le praghsanna agus tacaíocht mhéadaithe do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí táirgeoirí. Tá gá le neamhspleáchas eacnamaíoch agus iomaíochas níos fearr in earnáil na talmhaíochta san Aontas.

Cé go bhfuil na spriocanna aeráide ríthábhachtach, ní féidir le feirmeoirí na costais a sheasamh leo féin. D’fhéadfadh ciste inbhuanaitheachta cabhrú leo aistriú chuig cleachtais ní ba ghlaise. Tugadh rabhadh sa tuairim faoin riosca sceite carbóin, áit a gcuireann rialacha dochta an Aontais feirmeoirí áitiúla faoi mhíbhuntáiste le hais iomaitheoirí atá lasmuigh den Aontas.

Leag CESE béim ar an tábhacht atá le hinfheistíocht san fhorbairt tuaithe, sa nuálaíocht agus i rialacha CBT a bheadh níos simplí. Tá brú mór ar na feirmeoirí agus is in olcas atá an scéal an dul. Dá réir sin, ní práinn go beart a dhéanfadh an tAontas sula scuabfar tuilleadh feirmeacha le sruth. (ks)

Tá uair na cinniúna buailte leis an Aontas Eorpach ó thaobh fhorbairt na hintleachta saorga de. Cé go bhfuil margadh na hintleachta saorga giniúnaí (GenAI) ar maos le cuideachtaí ó na Stáit Aontaithe – agus 80 % den infheistíocht phríobháideach dhomhanda á déanamh sa tír – tá dul chun cinn an-tapa á dhéanamh ag an tSín. Chun a fháil cad atá ag teastáil chun go leanfaidh an Eoraip de bheith iomaíoch, d’fhoilsigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) staidéar nua i gcomhar leis an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS).

Tá uair na cinniúna buailte leis an Aontas Eorpach ó thaobh fhorbairt na hintleachta saorga de. Cé go bhfuil margadh na hintleachta saorga giniúnaí (GenAI) ar maos le cuideachtaí ó na Stáit Aontaithe – agus 80 % den infheistíocht phríobháideach dhomhanda á déanamh sa tír – tá dul chun cinn an-tapa á dhéanamh ag an tSín. Chun a fháil cad atá ag teastáil chun go leanfaidh an Eoraip de bheith iomaíoch, d’fhoilsigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) staidéar nua i gcomhar leis an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS).

Ullmhaíodh an staidéar faoi scáth na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas (INT) in CESE agus déantar é a phlé go minic laistigh d’Fhaireachlann CESE um an Margadh Aonair Digiteach. Breathnaítear ann ar na deiseanna, na dúshláin agus na bearta beartais mhóra is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar sheasamh na hEorpa ó thaobh na hintleachta saorga de.

Príomh-Mholtaí don Aontas Eorpach:

  • Borradh a chur faoin infheistíocht san intleacht shaorga agus faoin ríomhchumhacht – ní mór don Eoraip cur le méid na n-infheistíochtaí a dhéanann sí i mbonneagar intleachta saorga chun an nuálaíocht a chothú.
  • Díriú ar thrí earnáil ardacmhainneachta – is féidir leis an intleacht shaorga borradh a chur faoin bhfás i dtionscal na ngluaisteán, san fhuinneamh glan agus san oideachas.
  • An intleacht shaorga foinse oscailte a chur chun cinn – ach samhlacha oscailte intleachta saorga a spreagadh, tiocfaidh feabhas ar inrochtaineacht agus ar iomaíocht.
  • Iarrachtaí taighde agus forbartha a chomhtháthú ar bhealach níos fearr ar fud an Aontais.

An tSochaí Shibhialta a Chumhachtú maidir leis an Intleacht Shaorga a Rialú
Leagtar béim sa staidéar ar a thábhachtaí atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) maidir le beartais agus rialachas intleachta saorga a mhúnlú. Chun gné na cuimsitheachta agus glacadh eiticiúil na hintleachta saorga a fheabhsú, cuirtear roinnt moltaí chun cinn sa tuarascáil, mar atá:

  • Cláir litearthachta intleachta saorga – tionscnaimh oiliúna agus tionscnaimh idirphlé shóisialta chun oibrithe agus an pobal a chumhachtú.
  • Cur chuige an deartha shóisialta – a chinntiú go bhfuil forbairt na hintleachta saorga dírithe ar an duine agus ailínithe le riachtanais na sochaí.
  • Cistiú méadaithe do ESSanna – tacú le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha a dhúnann an bhearna idir teicneolaíocht intleachta saorga agus tuiscint an phobail.
  • Glacadh eiticiúil na hintleachta saorga – tús áite a thabhairt do chórais intleachta saorga iontaofa atá ailínithe le luachanna Eorpacha.

