Thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Fóram Ardleibhéil maidir le Cearta na mBan, inar tugadh le chéile guthanna ceannródaíocha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha a bhaineann le cearta na mban agus inar leagadh amach príomhthosaíochtaí roimh an seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan atá ar na bacáin.

Ba léir an teachtaireacht a bhí mar thoradh ar Fhóram Ardleibhéil CESE maidir le Cearta na mBan: Tá dul chun cinn déanta, ach ní leor sin. Cé go bhfuil bearta déanta ag an Aontas chun mná agus cailíní a chosaint, tá cineálacha struchtúracha neamhionannais, steiréitíopaí inscne agus frithfhreagairtí i gcoinne chearta na mban fós ina mbagairt ar an méid a d’éirigh leis an Eoraip a bhaint amach. Fad a bheidh bacainní struchtúracha fós ann, beidh rannpháirtíocht iomlán na mban sa tsochaí teoranta.

Ag an bhfóram ardleibhéil, a tionóladh an 26 Feabhra le linn sheisiún iomlánach CESE, tugadh le chéile cathaoirleach an Ghrúpa ad hoc um Chomhionannas in CESE, Sif Holst, Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus an Coimisinéir um Chomhionannas, agus um Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime, Hadja Lahbib, chomh maith le Carlien Scheele (Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne), Florence Raes (Stiúrthóir Oifig Ban na Náisiún Aontaithe sa Bhruiséil), Ayşe Yürekli (Ionadaí AE ag KAGIDER — Fiontraithe Ban na Tuirce), Mary Collins (Ard-Rúnaí Bhrústocaireacht na mBan san Eoraip) agus Cianán Russell (Oifigeach Sinsearach Beartais in ILGA Europe).

Bhí dhá phainéal dhinimiciúla mar chuid den fhóram a thug aghaidh ar dhúshláin phráinneacha maidir le comhionannas inscne, gach ceann acu ceangailte le príomhthuairimí CESE a glacadh le linn an tseisiúin. Tháinig saineolaithe, abhcóidí agus lucht ceapadh beartas le chéile chun léargais a roinnt, réitigh a mholadh agus gealltanais a threisiú maidir le cearta na mban a chur chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Dhírigh an chéad phainéal ar an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (UNCSW69) atá ar na bacáin agus dhírigh an dara painéal ar fhoréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní mar shaincheist a bhaineann le cearta an duine. Glacadh dhá thuairim ghaolmhara sa suí iomlánach freisin a bhí ar siúl tar éis an fhóraim: Ionchur CESE i dtosaíochtaí an Aontais ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan agus An foréigean in aghaidh na mban, saincheist a bhaineann le cearta an duine. (lm)