European Economic
and Social Committee
An beartas comhtháthaithe a chóiriú ionas go mbeidh an tAontas níos láidre agus níos athléimní
Is colún i lánpháirtiú na hEorpa an beartas comhtháthaithe le fada an lá, colún lena gcuirtear aontacht eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach chun cinn ar fud an Aontais. De réir mar a bheidh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) tar éis 2027 á mhúnlú, is ríthábhachtach an beartas comhtháthaithe a nuachóiriú chun éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht agus freagairt do na dúshláin nua a mhéadú.
I dtuairim a glacadh le déanaí maidir le Treoshuíomh torthaí an bheartais comhtháthaithe tar éis 2027 a neartú, leag CESE béim ar an ngá atá le cur chuige atá dírithe ar thorthaí a ghlacadh chun a áirithiú go leanfaidh an beartas comhtháthaithe de thairbhí nithiúla a chur ar fáil agus neamhionannais á laghdú agus iomaíochas inbhuanaithe á chur chun cinn san am céanna.
‘Ní mór don bheartas comhtháthaithe a bheith ina phríomhionstraim ag an Aontas don fhorbairt réigiúnach fós. Cinntíonn cur chuige atá dírithe ar na torthaí go gcuireann gach euro a chaitear leis an bhfolláine eacnamaíoch agus shóisialta,’ arsa David Sventek, rapóirtéir na tuairime.
Beidh gá le hathchóiriú mór ar CAI 2028+ chun tacú leis an bhforbairt réigiúnach, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus leis an iomaíochas eacnamaíoch. Agus riachtanais infheistíochta os cionn EUR 750–800 billiún in aghaidh na bliana ann, tá cistiú láidir ón Aontas ríthábhachtach.
Tá CESE ag iarraidh go gcoinneofaí an acmhainneacht fhioscach ag 1.8 % de OTI an Aontais agus go méadófaí cistiú an bheartais comhtháthaithe. Áirítear ar na príomhthosaíochtaí rialachas comhroinnte, beartais réigiúnacha shaincheaptha, cistiú bunaithe ar thorthaí, agus próisis shimplithe.
Le cur chuige atá dírithe ar thorthaí, cuirtear feabhas ar an éifeachtúlacht ach tá gá le cur chun feidhme agus maoirseacht ní b’fhearr. Ach an t-iomaíochas a chur i gcothroime leis an infheistíocht shóisialta, sin agus an tacaíocht theicniúil a neartú, mar aon leis an trédhearcacht a áirithiú, is mó tionchar a bheidh ag an mbeartas comhtháthaithe, cothófar athléimneacht eacnamaíoch agus laghdófar éagothromaíochtaí ar fud na hEorpa. (tk)