Leas a bhaint as acmhainneacht CESE sa bheartas maidir leis an intleacht shaorga
Is maith a bheadh CESE ann rannpháirtíocht struchtúrtha ESSanna sa bheartas maidir leis an intleacht shaorga a éascú. Moltar sa staidéar go rachfaí i muinín intleacht shaorga foinse oscailte agus go ndéanfaí nuálaíocht eiticiúil a chur chun cinn trí leas a bhaint as an soláthar poiblí agus as scéimeanna cistiúcháin. Bheadh ról lárnach ag CESE sa mhéid sin mar mhol a chomhoibreodh le ESSanna agus le pobail foinse oscailte agus a mhúsclódh feasacht maidir le tionchar na hintleachta saorga ar an tsochaí.

gluais aontaithe na hintleachta saorga curtha san áireamh sa staidéar freisin féachaint le teanga choiteann a bhunú. Ar an gcaoi sin, is féidir cumarsáid éifeachtach a chinntiú i measc an lucht ceaptha beartas, an lucht forbartha agus na húsáideoirí. Tá sé sin ríthábhachtach má táthar leis an intleacht shaorga a fhorbairt, a rialú agus a chur in úsáid ar bhealach freagrach i ngach earnáil.

Roinnfear an staidéar le príomhinstitiúidí an Aontais agus táthar ag súil go gcuirfear san áireamh é sna beartais a dhéanfar amach anseo maidir leis an intleacht shaorga. Tá an tuarascáil iomlán le fáil anseo. (vk)

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Ní foláir do CESE a bheith rannpháirteach ó thús i dtionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh ionas gur féidir an comhar a dhéantar leis an tsochaí shibhialta a neartú. A bhuí leis an staidéar atá beartaithe ag CESE maidir le Cleachtais an idirphlé shibhialta a mhapáil in institiúidí an Aontais, is féidir ionchur luachmhar a chur ar fáil, dar le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE.

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Ní foláir do CESE a bheith rannpháirteach ó thús i dtionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh ionas gur féidir an comhar a dhéantar leis an tsochaí shibhialta a neartú. A bhuí leis an staidéar atá beartaithe ag CESE maidir le Cleachtais an idirphlé shibhialta a mhapáil in institiúidí an Aontais, is féidir ionchur luachmhar a chur ar fáil, dar le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE.

Tar éis thús thimthriall polaitiúil nua an Aontais, agus tar éis Straitéis AE maidir leis an tsochaí shibhialta a thacú, a chosaint agus a chumhachtú a fhógairt don tríú ráithe de 2025 i gClár Oibre an Choimisiúin, thionóil Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta comhdháil d’fhonn aird a dhíriú ar na príomhghníomhaíochtaí is gá a dhéanamh le linn théarma 2024-2029. An 3 Márta, d’fhreastail tuairim is 100 duine ar an gcomhdháil, idir ionadaithe ó eagraíochtaí náisiúnta agus Eorpacha de chuid na sochaí sibhialta (ESSanna) agus saoránaigh.

Dúirt Séamus Boland, Cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, go bhfuil ról ag na ESSanna maidir lena áirithiú go gcuirtear riachtanais na saoránach san áireamh agus beartais á gceapadh d'fhonn freastal orthu. Dhearbhaigh sé athuair go bhfuil iarrtha ag an nGrúpa agus ag an gCoiste araon go mbeadh baint ag CESE le hArdán na Sochaí Sibhialta atá beartaithe ag an gCoimisiún.

‘I bhfianaise na taithí atá aige, ní áirím an t-ardán a chuireann sé ar fáil, ní foláir do CESE a bheith rannpháirteach ó thús i dtionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh ionas gur féidir an comhar a dhéantar leis an tsochaí shibhialta a neartú. Ní mór lámh a bheith ag CESE i gcúrsaí rialachais agus ba cheart ról lárnach a thabhairt dó sa tionscnamh maidir le hArdán don tSochaí Shibhialta a chruthú,’ arsa an tUasal Boland.

D’áitigh sé, ina theannta sin, gur cheart idirphlé sibhialta atá struchtúrtha, rialta, trédhearcach agus cuimsitheach a chothú ag tógáil dóibh ar na struchtúir atá ann cheana, sin agus na geallsealbhóirí ábhartha uile a thabhairt le chéile. Dá bhrí sin, ba cheart do na hinstitiúidí Eorpacha meitheal um idirphlé sibhialta a chruthú agus CESE ag feidhmiú i gcáil éascaitheora ina leith.

