Is measa ná a chéile na géarchéimeann atá le sárú ag feirmeoirí na hEorpa: an adhaimsir féin, an éagobhsaíocht sa mhargadh, sin agus an iomaíocht éagórach atá sa mhullach orthu. Dar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur mithid foláireamh a thabhairt don saol nó ní leor beartais reatha an Aontais leis na feirmeoirí a chosaint. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí athchóiriú go práinneach chun ioncam agus fáltas a chinntiú dóibh, chun cumhacht na margála a neartú, agus inbhuanaithe na talmhaíochta a áirithiú.

I dtuairim a d’iarr Uachtaránacht na Polainne ar an Aontas Eorpach, d’iarr CESE go mbeadh córas talmhaíochta níos athléimní ann, agus na feirmeoirí a bheith ina chroílár.

Is uasal an ghairm bheatha í an fheirmeoireacht. Dhá ní is bunchuspóir di: bia sábháilte ar ardchaighdeán a tháirgeadh i gcomhair na ndaoine chun an comhshaol a chothabháil agus a fheabhsú. Níl uainn ach luach saothair ar lá oibre, meas a bheith ar an dícheall a dhéanaimid, sin agus praghas cóir ar an mbia a chuirimid ar fáil, "a dúirt Joe Healy, duine de thriúr rapóirtéirí na tuairime.

Na dúshláin atá ann lenár linn, dar le CESE nach bhfuil a ndiongabháil sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT). I measc na n-uirlisí airgeadais atá á moladh aige chun tacú le feirmeoirí, tá árachas poiblí do thubaistí nádúrtha, cabhair fhrith-thimthriallach agus íocaíochtaí díreacha. D’fhéadfadh cistí frithpháirteacha, rud atá in úsáid cheana féin i gcuid de Bhallstát an Aontais, eangach tharrthála bhreise a sholáthar, rud a bheadh á mhaoiniú ag feirmeoirí, tionscal, rialtais réigiúnacha agus an tAontas i dteannta a chéile.

Tá CBT le hathbhreithniú tar éis 2027, agus mhol CESE go n-athbhunófaí a bhuiséad go 0.5 % ar a laghad de OTI an Aontais. Tá gá le rialacháin trádála níos déine lena chinntiú go gcomhlíonann táirgí allmhairithe caighdeáin chomhshaoil agus saothair an Aontais.

Ábhar mór imní eile is ea an díol faoi bhun costais, cleachtas a chuireann feirmeoirí faoi bhrú mór airgeadais. Tá CESE ag tathant ar lucht ceaptha beartas an Aontais a dianmhachnamh a dhéanamh ar chosc a chur ar cheannacháin faoi bhun an chostais ionas nach ndéanfaidh na miondíoltóirí móra na feirmeoirí a bhá. D’fhéadfaí dlíthe bhiashlabhra na Spáinne a cheadú i gcomhair na hoibre seo.

Chun an trédhearcacht agus cumhacht mhargaidh na bhfeirmeoirí a fheabhsú, mhol CESE lárionad digiteach AE a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar phraghsanna, ar chostais agus ar bhrabúis. Rud eile atá molta aige caibidlíocht choiteann i ndáil le praghsanna agus tacaíocht mhéadaithe do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí táirgeoirí. Tá gá le neamhspleáchas eacnamaíoch agus iomaíochas níos fearr in earnáil na talmhaíochta san Aontas.

Cé go bhfuil na spriocanna aeráide ríthábhachtach, ní féidir le feirmeoirí na costais a sheasamh leo féin. D’fhéadfadh ciste inbhuanaitheachta cabhrú leo aistriú chuig cleachtais ní ba ghlaise. Tugadh rabhadh sa tuairim faoin riosca sceite carbóin, áit a gcuireann rialacha dochta an Aontais feirmeoirí áitiúla faoi mhíbhuntáiste le hais iomaitheoirí atá lasmuigh den Aontas.

Leag CESE béim ar an tábhacht atá le hinfheistíocht san fhorbairt tuaithe, sa nuálaíocht agus i rialacha CBT a bheadh níos simplí. Tá brú mór ar na feirmeoirí agus is in olcas atá an scéal an dul. Dá réir sin, ní práinn go beart a dhéanfadh an tAontas sula scuabfar tuilleadh feirmeacha le sruth. (ks)