‘D’fhéadfadh meitheal um idirphlé sibhialta treoirphlean a cheapadh maidir le conas timpeallacht níos fabhraí a chruthú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas múnlaithe beartas,’ arsa an tUasal Boland.  Céim thosaigh a bheadh ann i dtreo idirphlé sibhialta níos struchtúrtha agus b’fhéidir dul i ngleic leis na ceisteanna seo a leanas dá réir: cé leis a rachfar i gcomhairle, cé na saincheisteanna is cóir a chur san áireamh, cad iad na spriocanna a bheidh ann ó thaobh amlíne de agus cén toradh a bheidh ar an idirphlé féin?

Ar a mhuin sin, d’fhéadfadh an mheitheal atá molta leas a bhaint as an staidéar dar teideal Cleachtais an idirphlé shibhialta a mhapáil in institiúidí an Aontais atá beartaithe ag CESE faoi na cleachtais idirphlé atá ann cheana.

Rinne CESE an staidéar a choimisiúnú arna iarraidh sin do Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta. Táthar ag súil leis go mbeidh torthaí an staidéir ar fáil ó mhí Iúil 2025 i leith. Sa staidéar tugtar faoin idirphlé sibhialta a mhapáil mar a chleachtar é in institiúidí an Aontais féachaint cad iad na próisis atá i bhfeidhm faoi láthair a thugann ról do ESSanna agus cén cineál modheolaíochta a úsáidtear chucu. A bhfuil d’eolas againn faoi na cleachtais atá in úsáid cheana, ba cheart tarraingt air d’fhonn tacú leis an obair atá ar siúl ar son idirphlé sibhialta níos struchtúrtha sa timthriall reachtach nua. Chuir Berta Mizsei ón Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS) réamhthorthaí an staidéir i láthair cheana féin ag an gcomhdháil.

Cuireadh i bhfáth ag an gcomhdháil freisin gur réamhchoinníoll é bail cheart airgeadais a bheith ar na ESSanna d’fhonn idirphlé a chothú agus d’fhonn ligean do lucht ceaptha beartas freastal ar riachtanais na saoránach. Ní foláir a gcobhsaíocht airgeadais agus a neamhspleáchas a ráthú.

conclúidí agus moltaí na comhdhála le fáil ar shuíomh gréasáin CESE.

Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh

Ba cheart don chaiteachas cosanta agus an caiteachas sóisialta a bheith fite fuaite ina chéile – níor chóir an stát leasa shóisialaigh a ghéilleadh ar mhaithe leis an gcaiteachas cosanta a mhéadú. Uirlis ríthábhachtach é an stát láidir leasa shóisialaigh maidir le stop a chur le páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis réimis uathlathacha ar nós na Rúise a chur ar bun san Aontas.

Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh

Ba cheart don chaiteachas cosanta agus an caiteachas sóisialta a bheith fite fuaite ina chéile – níor chóir an stát leasa shóisialaigh a ghéilleadh ar mhaithe leis an gcaiteachas cosanta a mhéadú. Uirlis ríthábhachtach é an stát láidir leasa shóisialaigh maidir le stop a chur le páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis réimis uathlathacha ar nós na Rúise a chur ar bun san Aontas.

Anois agus tús á chur leis an gceathrú bliain den chogadh san Úcráin, is iomaí duine a bhfuil méadú ar an gcaiteachas cosanta á iarraidh aige, go háirithe i bhfianaise a bhfuil tarlaithe i bpolaitíocht na Stát Aontaithe. Ní féidir le tíortha na hEorpa talamh slán a dhéanamh den chosaint a thuilleadh. Is iomaí ábhar a raibh toirmeasc air go dtí seo atá faoi chaibidil go hoscailte ar an leibhéal Eorpach anois, ní hamháin ó thaobh cúrsaí míleata de ach ó thaobh ualach breise fiachais de freisin.

Mar sin féin, tá dreamanna áirithe ann a thugann le tuiscint gur gá gurb ionann méadú ar an gcaiteachas cosanta agus laghdú ar an leas sóisialach – amhail is gurb é is cúis le neart míleata na Stát Aontaithe a laghad cosaint cheart shóisialta atá sa tír sin, nó gurb é is cúis le harm a bheith lag pinsin agus slándáil shóisialta a bheith ag an bpobal.

Is mian le Grúpa na nOibrithe aird a tharraingt ar an dá shaincheist a leanas:

  • Is sa dara háit ar domhan maidir leis an gcaiteachas míleata atá an tAontas Eorpach ina iomláine. Cé gur féidir, i gcásanna áirithe, go bhfuil gá le caiteachas coiteann nó caiteachas breise, is é an rud is mó a bhfuil gá leis chun an uathriail straitéiseach a áirithiú ná comhordú agus tionscadail chomhpháirteacha. Ní mór dúinn sinn féin a chosaint, seachas dul in iomaíocht leis na Stáit Aontaithe ar fud an domhain.
  • Stát leasa shóisialaigh a fheidhmíonn i gceart, in éineacht le hiarrachtaí an bhochtaineacht agus an neamhionannas a chomhrac, is uirlis ríthábhachtach é sin maidir le bac a chur ar theacht i gcumhacht na bpáirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis in an-chuid Ballstát. Na páirtithe sin den eite dheis radacach, dream atá ag dul i dtreise, is beag meas atá acu ar an daonlathas, is go mór i gcoinne an chuid is mó de luachanna na hEorpa atá siad, is ag dréim le réimis uathlathacha ar nós réimeas na Creimile a chur ar bun i mBallstáit an Aontais atá siad agus, má bhaineann siad cumhacht amach, déanfaidh siad cinnte de nach féidir le beartas comhordaithe cosanta teacht chun cinn.

Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit breathnú ar an gcosaint agus an infheistíocht shóisialta mar dhá rud a théann chun tairbhe dá chéile, dhá rud a éascaíonn a chéile.

Thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Fóram Ardleibhéil maidir le Cearta na mBan, inar tugadh le chéile guthanna ceannródaíocha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha a bhaineann le cearta na mban agus inar leagadh amach príomhthosaíochtaí roimh an seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan atá ar na bacáin.

Thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Fóram Ardleibhéil maidir le Cearta na mBan, inar tugadh le chéile guthanna ceannródaíocha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha a bhaineann le cearta na mban agus inar leagadh amach príomhthosaíochtaí roimh an seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan atá ar na bacáin.

Ba léir an teachtaireacht a bhí mar thoradh ar Fhóram Ardleibhéil CESE maidir le Cearta na mBan: Tá dul chun cinn déanta, ach ní leor sin. Cé go bhfuil bearta déanta ag an Aontas chun mná agus cailíní a chosaint, tá cineálacha struchtúracha neamhionannais, steiréitíopaí inscne agus frithfhreagairtí i gcoinne chearta na mban fós ina mbagairt ar an méid a d’éirigh leis an Eoraip a bhaint amach. Fad a bheidh bacainní struchtúracha fós ann, beidh rannpháirtíocht iomlán na mban sa tsochaí teoranta.

Ag an bhfóram ardleibhéil, a tionóladh an 26 Feabhra le linn sheisiún iomlánach CESE, tugadh le chéile cathaoirleach an Ghrúpa ad hoc um Chomhionannas in CESE, Sif Holst, Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus an Coimisinéir um Chomhionannas, agus um Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime, Hadja Lahbib, chomh maith le Carlien Scheele (Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne), Florence Raes (Stiúrthóir Oifig Ban na Náisiún Aontaithe sa Bhruiséil), Ayşe Yürekli (Ionadaí AE ag KAGIDER — Fiontraithe Ban na Tuirce), Mary Collins (Ard-Rúnaí Bhrústocaireacht na mBan san Eoraip) agus Cianán Russell (Oifigeach Sinsearach Beartais in ILGA Europe).

Bhí dhá phainéal dhinimiciúla mar chuid den fhóram a thug aghaidh ar dhúshláin phráinneacha maidir le comhionannas inscne, gach ceann acu ceangailte le príomhthuairimí CESE a glacadh le linn an tseisiúin. Tháinig saineolaithe, abhcóidí agus lucht ceapadh beartas le chéile chun léargais a roinnt, réitigh a mholadh agus gealltanais a threisiú maidir le cearta na mban a chur chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Dhírigh an chéad phainéal ar an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (UNCSW69) atá ar na bacáin agus dhírigh an dara painéal ar fhoréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní mar shaincheist a bhaineann le cearta an duine. Glacadh dhá thuairim ghaolmhara sa suí iomlánach freisin a bhí ar siúl tar éis an fhóraim: Ionchur CESE i dtosaíochtaí an Aontais ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan agus An foréigean in aghaidh na mban, saincheist a bhaineann le cearta an duine. (lm)